Méid an Téacs

Tionól Forbartha

Beidh Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG ar siúl i nGaillimh i mbliana. Beidh an t-imeacht ar siúl in Óstán an Clayton, Baile an Bhriotaigh, ar an Aoine 16ú Samhain 2018.

An Clár

Beidh réimse leathan cheardlann ar siúl don bhunleibhéal agus don iar-bhunleibhéal arís i mbliana. Is féidir dréacht den chlár a íoslódáil thíos.

CLÁR

Bunleibhéal: I measc na gceardlann d’oideachasóirí bunleibhéil, díreofar ar an ábhar seo a leanas: Riachtanais Speisialta Oideachais, Teicnolaíocht na Faisnéise agus Códú, Cruinneas agus Saibhreas na Gaeilge, an Tumoideachas, Acmhainní Praiticiúla don Seomra Ranga agus neart eile!

Iar-bhunleibhéal: I measc na gceardlann d’oideachasóirí iar-bunleibhéil, díreofar ar an ábhar seo a leanas: Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach, Riachtanais Speisialta Oideachais, Teicnolaíocht na Faisnéise agus Códú (Swift Playgrounds), Cruinneas agus Saibhreas na Gaeilge, Acmhainní Praiticiúla don Seomra Ranga (TG4, Tuairisc.ie, Fiontar, TechSpace, SaolOibre.ie) agus neart eile!

CLÁRÚCHÁN

Táillí

  • Scoileanna le ballraíocht: €100 an duine*
  • Scoileanna gan bhallraíocht/Ionadaithe ó institiúidí agus eagraíochtaí eile: €130 an duine*
  • Mic léinn lán-aimseartha: €50 an duine*

Má tá breis agus triúr ón scoil, institiúid nó eagraíocht chéanna ag freastal ar an Tionól Forbartha, beidh an ceathrú duine saor in aisce.

* Tá imeachtaí uile an Tionóil san áireamh sa táille seo: sosanna tae agus caife, lón, fáiltiú deochanna, dinnéar agus siamsaíocht.

Is féidir le daoine clárú don bhfáiltiú agus dinnéar amháin ar chostas €50.

Tá foirm bhallraíochta na heagraíochta ar fáil he híoslódáil anseo. Is féidir stádas ballraíochta reatha na scoile a dheimhnú trí teaghmháil a dhéanamh linn ar 01 8535195 nó eolas@gaeloideachas.ie.

Ionadaíocht do Mhúinteoirí agus Phríomhoidí atá ag teagasc:

De bharr gur oiliúint ghairmiúil atá i gceist , tá ionadaíocht ar fáil do Thionól Forbartha 2018 arís i mbliana. Is féidir le scoileanna cur isteach ar ionadaíocht do mhúinteoir amháin freastal ar an Tionól Forbartha ach ainm an mhúinteora a chlárú roimh ré le COGG (eolas@cogg.ie) agus éileamh a dhéanamh tríd an gcóras OLCS i ndiaidh an Tionóil.

Maidir le hionadaíocht do phríomhoidí atá ag teagasc is gá teagmháil a dhéanamh le COGG (eolas@cogg.ie) le breis eolais agus na foirmeacha cuí a fháil.

Polasaí Cealaithe

Sa chás go dtarlaíonn rud éigin nach bhfuil tú ag súil leis agus nach féidir leat freastal ar an Tionól Forbartha, ní mór duit do thicéad don imeacht a chur ar ceal trí ríomhphost a scríobh chuig eolas@gaeloideachas.ie. Ní féidir seo a dhéanamh thar an bhfón.

Déanfaidh Gaeloideachas do tháille chlárúcháin a aisíoc go hiomlán má fhaightear fógra i scríbhinn roimh an 26 Deireadh Fómhair 2018. Má fhaightear fógra i scríbhinn i ndiaidh an 26 Deireadh Fómhair, ní dhéanfar aisíoc ar bith.

