Méid an Téacs

Dioplóma Gairmiúil i gCeannaireacht Scoile

Meitheamh 29, 2017

• Dioplóma gairmiúil foghlama cumaisc páirtaimseartha (18 mí) é an clár, a chuirtear ar fáil i sé ionad réigiúnacha ar fud na tíre (níl teacht ar shonraí faoi na hionaid réigiúnacha go fóill)

• Déanfar foráil ar leith do mhúinteoirí i ngaelscoileanna in OÉ Gaillimh.
• Cuirfidh DES/CSL tacaíocht ar fáil i dtaobh tháillí an chláir seo.
• Mar chuid den chlár beidh meascán léachtaí, seimineáir sa seomra ranga, ranganna teagaisc ar líne agus foghlaim ar an gcampas (roinnt Satharn agus scoil samhraidh)
Gach eolas anseo 
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne suas go dtí an 13ú Iúil.
Aidhmeanna agus Cuspóirí an chláir

Tá sé mar aidhm ag ábhar agus seachadadh an chláir na nithe seo a leanas a chinntiú:

  • Nascacht idir na comhpháirteanna éagsúla den chlár d’fhonn an bhearna a líonadh idir eolas iontaofa ar theoiric oideachasúil agus forbairt ar inniúlacht ghairmiúil mar cheannairí scoile – fócas ar rannpháirtithe mar fhoghlaimeoirí agus mar cheannairí sa todhchaí;
  • Comhtháthú curaclaim a nascann spriocanna, gníomhaíochtaí foghlama, agus measúnuithe leis an réimse comhthéacsanna atá léirithe sna grúpaí cohóirt;
  • Naisc shoiléire idir ábhar modúl, obair chúrsa agus socrúchán atá pleanáilte go cúramach. Léireoidh tascanna measúnaithe agus critéar marcála é seo i ngach modúl. Beidh sé seo ina príomhpháirt chomh maith in aiseolas rannpháirteach agus i rannpháirtíocht rannpháirtithe agus cleachtóirí in athbhreithniú agus forbairt an chláir;
  • Tiomantas do straitéisí a uasmhéadaíonn foghlaim, aistriú foghlama, agus foirmiú féiniúlachta ceannaireachta. Áiríonn siad seo úsáid a bhaint as cohóirt, oideolaíochtaí teagaisc mac léinn-lárnach, tacaíocht teagascóra agus meantóra agus straitéisí foghlama fadhb-bhunaithe, cosúil le cásmhodhanna, taighde feidhmeach, agus tionscadail, a nascann teoiric agus cleachtas agus a thacaíonn le machnamh i agus trí chomhthéacsanna scoile.

 Torthaí foghlama an chláir

Ach a mbeidh an clár seo críochnaithe ag mic léinn beidh ar a gcumas:

  1. Ceannairí scoile uaillmhianacha a ullmhú don chleachtas mar cheannairí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna na hÉireann
  2. An t-eolas, na scileanna agus an meon atá ag teacht le hoideachas tosaigh ceannaireachta a chothú sa chomhthéacs den contanam oideachais ceannaireachta
  3. Rannpháirtithe an chláir a ullmhú d’oideachas ceannaireachta sa todhchaí i dtéarmaí oideachas gairmiúil leanúnach agus cláir acadúla chreidiúnaithe ag leibhéal máistreachta agus dochtúireachta
  4. Rannpháirtíocht ghníomhach agus chriticiúil a chothú leis an timpeallacht polasaí, cleachtas gairmiúil agus litríocht léannta atá ábhartha do cheannaireacht oideachasúil
  5. Ceannaireacht oideachasúil inbhuanaithe agus pobal foghlama gairmiúla a chruthú agus a chothú do rannpháirtithe an chláir i measc na gcohórt PDSL
  6. Cumas rannpháirtithe a fhorbairt in úsáid príomhchleachtais cheannaireachta ar fud an chláir go háirithe: féinfheasacht, cinnteoireacht, machnamh ar chleachtas, fiosrúchán comhghnímh, léitheoireacht, rannpháirtíocht i líonraí ceannaireachta/pobal foghlama gairmiúla.

