Méid an Téacs

Scoileanna Gaeltachta

Fáilte romhaibh chuig leathanach Gaeltachta an tsuímh!

Ó Iúil 2014, tá Gaelscoileanna Teo. aitheanta ag Foras na Gaeilge mar cheanneagraíocht, freagrach as an réimse Tumoideachas, Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge. Cuimsíonn an ról nua seirbhís tacaíochta do scoileanna na Gaeltachta.

Foireann

Tá beirt d’Oifigigh Forbartha na heagraíochta lonnaithe sa Ghaeltacht agus ag díriú go príomha ar scoileanna Gaeltachta ina gcuid oibre. Tá a gcuid sonraí teagmhála thíos:

Niamh De Búrca | niamh@gaelscoileanna.ie | 087 9155114

Peigí Ní Chonghaile | peigi@gaelscoileanna.ie | 087 9452452

Seoladh : Gaelscoileanna Teo., An Ghorlann, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe

Sna míonna romhainn, cuirfear ábhar spéise ar leith do na scoileanna Gaeltachta ar fáil ar an leathanach seo. Beidh fáilte roimh mholtaí maidir leis an gcineál ábhair ar mhaith libh a fheiceáil ar an leathanach seo chun go mbeidh na scoileanna in ann an buntáiste is fearr a bhaint as.

Fóram plé

Tá sé i gceist chomh maith grúpa Facebook bhunú a bheidh ina fhóram plé do na scoileanna Gaeltachta. Tá grúpaí eile sainspéise ann cheana agus lán fháilte roimh scoileanna Gaeltachta bheith rannpháirteach iontu, gheobhaidh tú naisc chucu anseo: Fóraim

Scéalta nuachta

Scaiptear eolas maidir leis an earnáil oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta go laethúil trí seirbhís nuachta na heagraíochta, is féidir teacht ar na scéalta is déanaí anseo: Nuacht. Má tá aon scéal nuachta agat faoi do scoil nó má tá acmhainn teagaisc agat gur mian leat a roinnt, seol ar aghaidh chugainn iad.

Plean teanga Fhóram Chois Fharraige

D’fhoilsigh Fóram Chois Fharraige achoimre dá dhréachtphlean teanga ar maidin (féach ar an nasc thíos) don limistéar a chuimsíonn Na Forbacha siar chomh fada le Ros a’ Mhíl.

Beidh cruinniú poiblí ar siúl ar an Luan seo chugainn, an 28 Mí na Samhna 2016, ag a 8i.n. i Scoil Sailearna, Na hAille, Indreabhán ag a gcuirfear an plean féin ós comhair an phobail agus lena bhfuil sa phlean a phlé agus féadfar moltaí a chur ar aghaidh roimhré chuig an bhFóram nó moltaí a dhéanamh ar an oíche.

Is féidir cóip crua den achoimre ar an bplean a phiocadh suas i Leabharlann an Spidéil, Oifig Comhlacht Forbartha an Spidéil nó ó Oifig Chomharchumann Sailearna chomh maith.

http://www.coisfharraige.ie/wp-content/uploads/2014/07/PleanTeangaCF2016.pdf

Seimineáir Tumoideachais sa Ghaeltacht

Tá Gaelscoileanna Teo. chun sraith seimineár ar théama an tumoideachais a eagrú ina na Gaeltachtaí le linn na scoilbhliana reatha. Tá a lán díospóireachta faoin tumoideachas faoi láthair i bhfianaise Curaclam Teanga na Bunscoile nua a bheith á fheidhmiú anois ins na scoileanna agus freisin maidir leis an bPolasaí Oideachais Gaeltachta a bhfuil gach scoil Gaeltachta sa tír ag fanacht air.

Díreoidh na seimineáir seo ar ról an phobail scoile ar fad maidir leis an tumoideachas – na páistí, an fhoireann scoile, na tuismitheoirí agus an Bord Bainistíochta. Má tá aon mholtaí agat faoi chlár oibre na seimineár seo beidh fáilte romhat iad a chur ar aghaidh chuig na hoifigigh forbartha Gaeltachta ag na ríomhphoist thuas.

Comhairliúcháin leis na Scoileanna Gaeltachta

Tá clár cuairteanna scoile i bhfeidhm ag na hOifigigh Forbartha d’fhonn comhairliúchán a dhéanamh leis na scoileanna Gaeltachta. Tugadh cuairt ar 109 bunscoil agus 22 iarbhunscoil Gaeltachta le linn na scoilbhliana 2015-16, agus leanfar leis na cuairteanna sa scoilbhliain 2016-17. Tá na hOifigigh Forbartha ag plé le príomhoidí agus múinteoirí na scoileanna maidir le seirbhísí tacaíochta na heagraíochta dóibh, agus maidir leis na dúshláin a bhfuil scoileanna na Gaeltachta ag tabhairt aghaidh orthu, go háirithe ó thaobh stádas na teanga iontu. I measc na ndúshlán aitheanta ag na scoileanna, tá:

  • saibhreas teanga an chainteora dhúchais a chosaint
  • feidhmiú i gceantair nach bhfuil an Ghaeilge láidir iontu
  • freastal ar shuíomhanna ilranganna
  • freastal ar éagsúlacht chumais
  • dúshláin bhreise agus riachtanais shonracha na scoileanna ar oileáin

Chomh maith le leis na nithe thuas, pléadh an luath-thumoideachas, scéim na gcúntóirí teanga, freastal ar pháistí le riachtanais speisialta oideachais, téacsanna agus acmhainní scoile, seirbhísí taistil, aistriú on mbunleibhéal go dtí an iarbhunleibhéal, cóimheas daltaí/foirne agus oiliúint múinteoirí do scoileanna na Gaeltachta.

Tá tuairisc agus moltaí maidir leis an gcomhairliúchán scoile á hullmhú faoi láthair ag na hOifigigh Forbartha agus tá súil go bhfoilseofar í anseo go luath.