Méid an Téacs

FOLÚNTAS: Riarthóir Oifige, Gaeloideachas

Nollaig 12, 2017

gaeloideachas-logo-300x67

Riarthóir Oifige

Conradh 3 Bliana

Duine fuinniúil agus cumasach le sárscileanna idirphearsanta agus cumarsáide, maraon le hardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa atá de dhíth chun obair oifige Gaeloideachas a riar.

Baineann obair Gaeloideachas le cur chun cinn an Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge.

Scála Tuarastail: 17/2015 Oifigeach Cléireachais, €21,879 – €37,341

Foirm iarratais móide sainchuntas poist le fáil trí ríomhphost a chur ag

foluntais@gaelscoileanna.ie nó trí ghlaoch ar 01 8535190.

Spriocdháta le haghaidh iarratais comhlánaithe: Meán lae Déardaoin, 21 Nollaig 2017

 

Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta seo.

www.gaelscoileanna.ie

Foras na Gaeilge logo

FOLÚNTAS: Stiúrthóir Naíonra

Nollaig 8, 2017

Tá Naíonra Ghaelscoil De hÍde ag lorg iarratais do phost mar Stiúrthóir Naíonra.

Ag teastáil

·         Tá líofacht Gaeilge riachtanach don phost seo.

·         Cáilíochta ar a laghad leibhéal 8 i gCúram Leanaí a bheith acu,

·          Taithí a bheith acu ag obair le páistí faoi cúig bhliana d’aois.

DÁTA TOSAITHE: 8 Eanair 2018

 Má tá suim agat sa phost sheol litir Iarratais agus CV chuig naionraghaelscoildehide@gmail.com.

 

Naíonra Ghaelscoil de hÍde.

Ard na Mara, Uarán Mór, Gaillimh.

E-phost naionraghaelscoildehide@gmail.com

Painéal Lucht Féachana & Éisteachta TG4 & RTÉ Raidió na Gaeltachta

Nollaig 7, 2017

Tionscnamh é Fios Físe a bhfuil sé mar aidhm aige tuairimí phobal labhartha na Gaeilge faoi TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta a fhiosrú. Tá Gaeilgeoirí á lorg a bheadh sásta suirbhé beag cúpla nóiméad faoi sceidil TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta a líonadh. Is féidir an suirbhé a líonadh ar do ríomhaire, ar d’fhón póca, iPad, etc. Ní gá go mbreathnaíonn tú ar TG4, nó go n-éisteann tú le Raidió na Gaeltachta, go rialta, le páirt a ghlacadh i Fios Físe. Tá sé
dírithe ar phobal labhartha na Gaeilge ar fud na hÉireann, thuaidh agus theas. Scaiptear an suirbhé uair sa tseachtain.
 
Mar chomhartha aitheantais do na baill a líonann an dialann go rialta reáchtáltar crannchur gach mí. Bíonn duaiseanna breátha ar fáil… 6 Dhearbhán One4all ar luach €100 – €500 le buachan gach mí.
Is maith is fiú bualadh faoi mar sin!
 
Cláraigh ag: http://www.fiosfise.ie/fiosru.asp
Tuilleadh eolais: www.fiosfise.ie
Siobhán Ní Mhaoilchiaráin |Fios Físe – Painéal Lucht Féachana TG4|
|siobhan.nimhaoilchiarain@oegaillimh.ie |Teil: 091 494631 |
 
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Carna
 
Facebook: https://www.facebook.com/fiosfise/

Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2018 – ríméad ar churaidh réigiúnacha !

Nollaig 7, 2017

Reáchtáladh an dá Chraobh Réigiúnach de chuid Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2018 ar na mallaibh -Dé Máirt, 5 Nollaig in Amharclann an Gharáiste, Muineachán agus Dé Céadaoin, 6 Nollaig san Óstán South Court, Luimneach. Tá Comórtas Uí Chadhain á reáchtáil ag Gael Linn do iar-bhunscoileanna a ndéantar an teagasc iontu trí Ghaeilge, agus bhí suas le 50 foireann páirteach ann ó thús na scoilbhliana seo.

