Méid an Téacs

Tús curtha le hath-infheistiú sa Ghaeilge, Ghaeltacht agus san Oideachas

Deireadh Fómhair 11, 2017

PREASRÁITEAS 11.10.17

Tús curtha le hath-infheistiú sa Ghaeilge, Ghaeltacht agus san Oideachas

Cuireann Gaeloideachas fáilte roimh an infheistíocht mhéadaithe do chúrsaí oideachais agus Gaeilge a fógraíodh i gcáinaisnéis an lae inné. Léiríonn an méadú 2.5 milliún atá imfháilithe sa bhuiséad do chúrsaí Gaeilge, Gaeltachta  agus na hoileáin aitheantas an Rialtais go bhfuil sé thar am gníomhú ar cheist infheistíochta sa teanga agus sa chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Tar éis tréimse an-dúshlánach de chiorraithe a bheith ag an nGaeilge agus an nGaeltacht, tugann ráiteas an lae inné roinnt sóláis agus céimeanna á nglacadh ar deireadh le tús a chur le hath-infheistíocht sa teanga.

In ainneoin an bhuiséid mhéadaithe seo, áfach, aithníonn Gaeloideachas nach leor é leis na cuspóirí pleanála teanga uile a bhaint amach ná leis na gníomhaíochtaí éagsúla atá beartaithe ag na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta a chur i gcrích go sásúil. Le trí bliana anuas, tá laghdú suntasach de 4.5% tagtha ar bhuiséad bonnlíne Fhoras na Gaeilge in ainneoin réimse freagrachta mór ag an bhForas mar aon le feidhmeanna níos uileghabhálaí ag na ceanneagraíochtaí atá á maoiniú. Tá sé riachtanach go ndéanann an Rialtas athbhreithniú air seo agus ar na héilimh éagsúla atá ag na heagraíochtaí teanga láithreach ionas go mbeidh cothrom na féinne á thabhairt don teanga agus do phobal na Gaeilge.

Fáiltíonn Gaeloideachas roimh an méadú de 5.8% sa bhuiséad oideachais, a chinnteoidh cóimheas daltaí le múinteoirí níos fabhraí trí mhéadú i líon na múinteoirí mar aon le méadú i líon na gcúntóirí riachtanais speisialta ag an mbunleibhéal.  Is cinnte go rachaidh an t-allúntas breise seo chun leasa na scoileanna uile, scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ina measc atá ag streachailt le fada le dúshláin earcaíochta agus ionadaíochta. Ní mór áfach an t-infreastruchtúr ceart a fhorbairt chun a chinntiú go mbeidh cumas Gaeilge cuí mar aon le hoiliúint ar chur chuige an tumoideachais ag múinteoirí agus ag cúntóirí riachtanais speisialta a bheidh ag feidhmiú sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Fáiltítear roimh an bhéim ar fholláin na ndaltaí trí 100 comhairleoir gairmthreoracha móide 10 siceolaithe breise NEPS a bheith curtha ar fáil. Fáiltítear freisin roimh an €2 mhilliún a dhéanfar a infheistiú sa scéim phíolótach Urlabhra agus Teanga sna bunscoileanna, agus tá Gaeloideachas ag súil leis go mbeidh an scéim ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta le freastal go cuí ar riachtanais teanga na bpáistí sin. Is beag ábhar sásaimh a bhí ann ag an iarbhunleibhéal, áit a mbeidh an cóimheas gan athrú, agus é ag leibhéal níos measa ná mar a bhí 10 mbliana ó shin. Tá sé thar am go ndéanfaí na leibhéal roimh an ghéarchéim airgeadais a thabhairt ar ais chun go mbeidh leibhéal níos airde oideachais á bhaint amach ag daltaí na n-iarbhunscoileanna.

Ag labhairt tar éis fhoilsiú na cáinaiséise, dúirt Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas, “Céim chun tosaigh atá sa bhfógra cáinaisnéise seo, le béim ar threisiú agus forbairt a bheidh chun leasa na teanga agus an oideachais. Tá díomá, áfach, ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta nár tógadh a gcuid bunriachtanas san áireamh, mar a bhí leagtha amach sa Phlean Infheistíochta a d’eisigh Conradh na Gaeilge mí an Mheithimh 2017. Táthar ag súil leis go ndéanfar athbhreithniú ar an gcáipéis fhíorthábhachtach seo, a forbraíodh le díograis ag leibhéal an phobail, eagraíochtaí agus údaráis éagsúla an Stáit”.

