Méid an Téacs

Folúntas: Gaelscoil Chluain Meala

Samhain 28, 2014

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19173/

Gaelcholáiste Mhuire(A.G.)

Samhain 28, 2014

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/11045/

Folúntas: Gaelscoil Thaobh na Coille

Samhain 26, 2014

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19163/

Folúntas: Gaelscoil Bhríde

Samhain 26, 2014

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19164/

Folúntas: Naíscoil Ghleann an Iolair

Samhain 26, 2014

Fostaíocht ar fáil i Naíscoil Ghleann an Iolair

Cúntóir Naíscoile 8.30 – 13.00, 5 Lá sa tSeachtain

Déan teagmháil le naiscoilghleannaniolair2013@gmail.com

Scléip Gael Linn 2015 faoi lánseoil!

Samhain 26, 2014

Cuireadh tús spleodrach le Scléip Gael Linn 2015 i mBaile Átha Cliath le déanaí – comghairdeas leis na hiomaitheoirí uilig a bhí rannpháirteach !

Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge. Cuireann sé béim ar na healaíona comhaimseartha agus ar chruthaitheacht agus ar chumadóireacht na rannpháirtithe. Bíonn deis ag daltaí ceol, amhráin, cóiréagrafaíocht agus sceitsí nuachumtha a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre.

Reáchtáladh réamhbhabhta réigiúnach an oirthir de Scléip in amharclann Clasach, Fionnradharc, Baile Átha Cliath ar an Mháirt, 24 Samhain. Bhí Gaelcholáistí ó Bhaile Átha Cliath – Coláiste Cois Life, Leamhcán, Coláiste de hÍde, Tamhlacht, Coláiste Ghlór na Mara, Baile Brigín, Coláiste Chilliain, Cluain Dolcáin, Gaelcholáiste Reachrann, Domhnach Míde, Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair agus Scoil Chaitríona, Glasnaoin – mar aon le Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh, Gaelcholaiste Chill Dara, Nás na Ríogh agus Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh, i láthair. Cuireadh míreanna de ardchaighdeán ar stáitse i ngach comórtas, agus thug na moltóirí, Cian Mac Cárthaigh agus Sibéal Davitt, ard-mholadh do na ceoltóirí, aisteoirí agus rinceoirí uilig a chur taispeántais iontacha os comhair an lucht féachana mhóir. Rachaidh na buaiteoirí a leanas ar aghaidh go dtí an craobhchomórtas ar an 24 Eanáir 2015, san ionad céanna.

Sceitse -Sóisear: Coláiste Cois Life, Leamhcán
Sceitse – Sinsear: Gaelcholáiste Reachrann, Domhnach Míde
Rince Cruthaitheach –Aonair (Sóisear): Síofra Ní Luing, Gaelcholáiste Chill Dara, Nás na Ríogh
Rince Cruthaitheach – Grúpaí ( Sóisear ): Cillian, Mia agus Chloe, Coláiste Cois Life, Leamhcán
Rince Cruthaitheach – Grúpaí (Sinsear): Laoise, Tara agus Holly, Coláiste Cois Life, Leamhcán
Ceol Comhaimseartha –Aonair ( Sóisear): Affia Ní Fhaoláin, Coláiste de hÍde, Tamhlacht & Andi Snyder, Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh
Ceol Comhaimseartha – Aonair ( Sinsear ): Sophia Desay, Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair & Eoin Snyder, Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh
Ceol Comhaimseartha -Grúpaí (Sóisear): Emma de Róiste agus Annmarie Benéid, Coláiste Íosagáin,Baile an Bhóthair & ‘Na Fómharaigh’, Coláiste Pobail Ráth Chairn
Ceol Comhaiseartha – Grúpaí ( Sinsear ): ‘Na hEochracha’, Scoil Chaitríona, Glasnaíon & ‘An bhuíon gan Chewy’, Meánscoil Gharman, Loch Garman
Comórtas Ilchineálach -Aonair agus Grúpa ( Sóisear): Grúpa aclaíochta Choláiste Cois Life, Leamhcán

Beidh réamhbhabhtaí réigiúnacha eile á n-eagrú i gCultúrlann Uí Chanainn, Doire ar an Déardaoin, 27 Samhain 2014, sa Firkin Crane, Corcaigh, Déardaoin, 4 Nollaig, 2014, agus i dTaibhdhearc na Gaillimhe ar an Aoine, 5 Nollaig, 2014, agus fógrófar na torthaí in am tráth !

