Méid an Téacs

An sibhse an chéad Clannad nó Corrs eile? Más sibh, ba mhaith le TG4 cloisteáil uaibh!

Eanáir 30, 2018

Tá TG4 sa tóir ar an teaghlach is cumasaí in Éirinn chun páirt a ghlacadh i sraith úr teilifíse. Má tá bua ar leith agat féin, ag do dheartháir, do dheirfiúr, d’athair, do mháthair nó fiú do mhamó seo do sheans clú agus cáil a bhaint amach!

Tá cáil ar fud an domhain ar theaghlaigh mar The Corrs i saol an phopcheoil nó ar mhuintir Cunningham mar gheall ar an damhsa gaelach. Tá sé in am anois an chéad teaghlach eile a aimsiú a ardóidh an tír.

Sraith úr tallainne í seo do TG4 áit a mbeimid ag dul fud fad na tíre ag lorg teaghlaigh chumasacha nua. Ní mór gaol a bheith ag na hiomaitheoirí lena chéile, msh: seantuismitheoirí/tuismitheoirí/páistí. Ní mór do ar a laghad beirt bheith sa ghrúpa. Is féidir a rogha rud a chur i láthair mar thaispeántas idir amhránaíocht, dhamhsa, cheol, scéalaíocht, srl. Tá fáilte roimh dhaoine de gach uile aois!

Más maith leat cur isteach, seol físeán tríd WhatsApp roimh an 5ú Feabhra: 0830580229

Scléip Gael Linn 2018 – Craobhchomórtas, Dé Céadaoin, 31 Eanáir 2018

Eanáir 30, 2018

Beidh craobhchomórtas Scléip Gael Linn 2018 ar siúl in amharclann Clasach, Cluain Tarbh, Dé Céadaoin, 31 Eanáir 2018. Beidh os cionn 300 aisteoirí, ceoltóirí, rinceoirí agus amhránaithe ó iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ó Dhún na nGall go dtí Daingean Uí Chúise, mar aon lena gcuid múinteoirí agus tuismitheoirí, i láthair. Tá clár na hócáide faoi iamh, mar eolas daoibh – beimid ag cur tús leis na comórtais ag 11.00a.m. – beidh dhá halla in úsáid againn do na comórtais i rith an lae, agus táimid ag súil go mbeadh críoch le cúrsaí c.3.45.m., uair a bhronnfar na duaiseanna.

Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge. Cuirtear béim ar na healaíona comhaimseartha agus ar chruthaitheacht agus ar chumadóireacht na rannpháirtithe. Tá comórtas Scléip á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge.

Bhí ceithre réamhbhabhta réigiúnacha ar siúl ag i rith mhí na Samhna/mí na Nollag –i Muineachán, i nGaillimh, i mBaile Átha Cliath agus i Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí, ag a roghnaíodh na hiomaitheoirí don chraobhchomórtas. I measc na moltóirí a bheidh ann ar an lá mór, beidh an léiritheoir drámaí, Síle Ní Dhuibhne, an damhsóir, Máire Uí Mhurchú, agus na ceoltóirí agus cumadóirí, Enda Reilly agus Pádraig Ó Conghaile (nó MC Muipéad!).

Bronnfar duaiseanna ar na buaiteoirí i ngach rannóg agus Gradam Scléip ar an amhránaí/ceoltóir aonair nó ar an ngrúpa is mó a sheasann amach as na buaiteoirí uilig sna comórtais ceoil/amhránaíochta . Bronnfar duais Gradam Cheoil Nós, chomh maith, don amhrán nua-chumtha is fearr sna comórtais amhránaíochta, canta ag duine aonair nó ag grúpa. Is í Niamh Ní Chróinín, Raidió Rí Rá, a bheidh mar láithreoir ar an ócáid. Táimid ag súil le han-lá …agus beidh fáilte mhór roimh lucht féachana !

Lucht féachana á lorg ag Cleas Act

Eanáir 30, 2018

Tá clár teilifíse siamsaíochta do chlainne “Cleas Act” á léiriú ag Tyrone Productions do TG4.

Is clár siamsaíochta spraoiúil, lán le fuinneamh é Cleas Act ina bhfuil páistí atá lán le talainn ó ghach taobh den tír ag ceol agus ag damhsa in éineacht le “Seo Linn”.

Tá talainn agus cultúr na hÉireann á chur i láthair agus is féidir a chinntiú gur taifead bríomhar, lán le spraoi a bheas ann. Tá an clár bunaithe i stiúideo agus beidh sé á taifead i stiúideo RTÉ, Domhnach Broc, B.Á.C 4.

