Méid an Téacs

Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. roimh ardú i gcaiteachas chaipitil ar scoileanna

Nollaig 6, 2007

Fáiltíonn Gaelscoileanna Teoranta an ardú €95milliúin atá geallta ag Rialtas na hÉireann do chaiteachas caipiteal ar scoileanna a fógraíodh sa bhuiséad.

"Tá 53 faoin gcéad de Ghaelscoileanna sa stáit ag feidhmiú i gcóiríocht sealadach de shaghas éigin," a dúirt Mícheál Ó Broin, Uachtarán Gaelscoileanna Teoranta, ag labhairt i mBaile Átha Cliath inniu.  "Tá an tAire tar éis troid go láidir chun go bpléifí go fabhrach le oideachas sa bhuiséad agus tá muid ag súil leis an bhfeabhas a dhéanfaidh seo do na céadta, nó fiú na mílte páistí agus múinteoirí." 

Críoch

 

Breis eolais:

Mícheál Ó Broin
Gaelscoileanna Teoranta
087 9467700
  
Rob Hartnett,
Stiúrthóir – Hartnett McClure PR
086 3851955
rob@hmpr.ie

FÁILTÍONN GAELSCOILEANNA TEORANTA ROIMH THACAÍOCHT AN OIREACHTAIS: Aithníonn an Comhchoiste an géarghá a bhaineann le taighde roimh eisiúint ciorcláin 0044/2007.

Nollaig 6, 2007

Tháinig dlús le feachtas an Luath-Thumoideachais Iomlán inniu sa Dáil nuair a chuir toscaireacht ó Gaelscoileanna Teoranta a gcás faoi bhráid Chomhchoiste Oideachais agus Eolaíochta an Oireachtais.

"Bhíomar an-sásta go bhfuaireamar an deis ár gcás a chur faoina mbráid. Chuireamar béim ar an riachtanas a bhaineann le níos mó taighde roimh ligin do chiorclán na Roinne deireadh a chur le polasaí an Luath-Thumoideachais Iomlán, córas ar éirigh thar cionn leis ar feadh os cionn 50 bliain, " deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teoranta. 

"Léiríonn gach píosa taighde a tugadh faoi i gCeanada, sa Bhreatain agus thart timpeall an domhain buntáistí an Luath-Thumoideachais Iomlán, agus chuireamar taighde nua foilsithe a rinneadh in Éirinn faoi bhráid an Chomhchoiste a thacaíonn go h-iomlán leis an gcruthúnas go bhfuil buntáistí suntasacha ann don Bhéarla mar mhórtheanga maraon le buntáistí don Ghaeilge de thairbhe bliain iomlán tumtha sa chóras Luath-Thumoideachais Iomlán."

"Léirigh an Comhchoiste tuiscint an-mhaith agus an-tacaíocht dár gcuid argóintí, a bhfuil tacaíocht ann dóibh ón CNCM, ó Chumann Múinteoirí Éireann agus ó an-chuid daoine agus eagrais eile, nach gcuirfear an ciorclán i bhfeidhm go dtí go bhfuil tuisint níos fearr ann faoi cén fáth go n-éiríonn chomh maith sin leis an Luath-Thumoideachas i gcomhthéacs na hÉireann.  

"Baineann an feachtas seo le ceist oideachais agus le rogha na dtuismitheoirí. Tá na Gaelscoileanna oscailte go do gach páiste agus tá a chomhionann de bhuntáistí ann do pháistí ó gach cineál cúlra ciníocha, teangeolaíochta agus náisiúnta, chomh maith leo siúd le gach cineál cumais foghlama", a deir Mícheál Ó Broin, Uachtarán Gaelscoileanna Teoranta.

"Táimid an-dóchasach go mbeidh an tacaíocht a fuaireamar inniu ar bhonn tras-pháirtí ina spreagadh don Roinn chun athbhreithniú a dhéanamh ar an bpolasaí agus go ndéanfar an ciorclán a aistharraingt go dtí go mbeidh torthaí taighde ann, ar a laghad."

"Mura gcuirfear é seo ina cheart, tá an baol ann go gcuirfear deireadh le rogha oideachais den scoth an tuiscint cheart ar cén fáth ar éirigh chomh maith sin leis."

