Méid an Téacs

Oifigeach Forbartha ag Teastáil

Márta 21, 2007

Tá folúntas ag GAELSCOILEANNA TEO.

d’OIFIGEACH FORBARTHA

(ar chonradh 3 bliana)

Duine fuinniúil agus cumasach le sárscileanna idirphearsanta agus cumarsáide, maraon le hardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa atá de dhíth chun réimse oibre na heagraíochta i mbunú agus i mbuanú scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal a phleanáil agus a chur i gcrích ar ardchaighdeán. Ceadúnas tiomána iomlán ceadúnas iomlán agus teacht ar charr.

Scála Tuarastail: €29,152 – €46,253 (ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí).

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na ngaelscoileanna bunleibhéil agus dara leibhéal. Is é an gaeloideachas an réimse oideachais is mó fáis agus forbartha in Éirinn le 30 bliain anuas agus tá GAELSCOILEANNA TEO. chun tosaigh san fhás agus san fhorbairt sin.

Foirm iarratais, sainchuntas agus critéir uilig an phoist le fáil ó

www.gaelscoileanna.ieblathnaid@gaelscoileanna.ie nó trí ghlaoch ar 0868050335.

Spriocdháta le haghaidh iarratais comhlánaithe: 5.00i.n. Dé hAoine, 13 Aibreán 2007

Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta seo.

Foirm Iarratais

Sainchuntas Poist

Ionad Oideachais I mBaile Bhúirne

Márta 13, 2007

Lár-ionad Tacaíochta agus Forbartha don Ghaeilge lonnaithe i mBaile Bhúirne

 

Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. roimh fhógra an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, TD agus an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, go gcuirfear tús agus feidhm le tionscnamh tacaíochta agus forbartha don Ghaeilge i mBaile Bhúirne i nGaeltacht Mhúscraí in iarthar Chorcaí.

 

Dar le Mícheál Ó Broin, Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO. gur céim chun tosaigh do mhúineadh na Gaeilge agus teagasc trí Ghaeilge an fógra seo. "Tá sé fíorthábhachtach d’earnáil na gaelscolaíochta a leithéid de sheirbhís agus acmhainn a bheith ar fáil anois. Tá sé suntasach go bhfuil ról aitheanta ag na páirtithe leasmhara ar fad sa togra seo. Tá súil againn go rachaidh an tionscnamh seo i ngleic leis na dúshláin atá os ár gcomhair, ach go háirithe i dtaobh oiliúint mhúinteoirí agus soláthar acmhainní don gaelscolaíocht agus don Ghaeilge mar ábhar", a deir sé.

 

Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. leis go mbeidh an acmhainn náisiúnta seo faoi stiúir an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), agus go gcuirfidh an t-ardú sa bhuiséad atá geallta dóibh go mór le soláthar níos cuimsithí d’achmhainní teagaisc agus foghlama don Ghaeilge.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 163 bunscoil agus 38 iar-bhunscoil lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.

 

Tuilleadh Eolais:

Bláthnaid Ní Ghréacháin 086-8050335

Mícheál Ó Broin 087-9467700

Aitheantas Do Ghaelcholáiste Bhun Chranncha, Do Mheán Fómhair 2007

Márta 12, 2007

AITHEANTAS DO GHAELCHOLÁISTE BHUN CHRANNCHA, DO MHEÁN FÓMHAIR 2007

 

LÉIRIÚ AR ÉILEAMH AGUS AR FHÁS LEANÚNACH IN EARNÁIL NA GAELSCOLAÍOCHTA

 

Cúis áthais do GAELSCOILEANNA TEO. go bhfuil aitheantas bainte amach ag Gaelcholáiste Bhun Cranncha, Dún na nGall, tar éis critéir an Aire Oideachais agus Eolaíochta a shásamh le déanaí. Tiocfaidh an t-aitheantas seo i bhfeidhm ó mhí Meán Fhómhair na bliana seo nuair a osclóidh an iarbhunscoil nua lán-Ghaeilge comhoideachasúil, Gaelcholáiste Bhun Chranncha, a chuid doirse don chéad uair.

Dúirt Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO., gur deá-thoradh é an t-aitheantas seo ar shár-obair an choiste bunaithe, an choiste Gairmoideachais agus foireann GAELSCOILEANNA TEO. Deir sí gur "sampla iontach é Gaelcholáiste Bhun Chranncha don fhás agus don fhorbairt ar an ngaeloideachas agus ar shain-mhúnla an tumoideachais Gaeilge".

Is faoi phátrúnacht an Choiste Gairmoideachais Co. Dhún na nGall atá an Ghaelcholáiste nua agus freastalóidh sé ar mhórcheantair Inis Eoin. Is é Gaelcholáiste Bhun Chrancha an ceathrú iarbhunscoil le h-aitheantas a bhaint amach don chéad scoilbhliain eile. Ar bharr sin tá 5 ghaelscoil ag an mbunleibhéal ag fanacht ar chinneadh ón Roinn agus ón Aire Oideachais agus Eolaíochta faoina gcuid iarratais. Is léiriú é líon na scoileanna lán-Ghaeilge atá ag teacht ar an bhfód go leanúnach ar éileamh méadaithe ón bpobal agus ar thuiscint ar bhuntáistí an dátheangachais agus an chórais tumoideachais.

Chuir Mícheál Ó Broin, Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO., fáilte roimh aitheantas nua an Ghaelcholáiste. Deir sé ina thaobh "Is deá-scéal é an t-aitheantas nua seo do thodhchaí na Gaeilge in Inis Eoin. Tá fás thar cuimse tagtha ar an ngaeloideachas agus leanfar leis an bhfás le deá-thoil an phobail, dian-obair na bpatrúin agus na gcoistí bunaithe agus leanfaidh GAELSCOILEANNA TEO. leis an tacaíocht don fhás agus don fhorbairt seo. Táimid buíoch don Roinn Oideachais agus Eolaíochta freisin as an gcomhoibriú leanúnach anois agus ar aghaidh do bhunú agus do bhuanú na scoile seo agus gach scoil lán-Ghaeilge."

 

Is í GAELSCOIILEANNA TEO. an eagraíocht chomhordaithe do na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 163 bunscoil agus 38 iar-bhunscoil lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.

 

Tuilleadh Eolais:

Nóra Ní Loingsigh 01-4773158

Mícheál Ó Broin 087-9467700

Críoch