Tréithe Céimithe don chlár

  • Smaointeoireacht chriticiúil
  • Smaointeoireacht agus pleanáil straitéiseach
  • Meon agus léargas córasach leathan
  • Leibhéal suntasach féinfheasachta
  • Tiomantas do chothromas agus do cheartas sóisialta

Na Riachtanais Iontrála

  • Riachtanais Iontrála Acadúla: NFQ 8 agus Cáilíocht in Oideachas Múinteoirí
  • Stádas Clárúcháin: Tá clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta riachtanach
  • Post agus Taithí: Taithí 5 bliana ar a laghad i Scoil nó áit chomhionann
  • Macasamhlú Scoile: Bunscoileanna – Iar-bhunscoileanna – Gaelscoileanna atá maoinithe go poiblí

Deiseanna breise staidéir

Ceannaireacht M.Ed Iarchúraim á forbairt ag Scoil an Oideachais, OÉ Gaillimh

Spórt agus Spraoi ag Féilte Peile Gael-Linn 2017!

Meitheamh 28, 2017

Pic 2 Gaelscoil Chill Dara

-Gaelscoil Chill Dara: Bhí ríméad ar fhoireann peile Ghaelscoil Chill Dara tar éis dóibh Féile Peile Gael Linn a bhuachan.  Is i Ráth Chairn ghlas na Mí a bhí féile Laighean ar siúl, Dé Ceadaoin 17/Déardaoin 18 Bealtaine 2017.

S.N.Fionnán

-S.N. Fionnán: An-bhua ag an fhoireann baile, S.N. Fionnán, ag Féile Uladh ar an bhFál Carrach ar an 18/19 Bealtaine!

Pic 2 Scoil Iognáid

-Scoil Iognáid: Foireann Scoil Iognáid ag ceiliúradh a mbua ag Féile Peile Chonnacht in Indreabhán ar an 23/24 Bealtaine lena múinteoirí bródúla

Gaelscoil Mhic Easmuinn

-Gaelscoil Mhic Easmainn: Seaimpíní Fhéile Peile Gael Linn na Mumhan, foireann Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, ag ceiliúradh a mbua ar Pháirc Ghallurais, Corca Dhuibhne ar an 1 Meitheamh  in éineacht lena gcuid múinteoirí ( ar chúl, ó chlé ) Déaglán Ó Cuill, Cáit Uí Churráin agus Colm Ó hAiniféin

Gaelscoil Chluain Meala

Bhí lúchair ar fhoireann Ghaelscoil Chluain Meala Corn Gael Linn a thabhairt leo ag an Féile Peile Gael Linn a bhí ar bun i gColáiste na Rinne ar an 6/7 Meitheamh.

Bhí an-spórt ag daltaí ó ghaelscoileanna agus ó scoileanna Gaeltachta ag Féile Peile Gael Linn 2017 le linn na míonna Bealtaine agus Meitheamh. Cúig fhéile ar fad a eagraíonn Gael Linn go bliantúil le maoiniú ó Foras na Gaeilge- ceann i ngach cúige agus an dara ceann i gCúige Mumhan, chun freastal ar éileamh! I mbliana, bhí na féilte dhá-lá seo ar bun i Ráth Chairn, in Indreabhán, ar an bhFál Carrach, sa Rinn, agus i gCorca Dhuibhne, agus bhí 8 scoil páirteach i ngach ceann acu.

Chomh maith leis na féilte féin, reáchtáladh réamhbhabhtaí cáilithe i mBéal Feirste (i gcomhar le Corn Uí Mhuirí), i gCorcaigh (i gcomhar le Cumann na mBunscoil), sa Cheathrú Rua agus i dTuaim. Idir na réamhbhabhtaí agus na féilte féin, bhí os cionn 60 scoil páirteach, agus suas le 1,100 peileadóir, idir chailíní agus bhuachaillí!