Tiocfaidh an ciorclán i bhfeidhm ó Eanáir 2008 agus beidh tionchar aige ar an rogha reatha nó sa todhchaí  theagasc trí phrionsabail an Luath-Thumoideachais i mbeagnach 200 scoil".

Críoch

Breis Eolais:

Bláthnaid Ní Ghréacháin                                            Rob Hartnett
Ardfheidhmeannach – Gaelscoileanna Teoranta       Stiúrthóir – Hartnett McClure Public Relations
086 8050335                                                            086 3851955

Cur i láthair GAELSCOILEANNA TEO. os comhair Chomhchoiste Oideachais agus Eolaíochta an Oireachtais

Nollaig 4, 2007

Cuirfidh toscaireacht d’ionadaithe ó GAELSCOILEANNA TEO. agus baill eile atá ag tacú le feachtas an Luath-Thumoideachais Iomlán a gcás os comhair Chomhchoiste Oideachais agus Eolaíochta an Oireachtais ar son aistharraingt an chiorcláin 0044/2007 maidin Déardaoin, 6 Nollaig 2007. 

 

Dáta:

Déardaoin, 6 Nollaig 2007

 

Am:

Cur i láthair: 09.30 r.n.

Ráiteas do na meáin chumarsáide: ó 11.00 r.n.

Agallaimh idir 11.30 – 13.00i.n.

 

Ionad do na hAgallaimh:

Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, B.Á.C. 2

 

I láthair:

Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO., Mícheál Ó Broin

Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO., Bláthnaid ní Ghréacháin

 

Cúlra:

Tá polasaí an luath-thumoideachais, mar atá á chleachtadh ag Gaelscoileanna ar fud fad na tíre faoi bhagairt de thoradh ciorcláin 0044/2007, eisithe ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Cuireann an ciorclán seo dualgas ar na scoileanna lán-Ghaeilge 2.5 uair an chloig de Bhéarla a theagasc gach seachtain ó thús an dara téarma de rang na naíonáin sóisearach, ar a dhéanaí. Tagann sé seo salach ar an gcóras luath-thumoideachais iomlán atá á chleachtadh ag Gaelscoileanna sa tír. Tá an cinneadh seo in aghaidh an dea-chleachtais idirnáisiúnta mar a bhaineann leis an tumoideachas, agus is é sprioc an fheachtais seo ná aistharraingt an chiorcláin a bhaint amach go dtí go mbíonn ar a laghad cinneadh déanta a thógann torthaí taighde san áireamh a léiríonn comhthéacs na hÉireann.

Chun socraithe agallaimh a dhéanamh i bpearsan nó ar an nguthán, glaoigh ar an uimhir thíos le do thoil:

Rob Hartnett
Hartnett McClure PR
01 6401821 or 086 3851955

rob@hmpr.ie

Comhdháil Bhliantiúil Gaelscoileanna TEO

Samhain 15, 2007

Ag neartú na Gaelscolaíochta

Tabharfaidh saineolaí idirnáisiúnta ar an tumoideachas, an tOllamh Richard Johnstone ó Ollscoil Sterling, Alban, léacht na Comhdhála ag Comhdháil Oideachais agus Bhliantúil GAELSCOILEANNA TEO. 2007, ar an Aoine an 16 Samhain 2007 san Óstán South Court, Luimneach.  Labhróidh Caitríona Ruane, Comhalta Tionóil, Aire Oideachais Thuaiscirt Éireann ar an ábhar práinneach ina hóráid oíche Dé hAoine ar theideal agus ar théama na Comhdhála ‘Ag Neartú na Gaelscolaíochta”.

Níos luaithe sa tseachtain seo sheol GAELSCOILEANNA TEO. feachtas i mBaile Átha Cliath a throideann i gcoinne cinneadh na Roinne Oideachais agus Eolaíochta deireadh a chur le cleachtas an luath-thumoideachais i mbunscoileanna lán-Ghaeilge i ndiaidh an dara théarma de rang na naíonáin sóisearach. Tiocfaidh an bac seo i bhfeidhm ó Eanáir 2008 mura ndéantar ciorclán 0044/2007 a aistharraingt. Leanfaidh an rogha do scoileanna ó thuaidh an córas luath-thumoideachais a chur i bhfeidhm.

