Méid an Téacs

Scéim Tacaíochta Teanga 2016

Tá an scéim seo á reáchtáil ag Gaelscoileanna Teo. le cúnamh a thabhairt do stiúrthóirí naíonra agus d’fhoireann neamh-theagaisc na scoileanna gur mian leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge nó tabhairt faoin scrúdú TEG. Faoin scéim seo is féidir tabhairt faoi oiliúint sa Ghaeilge ag aon leibhéal agus eagraithe ag aon fhoras oiliúna. D’fhéadfaí tabhairt faoi scrudaithe Gaeilge TEG, ranganna oíche, cúrsa Gaeilge ar líne, sainchúrsa teanga, dianchúrsa gramadaí, cúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht nó eile, eagraithe ag leithéidí na bhforas thíos:

  • Conradh na Gaeilge
  • Gaelchultúr
  • Gael Linn
  • Glór na nGael
  • Institiúidí tríú leibhéil
  • Ionaid Oideachais áitiúla
  • Oideas Gael
  • Ranganna.com
  • Scoileanna áitiúla
  • Teastas Eorpach na Gaeilge (scrúdú amháin)

Níl sa liosta thuas ach treoir agus is féidir tacaíocht a lorg le haghaidh cúrsaí eagraithe ag forais eile nach iad. D’fhéadfaí oiliúnóir a thabhairt isteach le cúrsa a sholáthar don naíonra/scoil féin nó i gcomhpháirt le naíonra(í) nó scoil(eanna) eile sa cheantar, má oireann. Fáiltítear roimh iarratais ó níos mó ná stiúrthóir nó ball foirne amháin. I gcás go bhfuil tú cláraithe do chúrsa ach nach bhfuil sé tosaithe agat go fóill, is féidir aisíocaíocht a lorg ar tháillí atá íoctha cheana féin. Is féidir iarratas a dhéanamh bunaithe ar chúrsa atá beartaithe agat tabhairt faoi amach anseo, ach sonraí an chúrsa a chur ar fáil mar chuid den iarratas. Ní féidir aisíocaíocht a lorg ar tháillí do chúrsa atá déanta agat cheana féin.

Tapaigh an deis! Níl ach buiséad teoranta againn don scéim, agus ceadófar iarratais ar bhonn tús freastail. An spriocdháta d’iarratais ná an 30 Meán Fómhair 2016. Le hiarratas a dhéanamh ar an scéim, ní gá ach foirm shimplí a comhlánú thíos.

Má tá aon cheist agat maidir leis an scéim, déan teagmháil le Sandra ar 01 8535194 nó sandra@gaelscoileanna.ie.

Coinníollacha na Scéime

  1. Is gá iarratas i scríbhinn a dhéanamh sula gceadófar aon chaiteachas.
  2. An spriocdháta d’iarratais ná 30 Meán Fómhair 2016.
  3. An t-uasmhéid a cheadófar in aghaidh an bhaill foirne ná €200. Is féidir iarratas a dhéanamh ar son níos mó na stiúrthóir amháin ón naíonra nó baill foirne neamh-theagaisc amháin ón scoil ach is gá foirm a chomhlánú do gach iarratasóir.
  4. Ní cheadófar níos mó ná iarratas amháin in aghaidh na bliana d’aon naíonra/scoil.
  5. Íocfar na táillí ar bhonn sonraisc nó admhála ón bhforas oiliúna amháin. Lorgófar sonrasc nó admháil agus sonraí an íocaí uait ar cheadú d’iarratais agus ní gá iad a sheoladh roimhe sin.
  6. Ní féidir aisíocaíocht a lorg ar tháillí do chúrsa atá déanta agat cheana féin.
  7. Tabharfar tús áite d’iarratais de réir mar a thagann siad chun na hoifige, agus de réir buiséid teoranta na scéime.
  8. Cuirfear iarratais nach féidir a cheadú de dheasca ró-éileamh ar liosta feithimh.
  9. Tá cead ag Gaelscoileanna Teo. maoiniú a aisghairm i leith mí-úsáide.
  10. Tá an scéim seo ar fáil do naíonraí sna 26 chontae, lasmuigh den Ghaeltacht agus do scoileanna lán-Ghaeilge sna 32 chontae amháin.

Oops! We could not locate your form.