Bhí foirne sóisearacha agus sinsearacha ó Ghaelcholáiste Dhoire, Dún Geimhin, Co. Dhoire, Coláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath, Coláiste Oiriall, Muineachán, Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair, Co. Chorcaí, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. an Gaillimhe, Scoil Chuimsitheach Cjhiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Coláiste Íde, Daingean Uí Chúis, Gaelcholáiste na Mara, An tInbhear Mór, Co. Chill Mhantáin agus Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall páirteach sna babhtaí.

‘Tá an troid ar son chaomhnú na timpeallacht á cailliúint againn in Éirinn!’  an rún a bhí le plé ag na sóisir, agus bhí an t-ábhar tráthúil ‘Tá an ciníochas go forleathan in Éirinn go fóill !’ faoi chaibidil ag na sinsir. Bhí na cainteoirí uilig ullmhaithe go hiontach ag a gcuid múinteoirí maithe, agus bhaineadar ar ar fad ardchaighdeán díospóireachta amach. Bronnadh gradaim aitheantais ar na rannpháirtithe ar fad.

 Bhí jab fíordheacair le déanamh ag na moltóirí ag an dá ócáid chun na buaiteoirí a roghnú,  ach bhí ríméad ar na foirne díospóireachta seo a leanas ( agus ní in aon ord ar leith atá siad ! ) nuair a fógraíodh go mbeadh siad  ag dul ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann, a reáchtálfar i mBaile Átha Cliath ag deireadh mhí Eanáir 2018:

Roinn na Sóisear: Gaelcholáiste Dhoire, Dún Geimhin, Co. Dhoire, Coláiste Oiriall, Muineachán, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua

Roinn na Sinsear:  Coláiste Eoin, Baile Átha Cliath, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua

Beidh deis ag na foirne uilig ar phríomhdhuaiseanna arbh fhiú €1,000 iad a thabhairt leo, mar aon le Corn Uishne i Roinn na Sóisear agus Corn Gael Linn i Roinn na Sinsear, ar an lá sin.

Treise leo uilig !

TAIGHDE: ‘Effectiveness of Apps and Webgames in the area of education through Irish or in the area of teaching Irish’

Nollaig 6, 2017

Féach anseo chun suirbhé a dhéanamh.

https://www.surveymonkey.com/r/WebGamesApps

Tá 19 gceist le freagairt. Tógfaidh sé 4 nóiméad. Tá an suirbhé i mBéarla.

Tá mé ag scríobh tuairisce ar ‘effectiveness of Apps and Webgames in the area of education through Irish or in the area of teaching Irish’.

Ba mhaith liom go mbeadh an teanga níos easca le húsáid ar scoil agus taobh amuigh den scoil trí mheán na n-aipeanna ilmheánacha seo

Deirtear go bhfuil buntáistí éagsúla ag páistí tar éis a bheith ag súgradh le cluichí gréasáin agus aipeanna agus tá mé ag iarraidh níos mó eolais a bhailiú agus fiosrú a dhéanamh ar an gceist seo.

Bheinn an-buíoch díot dá mbeifeá sásta páirt a ghlacadh sa stáidéar.

Ba mhaith liom go ndéanfadh múinteoirí an suirbhé seo – roimh an 14ú Nollaig 2017.

Tá gach píosa eolais a bhfuil baint aige leis an duine a thugann faoin suirbhé seo go hiomlán faoi rún.

Go raibh míle maith agat as do chuid ama agus cabhrach. Má tá aon cheist agat, déan teagmháil liom ar survey@tapafocail.ie, freagróidh mé taobh istigh de 24 uair an chloig.

Aidan Harney, Taighdeoir

COGG

Maoinithe ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, (COGG).

An-Scléip i ‘Clasach’!

