Méid an Téacs

Coláiste Samhraidh do dhéagóirí

Feabhra 10, 2012

I measc na n-imeachtaí a bheidh Glór Cheatharlach ag eagrú an samhradh seo beidh Coláiste Samhraidh do dhéagóirí.

Arís i mbliana beidh an cúrsa coicíse lonnaithe i nGaelcholáiste Cheatharlach. Cuirfear tús leis an gcoláiste samhraidh ar an Luan, 2 Iúil agus rachaidh sé ar aghaidh go dtí an 13ú Iúil. Tá clárú oscailte anois agus ‘sé €195 táille an chúrsa a bheidh ar siúl ó 9.30-1.00 i.n. gach lá Luan go hAoine.

Beidh an coláiste samhraidh dírithe ar dhaltaí atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid scileanna labhartha agus scríofa sa Ghaeilge. Cuirfear fáilte roimh dhaltaí ó rang a sé go leibhéal ardteistiméireachta. Beidh ranganna agus imeachtaí an chúrsa in oiriúint do dhaltaí i rang a sé agus do mhicléinn i mbliain 1 agus 2 i ngrúpa na sóisear le daltaí níos sine i ngrúpa na sinsear. Chomh maith leis na ranganna foirmiúil gach lá beidh cluichí cainte, díospóireachtaí, amhránaíocht, cluichí, spórt agus rince céilí ar an gclár. Cuirfear ranganna Gaeilge le meascán maith de chomhrá agus gramadach, plé agus díospóireacht in oiriúint do na daltaí. Ina theannta sin, beidh seans ag na micleinn tarraingt ar a gcuid eolais ginearálta ag tráth na gceist boird agus ar ndóigh bainfear taitneamh as na céilithe.

Is é seo an ceathrú bliain den choláiste samhraidh i mbaile Cheatharlach. Bhí rath ollmhór air anuraidh le hochtó dalta páirteach. Bhaineadar taitneamh agus tairbhe, sult agus spraoi as na himeachtaí. Beifear ag súil le héileamh mór arís i mbliana ach chun áit a chinntiú ní foláir foirm iarratais comhlánaithe maille le héarlais a bheith istigh go luath. Is féidir foirm a fháil anois ó Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach nó glaoch a chur ar (059) 9158105 nó (085) 1340047. Is féidir freisin ríomhphost a sheoladh chuig eolas@glorcheatharlach.ie.

CARLOW NATIONALIST

Ciorcal Comhrá Iarscoile i gCeatharlach

Feabhra 3, 2012

Tá an-áthas ar Glór Cheatharlach a fhógairt go reachtálfar Ciorcal Comhrá Iarscoile go speisialta do mhicléinn na hArdteistiméireachta i gCeatharlach an t-earrach seo.

Is cinnte go mbíonn cleachtadh breise sa Ghaeilge ag teastáil ó mhicléinn agus díreoidh an ciorcal ar mhicléinn atá ag lorg deiseanna chun Gaeilge a labhairt go neamhfhoirmiúil lasmuigh den seomra ranga mar ullmhúcháin don Bheáltriail Ghaeilge.

Gan dabht cuirfidh micléinn fáilte roimh gach deis chun barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge go háirithe i rith na scoilbhliana seo agus méadú mór go daichead fán gcéad de mharcanna an ábhair i scrúdú na hArdteistiméireachta le dul don bhéaltriail.

Beidh an Ciorcal Comhrá ar siúl in Ionad Phobail Darach Úir gach Céadaoin ó 4.30 go 5.30i.n. le tosú ar 22 Feabhra agus ag dul ar aghaidh ar feadh sé seachtainí. An táille don tréimhse iomlán ná €15. Ní foláir áiteanna a chur in áirithe agus tabharfar tús áite don chéad fiche iarratas. Beidh fáilte roimh mhicléinn shinsir in iarbhunscoileanna uile an cheantair.

Chun clárú is féidir dul i dteagmháil le Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach ar eolas@glorcheatharlach.ie nó glaoch a chur ar 085 1340047.