CRÍOCH

Teagmháil
Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach, Gaeloideachas
01-85351930| blathnaid@gaelscoileanna.ie

Gaeloideachas
Is eagraíocht dheonach náisiúnta í Gaeloideachas a thugann tacaíocht d’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal. Ó Iúil 2014, tá Gaelscoileanna Teo. freagrach mar cheanneagraíocht as an réimse Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge. Áirítear i measc róil agus feidhmeanna na heagraíochta comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, mar aon le seirbhís tacaíochta do naíonraí agus scoileanna.

Seachtain Mhata 2017 – Acmhainní Gaeilge

Deireadh Fómhair 9, 2017

Beidh Seachtain Mhata 2017 faoi lánseol ón 14 Deireadh Fómhair-22 Deireadh Fómhair. Tá póstaeir Gaeilge le fáil ag http://www.mathsweek.ie/2017/schools/schools-posters-2017 Bainigí taitneamh as!

SeachtainMhata

Plé faoi Dhúshláin na n-Iarbhunscoileanna Oileánda ag Comhdháil Bord Oideachais & Oiliúna Éireann

Deireadh Fómhair 2, 2017

Pléadh dúshláin na n-iarbhunscoileanna oileánda ag Comhdháil Bord Oideachais & Oiliúna Éireann (BOOÉ) a bhí ar siúl ón 20 go dtí an 21 Meán Fómhair in óstán an estáit Lyrath i gCill Chainnigh. Bhí Richard Bruton, an tAire Oideachais & Scileanna i láthair ag an gComhdháil.

B’é an Comhairleoir Seán Ó Tuairisg, Comhairleoir Contae agus toscaire Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin, a thug an t-aitheasc. Mhínigh sé an dlúthcheangal atá idir an scoil oileánda agus an pobal oileánda – d’oireasa na scoileanna, bheadh na hoileáin i mbaol a mbánaithe. Rinne sé an pointe nach ionann dúshláin scoileanna na n-oileán agus scoileanna beaga cé go bhfuil cuid mhaith de na dúshláin chéanna i gceist agus go gcaifear dul i ngleic leis na dúshláin ar leith a bhaineann leis na hiarbhunscoileanna oileánda.

Is cúig iarbhunscoil oileánda atá sa tír. Tá trí scoil díobh ar Árainn – Coláiste Ghobnait ar Inis Óirr, Coláiste Naomh Eoin ar Inis Meáin agus Coláiste Naomh Éinne ar Inis Mór maraon le Gairmscoil Mhic Diarmada ar Oileán Árainn Mhór agus Coláiste Pobail Cholmcille ar Oileán Thoraí.

Thrácht sé ar an 7 mórdhúshlán atá roimh an cúig iarbhunscoil – is iad sin Leithdháileadh Múinteora; Rochtain ar fhoireann cháilithe atá inniúil sa Ghaeilge; Buiséad Scoile neamhdhóthaineach; Rollú agus Scoláireachtaí, Stádas neamhspleách a bhaint amach do Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin; Stádas DEIS agus Rochtain ar na hOileáin agus mhol sé réiteach do gach aon cheann de na dúshlán le mórchostas de €590,905 chun na dúshláin ar fad a réiteach dá nglacfaí leis na moltaí a dúirt sé. Is beag an infheistíocht í chun todhchaí na n-iarbhunscoileanna agus dá réir todhchaí na n-oileán a chinntiú agus a bhuanú.