Osclóidh Gearóid Ó Conluain, Leas-Phríomhchigire na Roinne Oideachais agus Eolaíochta, an Chomhdháil ‘Ag neartú na Gaelscolaíochta’ maidin Dé hAoine.

Thar an dá lá pléfidh idir chleachtóirí agus saineolaithe saincheisteanna tábhachtacha na gaelscolaíochta lena n-áirítear:-

  • léitheoireacht agus litearthacht sna bunscoileanna lán-Ghaeilge,
  • forbairt agus pleanáil uile-scoile,
  • comhtháthú pháistí gan cúlra gaelscolaíochta san Iar-bhunscoil lán-Ghaeilge,
  • Idirchultúrachas sna scoileanna lán-Ghaeilge an an dá leibhéal, agus
  • acmhainní agus foinsí tacaíochta do mhúinteoirí sa chóras gaelscolaíochta.

“Tá sé an-tráthúil go dtiteann an Chomhdháil, a bhfuil ‘neartú na gaelscolaíochta‘ mar ábhar phlé aici le linn feachtais ar an luath-thumoideachas atá á reáchtáil ag an eagraíocht,” a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO. “Bunchloch neartú na gaelscolaíochta is ea cothabháil an chórais tumoideachais mar rogha oideachais d’ardchaighdeán. Tá tréan-iarracht á déanamh chun feasacht a ardú i measc an phobail agus baill an Oireachtais ar oll-thábhachtacht an chórais luath-thumoideachais mar rogha do scoileanna agus tuismitheoirí na tíre seo”, a deir Bláthnaid.

“Tabharfaidh an tOllamh Johnstone agus an tAire Ruane léargas fíor-spéisiúil dúinn ar ollthábhacht an luath-thumoideachais agus táim cinnte go spreagtar na toscairí chun troid i gcoinne deireadh leis an gcóras. Mar a bhíonn riamh, beimid ag súil go mór le bualadh le múinteoirí, príomhoidí, tuismitheoirí agus le heagraíochtaí Gaeilge agus Oideachais thar an dá lá,” a deir Bláthnaid.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lánGhaeilge.  Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.

Clárú don Chomhdháil agus breis eolais:

Oifig ag 01-4773155 nó Bláthnaid ní Ghréacháin ag 086 8050335

Críoch

An Tumoideachas – Ár Rogha

Samhain 12, 2007

Tá suíomh idirlín speisialta bunaithe ag GAELSCOILEANNA TEO. don bhfeachtas tumoideachais, An Tumoideachas – Ár Rogha. Sa suíomh idirlín tugtar cúlra an tsuíomh reatha an luath-thumoideachais in Éirinn agus an bhfeachtas i gcoitinne:

WWW.ROGHA.ORG

Iarrann muid ar an bpobal tacú lenár bhfeachtas trí na litreacha thíos a chur i gcló, a shíniú agus a seoladh go dtí an Aire Oideachais agus Eolaíochta agus chuig polaiteoirí áitiúla.

Litir Achainí chuig an Aire Oideachais agus Eolaíochta

Litir Achainí chuig Polaiteoirí

Scoileanna Nua ag Teacht go Luath

Samhain 11, 2007

Scoileanna nua ag teacht go luath

Bunleibhéal  

Ceantar:        Ros Eo, Co. Bhaile Átha Cliath
Teagmhálaí:     Alex O’Mahony
Fón:                086-0852878

Ceantar:        Éadan Doire, Co. Uíbh Fhailí
Teagmhálaí:     Lesley Gavin
Fón:                087-4120769
Ríomhphost:    

Ceantar:        Gaelscoil Lorgan, Baile na Lorgain, Co. Mhuineacháin.
Teagmhálaí:     Breandán Ó Dufaigh
Fón:                086-3815672 / 047-84048
Ríomhphost:    bodufaigh@eircom.net

Ceantar:        Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman 
Teagmhálaí:     Liz Burdon
Guthán:           086-0843653
Ríomhphost:    dathai_forde@yahoo.com            

