Méid an Téacs

Rúin agus Ainmniúcháin

Tionóladh Cruinniú Cinn Bhliana Gaelscoileanna Teo. sa Sheraton, Baile Átha Luain ar an 21 Samhain 2015 agus glacadh leis na rúin iniata ag an gcruinniú

{Rúin ar glacadh leo ag CCB Gaelscoileanna Teo. 21.11.15}

Rún a Mholadh

Cad is rún ann?

Is éard is rún ann ná ráiteas simplí a mhíníonn riachtanas nó mian atá ag pobal scoile. Tugtar deis do bhaill Gaelscoileanna Teo. rúin a rith ag Cruinniú Cinn Bliana na heagraíochta. Is féidir rún a rith ar ábhar ar bith a bhaineann le hobair na scoile nó le mórphobal na hearnála oideachais lán-Ghaeilge.

Cad is fiú rún a chur chun cinn?

Gníomhaíonn Gaelscoileanna Teo. ar na rúin a ritear ag an gCruinniú Cinn Bliana agus ar na hiarratais ar chúnamh a thagann chugainn ó scoileanna i gcaitheamh na bliana. Feidhmíonn Gaelscoileanna Teo. de réir riachtanais ár gcuid baill agus na hearnála. Is mór an éifeacht agus an tionchar a bhíonn ag an earnáil más guth comhaontaithe láidir atá ann ó na scoileanna féin.

Conas a chuirtear rún chun cinn?

Is gá do scoil a bheith cláraithe leis an eagraíocht chun rún a mholadh. Is féidir clárú trí glaoch a chur ar 01 8535195 nó ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gaelscoileanna.ie. Níl teorainn leis an méid rúin gur féidir a mholadh. Ní gá ach foirm shimplí a chomhlánú agus a sheoladh ar ríomhphost chuig oifig@gaelscoileanna.ie nó sa phost chuig Gaelscoileanna Teo. Tá cóip den fhoirm ar fáil ó phríomhoide na scoile.

Plé na rún ag an gCruinniú Cinn Bliana

Is gá go mbeadh ionadaí ón scoil i láthair ag an gCruinniú Cinn Bliana leis an rún a mholadh (ní gá gurb duine de shínitheoirí an rúin a bheadh ann). Iarrtar ar an ionadaí an rún a chur i láthair an tslua agus tugtar deis dó nó di labhairt ar fhiúntas an rúin.

De réir rialacha seasta Gaelscoileanna Teo.:

  • Tá suas go 5 nóiméad cainte ag an moltóir agus tá suas go 3 nóiméad cainte ag gach duine eile.
  • Glacfar le leasuithe agus cuirfear iad os comhair an chruinnithe ag tosú leis an gceann deiridh. Ní chuirfear leasú atá cealaithe ag leasú a cuireadh roimh ré. Ní mór leasuithe a bheith i scríbhinn. Ní féidir leasú atá contráilte go hiomlán leis an mbunrún a chur.
  • Má mholtar rún ní féidir é a tharraingt siar ach le cead an chruinnithe.

Déantar vótáil leis an gcárta vótála a chur san aer le ‘sea’ nó ‘ní hea’ a áireamh. Déantar na rúin a ritear a áireamh i gclár oibre Gaelscoileanna Teo. don bhliain romhainn. Tugtar tuairisc ar gníomhú na heagraíochta ar na rúin sa Tuairisc ar Obair na hEagraíochta ag deireadh na bliana.

Ainmniúchán a Dhéanamh

Cad is ainmniúchán ann?

Is éard is ainmniúchán ann ná moladh ó chomhalta maidir le ballraíocht ar bhord stiúrtha Gaelscoileanna Teo. Is comhaltaí iad na scoileanna atá cláraithe le Gaelscoileanna Teo. agus is iad na comhaltaí a thoghann na hoifigigh agus baill an bhoird stiúrtha ag Cruinniú Cinn Bliana na heagraíochta. Is féidir clárú trí glaoch a chur ar 01 8535195 nó ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gaelscoileanna.ie. Tá seachtar n-oifigeach (An tUachtarán ina measc a bhfuil téarma dhá bhliain acu) agus suas le 13 ball ceadaithe ar an mbord a bhféadfaí bheith comhdhéanta de thuismitheoirí, mhúinteoirí, stiúrthóirí agus baill de choistí stiúrtha agus bhoird bhainistíochta na scoileanna lán Ghaeilge.

Cad is fiú ainmniúchán a dhéanamh?

Is eagraíocht dhaonlathach í Gaelscoileanna Teo. agus tá sé rí-thábhachtach go mbeadh bord stiúrtha aici atá ionadaíoch ar a comhaltaí; sé sin, na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbun agus iar-bhunleibhéal. Tagann an bord stiúrtha le chéile go míosúil i rith na scoilbhliana le treoir agus tacaíocht a thabhairt d’fheidhmeannaigh na heagraíochta le go bhfeidhmeodh sí go héifeachtach ar son na hearnála. Tá deis ag gach scoil a chláraíonn leis an eagraíocht ainmniúcháin a dhéanamh don bhord stiúrtha agus is féidir le naíscoileanna/naíonraí/scoileanna a rogha ionadaí a ainmniú (idir tuismitheoirí, foireann scoile, baill de bhoird bhainistíochta na scoile nó eile). Is féidir le haon scoil atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge sna 32 contae ballraíocht a ghlacadh leis an eagraíocht agus ainmniúchán a dhéanamh don bhord stiúrtha.

Conas a dhéantar ainmniúchán?

Le hainmniúchán a dhéanamh, ní gá ach foirm shimplí a chomhlánú agus a sheoladh ar ríomhphost chuig oifig@gaelscoileanna.ie nó sa phost chuig Gaelscoileanna Teo. Tá cóip den fhoirm ar fáil ó phríomhoide na scoile. Tá sé rí-thábhachtach go n-aontófaí leis an t-ainmneoir go bhfuil siad sásta go n-ainmneofaí iad agus ní gá ainmniúchán a dhéanamh do gach áit ar an mbord.

Toghchán ag an gCruinniú Cinn Bliana

  • Ní chuirfear aon ainm ar aghaidh ar an lá mura bhfuil glactha ag an duine leis an ainmniúchán roimh ré.
  • Faigheann gach scoil atá cláraithe trí vóta, ach bíonn orthu freastal ar an gComhdháil chun na vótaí seo a chaitheamh. Tá vóta ag gach ball den Bhord Stiúrtha, fiú agus iad ag éirí as ag an gComhdháil sin.
  • Bíonn vóta rúnda má tá níos mó ná ainm amháin luaite le haon phost ar leith. Mura bhfuil ach ainm amháin don phost agus an duine sásta glacadh leis an ainmniúchán, toghfar go huathoibritheach é/í. Toghfar an tUachtarán agus na hOifigigh le móramh simplí ach 50% ar a laghad de na vótaí a chaitear a bheith ag iarrthóir. Is trí vóta rúnda a thoghfar Uachtarán na heagraíochta agus baill an Bhoird Stiúrtha.
  • Ní thagann post an Uachtaráin aníos ach gach dara bliain. Toghfar baill eile an Bhoird Stiúrtha go bliantúil.