Is é an dúshlán a bhaineann leis an leithdháileadh múinteora mar a sheasann sé ná nach n-aithníonn an múnla leithdháileadh múinteora, mar atá, riachtanais agus dúshláin scoileanna na n-oileán, idir an cóimheas idir dhaltaí agus múinteoirí agus leithdháiltí eile. Is é nadúr scoileanna oileánda go mbeadh líon beag daltaí iontu, rud a chiallaíonn go bhfuil foirne teagaisc beaga iontu agus ní féidir curaclam oiriúnach, caighdeánach a chur ar fáil le dáileadh beag múinteoirí, ná go deimhin an tseachtain chaighdeánach de 28 uair do scoláirí a sholáthar chun cloí le rialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Anuas air sin, níl aitheantas ‘Scoil Comhoideachasúil in abhantracht scoile singil’ ag scoileanna áirithe oileánda, agus dá bharr níl siad ag fáil an leithroinnt de 0.5 CL (cóibhéis lánaimseartha). Tugtar an t-aitheantas seo ar bhonn geografach ach ní aithnítear an dúshláin taistil atá ag scoil ar oileán. Ainneoin go bhféadfadh scoil eile a bheith ar oileán eile nó ar an mórthír, níl siad sin insroichte, agus dá réir ba cheart an 0.5 CL seo a bheith ag gach ceann de na 5 scoil oileánda.

Laghdóidh an múnla nua maidir le leithroinnt & dáileadh uaireanta Tacaíochta Foghlama líon na múinteoirí sna scoileanna oileánda freisin le himeacht den 0.9 WTE teagaisc thar am ó 2019 ar aghaidh.

Is é an réiteach a moladh ná go méadófaí an leithdháileadh múinteora do scoil oileánda ó 1 CL reatha go 2.5 CL (sin 1.5 i 5 scoil). Bheadh costas €327,090 air sin. Chinnteodh sé curaclam oiriúnach, deiseanna imeachtaí seach-churaclam agus chinnteodh sé sábháilteacht na ndaltaí agus foireann na scoileanna. Iarrtar go gcuimseofaí an cúig scoil oileánda mar ‘Scoileanna comh-oideachasúla in abhantracht scoile singil’ agus go dtabharfaí an leithroinnt de 0.5 CL leis an aitheantas seo don chúig iarbhunscoil oileánda.

Maidir leis an dúshlán a bhaineann le Rochtain ar fhoireann cháilithe atá inniúil sa Ghaeilge, tá sé an-dúshlanach múinteoirí cuí, cáilithe atá inniúil sa Ghaeilge a aimsiú chun teagasc ar na hoileáin. Leis seo, bíonn athraithe go bliantúil i measc foirne scoileanna oileánda. Tá costas sa bhreis ag baint le múineadh ar oileán, idir costas taistil, costas lóistín agus costas maireachtála.

Is é an réiteach a moladh agus dhéanfadh sé inmharthanacht na scoileanna oileánda a chinntiú ná go dtabharfaí ar ais an Liúntas Oileánda de €1,600 do mhúinteoirí. Is é an costas a bheadh ar seo na €16,000 (10 CL X €1,600), don mhéadú sa leithdháiledh múinteora atá ag teastáil. Choinnigh múinteoirí sa chóras roimh 2011 an liúntas seo ar bhonn pearsanta.

Ar an tríú dúshlán, bhí Buiséad Scoile neamhdhóthaineach. Ní aithnítear an costas breise atá ar scoileanna oileánda i leithdháileadh bhuiséid na scoileanna sin. Tá go leor costas sa bhreis ar scoil oileánda ach go háirithe costas taistil, costas laistis, costas breise deisiúcháin agus seirbhísí scoile. Tá costas ollmhór taistil ag baint le daltaí ag freastal ar ghnáthimeachtaí scoile ar an mór-thír ar nós cluichí, taispeántais agus comórtais.

Moladh go méadófaí buiséad don scoil oileánda de €20,000. Is é an costas iomlán a bheadh ar seo ná €100,000 don chúig scoil.

I dtaca leis an dúshlán a bhaineann le Rollú agus Scoláireachtaí, is é nadúr na scoileanna oileánda go bhfuil daonra beag scoláirí iontu. Tá tionchar aige seo ar an gcuraclam, líon na múinteoirí agus dá bhrí sin ar na deiseanna a chuirtear ar fáil do na scoláirí. Faoi láthair, cuireann Roinn na Gaeltachta 30 scoláireacht ar fáil do na hiarbhunscoileanna ar an trí oileáin Árainn.