Coinnigh súil amach ar leathanach Facebook Scléip Gael Linn do ghrianghraif ó na hócáidí éagsúla.

NaEochracha.1

unnamed

unnamed (1)

unnamed (2)

Óráid an Ard-Rúnaí An Roinn Oideachais agus Scileanna, Seán Ó Foghlú ag Seimineár na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)

Samhain 25, 2014

Seimineár agus Seoladh Leabhair

Réamhrá
A dhaoine uaisle agus a chairde; is ábhar lúcháire domsa a bheith anseo in bhur measc inniu, ag an ócáid speisialta seo, leis an leabhar, Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach, a sheoladh. Ba mhaith liom fíorbhuíochas a ghabháil le Cathaoirleach agus le Príomhfheidhmeannach COGG, John Carr agus Muireann Ní Mhóráin,, as an chuireadh seo le labhairt libh ag an cheiliúradh thábhachtach seo.

Bhéarfaidh an seimineár inniu deis ar leith daoibh le plé agus díospóireacht a bhunú thart ar phríomhthátail an taighde spéisiúil seo, ar shaincheisteanna ábhartha Gaeltachta, agus ar na dúshláin a bhaineann le sealbhú na Gaeilge mar mhionteanga.

Tá sé tráthúil go bhfuil an saothar seo á fhoilsiú an uair atá athbhreithniú ar an oideachas Gaeltachta ar bun ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Tá sé i gceist ag an Roinn anailís chúramach a dhéanamh ar phíomhthátail an taighde atá á sheoladh inniu, chomh maith le taighde ábhartha eile, mar chuid den athbhreithniú ar oideachas sa Ghaeltacht.

Tréaslaím leis na taighdeoirí ó Ollscoil na Gaillimhe a thug an mórshaothar seo chun críche- Tamás Péterváry, Brian Ó Curnáin, Conchúr Ó Giollagáin agus Jerome Sheahan. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do COGG chomh maith as an taighde a choimisiúnú agus a mhaoiniú. Níl dabht ar bith ach go bhfuil tacaíocht COGG le taighde a mhaoiniú tar éis cuidiú go mór lena chinntiú go bhfuil taighde ábhartha ar chúrsaí Gaelscolaíochta agus ar an oideachas Gaeltachta ar fáil go réidh d’oideachasóirí agus do lucht deartha polasaí.

Freagra ar chinntí an taighde
Is é mo bharúil go bhfuil go leor ábhar machnaimh sa leabhar seo. Bhéarann sé léargas dhomhain dúinn ar na saincheisteanna a bhaineann le sealbhú an dátheangachais i gcomhthéacs na Gaeltachta, agus ar na dúshláin i leith na Gaeilge mar mhionteanga. Tá sé ríshoiléir ón taighde seo fosta nach eisceacht í Éirinn, agus go bhfuil na dúshláin agus na saincheisteanna céanna, os coinne achan mhionteanga dhúchais ar fud an domhain.
Léirítear sa taighde na himpleachtaí móra a bhaineann le luath shealbhú an Bhéarla ar shealbhú na Gaeilge sa chomhthéacs dhátheangach i bpobail Ghaeltachta in a bhfuil an Ghaeilge láidir iontu go fóill.

Cinnte, is ábhar buartha é do thuismitheoirí agus d’oideachasóirí araon go léirítear sa taighde úr seo go bhfuil cumas ginearálta níos ísle sa Ghaeilge ag cainteoirí óga dúchais i gcomparáid lena gcumais sa Bhéarla. Ní ábhar iontais é gur mó an tionchar teangeolaíochta a imríonn a dteanga cheannasach (Béarla) ar an Ghaeilge, ná an tionchar a imríonn an Ghaeilge ar a gcuid Béarla. Is léir fosta ón taighde seo nach ionann ardchumas líofachta, agus ardleibhéal inniúlachta sa Ghaeilge do chainteoirí dúchais agus d’fhoghlaimeoirí na teanga agus go bhfuil riachtanais ar leith teanga ag cainteoirí dúchais.

