Méid an Téacs

Aonaid & Sruthanna

Cad is Aonad Lán-Ghaeilge ann?

Is aonad teangeolaíochta é an tAonad lán-Ghaeilge ina thumtar na daltaí sa Ghaeilge ó thús go deireadh an lae scoile. Feidhmíonn an t-Aonad lán-Ghaeilge laistigh de mhór-scoil gurb é an Béarla teanga cumarsáide agus teanga teagaisc na scoile sin. Is geall le scoil bheag é an tAonad atá á rith agus á reáchtáil trí mhionteanga fad is atá an mhór-scoil á reáchtáil trí ghnáth-theanga an phobail.

Cad is Sruth Lán-Ghaeilge ann?

Is soláthar teoranta teagaisc trí mheán na Gaeilge atá i Sruth Lán-Ghaeilge, laistigh de mhór-scoil gurb é an Béarla teanga cumarsáide agus teanga teagaisc na scoile sin.

Polasaí Gaeloideachas

Is é misean na heagraíochta Gaeloideachas ná an gaeloideachas a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt do phobail a dteastaíonn uatha córas gaelscolaíochta a fhorbairt ina gceantar féin.

Tá sé cruthaithe go hidirnáisiúnta gurb é an modh is éifeachtaí chun sealbhú teanga a thabhairt do dhaltaí scoile sa dara theanga ná iad a thumadh sa teanga sin i rith an lae scoile (an córas tumoideachais). Leis an sprioc seo a bhaint amach ní mór do na daltaí bheith saor ó thionchar na mór-theanga agus an tumadh seo ar siúl. Is é an córas is fearr chun sin a dhéanamh ná gaelscoil nó gaelcholáiste a chur ar fáil ina bhféadfaí gach ní a bhaineann le saol scoile a chur i bhfeidhm trí mheán na Gaeilge.

Is é polasaí Gaeloideachas iarbhunscoil neamhspleách a bhunú le leanúnachas san oideachas lán-Ghaeilge a thabhairt do dhaltaí gaelscoileanna agus le deis a thabhairt do dhaltaí ó scoileanna eile teacht ar an tumoideachas ag leibhéal na hiarbhunscoile. Is í taithí ghairmiúil Gaeloideachas ná go bhfuil sé i bhfad níos casta iarbhunscoil lán-Ghaeilge a bhunú i gcomparáid le bunscoile lán-Ghaeilge. Mar sin, ar uairibh bunaítear Aonaid lán-Ghaeilge i scoileanna lán-Bhéarla mar chomhréiteach. Déantar é seo de bharr cúinsí logánta a bhaineann de gnáth le tíreolaíocht agus daonra an cheantair nach bhfuil leordhóthanach chun scoil neamhspleách a bhunú ag an tús.

Tá deacrachtaí agus dúshláin ag baint leis an tumoideachas in Aonad thar mar a bhaineann le gaelcholáiste neamhspleách. Chun teacht thairis na dúshláin sin bíonn bun-thacaíocht de dhíth ar Aonaid chun gaeloideachas éifeachtach a chur ar fáil dóibh siúd a chuireann a muinín sa chóras sin. Sa cháipéis thíos leagtar amach polasaí Gaeloideachas maidir leis an struchtúr cuí atá de dhíth d’fhorbairt na n-Aonad lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal. Eascraíonn an polasaí seo as plé leis na hAonaid lán-Ghaeilge atá bunaithe agus as plé le Bord Stiúrtha na heagraíochta. Tá breis eolais maidir le hAonaid agus Sruthanna lán-Ghaeilge ar fáil ach teagmháil a dhéanamh leis an oifig; oifig@gaelscoileanna.ie nó 01 8535195.

Ióslódáil mar PDF: Polasaí Aonaid Gaelscoileanna Teo.