Moladh go dteastaíonn méadú i líon na scoláireachtaí a chuirtear ar fáil ó 30 go dtí 60 scoláireacht. Is é an costas a bheadh ar seo ná €150,000 don Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta.

Maidir leis an iarbhunscoil ar Inis Meáin, Coláiste Naomh Eoin, níl stádas neamhspleách ag an scoil. Is aonad í agus déantar Coláiste Naomh Eoin a bhainistiú ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán, ar an mórthír. Ní dhéanann sé ciall go mbeadh Coláiste Cholmcille ag bainistiú scoil oileánda agus níl an córas mar atá ag freastal ar riachtanais Cholaiste Naomh Eoin san am i láthair. Ba shocrú é seo a rinneadh nuair a osclaíodh Coláiste Naomh Eoin chun go bhféadfaí oideachas iarbhuncoile a chur ar fáil ar Inis Meáin.

Iarrtar go mbronnfaí stadas neamhspleách ar Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin (ar an mbonn céanna agus atá cheana féin ag Coláiste Ghobnait Inis Oírr) agus go bhfaighfidh an scoil sin an fhreagracht bainistíochta agus acmhainní, ach go háirithe Príomhoide agus Príomhoide Tánaisteach, nach bhfuil ann faoi láthair.

Moltar go dtabharfaí stádas DEIS don 5 iarbhunscoil oileánda ar an mbonn go bhfuil siad scoite amach ón gcósta agus na míbhuntáistí a bhaineann leis seo. Tugann drochaimsir tríd an geimhreadh dúshláin breise do scoláirí agus múinteoirí a bhíonn ina leithéid de scoileanna. Tugann an easpa seirbhísí scoile trí Ghaeilge go ginearálta dúshlán, agus míbhuntáiste ach go háirithe do scoileanna ar oileáin (SNSO nó NEPS; seirbhísí meabhairshláinte; seirbhísí sláinte ginearálta). Is annamh go mbacann institiúid ardoideachais le cuairt a thabhairt ar scoileanna ar oileáin ná iad a a chur san áireamh dá gcuid imeachtaí. Ní fhaigheann scoileanna ar oileáin cuairteanna inscoile ná seirbhísí oideachais ar ghnáthnós iad do scoileanna ar an mórthír.

Is dúshlán mór é Rochtain ar na hOileáin do na scoileanna oileánda. Níl an tseirbhís aeir ná an tseirbhís farantóireachta, mar atá, ag comhlíonadh riachtanais scoileanna na n-oileán. Iarrtar go gcuirfí seirbhísí taistil cuí, oiriúnach ar fáil, i gcomharliúcháin leis BOOGRC, an fostaí is mó ar an trí Oileáin Árann, chun riachtanais na scoileanna a shásamh agus chun go mbeidh cinnteacht don todhchaí. Is é pobal scoileanna leis BOOGRC is mó a bhaineann úsáid as na seirbhísí taistil.

Chuir Gaeloideachas aighneacht a bhí bunaithe ar na héilimh chéanna mar a bhaineann leis na hiarbhunscoileanna oileánda faoi bhráid Buan-Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i mí an Mheithimh seo caite. Pléadh cás na mbunscoileanna oileánda san aighneacht chomh maith.

Deir Ó Tuairisg nach bhfuil aon gheallúint ar an gceist seo tugtha fós ag an Aire Bruton.

Is ceist í seo faoi chearta na scoláirí óga, faoi chearta phobail na n-oileán agus má táimid ag iarraidh go mbeidh pobail ar na hoileáin sna blianta amach romhainn, ní mór polasaithe cuí a chur i bhfeidhm chun é sin a chinntiú mar atá á dhéanamh ag ár gcomharsana thar muir, na Sasanaigh, agus ag go leor tíortha eile ar fud an domhain.

