Méid an Téacs

Leas-Stiúrthóir Naíonra á earcú ag Naíonra Chrónáin, BÁC 22

Iúil 31, 2018

Iarratais á lorg do Leas-Stiúrthóir Naíonra Chrónáin, Áras Chrónáin Ionad Cultúir, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22, D22X856

Cáilíochtaí Riachtanach:

  • Ar a laghad Teastas FETAC Leibhéal 7 (Mórdhámhachtain), cáilíocht choibhéiseach, nó níos airde i gcúram leanaí, le taithí agus le líofacht i nGaeilge labhartha agus scríofa.
  • Scileanna maithe cumarsáide, idir labhairt agus scríobh.
  • Taithí ar a laghad 3 bhliain
  • 2 theistiméireacht scríofa

Post:                Post Lánaimseartha atá i gceist

Tuarastal:       Pá iomaíoch ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí

Litir Iarratais agus CV chuig:

An Cathaoirleach, Muintir Chrónáin Teo,

Áras Chrónáin Ionad Cultúir,

Bóthar an Úlloird, Cluain Dolcáin,

Baile Átha Cliath 22, D22X856

cathaoirleach@araschronain.ie

Iarratais, Dáta Deiridh: 5.00i.n. Aoine 10ú Lúnasa 2018

 

Trí fholúntas le Fiontar & Scoil na Gaeilge

Iúil 31, 2018

Tá trí fholúntas le Fiontar & Scoil na Gaeilge faoi láthair:

Tá fáilte roimh iarrthóirí teagmháil la dhéanamh le Fiontar & Scoil na Gaeilge chun na deiseanna seo a phlé:

An Dr Gearóid Ó Cleircín (01-700 5789); gearoid.ocleircin@dcu.ie

Spriocdháta iarratais: Dé hAoine, an 17 Lúnasa, faoi 17.00. Táthar ag súil go reáchtálfar agallaimh in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ag deireadh mhí Lúnasa/tús mhí Mheán Fómhair.

Tá foirmeacha iarratais ar fáil ar: www.dcu.ie/vacancies/current.shtml nó ó: Human Resources Department, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 9. Fón: +353 (0)1 700 5149; Faics: +353 (0)1 700 5500 R-phost: hr.applications@dcu.ie

Folúntais i Naíonra Thaobh na Coille, Baile Átha Cliath

Iúil 26, 2018

Múinteoir/ Stiúrthóir Ranga do Mhí Mheán Fómhair 2018/19

(is féidir linn glacadh le múinteoirí ar sos gairme mar táimid faoi réir na Roinne Leanaí & Gnóthaí Óige, ní an An Roinn Oideachais & Scileanna)

Bunaíodh Gaelscoil Thaobh na Coille i 1999. Is naíonra forásach é a mhúineann na páistí trí mheán na Gaeilge leagtha amach tríd an gclár Aistear.

Tá an tseachtain oibre ar feadh cúig lae, ón Luan – Aoine (9am-4pm) le dhá sheisiún in aghaidh an lae, le 38 seachtaine in aghaidh na bliana.

Caithfear na cáilíochtaí seo a leanas a bheith ag an an iarrthóir a n-éireoidh leis/léi:

* Cáilíocht Múinteora Bunscoile / Cáilíocht Fetac 7 nó níos airde

* Eolas cuimsitheach ar an teanga & cultúr Gaelach

* Oiliúint sa gharchabhair, Sábháilteacht dóiteáin & Lámhsiú sábhailte

* Dea-scileanna idirphearsanta & cumarsáide maidir le déileáil leis na páistí, tuismitheoirí & leis an bhfoireann.

Stiúrthóir Ranga Cúnta do Mhí Mheán Fómhair 2018/19

 

Caithfear na cáilíochtaí seo a leanas a bheith ag an an t-iarrthóir a n-éireoidh leis/léi:

* Cáilíocht Fetac 5 / 6

* Eolas cuimsitheach ar an teanga & cultúr Gaelach

* Oiliúint sa gharchabhair, Sábháilteacht dóiteáin & Lámhsiú sábhailte

* Dea-scileanna idirphearsanta & cumarsáide maidir le déileáil leis na páistí, tuismitheoirí & leis an bhfoireann.