Má tá suim agat freastal ar thaifead de chuid “Cleas Act” mar bhaill den lucht féachana sa stiúideo, tá ticéidí ar fáil saor in aisce agus beidh taifead ar siúl i Mí Feabhra:

  • Dé Luan 5ú Feabhra 13.20-18.00
  • Dé Máirt 6ú Feabhra 14.00-18.00

Má tá suim agat freastal ar thaifead is féidir ríomhphost a chur ag cleasact@tyrone-productions.ie

Nó glaoch a chur ar 01 889 4975 leis an eolas seo a leanas:

  • Cén dáta agus am atá suim agat freastal air
  • Cé mhéid ticéad atá de dhíth, agus ainmneacha na daoine a bheas ag freastal ar an taifead
  • Uimhir teagmhála
  • Cén eagraíocht/coláiste lena bhfuil tú bainteach (más bainteach)

Beidh ar an lucht féachana clárú 30 nóiméad roimh thus an taifead ar an lá.

Comórtais do Chóir Bhunscoile agus Iar-bhunscoile

Eanáir 29, 2018

Féile Chórúil na hUaimhe don Bhunleibhéal:

Comórtas Bunscoile

9ú Bealtaine 2018

Comórtais Chórúla do:

Cór Soisearach(faoi bhun 9 mbliana)

Cór Bunscoile (faoi  bhun 13 bhliana)

Cór Bunscoile: Teanga na Gaeilge

Data Deiridh 31ú Márta 2018

Féach www.navanchoralfestival.com

 

Féile Chorúil na hUaimhe don Iar-bhunleibhéal: 

Comórtas Iarbhunscoile/Óige

10ú Bealtaine 2018

Comórtais Chórúla do

Cór Soisearach

Cóir  Naisiúnta Oige na mBliana

Cóir Cheoil Liturgaíochta

Teanga na Gaeilge

Comórtas GLEE

Data Deiridh 31ú Márta 2018

Féach www.navanchoralfestival.com

Ceistneoir d’iarscoláirí iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge

Eanáir 26, 2018

Tá taighde ar bun ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus ag Ollscoil na Ríona, Béal Feirste  ar son na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) ar mhaithe leis na buntáistí agus na dúshláin a bhíonn ag iar-scoláirí iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus iad ag freastal ar an oideachas tríú leibhéil.
 
Tá eolas ar an taighde sin faoi iamh mar aon le dindiúirí teagmhála na dtaighdeoirí más mian leat teagmháil a dhéanamh leo.
 
Táthar ag súil go gcuirfidh an taighde seo leis an tuiscint atá againn ar na riachtanais teanga agus oideachais atá ag iar-scoláirí an oideachais lán-Ghaeilge agus na slite is fearr gur féidir freastal ar na riachtanais sin. Chuige sin, tá ceistneoir deartha d’fhonn eispéireas na mac léinn ar an ábhar seo a fhiosrú. 
 
Féach thíos nasc don cheistneoir agus ba mhór acu dá mbeadh iarscoláirí sásta é a líonadh.
CEISTNEOIR D’IAR-SCOLÁIRÍ IAR-BHUNSCOILEANNA LÁN-GHAEILGE 
 
Mar chuid den taighde seo, beidh grúpaí fócais á reachtáil le hiar-scoláirí iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Beidh na grúpaí fócais ar siúl i mí Márta 2018. Más mian leat páirt a ghlacadh sna grúpaí seo, bheadh na taighdeoirí fíorbhuíoch dá bhféadfá do chuid dindiúirí a chomhlanú ag an nasc thíos, nó sin teagmháil dhíreach a dhéanamh leis na taighdeoirí.
 
NASC DO LACIME 3 _CÉIM2
 
Má bhíonn ceist ar bith agat i dtaobh an taighde seo, déan teagmháil leis an Dr. Laoise Ní Thuairisg, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Teil: +353 1 8842323

Rphost: laoise.nithuairisg@dcu.ie

Tionscadal Taighde “Teacht in Inmhe”

Eanáir 24, 2018

Fáilteoidh Teacht Aniar agus Tuismitheoirí na Gaeltachta roimh iarratais ó thaighdeoirí aonair nó meithleacha oibre nó institiúidí ar thionscadal taighde “Teacht in Inmhe”:

Teacht in Inmhe: Clár idirbhliana do Scoileanna Gaeltachta a fhorbairt.

