Méid an Téacs

Bua na cainte ag curaidh Chomórtas Uí Chadhain Gael Linn 2011!

Eanáir 31, 2011

Tá scoileanna i gCo. Bhaile Átha Cliath  agus i gCo. na Gaillimhe  ag ceiliúradh tar éis a mbua i gCraobh na hÉireann de Chomórtas Uí Chadhain Gael Linn.    Bhí an ócáid ar siúl san Óstán Heritage, Port Laoise, Déardaoin, 27 Eanáir 2011. Comórtas díospóireachta é seo a réachtálann Gael Linn go bliantúil do Ghaelcholáistí agus do mheánscoileanna Gaeltachta.  Ghlac breis agus caoga foireann páirt sa chomórtas ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite.

Bhí an halla lán go doras le lucht tacaíochta na bhfoirne a tháinig ó gach cearn den tír don ócáid.  Agus é ag fáiltiú roimh an slua, dúirt Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin : “Leag Gael Linn béim riamh ar an teanga labhartha. Is áthas linn go mbeidh 50% de na marcanna sna scrúduithe a mbronnadh ar scileanna cumarsáide ó 2012 amach. Beidh Gael Linn ag saothrú leis an Straitéis 20 Bliain a thabhairt chun críche”.         

Sa chraobh shóisearach,  labhair na cainteoirí  óga  go heolach ar an rún ‘Tá na rudaí is luachmhaire sa saol seo saor in aisce!’   Bhí an bua ag foireann Choláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath  ar fhoirne ó  Choláiste Rís, Dún Dealgan, Co. Lú, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe agus  Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co. Chiarraí.  Is é Ciarán Ó Duinneacha an múinteoir a chuidigh agus a threoraigh na cainteoirí go dtí an buaicphointe seo !
‘Tá an daonlathas in Éirinn loite ag an mionpholaitíocht áitiúil!’ an rún tráthúil a pléadh sa chraobh shinsearach.  Bhí foirne ó Choláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath; Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath; Coláiste Cholmcille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe páirteach sa díospóireacht bhreá bhríomhar seo a mhúscail suim, spéis agus fiosracht an lucht éisteachta.    Fógraíodh ar deireadh gurb iad foireann Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua na curaidh don tríú bliain as a chéile .    Máirín Ní Dhomhnaill agus Máire Ní Fhinneadha na múinteoirí a bhí i mbun na foirne agus iad an-bhródúil as a scoláirí, ní nach ionadh!

Chuir aoichathaoirleach na hoíche, Des Geraghty, Iar-Uachtarán SIPTU,  an-spéis sa mhéid a bhí le rá ag na cainteoirí uile a labhair agus mhol sé go hard iad as a scileanna díospóireachta!  Bhronn sé buanchorn agus duais €1,000 ar na foirne buacacha agus bronnadh duais €250 an fhoireann ar na foirne eile a bhí rannpháirteach.   Comhghairdeas leo go léir!

Scléip – Buaiteoirí Babhta Chonnacht

Eanáir 28, 2011

Bhí Babhta Chonnacht againn in amharclann an Town Hall i nGaillimh ar an 27 Eanáir, agus bhí 4 scoil linn ar an lá. Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt, bhí iomaíocht den scoth ann agus tá moladh tuillte ag na rannpháirtithe uile a chur seó den scoth ar stáitse dúinn. Beimis ag súil go mór leis an Craobh Ceannais san Axis (i mBaile Munna, Baile Átha Cliath) ar an 2 Aibreán. Má tá grianghraif agat den ócáid, ba mhór linn dá sheolfá chugainn ar ríomhphost iad!

  • Ceol traidisiúnta agus clasaiceach (aonair): Colene Ní Niadh, Gairmscoil na bPiarsach, Gaillimh
  • Ceol nua-aimseartha (aonair): Peadar Ó Goill, Gairmscoil Éinne, Gaillimh
  • Ceol nua-aimseartha (grúpaí): Téip na Lachan, Coláiste Chroí Mhuire, Gaillimh
  • Ceol traidisiúnta agus clasaiceach (grúpaí): Céad Slán, Coláiste Chroí Mhuire, Gaillimh
  • Drámaíocht agus mím: "Raic", Coláiste Chroí Mhuire, Gaillimh
  • Duais na Moltóirí: Hannah Ní Laoire, Coláiste Chroí Mhuire, Gaillimh

Scléip – Buaiteoirí Babhta na Mumhan

Eanáir 28, 2011

 

Bhí Babhta na Mumhan againn in amharclann an Firkin Crane i gCorcaigh ar an 25 Eanáir, agus bhí 9 scoil linn ar an lá. Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt, bhí iomaíocht den scoth ann agus tá moladh tuillte ag na rannpháirtithe uile a chur seó den scoth ar stáitse dúinn. Beimis ag súil go mór leis an Craobh Ceannais san Axis (i mBaile Munna, Baile Átha Cliath) ar an 2 Aibreán. Má tá grianghraif agat den ócáid, ba mhór linn dá sheolfá chugainn ar ríomhphost iad!