Nollaig 1, 2017

Bhí amharclann Clasach, Cluain Tarbh, beo beathaíoch ar an Aoine, 1 Nollaig, seo caite agus an réamhbhabhta deireanach de chuid  an chomórtais tallainne, Scléip 2018, ar bun !  Tá an comórtas á eagrú ag Gael Linn do iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ar fud na tíre, le maoiniú ó Foras na Gaeilge.
Bhí iomaitheoirí ó deich ( 10 ) Gaelcholáiste i gCúige Laighean i láthair don ócáid,  agus toisc an t-ardú ollmhór atá tagtha ar líon na rannpháirtithe i mbliana, bhí an dara halla in úsáid do na comórtais aonaracha, fiú !

Bhí scoláirí ó Bhaile Átha Cliath -Scoil Chaitríona, Glasnaíon, Coláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair, Coláiste Cois Life, Leamhcán, Coláiste de hÍde, Tamhlacht, Coláiste Chilliain, Cluain Dolcáin, Gaelcholáiste Reachrann, Baile Dúilll, Coláiste Ghlór na Mara, Baile Brigín – mar aon le  scoláirí  a thaisteal ó Chill Dara agus ó Cheatharlach, i measc na n-iomaitheoirí a rinne  léiríu ar sceitsí, ar rince chruthaitheach, agus ar cheol agus amhránaíocht chomhaimseartha.

Jessica Dingle ó Choláiste Íosagáin – duine de bhuaiteoirí an chomórtais ‘Amhránaíocht Comhaimseartha le féintionlacan ( Aonair  ) – Sóisear’.

Jessica Dingle ó Choláiste Íosagáin – duine de bhuaiteoirí an chomórtais ‘Amhránaíocht Comhaimseartha le féintionlacan ( Aonair ) – Sóisear’.

GG 9 Tadhg Ó GrifiínTHUMBNAIL

Bhí Tadhg Ó Grifín ó Ghaelcholáiste Cheatharlach an-sásta lena lá ag réamhbhabhta ‘Scléip 2018’ – beidh sé san iomaíocht anois sa chomórtas amhránaíochta sinsearach ag an gcraobhchomórtas i mí Eanáir!

An grúpa ‘Ré Nua’ ó Scoil Chaitríona, Glasnaíon ar ardán ag an réamhbhabhta – beidh siad le cloisteáil arís sa chomórtas do ghrúpaí sóisearacha ag an gcraobhchomórtas ar an 31 Eanáir 2018 !

An grúpa ‘Ré Nua’ ó Scoil Chaitríona, Glasnaíon ar ardán ag an réamhbhabhta – beidh siad le cloisteáil arís sa chomórtas do ghrúpaí sóisearacha ag an gcraobhchomórtas ar an 31 Eanáir 2018 !

Roghnaíodh Mia, Sophie agus Alannah ó Choláiste Cois Life, Leamhcán, le dul ar aghaidh go craobhchomórtas ‘Scléip 2018’ sa rannóg shóisearach den chomórtas do ghrúpaí amhránaíochta le féintionlacan.

Roghnaíodh Mia, Sophie agus Alannah ó Choláiste Cois Life, Leamhcán, le dul ar aghaidh go craobhchomórtas ‘Scléip 2018’ sa rannóg shóisearach den chomórtas do ghrúpaí amhránaíochta le féintionlacan.

Bhain an lucht féachana mhór ard-taitneamh as an seó bríomhar ó thús deireadh!  Tugadh an-tacaíocht do gach réalta óg a chuaigh ar stáitse,  cé go raibh teannas an chomórtais le brath anois is arís, agus bronnadh teastais molta orthu uilig!  Ba iad Máire Uí Mhurchú ( Rinceoir), Síle Ní Dhuibhne ( Dramadóir ), Enda Reilly ( cumadóir/amhránaí ) agus Pádraig Ó Conghaile ( nó MC Muipéad  ón ngrúpa IMLÉ! )  a bhí ag moltóireacht, agus bhíodar aontaithe gurb iad na míreanna a leanas a leanfadh na buaiteoirí ó réamhbhabhtaí an iarthair, an deiscirt agus an tuaiscirt  go hamharclann Clasach arís don chraobhchomórtas ar an gCéadaoin, 31 Eanáir 2018 – scaoileadh dhá mhír ar aghaidh chuig an chraobh in aon rannóg d’aon chomórtas ina raibh 6 iomaitheoir/grúpa nó níos mó páirteach ann ( ní in aon ord ar leith ! ):