Ceantar:        Na Clocha Liath, Co. Chill Mhantáin
Teagmhálaí:     Dorothy O’Connell, Oifigeach Riaracháin
Fón:                0869624378
Ríomhphost:    dorothy.connell@gmail.com

Ceantar:        Dún Geanainn, Co. Thír Eoghain
Teagmhálaí:     Mícheál Ó Duibh, Comhairle na Gaelscolaíochta
Fón:                02890-321475
Ríomhphost:    m.oduibh@comhairle.org

              
Iar-bhunleibhéal

Ceantar:             Deisceart Bhaile Átha Cliath
Teagmhálaí:          Lughaidh Ó Braonáin
Fón:                     087-6650005
Cathaoirleach:   Feargal Ó Riain  
Fón:                     087-2559345

Ceantar:             Maigh Nuad, Co. Chill Dara
Teagmhálaí:          Le cinntiú.
Fón:                    
Ríomhphost:      

Ceantar:         Dún Phádraig, Co. an Dúin
Teagmhálaí:      Mícheál Ó Duibh, Comhairle na Gaelscolaíochta
Guthán:            02890-321475

____________________________________________________

Sonraí Teagmhála Úsáideacha

Teagmhálaí:     Seán Ó hAdhmaill, Oifigeach Forbartha
Eagraíocht:      GAELSCOILEANNA TEO.
Fón:                01-4773156 087-6895612
Ríomhphost:    sean@gaelscoileanna.ie 

Teagmhálaí:     Dónal Ó Conaill 
Eagraíocht:      An Foras Pátrúnachta.
Fón:                01-8314487 / 087-2359198
Ríomhphost:    foraspatrunachta@hotmail.com

Teagmhálaí:     Mícheál Ó Duibh, Oifigeach Sinsearach Forbartha 
Eagraíocht:      Comhairle na Gaelscolaíochta
Fón:                02890-321475
Ríomhphost:    m.oduibh@comhairle.org

Teagmhálaí:     Sadhbh Devlin, Eagraí Oideachais 
Eagraíocht:      Forbairt Naíonra Teoranta (FNT)
Fón:                01-4773151
Ríomhphost:    eolas@naionrai.ie 

Scoileanna Nua Lan-Ghaeilge ag oscailt

Lúnasa 29, 2007

Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. roimh oscailt 4 bhunscoil lán-Ghaeilge agus 4 iarbhunscoil lán-Ghaeilge mí Meán Fómhair 2007 a bheas ag oscailt a gcuid doirse don chéad uair i mbliana.

Is iad na bunscoileanna lán-Ghaeilge atá i gceist ná:-

  1. Gaelscoil Chluainín, Cluainín Úí Ruairc, Co. Liatroma (gur scoil le sainmheon caitliceach í),
  2. Gaelscoil na bhFilí, Gort Inse Guaire, Co. na Gaillimhe,
  3. Gaelscoil an Bhradáin Feasa, An Inse, Co. na Mí, atá faoi phátrúnacht Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge, agus
  4. Gaelscoil Chionn tSáile, Cionn tSáile, Co. Chorcaí, scoil Chaitliceach faoi phátrúnacht Easpag Chorcaí & Ross.

Is iad na h-iarbhunscoileanna nua a bheas ag oscailt ná:-

  1. Gael-choláiste Phort Láirge, Cathair Phort Láirge,
  2. Meánscoil Charman, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman,
  3. Gaelcholáiste Bhun Cranncha, Bun Chranncha, Co. Dún na nGall, agus
  4. Gaelcholáiste an Inbhear Mór, Co. Chill Mhantáin.

Fáiltítear go mór freisin roimh na scoileanna nua lán-Ghaeilge ó thuaidh, atá ag oscailt le cabhair agus tacaíocht ár gComhpháirtithe Oideachais ó thuaidh, Comhairle na Gaelscolaíochta. Is iad na scoileanna seo ná Gaelscoil Éanna, Gleann Ghormlaithe. Co. Aontroma agus Coláiste Spéirín, an Chorr Chríochach, Co. Thír Eoghain.