  • Ceol traidisiúnta agus clasaiceach (aonair): Deirdre Ní Mhaoláin, Coláiste FCJ, Laurel Hill, Luimneach
  • Ceol nua-aimseartha (aonair): Mattie Barker, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Ciarraí
  • Amhránaíocht thraidisiúnta agus clasaiceach: Róisín Ní Dhonnchú, Coláiste an Phiarsaigh, Corcaigh
  • Ceol nua-aimseartha (grúpaí): “Mo”, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Ciarraí
  • Rince cruthaitheach: “Cosmhuintir”, Coláiste an Phiarsaigh, Corcaigh
  • Ceol traidisiúnta agus clasaiceach (grúpaí): “Grúpa Thraidisiúnta Coláiste FCJ”, Coláiste FCJ, Laurel Hill, Luimneach
  • Drámaíocht agus mím: “Tintreach”, Meánscoil San Nioclás, Port Láirge
  • Ilchineálach: Gearóid Ó Gealbháin, Gaelcholáiste Chiarraí, Ciarraí
  • Duais na Moltóirí: Abbi Ní Loingsigh,  Coláiste an Phiarsaigh, Corcaigh

 

 

Main parties differ on their education policies

Eanáir 28, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Campaigners to lobby Fine Gael

Eanáir 28, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Caith vóta leis an nGaeilge

Eanáir 28, 2011

Tá deimhniú tugtha ag Éamon Gilmore, ceannasaí Pháirtí an Lucht Oibre, go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre chun seasamh le pobal na teanga agus an Ghaeilge a choinneáil mar phríomhábhar Ardteiste.

Thug sé an deimhniú seo do thoscaireacht  ó Chonradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag cruinniú sa Dáil an tseachtain seo caite. Fógraíodh an méid seo ag cruinniú práinne a d’eagraigh Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta san Óstán Menlo Park i nGaillimh Dé hAoine seo caite. Agus baol ann go ndéanfar iarracht ísliú stádais a thabhairt don teanga ag leibhéal na hArdteiste i ndiaidh olltoghchán 2011, tugadh cuireadh do na páirtithe leasmhara teacht le chéile chun an scéal a phlé agus feachtas a eagrú ina n-aghaidh.

Airíodh eagraíochtaí oideachais, ceardchumainn mhúinteoirí, eagrais Ghaeilge, coláistí samhraidh, grúpaí mná tí, eagraíochtaí óige, agus eagraíochtaí Gaeltachta i measc na ngrúpaí ionadaíochta a d’fhreastail ar an gcruinniú. Cruinniú sásúil, spreagúil a bhí ann dar le hÉamon Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta “Is léir anois do pholaiteoirí na tíre seo go bhfuil páirtithe leasmhara na Gaeilge aontaithe le chéile ar an ábhar seo agus an t-olltoghchán socraithe anois don 11 Márta 2011. Beidh feachtas láidir ann go mbeidh gach páirtí polaitiúil ag tacú leis an éileamh go gcoinneofaí an Ghaeilge mar chroí-ábhar don Ardteist a dhéanfaidh gach mac léinn staidéar uirthi, agus go n-athrófar an tslí a múintear agus a fhoghlaimítear an Ghaeilge go suntasach amach anseo.”

Agus é ag caint faoin chéad chéim eile dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge “Beidh cruinnithe poiblí á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i bpáirt le Guth na Gaeltachta ar fud na tíre go luath le deis a thabhairt don phobal tacaíocht a léiriú don fheachtas ríthábhachtach seo, mar is gá le tacaíocht na bpáirtithe polaitiúla ar fad a fháil le seasamh leis an nGaeilge mar phríomhábhar Ardteiste.”

Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha

Seimineár gairmeacha le teacht go Ceatharlach

Eanáir 28, 2011

Mar chuid dá gcamchuairt timpeall beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag eagrú seimineáir ghairmeacha darb ainm ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’ do dhaoine óga i gCeatharlach ar an Déardaoin, 24 Márta 2011.

I measc na n-aoichainteoirí a bheidh ag labhairt ag an ócáid, beidh Traic Ó Braonáin atá fostaithe mar Bhainisteoir Iar-Aire le Coláiste na bhFiann.

Labhróidh Emma Whitmore, bean óg atá ina hOifigeach Forbartha Gaeilge le Glór Cheatharlach ar a cuid taithí féin agus í ag obair le heagraíochtaí atá ag cur chun cinn na Gaeilge i gCeatharlach.

