Méid an Téacs

Neamhaird déanta ag an mBord Snip ar mholtaí na Roinne Oideachais

Deireadh Fómhair 8, 2009

Is cúis mhór díomá do GAELSCOILEANNA TEO. gur chinn an Grúpa Speisialta neamhaird iomlán a dhéanamh de mholadh na Roinne Oideachais agus Eolaíochta i dtaca le COGG.

Léiríonn eolas atá tagtha chun cinn trí iarratas um shaoráil faisnéise a rinne TG4 ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta gur chuir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta i gcoinne moladh an Ghrúpa Speisialta gur cheart COGG a hionsú isteach sa Roinn féin nó sa Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ar shábháil €1.2m don stát-chiste.

Mhol an Roinn Oideachais go leanfaí le dea-obair COGG mar atá. In ainneoin an mholadh sin rinneadh neamhaird i dtuarascáil an Ghrúpa Speisialta den imní a léirigh an Roinn go ndéanfaí leatrom ar chearta dhaltaí agus múinteoirí na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge maidir le tacaíochtaí d’oideachas trí mheán na Gaeilge Is moladh gan bhunús a bhí i dtuarascáil an Ghrúpa dá réir.

Anuas ar shárú cearta phobail na tíre seo léirigh an Roinn na dúshláin a bheadh ann deireadh a chur le COGG ar bhonn praiticiúil agus nach mbeadh aon sábháil airgid i gceist mar gur gá go leanfaí leis an soláthar agus gur gá foireann a earcú chun an soláthar seo a chinntiú. Ábhar mór faoisimh atá ann do GAELSCOILEANNA TEO. agus don earnáil trí chéile tuiscint agus tacaíocht na Roinne Oideachais a fheiceáil ar fheidhmeanna reachtúla agus ar éifeacht COGG.

Dúirt Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO., “Is deacair a chreidiúint go rachadh an Grúpa Speisialta i gcoinne moladh ón Roinn a bhfuil cúram an oideachais lán-Ghaeilge uirthi. Deimhníonn an t-eolas nua seo atá tagtha chun solais go bhfuil an ceart ag pobal na Gaeilge easpa muiníne a léiriú i moltaí na tuarascála mar a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an ngaelscolaíocht mar is léir go bhfuil siad bunaithe ar aineolas agus easpa feasachta ar chearta, gealltanais an rialtais agus tuiscint ar bith ar chaomhnú cultúir agus oidhreachta”.

Agus í ag tagairt don bhfeachtas stocaireachta i gcoinne an mholadh deireadh a chur le COGG deir sí “Gabhann GAELSCOILEANNA TEO. buíochas mór le gach scoil agus le gach duine a chabhraigh leis an bhfeachtas seo. Léiríonn an t-aiseolas go gcreideann scoileanna agus a gcuid tuismitheoirí go mbeadh an gníomh seo tubaisteach. Impímid oraibh leanúint leis an stocaireacht agus bímid muiníneach as cinneadh an Taoisigh tacaíocht cheart a thabhairt d’earnáil na gaelscolaíochta”.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 170 gaelscoil agus 39 gaelcholáiste lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.