D’imir gach foireann trí chluiche ar a laghad ag gach féile agus chuaigh na buaiteoirí ar aghaidh go dtí na leathchraobhacha agus ansin go dtí an Craobh Cúige. Is iad seo a leanas na foirne buacacha- comhghairdeas leo!:

Féile Laighean, Ráth Chairn: Gaelscoil Chill Dara, An Currach, Co. Chill Dara

Féile Uladh, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall: S.N. Naomh Fionnán, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall

Féile Chonnachta, Indreabhán, Co. na Gaillimhe: Scoil Iognáid, Gaillimh

Féile na Mumhan 1; Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí: Gaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, Co. Chiarraí

Féile na Mumhan 2, An Rinn, Co. Phort Láirge: Gaelscoil Chluain Meala, Co. Thiobraid Árann

Agus ní ar an bpáirc imeartha amháin a bhí an spraoi! Anuas ar na cluichí peile, cuireadh tráth na gceist boird agus céilithe ar bhun do na daoine óga, agus ghlac sár-cheoltóirí, amhránaithe agus rinceoirí ó na scoileanna éagsúla páirt sna ceolchoirmeacha chomh maith! Deis iontach a bhí ann do na scoláirí bualadh le cairde nua ó scoileanna eile, agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh lasmuigh den seomra ranga! Tá Gael Linn an-bhuíoch de na múinteoirí uilig a thug cabhair agus cúnamh le reáchtáil na bhféilte ar aon bhealach, agus ar ndóigh, de coistí áitiúla CLG a chur na háiseanna ar fáil dúinn sna ceantracha éagsúla!

Spórt agus Spraoi ag Féilte Peile Gael-Linn 2017!

Meitheamh 27, 2017

Folúntais le Gaelcholáiste Céitinn

Meitheamh 27, 2017

aerobics class in a gym

Tá múinteoirí Fraincis agus Gaeilge, Mata agus Gaeilge, Eacnamaiocht Bhaile agus Gaeilge, Tíreolaíocht agus Gaeilge agus Mata, Fraincis, Tíreolaíocht agus Eacnamaíocht Bhaile trí Ghaeilge á earcú ag Gaelcholáiste Chéitinn, Cluain Meala. Is gá d’iarrthóirí iarratas a chur isteach faoi 12:00 i.n, 7ú lá Iúil 2017 . Is féidir leat cur isteach ar na folúntais tríd foirm iarratais a íoslódáil ar tipperaryetb.ie.

Caifé Cultúir ag filleadh ar an Leabharlann Náisiúnta!

Meitheamh 27, 2017

Caifé Cultúir 29.06

An bhfuil spéis agat i gcúrsaí cultúir agus ealaíon? Ar mhaith leat do chuid tuairimí a roinnt le daoine eile a bhfuil spéis acu sna healaíona? Bí linn mar sin ag an gCaifé Cultúir 12:30pm Déardaoin seo chugainn 29 Meitheamh sa Chaifé Joly sa Leabharlann Náisiúnta!

Múinteoirí ag teastáil uaidh Coláiste Ghobnatan

Meitheamh 23, 2017

Coláiste Ghobnatan

Tá folúntais ar fáil i gColáiste Ghobnatan i mBaile Mhúirne, Co. Chorcaí. Conradh bliana atá i gceist leis na folúntais. Tá iarratais á ghlacadh uaidh Múinteoirí Bitheolaiocht Agus Eolaiocht Talamhaiochta, Múinteoirí Staire, Múinteoirí Corp Oideachas, Múinteoirí Ealaíne agus Múinteoirí Matamaitice. Is gá iarratais a sheoladh roimh an 6ú lá de Iúil.

Tá folúntas ar son Príomhoide i gColáiste Ghobnatan chomh maith. Conradh buan atá i gceist agus is gá iarratais a sheoladh roimh an 30ú lá de mhí an Mheitheamh.

Is féidir cur isteach ar na folúntais seo tríd an suíomh;

https://portal.etb.ie/pls/cketbliverecruit/erq_search_version_4.start_search_with_params

Folúntais cianda le Langroo

Meitheamh 23, 2017

langroo

Tá múinteoirí agus saorálaithe de dhíth ar chomhlacht nua, Langroo, atá sé mar aidhm acu Gaeilge a mhúineadh trí Facebook Messenger. Beidh freagrachtaí orthu cúnamh a thabhairt le fás an bhranda agus roghanna pacistí a fhorbairt.

Beidh sé de rogha ag foghlaimeoirí físeáin a úsáid agus iad i mbun staidéar agus beidh ranganna  le cainteoirí dhúchasacha ar fáil.