Tionscadal 5 mhí atá i gceist ag tosú i Mí an Mhárta 2018

Tá gach eolas ar fáil ó:

https://teachtaniar.eu/nuacht

Tuismitheoirí na Gaeltachta ar Facebook

Breandán Mac Cormaic ag bmaccormaic@eircom.net

Spriocdháta na n-iarratas: 20.00 Dé Luain an 12 Feabhra 2018

Le cabhair ó COGG

Camchuairt ‘Tóraíocht’ – drámaí Fíbín i nGaillimh, Corcaigh, BÁC & Ceatharlach

Eanáir 24, 2018

Camchuairt ‘Tóraíocht’ – Aibreán 2018

Tá an comhlacht drámaíochta Fíbín in Indreabhán i gCo. na Gaillimhe ag ceiliúradh 15 bliain ar an bhfód i mbliana agus muid ag tabhairt an dráma ‘Tóraíocht’ amach ar camchuairt náisiúnta i mí Aibreán mar chuid de chlár na bliana. Léireofar an dráma i nGaillimh, i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath agus i gCeatharlach. Seo leagan nua den scéal ‘Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne’, an prós roghnach ar churaclam na hArdteistiméireachta.

Leagan nua de cheann de mhórscéalta na Fiannaíochta atá anseo curtha in oiriúint agus stiúrtha ag Mikel Murfi agus scríofa ag Philip Doherty. Is scéal grá lán le héachtaí aisteacha agus fathaigh é ‘Tóraíocht’ a úsáideann amharcíomhánna cumhachtacha. Bogann an scéal ar aghaidh níos tapa ná haon rás carranna, léimeann an scéal níos airde ná haon léimneoir cuaille agus tá dhá oiread grá sa scéal agus a bheadh ag aon Fhrancach agus Diarmaid agus Gráinne ag déanamh iarracht a bheith céim chun tosaigh ar Fionn agus na Fianna! Tá fotheidil Bhéarla le gach léiriú.

Beidh pacáiste réamh-rannpháirtíochta ag dul amach ag na scoileanna uile a chuireann ticéid in áirithe chun go mbainfidh daltaí oiread taitnimh agus is féidir as an seó. Beidh cur síos anseo ar theicnící amharclannaíochta, soilsiú, dearadh seit srl.

Léiriú thar a bheith fisiciúil é “Tóraíocht” le hathruithe sciobtha, fearais ollmhóra, maisc agus damhsa aeróige álainn a bhainfeadh an anáil díot. Tá seisear aisteoirí sa chliar a léiríonn breis agus tríocha carachtar le linn an dráma, Gráinne Bleasdale, Kate Finegan, Liz Fitzgibbon, Fionnuala Gygax, Méabh Ní Chualáin, agus Seán T. Ó Meallaigh. Tá neart grinn sa chaint agus le linn an dráma, le radharc an-bheoga, mothúchánach ag an deireadh.

Is annamh a fhaigheann comhlacht Gaeltachta an deis dul ar camchuairt náisiúnta agus tá muid ar bís go bhfuair Fíbín tacaíocht ón gComhairle Ealaíon i mbliana.

DÁTAÍ agus IONAID:

Town Hall Theatre, Gaillimh

Dé Luain 9ú Aibreán, 8i.n

Dé Máirt 10ú Aibreán, 1i.n & 8i.n

Everyman, Corcaigh

Dé hAoine 13ú Aibreán, 1i.n & 8i.n

Draíocht, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath

Dé Máirt 17ú Aibreán, 8i.n

Dé Céadaoin 18ú Aibreán, 11r.n

Visual Carlow

Déardaoin 26ú Aibreán, 12:30i.n & 8i.n

Tá ticéid ar fáil anois ó gach amharclann agus praghas speisialta ar thicéid do ghrúpaí scoile. Cuir bhur dticéid in áirithe anseo. Tá léirithe speisialta le linn am scoile i ngach ionad chun freastal ar ghrúpaí scoile. Tá an seó feiliúnach do dhaltaí 12 bliain d’aois ar aghaidh!