Bhéarann an taighde seo dúshlán don chóras oideachais aird ar leith a dhíriú ar fhorbairt inniúlacht teanga na gcainteoirí óga dúchais Gaeilge.
Mar a luaigh mé cheana féin, dhéanfaidh an Roinn machnamh ar na smaointe agus ar na moltaí úra seo i bhfianaise an scrúdú atá déanta ar thaighde eile agus ar fhoinsí eile mar chuid den athbhreithniú ar an oideachas Gaeltachta ag an Roinn. Beidh ar an Roinn aird a dhíriú ar impleachtaí feidhmithe na moltaí seo ar fhorbairt phearsanta agus shóisialta na gcainteoirí óga dúcháis agus an tionchar a bheadh ag na moltaí ar idirghníomhú na gcainteoirí seo le cainteoirí nach cainteoirí dúchais iad in a bpobal féin.

Caithfimid aird a dhíriú chomh maith ar indéantacht phraiticiúil feidhmithe moltaí an taighde sa chomhthéacs in a bhfuil an líon beag cainteoirí dúchais scaipithe amach ón a chéile agus sa chomhthéacs fisceach reatha.

Tuigtear dúinn sa Roinn go gcaithfear comhordú níos fearr a dhéanamh ar na hacmhainní agus na tacaíochtaí atá ar fáil cheana féin lena chinntiú go mbainfear an tairbhe is fearr astu ar mhaithe leis an oideachas i limistéir Ghaeltachta.

Níl dabht ar bith ann ná go bhfuil ról lárnach ag an chóras oideachais leis an teanga a chosaint agus a chothú i measc aos óg na Gaeltachta agus le dul i ngleic leis na dúshláin ó thaobh sealbhú na teanga i measc cainteoirí óga mar a léirítear sa taighde seo. Mar a admhaítear sa taighde seo, is dóiche go mbeadh cumas Gaeilge na ndaltaí i bhfad níos laige ach go beith an soláthar oideachais agus iarrachtaí na scoltacha maidir le cothú agus slánú na teanga.

Aontaím leis an tuairim sa leabhar seo nach leor a bheith ag brath ar an chóras oideachais foirmeálta amháin leis an teanga a chaomhnú agus go bhfuil tionchar láidir ag an phobal ar iompraíocht agus sóisialú teanga an aosa óig.

Straitéis 20 Bliain
Ba mhaith liom a dheimhniú go bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna iomlán dírithe ar bheart a dhéanamh de réir ár mbriathar do threisiú agus d’fhorbairt an oideachais Ghaeltachta agus an oideachais lán-Ghaeilge i bhfianaise an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an Acht Gaeltachta. Níl dabht ar bith ná go dtugann an Straitéis Fiche Bliain treoir shoiléir fhadradharcach don Stát ar na réimsí gníomhaíochta atá a dhíth chun leasa na Gaeilge agus na Gaeltachta, sna blianta atá romhainn.

Tá an Roinn Oideachais ag obair leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun na spriocanna oideachais sa Straitéis a bhaint amach.
Tá beartais ar bun ag an Roinn Oideachais de réir an Straitéis Fiche Bliain a rachaidh chun leasa an oideachais i limistéir Ghaeltachta. Baineann na beartais seo le forbairtí curaclaim, measúnachta agus oideachas múinteoirí go háirithe. Dar ndóighe, thig a bheith ag súil go dtiocfaidh go leor beartas eile as athbhreithniú na Roinne ar an oideachas Gaeltachta.

Beartais churaclaim
Aithnítear sa Straitéis Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta an tábhacht a bhaineann le curaclam Gaeilge a fhorbairt a dhíríonn aird ar riachtanais na bhfoghlaimeoirí i scoltacha lán-Ghaeilge, lena n-áirítear foghlaimeoirí arb í an Ghaeilge an chéad teanga acu.

Ag an mbunleibhéal, beidh curaclam teanga comhtháite úr don Ghaeilge agus don Bhéarla do naíonáin go rang dó á fhoilsiú an bhliain seo chugainn agus á chur i bhfeidhm ag scoltacha an bhliain ina dhiaidh sin. Táimid muiníneach go bhfreastalóidh sé ar riachtanais ar leith teanga agus foghlama na scoláirí i scoltacha Gaeltachta, lena n-áirítear cainteoirí dúchais.