CARLOW NATIONALIST

Party to mark 30 years of teaching through Irish

Eanáir 5, 2012

We\’re sorry, but at the moment this page is only available in English

Ciorcal Comhrá Iarscoile

Mí na Samhna 2, 2011

D’éirigh go hiontach leis an gcéad Ciorcal Comhrá  do mhicléinn iarbhunscoile a bhí ar siúl i gCeatharlach ó thús na scoilbhliana reatha go dtí an briseadh lárthéarma.

D’fhreastail micléinn sa chúigiú agus sa seú bhliain ó cheithre scoil éagsúil ar na seisiúin cainte seachtainiúil. Eagraithe ag Glór Cheatharlach agus faoi stiúir an mhúinteora Andrea Ní Fhaoláin, cuirfear tús le sraith nua den chiorcal comhrá iarscoile tar éis an tsosa. Díríonn an ciorcal ar mhicléinn atá ag lorg deiseanna breise chun Gaeilge a labhairt go neamhfhoirmiúil lasmuigh den seomra ranga. Ar ndóigh tá micléinn ag cur fáilte roimh gach deis dá leithéid agus iad ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge go háirithe i rith na scoilbhliana seo agus méadú mór go daichead fán gcéad de na marcanna i scrúdú na hArdteistiméireachta le dul don bhéaltriail. Beidh an Ciorcal Comhrá Iarscoile ar siúl in Ionad Phobail Darach Úir gach Luan ó 4.30 go 5.30i.n. ag tosnú ar an Luan, 7 Samhain. Leanfaidh an ciorcal ar aghaidh ar feadh sé seachtainí go laethanta saoire na Nollag. An táille don tréimhse ná EUR15. Ní foláir áiteanna a chur in áirithe agus tabharfar tús áite don chéad fiche iarratas. Chun clárú is féidir dul i dteagmháil le Glór Cheatharlach ar 085 1340047, 087 2857048 nó eolas@glorcheatharlach.ie

Carlow Nationalist – Glór Ceatharlach

Athruithe móra ar an siollabas Gaeilge

Meán Fómhair 30, 2011

Tá athruithe móra tagtha ar shiollabas Gaeilge na hArdteistiméireachta i mbliana.

Ó 2012 ar aghaidh, beidh 40 faoin gcéad de mharcanna an ábhair ag braith ar an mbéaltriail leasaithe agus beidh na marcanna seo le gnóthú i dtréimhse ghairid ama, a mhairfidh 15 nóiméad. Chun cabhrú le múinteoirí agus le daltaí araon ullmhú do na hathruithe seo, tá treoir phraiticiúil curtha ar fáil ag Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge i gcomhar le Comhar na Múinteoirí Gaeilge le heisiúint an DVD ‘Cuireadh Chun Cainte’.  Tugann an clár seo eolas ar gach mír den bhéaltriail do dhaltaí atá ag tabhairt faoin ngnáthleibhéal nó faoin ardleibhéal. Tugann sé léargas do mhúinteoirí agus do dhaltaí faoi céard a bheidh i gceist sa scrúdú agus cén struchtúr a bheidh air. Tá ‘Cuireadh Chun Cainte’ oiriúnach do dhaltaí ag gach leibhéal cumais mar go mbeidh comhairle phraiticiúil ann maidir le conas na botúin choitianta a sheachaint agus le cumarsáid éifeachtach a dhéanamh leis an scrúdaitheoir.  Tá cuid den chlár dírithe ar dhaltaí a bhfuil Gaeilge líofa acu le cabhrú leo cur lena líofacht, lena stór focal agus lena scileanna cumarsáide roimh an scrúdú. Cuirfear cóip saor in aisce chuig gach scoil sa tír agus déanfar an DVD a sheoladh go hoifigiúil le linn Oireachtas na Samhna i gCill Airne.