Ceardlann ar Mhúineadh na hEolaíochta trí Ghaeilge

Meán Fómhair 28, 2017

Beidh ceardlann ar mhúineadh na heolaíochta (Eolaíocht, Ceimic, Bitheolaíocht agus Fisic) trí mheán na Gaeilge ar siúl ar an Satharn beag seo 30ú Meán Fómhair i Saotharlann Eureka, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Gach eolas agus clár anseo

Is féidir clárú don cheardlann trí shuíomh an PDST anseo 

Dúcheisteanna Mata

Meán Fómhair 25, 2017

Tugann Dúcheisteanna Mata réimse straitéisí do dhaltaí a chabhróidh leo fadhbanna a réiteach agus iad i ngrúpaí. Bíonn daltaí ag obair ina gcomharghrúpaí de cheathrar chun na fadhbanna iomadúla a chuirtear os a gcomhair sa leabhar a phlé agus féachaint lena réiteach Ar fáil: www.otb.ie

 

RDS Primary Science Fair

Meán Fómhair 22, 2017

Gach bliain bíonn fáilte roimh iarratais agus tionscadail STEM ag an “RDS Primary Science Fair” agus gach bliain bíonn Gaelscoileanna ina measc.

Spreagann an ‘Fair’ scileanna eolaíochta agus matamaitice sna páistí ar mhodh spraoíúil agus cruthaitheach.

Teastaíonn ón RDS iarracht mór a dhéanamh i 2018 chun fáilte breise a chuir roimh Gaelscoileanna san ionad i Luimneach i Eanair 2018.

RDS Primary Science Fair A5

 

Cuirfear Gaelscoileanna i dteannta chéile ar an lá céanna, chomh fada agus is féidir, agus beidh breithimh le Gaeilge ar fáil chun a gcuid tionscadal a mheas.

Más mian le do rang tionscadal STEM a chuir san áireamh, caithfidh múinteoirí a n-iarratas a dhéanamh faoi spriocdháta an 4 Deireadh Fómhair.

Tá gach eolas le fáil ar www.rds.ie/primarysciencefair nó ar an bhfón 01 2407990.

Comórtas Beo 2017

Meán Fómhair 11, 2017

Beidh Comórtas Beo 2017 á reáchtáil ar an 1 Samhain ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne. Is comórtas amhráin Gaeilge é seo do dhaoine óga idir 11 agus 18 mbliana d’aois agus rachaidh na buaiteoirí ar aghaidh chuig babhta ceannais an chomórtais CEOL le bheith ar an albam CEOL 2018 i gcomhpháirtíocht le RTÉ 2fm, Raidió Rí-Rá & Conradh na Gaeilge.
Tá gach eolas ag an nasc thíos: http://www.forasnagaeilge.ie/beo/

‘AN TRIAIL’ – TICÉID AR DÍOL ANOIS!

Meán Fómhair 4, 2017

Capture

Léiríonn Fíbín, an comhlacht drámaíochta Gaeilge a bhfuil cáil air, ‘An Triail’ le Máiréad Ní Ghráda, an dráma clasaiceach Nua-Ghaeilge. Seo leagan ar leith de ‘An Triail’ i stíl Fíbín! Téann Fíbín i ngleic le ceisteanna a ardaíonn múinteoirí agus scoláirí araon, trí phlota a bhreathnaíonn as dáta a thabhairt isteach i gcomhthéacs sochaí nua-aimseartha ag baint úsáid as puipéid, maisc, radhairc tharraingteacha agus léirithe daonna chun lucht féachana óg, ach go háirithe a mhealladh ar bhealach a thagann le saol na linne seo agus gur féidir teacht ar seó go héasca. Téann an léiriú seo i bhfad lasmuigh den nádúr dubh agus bán atá sa chaint agus cuidíonn an seó na constaicí san fhoghlaim a shárú le seó fuinniúil, mealltach agus greannmhar.

Tosóidh cliar ‘An Triail’ a gcamchuairt náisiúnta sa Hawk’s Well Theatre i Sligeach ar 25 Meán Fómhair tar éis cleachtaí agus léireofar an dráma i 6 ionad eile le linn na camchuairte, an Everyman i gCorcaigh, an Belltable i Luimneach, an Visual i gCeatharlach, Taibhdhearc na Gaillimhe, an Dean Crowe i mBaile Átha Luain agus críochnóidh an chamchuairt suas an Axis i mBaile Munna tar éis 5 lá de sheónna ar an Aoine 20 Deireadh Fómhair.

Tá ticéid ar fáil anois ó gach amharclann!

COSTAS: €12.50 (D’fhéadfadh táille áirithinte a bheith i gceist) agus téann múinteoirí in aisce!