Ag leibhéal na hiar-bhunscoile, tá sonrúchán úr á fhorbairt don Ghaeilge sa tSraith Shóisearach a chuirfear i bhfeidhm i scoltacha i Meán Fomhair 2016. Leagfar béim ar leith sa sonrúchán ar leith ar mheasúnú na teanga labhartha. Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ag cur grúpa oibre le chéile le gearrchúrsa úr sa Ghaeilge a fhorbairt. Bhéarfaidh an gearrchúrsa úr seo deis do scoláirí i scoltacha lán-Ghaeilge staidéar agus aitheantas a fháil ar rannpháirtíocht níos saibhre le gnéithe breise na teanga thar an sonrúchán comónta don Ghaeilge.

Tá a fhios agam gur mór an chuidiú é do ghaelscoileanna agus scoltacha Gaeltachta ag an bhunleibhéal, an clár breá teanga Seidéan Sí a bheith ar fáil le tacú le múineadh na Gaeilge. Le cuidiú le múinteoirí an clár seo a úsáid ar bhonn níos leithne, tá pleananna á gcur i bhfeidhm ábhair léitheoireachta an chláir a dhigitiú agus a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin.

Chomh maith leis sin, tá céimeanna á ghlacadh ag an Roinn curaclam na bunscoile a bhunú go reachtúil. Tá sé ar intinn ag an Roinn go gceadófar tréimhse lán- tumoideachais luath sna naíonáin. Táthar ag amharc ar na féidearthachtaí a bhaineann le tréimhse sínte lántumoideachais a cheadú sna naíonáin i bhfianaise an scrúdú atá déanta ar thaighde náisiúnta agus idirnáisiúnta mar chuid den athbhreithniú ar oideachas Gaeltachta.

Beartais mheasúnaithe
Ó thaobh measúnachta ar an Ghaeilge de, is mór an áis é go bhfuil trialacha caighdeánaithe sa léitheoireacht Ghaeilge ar fáil anois ón Fhoras Taighde ar Oideachas do bhunscoltacha na tíre uilig, lena n-áirítear trialacha atá deartha de réir noirm na scoltacha lán-Ghaeilge. Ó thaobh forbairt na Gaeilge de, is mór an dul chun cinn é go bhfuil torthaí na dtástálacha á roinnt le tuismitheoirí agus á n-úsáid mar chuid de phróisis phléanala scoile agus de phróisis féinmheastóireachta scoile.

Tá sé i gceist chomh maith, in earrach na bliana 2018, tús a chur le tástáil chaighdeánaithe sa léitheoireacht Ghaeilge do scoláirí na dara bliana i scoltacha lán-Ghaeilge mar chuid den tSraith Shóisearach nua. Tugann an sonrúchán úr agus na tástálacha caighdeánaithe sa léitheoireacht i nGaeilge deis luachmhar na gnéithe uile de theagasc, d’fhoghlaim agus de mheasúnú na scileanna litearthachta Gaeilge a thabhairt le chéile. Is cinnte,, leis na tástálacha caighdeánaithe a dhéanfar sa dara bliain, déanfar sonraí a sholáthar a bheidh an-fhiúntach maidir le forbairt scileanna litearthachta na scoláirí agus iad leath bealaigh tríd an tSraith Shóisearach.

Beartais- oideachais múinteoirí
Tá beartais ar leith ar bun lena chinntiú go bhfuil soláthar cuí múinteoirí ann, ar féidir leo múineadh go hinniúil trí mheán na Gaeilge. Mar shampla, cuireann an Roinn fáilte mhór roimh na cúrsaí iarchéime ag leibhéal máistreachta bunaithe ar an tumoideachas agus ar an oideachas trí Ghaeilge atá ar fáil anois do mhúinteoirí ag Institiúidí Oideachais éagsúla. Is cinnte go dtugann na cúrsaí seo deiseanna luachmhara do mhúinteoirí chun cur lena gcuid inniúlachta agus a gcuid tuisceana ó thaobh múineadh trí Ghaeilge agus gur chun leasa an oideachais trí Ghaeilge a leithéid a bheith ann.