Rince Cruthaitheach – ( Grúpaí ) Sóisear :
1.‘Eitre na Fuaime’, Gaelcholáiste Cheatharlach

Rince Cruthaitheach – ( Grúpaí ) Sinsear :
1. ‘Eiliminteach’, Gaelcholáiste Cheatharlach
Sceitse Nuachumtha:
1. ‘An Toghchán’, Gaelcholáiste Chill Dara
Slua-amhránaíocht:
1. ‘Despacito’, Scoil Chaitríona, Glasnaíon

Amhránaíocht Comhaimseartha le féintionlacan ( Aonair ) Sóisear:
1. Jessica Dingle, Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair
2. Shónagh Ní Threabhair, Gaelcholáiste Cheatharlach
Amhránaíocht Comhaimseartha le féintionlacan (Aonair ) Sinsear:
1. Sorcha Bríd Ní Chroidheán, Coláiste Chilliain, Cluain Dolcáin
2. Tadhg Ó Grifín, Gaelcholáiste Cheatharlach
Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sóisear ):

1.Conall Mac Eochagáin, Scoil Chaitríona, Glasnaíon

Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sinsear ):
1. Tadhg Páirceir, Coláiste Cois Life, Leamhcán

Amhránaíochta Comhaimseartha le féintionlacan (Grúpaí) Sóisear:

1.‘Ré Nua’, Scoil Chaitríona, Glasnaíon
2. Mia, Sophie & Alannah, Coláiste Cois Life, Leamhcán
Amhránaíochta Comhairseartha le féintionlacan (Grúpaí) Sinsear:

  1. ‘Fanacht siar’, Scoil Chaitríona, Glasnaíon
  2. ‘Taboo’, Gaelcholáiste Cheatharlach

Treise leo uilig agus lena gcuid múinteoirí a spreag iad le bheith páirteach sa chomórtas !

An Dara Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas

Nollaig 1, 2017

Beidh An Dara Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas – An Tumoideachas: Deiseanna agus Dea-chleachtais,  ar siúl i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach ar an 18-19 Bealtaine 2018. Tá an chomhdháil eagraithe i gcomhpháirt le:

  • Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh
  • An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta
  • Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí
  • Gaeloideachas
  • Foras na Gaeilge
  • Comhairle na Gaelscolaíochta.

Cíorfaidh an chomhdháil ceisteanna a bhaineann leis an tumoideachas agus beidh páipéir agus póstaeir faoi na snáitheanna a leanas curtha ar fáil:

  • An Teagasc, an Fhoghlaim agus an Measúnú a nascadh sa Tumoideachas
  • Féinmheastóireacht Scoile, Ceannaireacht agus Forbairt Oideoirí
  • Beartas agus Nuálaíocht i bPobail Dhátheangacha/Ilteangacha

Tabharfaidh An Dara Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas deis do theangeolaithe, do thaighdeoirí, d’oideoirí an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta iniúchadh a dhéanamh ar shaincheisteanna agus ar fhorbairtí comhaimseartha ag leibhéil éagsúla le súile úra.

Tugann an suíomh  léargas cuimsitheach ar ghnéithe éagsúla na comhdhála.

Tá an ghairm ar pháipéir ar siúl faoi láthair.

Táimid ag súil go mór le bualadh leat ag an gcomhdháil.

Bí linn.

An Dr. T.J. Ó Ceallaigh

Stiúrthóir na Comhdhála
An Roinn um Oideachas Teanga agus Litearthachta,
Coláiste Mhuire gan Smál,
Luimneach.

Scléip 2018 -Míreanna Mealltacha i Muineachán!