AM: 10.30r.n. & 12.30i.n. (10r.n. & 12i.n. i gCorcaigh)

FAD: 1 uair

 

DÁTAÍ 2017

25 M. Fómhair: Hawk’s Well Theatre, SLIGEACH Guth: 071-916 1518

28 M. Fómhair: The Everyman, CORCAIGH Guth: 021-450 1673

2 & 3 D. Fómhair: The Belltable, LUIMNEACH Guth: 061-953 400

5 & 6 D. Fómhair: Visual Carlow, CEATHARLACH Guth: 059-917 2400

9-11 D. Fómhair: An Taibhdhearc, GAILLIMH Guth: 091-563 600

13 D. Fómhair: Dean Crowe Theatre, BAILE ÁTHA LUAIN Guth: 090-649 2129

16-20 D. Fómhair: AXIS Baile Munna, BAILE ÁTHA CLIATH Guth: 01-883 2100

Cuir bhur dticéid in áirithe inniu agus ná caill amach ar an léiriú físiúil agus fisiciúil seo!!

Téigh anonn chuig leathanach ‘An Triail’ le haghaidh gach eolas eile!

 

Tá Fíbín agus an chliar uile ag súil go mór leis an 11ú camchuairt i mbliana agus fáilte a chur romhaibh ar fad chuig ár seónna!!

Dioplóma Gairmiúil i gCeannaireacht Scoile

Meitheamh 29, 2017

• Dioplóma gairmiúil foghlama cumaisc páirtaimseartha (18 mí) é an clár, a chuirtear ar fáil i sé ionad réigiúnacha ar fud na tíre (níl teacht ar shonraí faoi na hionaid réigiúnacha go fóill)

• Déanfar foráil ar leith do mhúinteoirí i ngaelscoileanna in OÉ Gaillimh.
• Cuirfidh DES/CSL tacaíocht ar fáil i dtaobh tháillí an chláir seo.
• Mar chuid den chlár beidh meascán léachtaí, seimineáir sa seomra ranga, ranganna teagaisc ar líne agus foghlaim ar an gcampas (roinnt Satharn agus scoil samhraidh)
Gach eolas anseo 
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne suas go dtí an 13ú Iúil.
Aidhmeanna agus Cuspóirí an chláir

Tá sé mar aidhm ag ábhar agus seachadadh an chláir na nithe seo a leanas a chinntiú:

  • Nascacht idir na comhpháirteanna éagsúla den chlár d’fhonn an bhearna a líonadh idir eolas iontaofa ar theoiric oideachasúil agus forbairt ar inniúlacht ghairmiúil mar cheannairí scoile – fócas ar rannpháirtithe mar fhoghlaimeoirí agus mar cheannairí sa todhchaí;
  • Comhtháthú curaclaim a nascann spriocanna, gníomhaíochtaí foghlama, agus measúnuithe leis an réimse comhthéacsanna atá léirithe sna grúpaí cohóirt;
  • Naisc shoiléire idir ábhar modúl, obair chúrsa agus socrúchán atá pleanáilte go cúramach. Léireoidh tascanna measúnaithe agus critéar marcála é seo i ngach modúl. Beidh sé seo ina príomhpháirt chomh maith in aiseolas rannpháirteach agus i rannpháirtíocht rannpháirtithe agus cleachtóirí in athbhreithniú agus forbairt an chláir;
  • Tiomantas do straitéisí a uasmhéadaíonn foghlaim, aistriú foghlama, agus foirmiú féiniúlachta ceannaireachta. Áiríonn siad seo úsáid a bhaint as cohóirt, oideolaíochtaí teagaisc mac léinn-lárnach, tacaíocht teagascóra agus meantóra agus straitéisí foghlama fadhb-bhunaithe, cosúil le cásmhodhanna, taighde feidhmeach, agus tionscadail, a nascann teoiric agus cleachtas agus a thacaíonn le machnamh i agus trí chomhthéacsanna scoile.