Is eol dom chomh maith go bhfuil spéis léirithe ag Institiúid Ardoideachais amháin, ar a laghad, le cúrsaí oideachais tosaigh múinteoirí (OTM) a chur ar fáil go hiomlán trí Ghaeilge, ag leibhéal na bunscoile. Is eol dom chomh maith go bhfuil iarrachtaí ar bun ag leibhéal na hiar-bhunscoile, cur le líon na mac léinn a fhreastalaíonn ar an chlár oideachas tosaigh múinteoirí a mhúintear trí mheán na Gaeilge. Cé nach bhfuil ach plé ar siúl faoi láthair, tacaíonn an Roinn i bprionsabal lena leithéid de thograí. Dar ndóighe, beidh ar an Roinn scrúdú á dhéanamh ar indéantacht agus inmharthanacht na dtograí seo, maidir le hacmhainní agus soláthar múinteoirí.

Athbhreithniú ar Oideachas sa Ghaeltacht
Anois ba mhaith liom uasdátú a thabhairt daoibh fán athbhreithniú ar oideachas sa Ghaeltacht atá ar siúl ag an Roinn faoi láthair ar mhaithe le roghanna a aithint ó thaobh soláthar an oideachais i mbunscoltacha agus in iar-bhunscoltacha Gaeltachta.

Tá ceithre mhór réimse sa tionscadal athbhreithnithe seo:
1. iniúchadh ar thaighde náisiúnta agus idirnáisiúnta
2. cás-stáidéir ar pholasaithe agus ar chleachtais sna scoltacha
3. iniúchadh ar éileamh agus ar sholáthar an oideachais ag leibhéal na réamhscoile, na bunscoile agus na hiarbhunscoile
4. comhairliúchán le páirtithe leasmhara

Tá téarmaí tagartha an athbhreithnithe ar fáil ar shuíomh na Roinne Oideachais agus Scileanna.
Tá lúcháir orm a rá gur mór an dul chun cinn atá déanta maidir le hobair an athbhreithnithe a thabhairt chun críche. Faoi láthair, tá athbhreithniú déanta ar thaighde a foilsíodh sa tír seo agus dréacht-thuarascáil curtha le chéile. Tá tuarascáil eile réidh ag buíon taighdeoirí ó Choláiste Phádraig ar thaighde idirnáisiúnta ar na beartais agus ar na cleachtais i ndlínsí eile. Tá dréacht-thuarascáil réidh chomh maith ag an Chigireacht ar chás-staidéir ar an chleachtas trí mheán na Gaeilge i sampla de scoltacha. Anuas ar sin, tá anailís mhapála déanta ar an soláthar agus ar an éileamh ar oideachas sa Ghaeltacht sna limistéir phleanála teanga úr atá sainaitheanta faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Gné tábhachtach den athbhreithniú ná go bhfuil sé ag dul ar aghaidh ar bhonn comhairliúcháin. Agus na téarmaí tagartha á n-ullmhú, chuaigh muid i gcomhairle leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus le baill an Ghrúpa Ardleibhéil faoin Straitéis 20 Bliain ar a bhfuil Foras na Gaeilge, COGG agus Údarás na Gaeltachta. Cuireadh agallaimh ar pháirtithe éagsúla idir bhainisteoirí, phríomhoidí, mhúinteoirí, thuismitheoirí, scoláirí agus eagraíochtaí sa phobal nuair a bhí na cás-stáidéir ar bun sna scoltacha. Tá sé ar intinn dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara Gaeilge agus Gaeltachta ar an stáitse náisiúnta agus go háitiúil nuair a bheidh plécháipéis réidh go luath i 2015. Beidh COGG ag cuidiú leis an Roinn an próiseas comhairliúcháin a chur i bhfeidhm.

Ag eascairt as an athbhreithniú, beimid ag súil le polasaí cuimsitheach soiléir a rachaidh chun tairbhe riachtanais oideachais agus teanga foghlaimeoirí sna scoltacha Gaeltachta agus a thacóidh le hiarrachtaí tuismitheoirí agus pobail Ghaeltachta an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga teaghlaigh agus phobail.