Deis iontach d’Iarbhunscoileanna bheith ag comhoibriú le chéile

Eanáir 19, 2018

An bhfuil do scoil ag iarraidh comhoibriú le hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge eile? Tá Gaelcholáiste Luimnigh ag cur isteach mar Cheannaire Scoile don Chiste Feabhais do Scoileanna – Scéim Dhigiteach chun tacú leis an bhFoghlaim Dhigiteach (eolas ar fáil anseo – http://www.pdsttechnologyineducation.ie/en/Good-Practice/Projects/Clusters/ ) 

Teastaíonn ón scoil cabhrú/oibriú le scoileanna eile maidir le tionscnamh gníomhach a bhaineann le próiseas scríbhneoireachta trí uirlisí idirlín (Google Classroom, iTunes U, Blogger mar shampla) agus an bhéim ar chruinneas na Gaeilge a neartú. Tá an Dr. TJ Ó Ceallaigh, Coláiste Mhuire gan Smál, sásta a bheith ag obair leis an ngrúpa chun treoir/comhairle agus athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn. Is é an sprioc a bheadh ann ná scileanna scríbhneoireachta/cruinneas scoláirí a fheabhsú agus ag úsáid teicneolaíochta. Tá trí/ceithre scoil ag teastáil don togra seo agus tá siad sásta an traenáil ar fad a thabhairt in Ionad Oideachais Luimnigh. Bheadh airgead ann i gcomhair taistil, ionadaíocht, trealamh srl.

Gach eolas ar fáil ó Phríomhoide Ghaelcholáiste Luimnigh:

Gaelcholáiste Luimnigh, Meal Sior Anraí, Luimneach. T: 061 404959  |  F: 061 404962  |  W: www.gcluimnigh.ie | Twitter: @GCLuimnigh

An Dara Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas – Gairm ar Pháipéir

Eanáir 19, 2018

Tá beartaithe An Dara Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas – An Tumoideachas: Deiseanna agus Dea-chleachtais, a chur ar siúl i gColáiste Mhuire gan Smál ar an 18-19 Bealtaine 2018. Tabharfaidh an chomhdháil seo deis do theangeolaithe, do thaighdeoirí agus do mhúinteoirí an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, agus do phobal an tumoideachais go hidirnáisiúnta, iniúchadh a dhéanamh ar shaincheisteanna agus ar fhorbairtí comhaimseartha ag leibhéil éagsúla le súile úra. Beidh páipéir agus póstaeir faoi na snáitheanna a leanascurtha ar fáil:

• An Teagasc, an Fhoghlaim agus an Measúnú a nascadh sa Tumoideachas
• Féinmheastóireacht Scoile, Ceannaireacht agus Forbairt Oideoir
• Beartas agus an Nuálaíocht i bPobail Dhátheangacha/Ilteangacha.
GAIRM AR PHÁIPÉIR AR SIÚL ANOIS! Spriocdháta: 09 Feabhra 2018. Cuirfear fáilte roimh pháipéir i nGaeilge agus i mBéarla.
The Second All-Ireland Research Conference on Immersion Education – Immersion Education: Opportunities and Best Practices will take place in Mary Immaculate College, Limerick, Ireland from 18-19 May 2018.
At the conference, key issues in language immersion education will be explored under the following strands
• Linking Teaching, Learning and Assessment in Immersion
• School Self-Evaluation, Leadership and Educator Development
• Navigating Policy and Innovation in Bilingual/Multilingual Communities.

This Second All-Ireland Research Conference on Immersion Education will provide opportunities for academics, practitioners and professionals to exchange and discuss new directions and research in the ever-evolving field of immersion education.
THE CALL FOR PAPERS IS NOW OPEN!
Additional information is available at the conference website at www.tumoideachas.ie

Please join us here in Mary Immaculate College in May 2018. Lets explore the dilemmas of language immersion education together! Bí linn!

Folúntas: Riarthóir á earcú ag Gaeloideachas (Athfhógairt)

Eanáir 19, 2018

Athfhógairt: Riarthóir Oifige á eacrú ag Gaeloideachas

Duine fuinniúil agus cumasach le sárscileanna idirphearsanta agus cumarsáide, maraon le hardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa atá de dhíth chun obair oifige Gaeloideachas a riar.

Baineann obair Gaeloideachas le cur chun cinn an Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge.

Scála Tuarastail: 22/2017 Oifigeach Cléireachais, €23,107 – 38,724

Conradh 3 Bliana

Foirm iarratais móide sainchuntas poist le fáil trí ríomhphost a chur ag foluntais@gaelscoileanna.ie nó trí ghlaoch ar 01 8535190.

Spriocdháta le haghaidh iarratais comhlánaithe: Meán lae Déardaoin, 1 Feabhra 2018

Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta seo.

www.gaelscoileanna.ie

 

 

 

Next Page »