D’fháiltigh Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO., Bláthnaid ní Ghréacháin, go mór roimh an dul chun cinn seo atá mar cheiliúradh ar an méid atá bainte amach ag na coistí bunaithe agus in earnáil na gaelscolaíochta. Deir sí, "Tréaslaím leis na coistí bunaithe as a ndíograis agus as a gcuid tiomántais thar cuimse ó thús go deireadh le blianta beaga anuas agus iad ag gníomhú leo go dian agus ar bhonn deonach chun a chinntiú go ndéantar soláthar d’oideachais lán-Ghaeilge dá bpáistí." Dhearbhaigh sí go bhfuil éileamh agus fás leanúnach agus méadaitheach tagtha ar an ngaeloideachas ag an dá leibhéal le blianta beaga anuas agus nach raibh an fás chomh mór le beagnach 10 mbliana anuas, nuair a d’oscail 11 scoil i 1998.

Ach ar an drochuair, shoiléirigh sí gur i gcóiríocht shealadach a bheas na scoileanna seo ag feidhmiú go ceann roinnt bhlianta, ar aon dul le beagnach 50% d’iomlán na mbunscoileanna lán-Ghaeilge sa tír, idir nua agus sean-bhunaithe. Deir sí áfach ina thaobh, "go leanfaidh GAELSCOILEANNA TEO. i mbun stocaireachta ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta chun staid na scoileanna lán-Ghaeilge a fheabhsú, idir cóiríocht chóir agus acmhainní cuí a thagann le hardchaighdeán an chórais gaelscolaíochta."

Guímid gach rath ar na scoileanna nua, na Príomhoidí agus múinteoirí maraon leis na daltaí atá ag tosú amach i ré nua thábhachtach ina saol agus a dtuismitheoirí ar an ócáid bhrodúil seo. Guímid gach rath freisin ar gach scoil lán-Ghaeilge atá ag ath-oscailt na doirsí agus ag tabhairt faoi bhliain úr scoile agus iad ag saothrú leo ag cur sároideachais ar fáil trí Ghaeilge.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 168 bunscoil agus 43 iar-bhunscoil lasmuigh den Ghaeltacht (ar bhonn 32 contae) ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.

CRÍOCH.

Tuilleadh Eolais:

Bláthnaid Ní Ghréacháin 01-4773155

Mícheál Ó Broin 087-9467700

Cinneadh Éigríonna An Aire Oideachais Agus Eolaíochta Maider Le Córas Tumoideachais Na nGaelscoileanna

Iúil 31, 2007

Ábhar iontais agus díomá é do GAELSCOILEANNA TEO. agus do ghaelscoileanna na tíre seo an fógra a rinne an tAire Oideachais agus Eolaíochta ar an 26ú Iúil 2007 i dtaobh cleachtais an tumoideachais i ngaelscoileanna na tíre seo in ainneoin comhairle saineolach, forleathan agus comhaontaithe. Is é an cinneadh tromchúiseach atá á ghlacadh ag an Aire ná go gcuirfear iallach ar na gaelscoileanna teagasc an Bhéarla a thosú go foirmeálta ar a dhéanaí ag tús an dara théarma sna naíonáin shóisearacha. Tagann an cinneadh seo i bhfolús aon pholasaí comhaontaithe Stáit ar an tumoideachas.

Déanann an cinneadh seo neamhaird ar dhea-thorthaí, luachanna agus ar ardchaighdeán leanúnach an chórais tumoideachais in Éirinn. Is cinneadh é seo ba chóir a bheith bunaithe ar thorthaí taighde chuimsitheach, dúchasach, eolaíoch agus acadúil seachas ar thuairimíocht agus tástáil claonta agus neamhiomlán i gcás scoil amháin nó fiú líon beag scoileanna.