Críoch
Mar fhocal scoir, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le húdair an leabhair, le COGG agus le hachan nduine eile a raibh lámh nó páirt acu, san fhoilsiúchán seo.

Tabharfaidh an seimineár deis thairbheach do achan nduine machnamh breise a dhéanamh ar phríomhchinntí an taighde. Tá súil agam go mbainfidh sibh leas agus tairbhe as na díospóireachtaí éagsúla. Is cinnte go mbeidh suim ar leith agam le torthaí ón tseimineáir seo a chloisteáil.

Go raibh míle maith agaibh.

www.education.ie

Déanann John O’Dowd comhghairdeas le céimithe an tionscnaimh Teaghlaigh agus Scoileanna le Chéile in Scoil an Droichid

Samhain 25, 2014

Tá an tAire Oideachais, John O’Dowd i ndiaidh comhghairdeas a dhéanamh le teaghlaigh áitiúla a bhfuil céim bainte amach acu tríd an tionscnamh Teaghlaigh agus Scoileanna Le Chéile (TESC) ag Scoil an Droichid i mBéal Feirste.

Cuireann Mícheal Ó Duibh, Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíocht, fáilte mhór roimh ráiteas an Aire, John O’Dowd, faoin Tionscnamh Teaghlaigh agus Scoileanna le Chéile in Scoil an Droichid Agus déanann sé féin, comhghairdeas leis an scoil ar son na hearnála.

Is é atá i gceist leis an chlár TESC, tuismitheoirí agus baill teaghlaigh ag déanamh freastail ar ocht seisiúin idirghníomhacha seachtainiúil sa scoil nuair a ghlacann siad páirt i ngníomhaíochtaí foghlama i gcuideachta a gcuid páistí.

Ag labhairt dó ag Scoil an Droichid, dúirt an tAire: “Is dóigh iontach é an clár TESC le tuismitheoirí a chur i dteagmháil lena chéile agus le naisc éifeachtacha a thógáil idir scoileanna agus a gcuid pobail áitiúla, chun tairbhe na ndaoine óga. Tá obair éifeachtach, comhoibríoch déanta ag an Fhoireann anseo i Scoil an Droichid, le tacaíocht ‘Fóir ar na Páistí’ leis an chlár seo a chur ar fáil do 15 teaghlach áitiúla.”

Ag déanamh cur síos ar ról na dtuismitheoirí dúirt an tAire: “Tá ról tábhachtach le himirt ag tuismitheoirí in oideachas a gcuid páistí. Tugann TESC na scileanna agus an mhuinín do thuismitheoirí cuidiú lena bpáistí le foghlaim, le léamh, le scríobh agus lena dhéanamh go maith ar scoil, ag fágáil oidhreachta bhuan sna pobail ina mbíonn an clár i bhfeidhm. Cuidíonn TESC le páistí a gcumas iomlán a bhaint amach ar scoil tríd a n-inniúlacht acadúil a fheabhsú, dea-iompar a spreagadh agus le dearcadh dearfach i leith na foghlama a chruthú.”

Dúirt an tAire, mar fhocal scoir: “Níl aon amhras ach gur féidir le rannpháirtíocht tuismitheoirí agus teaghlaigh in oideachas leanaí buntáistí iarbhír a chur ar ghnóthachtáil agus, ar a seal, ar deiseanna saoil agus ar thorthaí. Go deimhin, is é seo an fócas agus spiorad an fheachtais s’agam ‘Éiríonn leis an Oideachais.

“Scéal ratha iomráiteach atá sa tionscadal TESC i Scoil an Droichid maidir leis seo agus mar an chéad Gaelscoil leis an chlár a chur i gcrích tá sí le moladh. Déanaim comhghairdeas le foireann na scoile as a n-obair chrua agus as a dtiomantas i seachadadh na scéime; an Príomhoide agus na gobharnóirí as an scéim a éascú; agus na tuismitheoirí agus teaghlaigh áitiúla as glacadh leis an tionscnamh, de leas foghlama a gcuid páistí.”

Folúntas: Scoil Uí Riada

Samhain 25, 2014

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19104/

Folúntas: Gaelscoil Dara

Samhain 25, 2014

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19116/

Next Page »