 Torthaí foghlama an chláir

Ach a mbeidh an clár seo críochnaithe ag mic léinn beidh ar a gcumas:

  1. Ceannairí scoile uaillmhianacha a ullmhú don chleachtas mar cheannairí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna na hÉireann
  2. An t-eolas, na scileanna agus an meon atá ag teacht le hoideachas tosaigh ceannaireachta a chothú sa chomhthéacs den contanam oideachais ceannaireachta
  3. Rannpháirtithe an chláir a ullmhú d’oideachas ceannaireachta sa todhchaí i dtéarmaí oideachas gairmiúil leanúnach agus cláir acadúla chreidiúnaithe ag leibhéal máistreachta agus dochtúireachta
  4. Rannpháirtíocht ghníomhach agus chriticiúil a chothú leis an timpeallacht polasaí, cleachtas gairmiúil agus litríocht léannta atá ábhartha do cheannaireacht oideachasúil
  5. Ceannaireacht oideachasúil inbhuanaithe agus pobal foghlama gairmiúla a chruthú agus a chothú do rannpháirtithe an chláir i measc na gcohórt PDSL
  6. Cumas rannpháirtithe a fhorbairt in úsáid príomhchleachtais cheannaireachta ar fud an chláir go háirithe: féinfheasacht, cinnteoireacht, machnamh ar chleachtas, fiosrúchán comhghnímh, léitheoireacht, rannpháirtíocht i líonraí ceannaireachta/pobal foghlama gairmiúla.

Tréithe Céimithe don chlár

  • Smaointeoireacht chriticiúil
  • Smaointeoireacht agus pleanáil straitéiseach
  • Meon agus léargas córasach leathan
  • Leibhéal suntasach féinfheasachta
  • Tiomantas do chothromas agus do cheartas sóisialta

Na Riachtanais Iontrála

  • Riachtanais Iontrála Acadúla: NFQ 8 agus Cáilíocht in Oideachas Múinteoirí
  • Stádas Clárúcháin: Tá clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta riachtanach
  • Post agus Taithí: Taithí 5 bliana ar a laghad i Scoil nó áit chomhionann
  • Macasamhlú Scoile: Bunscoileanna – Iar-bhunscoileanna – Gaelscoileanna atá maoinithe go poiblí

Deiseanna breise staidéir

Ceannaireacht M.Ed Iarchúraim á forbairt ag Scoil an Oideachais, OÉ Gaillimh

 

SPARÁNTACHTAÍ TAIGHDE AR FÁIL

Meitheamh 16, 2017

 Clár nuálach iarchéime i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach

(ar líne agus ar láthair)

 SPARÁNTACHTAÍ TAIGHDE AR FÁIL

 An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge

Freastalaíonn an clár iarchéime, trasearnála, An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge, go sonrach ar shainriachtanais um fhorbairt ghairmiúil agus ar inniúlachtaí teangeolaíochta na múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Cuirfear an clár seo ar fáil ar bhonn páirtaimseartha thar thréimhse dhá bhliain acadúla, ag tosú arís Meán Fómhair 2017. Bronnfar sparántachtaí taighde COGG ar rannpháirtithe an chláir (suas go €3,000 an mhic léinn in aghaidh na bliana) chun tacú leo táillí an chláir a ghlanadh.

Beidh an fhoghlaim chumaisc mar ghné lárnach, i. cuid den chlár curtha ar fáil ar líne agus an chuid eile curtha ar fáil ar láthair ag an deireadh seachtaine. Cuirfear soláthar for-rochtana san áireamh ag brath ar riachtanais na mac léinn. Mar thoradh ar an gcur chuige cumaisc agus ar dhearadh an chláir, beidh taighdeoirí agus saineolaithe idirnáisiúnta i láthair agus pléifidh siad torthaí agus saincheisteanna nua i réimse an tumoideachais, an oideachais dhátheangaigh agus an dara teanga ar líne leis na mic léinn le linn an chláir.

Glacfar suas le fiche duine ar an gclár sa bhliain acadúil 2017/2018. Glacfar le h-iarrataisí ón lá inniu suas go dtí 28 Meitheamh 2017.

Tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Cuirfear fáilte mhór roimh phlé neamhfhoirmeálta roimh iarratas a chur isteach. Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Dr. T.J. Ó Ceallaigh ag tj.oceallaigh@mic.ul.ie

Next Page »