Nollaig 1, 2017

Bhí  míreanna mealltacha ar ardán i Muineachán inniu, Déardaoin, 30 Samhain 2017, ag réamhbhabhta an tuaiscirt de chuid Scléip Gael Linn 2018! Reáchtáladh an ócáid in Amharclann an Gharáiste ar an mbaile.  Is comórtas tallainne é Scléip atá á eagrú go sonrach do na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, agus atá dírithe ar na healaíona comhaimseartha.
Bhí scoláirí ó na hiar-bhunscoileanna Gaeltachta, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall agus Coláiste Pobail Ráth Chairn, Co. na Mí i láthair, mar aon le hiomaitheoirí ó Choláiste Oiriall, Muineachán, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn agus  Coláiste Lú, Dún Dealgan,  buíochas leis na múinteoirí maithe ar fad a spreag iad !  Bhí atmaisféar iontach san amharclann, agus ba léir gur bhain an lucht féachana an-sult as a chuir na  rinceoirí, aisteoirí, amhránaithe agus ceoltóirí óga ós a gcomhair i rith an lae. Thug na moltóirí,  Tomaí Ó Conghaile, Nós, agus Edel Ní Churraoin, Raidió Fáilte, ard-mholadh do na rannpháirtithe uilig as a gcuid léirithe, agus roghnaigh siad na míreanna a leanas le dul ar aghaidh go dtí craobhchomórtas Scléip ar an gCéadaoin, 31 Eanáir 2018 in amharclann Clasach, Baile Átha Cliath – comhghairdeas leo uilig !
Tá neart grianghraif ón ócáid le feiceáil ar leathanach Facebook Scléip Gael Linn !

 

GG 2 Grúpa ChiaraTHUMBNAIL

Grúpa Chiara ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, Tír Chonaill, a tháinig sa chéad áit sa chomórtas ‘Rince Cruthaitheach – Sóisear’

GG 6 Aisling Nic LochlainnTHUMBNAIL

Aisling Nic Lochlainn, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn – buaiteoir an chomórtais ‘Ceol Comhaimseartha Aonair – Sóisear’

GG 17 Na hEalaí Dubha THUMBNAIL

Bhuaigh an grúpa ‘Smugaire Róin’ ó Choláiste Pobail Ráth Chairn, Co. na Mí an comórtas sinsearach do ghrúpaí amhránaíochta le féintionlacan

GG 24 Smugairle RóinTHUMBNAIL

‘Na hEalaí Dubha’ ó Choláiste Lú, Dún Dealgan ar stáitse – cháiligh siad do chraobhchomórtas Scléip 2018 a bheidh ar siúl i mBÁC ar an 31 Eanáir 2018 !

Rince Cruthaitheach – ( Grúpaí ) Sóisear:
1. Grúpa Chiara, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

Rince Cruthaitheach – ( Grúpaí ) Sinsear:
1. ‘Spleodar’, Coláiste Oiriall, Muineachán

Sceitse Nuachumtha:
1. ‘Meascán Mearaí’, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sóisear ):
1. Aisling Nic Lochlainn, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn

Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sinsear ):
1. Ruairí Mac Lochlainn, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn

Slua-amhránaíocht:
1. ‘Gliondar’, Coláiste Lú, Dún Dealgan

Amhránaíocht Comhaimseartha le féintionlacan ( Aonair ) Sóisear:
1. Emma Nic an Bhreithiún, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

Amhránaíocht Comhaimseartha le féintionlacan ( Aonair ) Sinsear:
1. Amy Ní Chléirigh, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn

Amhránaíocht Comhaimseartha le féintionlacan ( Grúpaí ) Sóisear:
1. ‘Na hEalaí Dubha’, Coláiste Lú, Dún Dealgan, Co. Lú

Amhránaíocht Comhaimseartha le féintionlacan ( Grúpaí ) Sinsear:
1. ‘Smugairle Róin’, Coláiste Pobail Ráth Chairn, Co. na Mí