 

Is féidir cur isteach ar na poist trí ríomhphost le litir & cv chuig: naionrathaobhnacoille@gmail.com

Má tá aon cheist déan teagmháil le Denise ar 087 2903638

3 Fholúntas i Naíonra Chaitlín Maude, Baile Átha Cliath 24

Iúil 13, 2018

Muinteoir Naíonra (€12 san uair) agus 2 Chuntóirí Aim (€11.15 san uair) á lorg

  • Teastas FETAC leibhéal 5/6 ar a laghad
  • Taithí ag obair leis na luathbhlianta
  • Cur amach a bheith acu ar Acht Um Chúram Leanaí 1991 & Rialacháin 2016
  • Spéis faoi leith a bheith ag obair le páistí agus le páistí le riachtanais bhreise
  • Taithí a bheith ag obair le téamaí Aistear/Síolta
  • Líofacht sa Ghaeilge nó spéis an Ghaeilge a fheabhsú
  • Cáilíochtaí garchabhrach
  • Cosaint Leanaí
  • In ann Pleanáil, breathnóireacht agus athbhreithniú dá réir
  • Gaol dearfach a chothú le tuismitheoirí/ comhghleacaithe sa Naíonra

Is féidir CV a sheoladh chuig naionra.cm@gmail.com (Aisling) nó chuig Naíonra Chaitlín Maude, F/ch Scoil Chaitlín Maude, Garrán an Choill, Cill an Árdáin, Bác 24

Dáta deireanach a nglacfar le hiarrtais 10/08/2018

Folúntas i Naíonra KinderKare, Contae Liatroma

Iúil 5, 2018

Múinteoir Naíonra á lorg ag Naíonra KinderKare;

  • Teastas FETAC leibhéal 6  ar a laghad
  • Taithí trí bliana ag obair in earnáil na luathbhlianta
  • Cur amach a bheith acu ar Acht Um Chúram Leanaí 1991 & Rialacháin 2016
  • Spéis faoi leith a bheith ag obair le páistí
  • Cur amach ar théamaí Aistear/Síolta
  • Líofacht sa Ghaeilge
  • Cáilíochtaí gharchabhrach
  •  Aire a thabhairt do pháistí
  • Pleanáil, tuairisciú agus athbhreithniú dá réir
  • Comhoibriú le tuismitheoirí/ comhghleacaithe sa naíonra

Is féidir CV a sheoladh chuig kinderkare1@outlook.com (FAO Eilis) nó chuig KinderKare Naíonra, Castlecara Road, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma

Folúntas i Naíonra Chrónáin, Baile Átha Cliath 22

Iúil 5, 2018

Stiúrthóir Naíonra

Iarratais á lorg do Stiúrthóir Naíonra Chrónáin, Áras Chrónáin Ionad Cultúir, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22, D22X856

Cáilíochtaí Riachtanach:

  • Ar a laghad Teastas FETAC Leibhéal 8 (Mórdhámhachtain), cáilíocht choibhéiseach, nó níos airde i gcúram leanaí, le taithí agus le líofacht i nGaeilge labhartha agus scríofa.
  • Scileanna maithe cumarsáide, idir labhairt agus scríobh.
  • Taithí ar a laghad 3 bhliain
  • 2 theistiméireacht scríofa

Post:                Post Lánaimseartha atá i gceist

Tuarastal:       Pá iomaíoch ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí

Litir Iarratais agus CV chuig:

An Cathaoirleach, Muintir Chrónáin Teo,

Áras Chrónáin Ionad Cultúir,

Bóthar an Úlloird, Cluain Dolcáin,

Baile Átha Cliath 22, D22X856

cathaoirleach@araschronain.ie

Iarratais, Dáta Deiridh: 5.00i.n. Aoine 20ú Iúil 2018

Folúntas i Naíonra Lorcáin, Baile Átha Cliath

Iúil 5, 2018

Múinteoir Naíonra á lorg ag Naíonra Lorcáin

Is naíonra lán-Ghaelach é Naíonra Lorcáin atá lonnaithe i Scoil Lorcáin. Tá seisiún amháin againn ar maidin le 18 páiste. Déanann Naíonra Lorcáin ‘chuile iarracht cúram agus oideachas d’ard-chaighdeán a chur ar fáil do na páistí. Cuirtear béim ar shealbhú na Gaeilge trí mhodh an tsúgartha.

Cáilíochtaí: Teastas FETAC leibhéal 5 ar a laghad; Gaeilge mhaith chumarsáide.

Freagrachtaí: Aire a thabhairt do na páistí; obair ghinearálta an Naíonra; páirteach i gcúrsaí pleanála, breathnadóireachta agus i scríobh na dtuairiscí.

Pá iomaíoch ag brath ar na cáilíochtaí agus an taithí atá ag an duine. Conradh 10 mí atá i gceist.

Seol litir agus C.V. chuig naionralorcain@gmail.com roimh 20 Iúil.