Tá an-áthas ar Glór Cheatharlach go bhfuil cabhair phraiticiúil ar fáil do lucht na hArdteistiméireachta i gCeatharlach chomh maith le bunú Ciorcal Gaeilge Iarscoile.  Tháinig an Ciorcal le chéile don chéad uair le déanaí agus is léir go bhfuil na rannpháirtithe ag baint idir taitneamh agus tairbhe as an deis chun Gaeilge a labhairt go nádúrtha lasmuigh den seomra ranga. Fáilteofar roimh mhic léinn eile ag an gCiorcal Gaeilge. Gach eolas agus foirmeacha iarratais ar fáil ó Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste  ar 059 9158105 nó 085 1340047.

The Nationalist – Glór Ceatharlach

Ciorcal Comhrá Iarscoile i gCeatharlach

Meán Fómhair 8, 2011

Tá an-áthas ar Glór Cheatharlach a fhógairt go mbunófar Ciorcal Comhrá Iarscoile do mhicléinn na hArdteistiméireachta i gCeatharlach an fómhar seo.

Díreoidh an ciorcal ar mhic léinn atá ag lorg deiseanna breise chun Gaeilge a labhairt go neamhfhoirmiúil lasmuigh den seomra ranga. Ar ndóigh cuirfidh micléinn fáilte roimh gach deis agus iad ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge go háirithe i rith na scoilbhliana seo agus méadú mór go daichead fán gcéad de mharcanna an ábhair i scrúdú na hArdteistiméireachta le dul don bhéaltriail.

Beidh an Ciorcal Comhrá ar siúl in Ionad Phobail Darach Úir gach Luan ó 4.30 go 5.30i.n. le tosú ar 19 Meán Fómhair. Leanfaidh an ciorcal ar feadh sé seachtainí ó 19 Meán Fómhair go 24 Deireadh Fómhair. An táille don tréimhse ná €15. Ní foláir áiteanna a chur in áirithe agus tabharfar tús áite don chéad fiche iarratas. Chun clárú is féidir dul i dteagmháil le Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach ar eolas@glorcheatharlach.ie nó glaoch a chur ar  085 1340047.

08 Meán Fómhair

www.carlow-nationalist.ie

New principals take over at Gaelcholáiste and Borris

Iúil 28, 2011

We\’re sorry, but at the moment this page is only available in English

Spraoicheist Gael Linn i gCeatharlach

Meith 29, 2011

B’iontach an ocáid Ghaelach a reachtáileadh le déanaí mar chuid d’imeachtaí na hÉigse i gCeatharlach do dhaltaí ins na hardranganna i mbunscoileanna an cheantair.

Spraoicheist na hÉigse a bhí  ann, eagraithe ag Gael Linn i gcomhar le Glór Cheatharlach, agus d’éirigh go hiontach leis an ócáid. Ghlac seacht bhfoireann is tríocha páirt sa Spraoicheist. Dob é an slua ba mhó riamh agus líonadar halla spóirt na Gaelscoile.Thángadar ag siúl, i gcarranna agus i mbusanna ó aon scoil déag. Bhíodar ann ó Ghleann Uisean, Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, Scoil an Easboig Uí Fhoghlú, Beann na gCaorach, Tigh an Raoireann, Baile na mBreathnach, Scoil Chailíní an Teaghlaigh Naofa, Scoil Naomh Bríd Muinebheag, Gaelscoil Átha Í, Scoil Naomh Fiacc agud Díseart Diarmada.

Bhí éagsúlacht an-mhaith de cheisteanna le freagairt bunaithe ar spórt agus ceol, scannáin agus cláracha teilifíse, leabhair agus eolas ginearálta. Dob í Niamh de Búrca thar cheann Gael Linn a bhí ag cur na gceisteanna agus bhí muintir Ghlór Cheatharlach i mbun marcála. Bhí na daltaí uile thar a bheith tógtha leis an mbabhta éisteachta agus le babhta na bpictiúr ach go háirithe. Bhain cuid de na foirne scóranna an-ard amach. Tháinig Tigh an Raoireann agus Gaelscoil Cheatharlach ar chomhscór sa tríú háit le Scoil an Easboig Uí Fhoghlú sa dara háit. Ach le scór dochreidte de naoi marc is caoga as seasca fógraíodh na buachaillí ó Scoil Naomh Bríd, Muinebheag mar bhuaiteoirí Spraoicheist 2011. Bronnadh duaiseanna agus plaiceanna Gael Linn ar bhaill na bhfoirne a bhuaigh .