Léiríonn cinneadh an Aire go bhfuil doiléireacht ann faoi bhunús, cur chuige agus riachtanais an chórais tumoideachais. Ní hí an cheist atá ann an bhfaigheann nó nach bhfaigheann páistí na scoileanna lán-Ghaeilge buntáiste iomlán an churaclaim Béarla, rud atá amhlaidh, ach cén uair is fearr ó thaobh feidhmiú éifeacht an chórais tumoideachais go dtosaítear go foirmeálta ar theagasc litearthacht an Bhéarla. Níl ciall ná réasún leis an gcomparáid atá á dhéanamh idir theagasc éigeantach na Gaeilge i scoileanna lán-Bhéarla agus idir theagasc an Bhéarla sna gaelscoileanna. Ní mór a mheabhrú gur córas roghnach atá i gcóras na gaelscolaíochta, córas atá bunaithe ar chomhaontú polasaithe agus ar chomhchaidreamh le tuismitheoirí. Ní mór leibhéal na feasachta faoin gcóras a ardú chun go dtuigtear go mbaintear na cuspóirí ar fad atá luaite leis an gcuraclam Béarla, móide cuspóirí sa bhreis orthu siúd, go h-iomlán amach le linn an tréimshe bunscolaíochta. Lárphrionsabal an tumoideachais ná go mbíonn luath-thréimhse na bunscolaíochta tiomnaithe do bhuanú agus do shealbhú riachtanach na Gaeilge.

Chuir na páirtithe leasmhara, GAELSCOILEANNA TEO. ina measc móide comhairleoirí an Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) argóintí agus riachtanais an chórais faoi bhráid an Aire. Cuireadh béim ar an mbunriachtanas a bhaineann le feidhmiú mholtaí an CNCM, chomh maith le sainchomhairle na saineolaithe teanga agus oideachais eile. Cuireadh faoi bhráid an Aire an géarghá a bhaineann le h-iniúchadh forleathan agus cruinn ar chur chuige na ngaelscoileanna agus ar na torthaí Béarla a eascraíonn ón gcóras de réir tástálacha oiriúnaithe don ghaelscolaíocht. I bhfocail an Ardfheidhmeannaigh, Bláthnaid ní Ghréacháin, "Dealraítear go bhfuil neamhaird a dhéanamh ar na h-éilimh atá ag an earnáil faoi conas í a láidriú, mar shampla trí thástálacha agus acmhainní chuí, agus ina áit go bhfuil an bonn á bhaint den chóras trí bhac a chur ar an luath-thréimhse tumtha sa Ghaeilge. Ní leor téarma amháin sna naíonáin bheaga chun go mbeidh éifeacht leis an tumadh riachtanach seo."

Deir Uachtarán na hEagraíochta, Mícheál Ó Broin "gur cuireadh i leith na hearnála go bhfuil cur chuige ‘à la carte’ á ghlacadh i dtaobh na gcleachtais atá ann, cáineadh nach mbeadh aon bhunús leis dá dtabharfaí feidhm do mholtaí an CNCM lena bhfuil ceithre mhúnla molta mar thúsphointe taighde."

Ábhar alltachta d’earnáil na Gaeilge ina iomláine an cinneadh seo sa mhéid is go dtagann an cinneadh seo salach ar pholasaí an Stáit i dtaobh caomhnú na teanga mar go gcuireann sé bac ar an modh is rathúla chur chun cinn na teanga sa tír seo, sé sin cleachtas an chórais tumoideachais iomlán. Aithnítear sa taighde agus sa chleachtas gurb é an córas tumoideachais iomlán an córas is éifeachtúla do shealbhú an dara theanga.

Is í fírinne an scéil ná nach bhfuil aon fhianaise ann nach bhfuil ag éirí leis an gcóras tumoideachais ná go bhfuil páistí na ngaelscoileanna chun deiridh ó thaobh inniúlacht sa Bhéarla. A mhalairt d’fhianaise atá ann, agus faraor cuireann an cinneadh seo bac ar chlár taighde eolaíoch chun go léireofaí dea-thorthaí agus ardchaighdeán an chórais.

Éilímid ar an Aire thar ceann na h-earnála torthaí taighde dúchasach agus cuimsitheach a bheith mar bhunús aon chinneadh ar thodhchaí an chórais tumoideachais agus go gcuirfí moltaí an CNCM i bhfeidhm dá réir láithreach chun go leanfaí leis an obair fhiúntach i bhforbairt treoirlínte ar dhea-chleachtas an tumoideachais.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lánGhaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 163 bunscoil agus 38 iar-bhunscoil ag cur oideachais lánGhaeilge ar fáil faoi láthair. Tá ceithre bhunscoil lán-Ghaeilge ag oscailt Meán Fómhair 2007 móide ceithre iarbhunscoil nua.