Tá Coláiste na Trionóide agus Oifig Fiontair Áitiúil Co. na Mí ag tacú leis an suíomh nua.

Cé go mbeidh na folúntais ar fad cianda, tá sé de rogha ag múinteoirí obair laistigh den ionad.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh www.langroo.com nó is féidir iarratais a sheoladh chuig hr@langroo.com.

Stiúrthóir Naíonra de dhíth ar Naíonra Nurney

Meitheamh 22, 2017

CV

Tá Stiúrthóir Naíonra ag teastáil uaidh Naíonra Nurney cúig lá sa tseachtain, ón Luan go dtí an Aoine. Is gá cáillíocht FETAC leibhéal a sé a bheith agat.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil uaidh Goretti ar 087 2040354 agus is féidir iarratas a sheoladh chuig littlefolkcreche@yahoo.ie.

Anois atá tú ag caint! – Léitheoir Gréasáin ABAIR

Meitheamh 22, 2017

logo_m

Is seirbhís ar líne é Léitheoir Gréasáin ABAIR a chuireann sintéis téacs-go-hurlabhra (TTS) as Gaeilge ar fáil do shuíomhanna gréasáin. I bhfocail eile, táthar in ann éisteacht leis an téacs agus é á “léamh” amach ós árd ag an ríomhaire.

An fáth a bhfuil sé tábhachtach

Má chuirtear sintéis TTS le suíomh gréasáin, beidh an suíomh sin inúsáidte do dhaoine atá faoi
mhíchumas radhairc. De réir an Achta um Míchumas 2005, §26 (1)(a)), tá ceangal dlí ar chomhlachtaí poiblí é a chur ar fáil ar a gcuid suíomhanna gréasáin an fhad is atá sé indéanta agus iomchuí (“where practicable and appropriate”). Go dtí le gairid, ní raibh sé sodhéanta sintéis TTS don Ghaeilge a chur le suíomhanna gréasáin, fadhb atá réitithe ag Léitheoir Gréasáin ABAIR anois.

Ní daoine atá faoi mhíchumas radhairc amháin a bhaineann úsáid as sintéis TTS. Uaireanta teastaíonn ó dhaoine a bhfuil radharc na súl go maith acu téacs a bheith léite amach dóibh ós árd freisin, altanna i bpáipéir nuaíochta cuir i gcás.

Tréithe
Tá trí ghlór ag Léitheoir Gréasáin ABAIR a fhreagaríonn do trí mhórchanúintí na Gaeilge: Gaeilge Uladh, Gaeilge Chonnacht agus Gaolainn na Mumhan. Tá chuile cheann acu múnlaithe ar ghlór chainteora dhúchais. Is féidir luas na cainte a athrú (go mall, gnáthluas agus go tapa), agus tá uirlis ann a dhéanann focail is abairtí a aibhsiú de réir mar a léitear amach iad.

Gheofar tuilleadh eolais ag www.abair.ie/apps/features.html nó…bain triail as tú féin ag www.abair.ie/apps/testit.html!

Saor in aisce
Tá Léitheoir Gréasáin ABAIR ar fáil saor in aisce le haghaidh úsáid neamhthrádálach. Tá cead é a
úsáid fiú ar shuíomh gréasáin trádálach an fhad is go mbeidh úsáid an Léitheora Ghréasáin saor ó
chostas.

Tá an tionscadal ABAIR (www.abair.ie) maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus COGG.

Eolaíocht do Pháistí!

Meitheamh 22, 2017

Summer poster as gaeilge V2

Beidh Campa Eolaíocht á reachtáil ar son páistí idir a 5 is a 13 mbliana d’aois in Institiúid Teicneolaíochta Sráid Bolton. Deanfar é a thosnú ag a 10:00 is a chríochnú ag a 14:00 ó Luan go hAoine.

Beidh sé bunaithe ar Cheimic, Bitheolaíocht, Fisic agus Innealtóireacht agus beidh costas €150 air.

Beidh rátaí lascaine ar fáil do chlainní le beirt nó níos mó.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh info@anyone4science.com agus www.anyone4science.com, nó is féidir glaoch a chur ar 087-6749608.

Next Page »