Ag labhairt freisin beidh Mairéad Ní Mhurchú atá ag obair mar Léiritheoir/Stiúrthóir leis an gcomhlacht léiriúchán Nemeton atá lonnaithe sa Rinn i bPort Láirge.  Beidh Máiread ag labhairt faoina taithí féin leis an nGaeilge agus na buntáistí agus na deiseanna éagsúla a thug an Ghaeilge di agus í ag dul i mbun gairm bheatha cosúil le haoichainteoirí eile.

Seo é an t-aonú seimineár déag dá shaghas atá á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le cúpla bliain anuas.  Tá na seimineáir seo dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha ins na meánscoileanna ar fud na tíre.

Le linn an tseimineáir pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha.
Mar chuid den seimineár cuirfear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí agus tugtar cuireadh do dhaltaí páirt a ghlacadh sa díospóireacht tar éis do na haoichainteoirí labhairt.

Beidh ionadaithe ó roinnt institiúidí tríú leibhéal i láthair chomh maith, chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.

Má tá spéis ag do scoil freastal ar an ócáid seo is féidir tuilleadh eolais faoin seimineár a fháil ach glaoch a chur ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag 01 679 4780 nó r-phost a chur chuig brighid@comhdhail.ie

Seimineár Taighde ar an Ghaeloideachas

Eanáir 28, 2011

Tháinig saineolaithe agus ceannairí eagraíochtaí gaeloideachas agus an pobal araon le chéile ar 17 Eanáir ag Óstán an Clarion Aerfort Átha Cliath chun gnéithe éagsúla de thaighde oideachais a phlé.

Is é an Coiste Seasta ar an nGaeloideachas a d’eagraigh an seimineár taighde leis an aidhm eolas a scaipeadh ar an bpobal maidir le taighde atá curtha i gcrích i dtaobh réimsí difriúla a bhaineann le cúrsaí oideachais ar fud an oileáin.
 
Bhí ceithre sheisiún ann a dhírigh ar ábhar lena n-áirítear; Conas a chabhraíonn forbairt físeáin le tuistí as Gaelscoil Gaeilge a labhairt; Sealbhú na Gaeilge agus cruthú pobail labhartha na teanga tríd chur chuige teagascach an Lernen Durch Lehren; Anailís ar Ghaeilge labhartha na bpáistí i Rang a Seacht i scoileanna lánGhaeilge i dTuaisceart Éireann  agus I dtreo Oideachais Idirchultúrtha? Taighde Feidhmeach i nGaelscoil.
 
Tugadh deis do dhaoine a d’fhreastail ar an seimineár na hábhair thaighde a phlé agus ceisteanna a ardú leis na taighdeoirí.
 
Agus é ag caint ag an seiminéar taighde, deir Cathaoirleach an Choiste Seasta Seán Ó Coinn,
“Ar na saolta deireanacha seo aithnítear go bhfuil sé an-tábhachtach cleachtas an oideachais a bheith bunaithe ar fhianaise ón taighde. Nuair atá taighde curtha i gcrích, tá sé ríthábhachtach go scaipfear eolas ina leith agus go mbíonn deis ag cleachtóirí a gcleachtas a choigeartú leis sin a chur in oiriúint d’fhionnachtana an taighde.’
 
Is de gheall ar chaidrimh ghníomhacha a chothú idir na heagraíochtaí uile a bhfuil baint acu leis an ngaeloideachas ar fud na hÉireann a bunaíodh an Coiste Seasta ar an Ghaeloideachas.
 
Pléann an Coiste gnéithe éagsúla den ngaeloideachas d’fhonn teacht ar bhealaí ar féidir bheith ag comhoibriú le chéile.
 
Tá ionadaithe ó raon leathan d’eagraíochtaí Gaelscolaíochta Thuaidh agus Theas araon ar an gCoiste agus tugadh cuireadh don dá ranna rialtais atá freagrach as oideachas sa dá dhlínse a bheith i láthair.

School staff ‘gobsmacked’ by phone rant from Coughlan

Eanáir 28, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Feis Ceoil i Sligeach

Eanáir 26, 2011

Beidh Rannóg Na Gaeilge ann ar an 5 Márta sa Hawkswell Theatre. Beidh comórtaisí ann do bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna sna catagóir seo a leanas: Dráma, Grúpaí Ceoil, Chomhra, Óráidíocht Poiblí agus Aithriseioreacht agus beidh sparántachtaí ar luach €400 le buachan.

Tá gach eolas ar fáil ar www.sligofeisceoil.ie agus an dáta deiridh d'iarratais ná 31 Eanáir.

Next Page »