Tuilleadh eolais:

Bláthnaid Ní Ghréacháin 01 4773155

Mícheál Ó Broin 087-9467700

eolas@gaelscoileanna.ie

CRÍOCH

Clár An Rialtais Nua

Meitheamh 21, 2007

Gabhann GAELSCOILEANNA TEO. comhghairdeas leis an Rialtas nua agus leis na hAirí nuacheaptha. Comhghairdeas ar leith leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, TD agus leis an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD as an athcheapachán dóibh beirt. Ag tagairt do chlár an Rialtais dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach na hEagraíochta "Moladh chun tairbhe na gaelscolaíochta agus na Gaeilge is ea bunú grúpa sinsearach d’fheidhmeannaigh idir an dá Roinn seo chomh maith le h-ath-ordú Chomhchoiste an Oireachtais don Ghaeilge agus fáiltítear go mór roimh an chomhoibriú tras-rannach agus as na deiseanna comhoibrithe a eascróidh as don earnáil".

Fáiltítear roimh an gheallúint go mbainfear leas níos mó as acmhainneacht ollmhór gluaiseacht na ngaelscoileanna agus go gcuirfear feabhas ar chaighdeán na Gaeilge a mhúintear sna scoileanna trí mheán an Bhéarla. Cúis áthais é an ráiteas go gcuirfear socraithe i bhfeidhm chun múinteoirí a earcú a mbeidh cumas láidir iontu gach ábhar a theagasc trí mheán na Gaeilge. De réir Uachtaráin na hEagraíochta, Mícheál Ó Broin, "Fáiltítear go mór roimh na ngeallúintí agus na céimeanna atá leagtha amach i dtaobh soláthair cóiríochta ar ardchaighdeán do scoileanna nua agus do na scoileanna atá ann cheana féin. Beidh gá seo a fheidhmiú láithreach chun leasa earnáil na ngaelscolaíochta a bhfuil géarchéim cóiríochta ag tarlú ann le blianta fada anuas. Ní mór na socraithe cuí a chur i bhfeidhm do scoileanna nach scoileanna nua-bhunaithe iad ach atá gan chóiríocht chuí go fóill. Fáiltítear freisin roimh geallúintí i dtaobh deontais méadaithe do scoileanna agus laghdú ar líon na ndaltaí sna ranganna."

 

Tugann GAELSCOILEANNA TEO. faoi ndeara an easpa thagartha a rinneadh i gClár an Rialtais de roinnt de phríomhcheisteanna práinneacha na hearnála, ar a n-áirítear polasaithe comhaontaithe stáit ar an tumoideachas agus uirlisí measúnaithe foghlama a bheith in oiriúint don ghaelscolaíocht ina measc.

 

Leanfaidh GAELSCOILEANNA TEO. ar aghaidh ag déanamh stocaireachta ar son na scoileanna lán-Ghaeilge agus beimid ag súil le dea-chaidreamh agus comhoibriú leis an Rialtas chun ár spriocanna eagraíochtúla a chur chun cinn.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lánGhaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 163 bunscoil agus 38 iar-bhunscoil ag cur oideachais lánGhaeilge ar fáil faoi láthair. Tá 5 bhunscoil lán-Ghaeilge ag oscailt Meán Fómhair 2007 móide 4 iarbhunscoil nua.

Tuilleadh eolais:

Oifig GAELSCOILEANNA TEO.:- 01 4773155

Mícheál Ó Broin:- 087-9467700

CRÍOCH

Cinneadh Tromchúiseach an Aire Oideachais do Thodhchaí Na nGaelscoileanna Agus Caomhnú Na Teanga

Bealtaine 14, 2007

Ábhar uafáis agus alltachta é do GAELSCOILEANNA TEO. agus do gaelscoileanna na tíre seo cinneadh an Aire Oideachais agus Eolaíochta a léamh sna meáin inniu, 14 Bealtaine 2007 i dtaobh cleachtais an tumoideachais i ngaelscoileanna na tíre seo. Is é an cinneadh tromchúiseach atá á ghlacadh ag an Aire ná go gcuirfear iallach ar na gaelscoileanna teagasc an Bhéarla a thosú go foirmeálta ar a dhéanaí ag tús an dara théarma sna naíonáin shóisearacha. I bhfocail an Ardfheidhmeannaigh, Bláthnaid ní Ghréacháin, "Gníomh éigríonna a bheadh sa chinneadh seo, nach bhfuil aon bhunús oideachasúil, saineolach ná teangeolaíoch leis".