Chun clabhsúr a chur leis an ócáid chuir na daltaí ó Ghaelscoil Átha Í, Scoil an Teaghlaigh Naofa, Gleann Uisean agus Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc taispeántas ceoil i láthair. Ghabh Niamh de Búrca buíochas leis na daltaí, leis na múinteoirí agus le bainistíocht na Gaelscoile as a dtacaíocht do Spraoicheist  Gael Linn  atá anois mar cheann de phríomh imeachtaí na mbunscoileanna ar chlár Fhéile na hÉigse i gCeatharlach.

The Nationalist – Glór Ceatharlach

Corn Ghlór na nGael 2011

Mí na Bealtaine 31, 2011

Reachtáilfear Corn Peile Ghlór na nGael 2011 ar an 8 agus 9 Meitheamh. ’Séard atá i gceist leis na comórtais áirithe seo ná bliotzanna peile do pháistí bunscoile idir bhuachaillí agus cailíní.

Coiste Ghlór Cheatharlach a eagraíonn an comórtas le tacaíocht na múinteoirí a chuireann na cluichí chun cinn ina gcuid scoileanna féin.

Rud suimiúil faoi Chorn Ghlór na nGael ná go bhfuil an comórtas teoranta d’imreoirí i rang a cúig agus níos óige. Ní cheadaítear daltaí sinsearacha ar an bpainéal. Tá na comórtais ag dul ó neart go neart le níos mó scoileanna san áireamh bliain i ndiaidh bliana. Imrítear na cluichí ag deireadh na scoilbhliana agus tugtar cuireadh do bhunscoileanna uile an cheantair a bheith páirteach.

Le roinnt foirne láidir go leor agus roinnt eile le himreoirí ar an bpáirc imeartha don chéad uair riamh b’fhéidir baineann an-éagsúlacht leis na cluichí. Pé scéal é déanann na páistí go léir a seacht ndícheall agus baineann siad taitneamh agus spraoi as na cluichí a imritear ar  pháirceanna gleoite Éire Óg.

Cuirfidh Glór Cheatharlach fáilte roimh scoileanna a bheith san iomaíocht arís i mbliana. Gach eolas agus foirmeacha iontrála ar fáil ón oifig ar Shráid an Choláiste  nó ar 059 9158105.

Carlow Nationalist – Bríde de Róiste

Gaeilge an tSamhraidh i gCeatharlach

Mí na Bealtaine 19, 2011

Tá clár Gaeilge spleodrach fógartha ag Glór Cheatharlach don samhradh le himeachtaí ar an sceideal a bheidh oiriúnach do gach aoisghrúpa.

Am gnóthach gan dabht a bheidh ann don Ghaeilge i gCeatharlach le himeachtaí agus gníomhaíochtaí thar Mhí  an Mheithimh agus Mí Iúil. Beidh Coláiste Samhraidh do dhéagóirí ó Rang 6 go Bliain 6 ar siúl idir 4 agus 15 Iúil, Campa na nÓg do pháistí óga ó 11-15 Iúil agus Campa Samhraidh do pháistí bunscoile ó 18-22 Iúil. Beidh sraith nua de Chúrsaí Gaelchultúir do dhaoine fásta ar siúl chomh maith. Tá gach eolas faoi Gaeilge an tSamhraidh i gCeatharlach ar fáil ó Glór Cheatharlach. Buail isteach chuig an oifig nua ar Shráid an Coláiste atá díreach trasna ón Ardeaglais. Is féidir glaoch a chur ar ar 059 9158105 nó 085 1340047 nó scríobh chuig eolas@glorcheatharlach.ie

Carlow Nationalist – Glór Ceatharlach