Tá sé de cheart ag toscairí duine eile a ainmniú ina n-áit am ar bith roimh an Tionól Forbartha. Ní ghearrfar aon táille ar thoscairí seo a dhéanamh. Forchoimeádann Gaeloideachas an ceart againn clár an Tionóil Forbartha a leasú de réir mar is gá ag brath ar chúinsí éagsúla nach mbeifear ag súil leo roimh an imeacht.

Taisteal

Tá Óstán an Clayton suite cúpla nóiméad lasmuigh de chathair na Gaillimhe ar Sheanbhóthar Mhuine Mheá. Tá an t-óstán suite achar gairid ón Mótarbhealach M6 agus is féidir teacht air go héasca ó Bhaile Átha Cliath, Luimneach, Corcaigh agus go leor áiteanna eile. Tá an t-óstán suite 50 nóiméad ó Aerfort na Sionainne. Faigh treoracha anseo.

Tá seirbhís rialta traenach ar fáil ó Bhaile Átha Cliath agus ó Luimneach go Gaillimh – le naisc ann le Corcaigh agus Trá Lí. Tá na cláir ama le fáil anseo:

Tá seirbhís bhus go Gaillimh ó na comhlachtaí seo Go Bus, City Link agus Bus Éireann

Lóistín

Bíonn an-éileamh ar lóistín le linn an Tionóil i gcoitinne agus molann muid go láidir do dhaoine lóistín a chur in áirithe chomh luath agus is féidir. Tá ráta speisialta ar fáil do rannpháirtithe an Tionóil in Óstán an Clayton roimh an 12ú Deireadh Fómhair. Chun leas a bhaint as an ráta seo (€89 do sheomra singil, €99 do sheomra dúbailte/dhá leaba agus €109 do sheomra trí leaba – bricfeasta san áireamh i ngach ceann), glaoigh ar an óstán ar +353 91 721900. Tá go leor roghanna eile atá ar fáil sa cheantar máguaird freisin.

Siamsaíocht

Beidh Kíla, buaiteoirí ‘Banna na Bliana’ ag Gradaim NÓS 2018 linn i mbliana. Beidh lúibíní ó Ray Mac Mánais agus Joe Ó Dónaill freisin agus cúpla rud eile siamsúil ar siúl ar an oíche.

Seastáin agus fógraí

Gach eolas ar fáil anseo.

Grianghraif ag an Tionól Forbartha

Beidh grianghraif agus físeáin éagsúla á dtógáil le linn an Tionóil Forbartha. Bainfear úsáid as na grianghraif/físeáin seo go hinmheánach agus go seachtrach le poiblíocht/margaíocht a dhéanamh ar obair Gaeloideachas. D’fhéadfadh Gaeloideachas an t-ábhar seo a úsáid i bhfoirm clóite nó i bhfoirm dhigiteach in áiteanna éagsúla: cuir i láthair, fógraíocht, suíomhanna idirlín, meáin shóisialta, foilseacháin agus áiteanna eile ina measc.

Sa chás nach bhfuil tú ag iarraidh go dtógfar grianghraf díot, ní mór sin a chur in iúl do bhall foirne Gaeloideachas ar an lá.

Is féidir iarratas a chur go Gaeloideachas gan íomhá(anna) díot a úsáid ag am ar bith. Sa chás seo, ní bhainfear úsáid as íomhánna díot in aon ábhar nua sa todhchaí ach d’fhéadfadh go mbeadh siad fós le feiceáil i bhfoilseacháin agus ábhair eile a bhí ar fáil roimh d’iarratas.  féidearthacht ann go gcoinneofar roinnt grianghraf agus físeán go buan mar chuid de chartlann na heagraíocht. 

Blianta eile:

Tá ábhar na gceardlann ó na comhdhálacha a bhí againn go dtí seo ar fáil thíos:

Más mian leat aiseolas a thabhairt ar na comhdhálacha a bhí ann cheana nó moladh a dhéanamh maidir leis an gcomhdháil don bhliain seo, d’fháilteodh muid roimhe ach ríomhphost a sheoladh chuig ciara@gaeloideachas.ie