Ar iarratas an Aire, chuir an Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) próiseas comhairliúcháin poiblí i bhfeidhm faoi fhorbairt teanga agus forbairt litearthachta i mbunscoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán. Mar thoradh an phróisis, lena raibh taighde saineolach ar chleachtas an tumoideachais go hidirnáisiúnta mar bhunús, cuireadh ceithre mhúnla faoi bhráid an Aire mí Eanáir 2007, bunaithe ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta d’fhonn polasaí na hearnála tumoideachais a fhorbairt.

Dealraítear go ndéanann an cinneadh seo neamhaird den saineolas idirnáisiúnta, de chomhairle an CNCM, de chomhairle agus aighneachtaí na mórimreoirí oideachais agus Gaeilge agus de thorthaí an taighde agus aighneachtaí a bailíodh go forleathan ó scoileanna agus ó thuismitheoirí na tíre seo. Anuas ar sin, tagann an cinneadh seo salach ar pholasaí an Stáit i dtaobh caomhnú na teanga sa mhéid is go gcuireann sé bac ar an modh is rathúla chur chun cinn na teanga sa tír seo, sé sin cleachtas an chórais tumoideachais iomlán. Aithnítear sa taighde agus sa chleachtas gurb é an córas tumoideachais iomlán an córas is éifeachtúla do shealbhú an dara theanga. Is léir nár tugadh aitheantas ná nár léiríodh aon tuiscint ar an mbúnus ná ar an riachtanas a bhaineann leis na moltaí a leagadh amach i dtuairisc an CNCM agus in aighneachtaí na bpáirtithe oideachais agus na scoileanna i gcoitinne. Níl aon bhunús eolaíoch, acadúil ná údarásach ag an gcinneadh seo in éagmais treoirlínte ar dhea-chleachtas agus in éagmais taighde dúchasach.

Deir Uachtarán na hEagraíochta, Mícheál Ó Broin, " Tá i gceist leis an gcinneadh seo deireadh a chur leis an gcóras luath-tumoideachais in Éirinn. Níl aon fhianaise ann nach bhfuil ag éirí leis an gcóras. Níl aon fhianaise ann ach an oiread go bhfuil páistí na ngaelscoileanna chun deiridh ó thaobh inniúlacht sa Bhéarla faoin am a sroicheann siad na hardranganna. A mhalairt d’fhianaise atá ann. Ábhar díomá agus ionadh é an cinneadh seo agus céim siar seachas céim chun tosaigh d’earnáil an ghaeloideachais ina iomláine agus do chaomhnú na Gaeilge mar pholasaí Stáit."

Ní ghlacann agus ní ghlacfaidh GAELSCOILEANNA TEO. le haon chinneadh a bheas chun dochair an chórais tumoideachais ina iomláine agus leanfar leis an stocaireacht ar an Rialtas agus na páirtithe polaitiúla ar fad go dtí go dtugtar an t-aitheantas ceart do thorthaí phróisis an CNCM. Éilímid ar an Aire gan an ciorclán atá beartaithe a eisiúint agus go gcuirfí moltaí an CNCM i bhfeidhm láithreach agus go leanfaí le dea-obair an CNCM i bhforbairt treoirlínte ar dhea-chleachtas an tumoideachais.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lánGhaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 163 bunscoil agus 38 iar-bhunscoil ag cur oideachais lánGhaeilge ar fáil faoi láthair. Tá 5 bhunscoil lán-Ghaeilge ag oscailt Meán Fómhair 2007 móide 4 iarbhunscoil nua.

Tuilleadh eolais:

Bláthnaid Ní Ghréacháin 086 8050335

Mícheál Ó Broin 087-9467700

eolas@gaelscoileanna.ie

CRÍOCH

Next Page »