An dara siollabas Gaeilge don Teastas Sóisearach faofa ag an Aire Oideachais
Márta 15, 2017
Tá imní ann i measc lucht an Ghaeloideachais agus múinteoirí Gaeilge ar fud na tíre faoin siollabas nua agus meastar nach bhfuil dóthain ullmhúcháin déanta chun an siollabas a thabhairt isteach.
Tá an siollabas nua Gaeilge don Teastas Sóisearach faofa ag an Aire Oideachais Richard Bruton. Deimhníodh i gciorclán a d’eisigh an Roinn Oideachais an tseachtain seo go bhfuil sé i gceist ag an Roinn an siollabas nua Gaeilge don Teastas Sóisearach a thabhairt isteach ag tús na scoilbhliana seo chugainn, i Meán Fómhair 2017.
Tabharfar an siollabas nua Gaeilge i bhfeidhm do lucht na chéad bhliana an fómhar seo mar aon leis an siollabas nua do theangacha na hEorpa, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Spáinnis agus an Iodáilis, agus siollabas nua ealaíne. Beidh na daltaí a thosóidh ar an gcúrsa nua i mbliana ag tabhairt faoin Teastas Sóisearach in 2020. Deimhníodh sa chiorclán a scaipeadh an tseachtain seo go bhfuil na siollabais seo uilig faofa ag an Aire Bruton.
Beidh dhá “shonraíocht” Ghaeilge, mar a thugtar orthu sa cháipéis, i gceist don Teastas Sóisearach feasta. Díreoidh sonraíocht amháin ar dhaltaí arb í an Ghaeilge a dteanga dhúchais agus ar dhaltaí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge. Tabharfar an sonraíocht isteach i scoileanna lán-Ghaeilge agus i scoileanna Béarla a mbíonn ábhar amháin nó níos mó, taobh amuigh den Ghaeilge féin, á mhúineadh i nGaeilge.
Beidh an dara sonraíocht dírithe ar dhaltaí nach í an Ghaeilge an chéad teanga atá acu agus tá sé i gceist go dtabharfar isteach é i scoileanna nach í an Ghaeilge an teanga theagaisc iontu.
Tá imní ann i measc lucht an Ghaeloideachais agus múinteoirí Gaeilge ar fud na tíre faoin siollabas nua agus meastar nach bhfuil an siollabas réidh le cur i bhfeidhm fós.
Sheol an eagraíocht COGG, a bhfuil feidhm reachtúil orthu comhairle a chur ar an Roinn Oideachais i dtaobh a bpolasaí Gaeilge, litir chuig an Roinn Oideachais ag moladh nach dtabharfaí isteach an cúrsa nua i mbliana mar atá beartaithe ach go gcuirfí siar é go dtí Meán Fómhair 2018. Tuigtear do Tuairisc.ie nach bhfuair COGG aon fhreagra ar an litir sin go fóill.
Bhí múinteoirí Gaeilge ar labhair Tuairisc.ie leo ar aon phort le COGG nach bhfuil an t-ullmhúchán ceart déanta chun an dara siollabas a thabhairt isteach. Dúirt na múinteoirí sin gur ar éigean go bhfuil aon sonraí tugtha ag an Roinn Oideachais dóibh faoin siollabas nua, agus go bhfuil doiléire ag baint le pé sonraí atá tugtha dóibh.
Bhí amhras mór ar mhúinteoirí chomh maith go mbeadh aon téacsleabhar le dealramh réidh don chúrsa nua roimh thús na scoilbhliana seo chugainn.
Eagraíodh laethanta inseirbhíse do mhúinteoirí Gaeilge le déanaí chun iad a chur ar an eolas maidir le pleananna na Roinne don siollabas agus dúirt duine amháin a d’fhreastail ar cheann de na hócáidí gur mó ceisteanna ná freagraí a fuarthas le linn na hócáide sin. Dúirt sé freisin go bhfuil mearbhall níos mó anois air ina diaidh.
Thug an Roinn Oideachais le fios do na múinteoirí go bhfoilseofaí ‘an tsonraíocht’ maidir leis an siollabas nua as seo go ceann cúpla seachtain, ach ba bheag dóchas a bhí ag na múinteoirí a labhair le Tuairisc.ie go dtabharfadh foilsiú na sonraíochta sin chun soiléire an scéal.
Tá lucht páirte an Ghaeloideachais ag éileamh le fada an lá go dtabharfaí isteach siollabas Gaeilge nua don Teastas Sóisearach agus don Ardteist a dhéanfadh freastal mar ba chóir ar riachtanais an chainteora dúchais agus an chainteora líofa Gaeilge.
Dúirt duine amháin a bhí páirteach san fheachtas fada go mba thrua anois dá dtabharfaí isteach siollabas “a chodail amuigh ar mhaithe lena thaispeáint go bhfuil rud éigin ar siúl”.
“Is mithid é a dhéanamh, is fiú é a dhéanamh, agus ba chóir é a dhéanamh ceart. Sin é é. Ní éireoidh leis más in aghaidh a dtola a chuirfear faoi bhráid na múinteoirí é sula mbíonn na sonraí ar fad ar eolas agus sula mbíonn an cur chuige ag teacht le riachtanais an dalta seachas riachtanais na Roinne,” a dúirt duine acu siúd a bhí lárnach i bhfeachtas ar son an dara siollabas don chainteoir dúchais.
Iarrtha ag COGG ar an Roinn Oideachais gan an dara siollabas Gaeilge don Teastas Sóisearach a thabhairt isteach i mbliana
Márta 10, 2017
Creideann an Chomhairle um Oideachas Gaeilge agus Gaeltachta agus múinteoirí Gaeilge nach bhfuil an siollabas nua do chainteoirí líofa Gaeilge réidh le tabhairt isteach i Meán Fómhair mar atá beartaithe ag an Roinn Oideachais.
Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil iarrtha ag COGG ar an Roinn Oideachais gan an siollabas nua do chainteoirí líofa Gaeilge don Teastas Sóisearach a thabhairt isteach i mbliana toisc go meastar nach bhfuil sé réidh fós.
Moltar sa litir atá seolta ag COGG, a bhfuil feidhm reachtúil orthu comhairle a chur ar an Roinn Oideachais i dtaobh a bpolasaí Gaeilge, nach dtabharfaí isteach an cúrsa nua i mbliana mar atá beartaithe ach go gcuirfí siar é go dtí Meán Fómhair 2018.
Bhí múinteoirí Gaeilge ar labhair Tuairisc.ie leo inné ar aon phort le COGG nach bhfuil an t-ullmhúchán ceart déanta chun an dara siollabas a thabhairt isteach. Dúirt na múinteoirí sin gur ar éigean go bhfuil aon sonraí tugtha ag an Roinn Oideachais dóibh faoin siollabas nua, agus go bhfuil doiléire ag baint le pé sonraí atá tugtha dóibh.
Bhí amhras mór ar mhúinteoirí chomh maith go mbeadh aon téacsleabhar le dealramh réidh don chúrsa nua roimh thús na scoilbhliana seo chugainn.
“Tá dearcadh ‘it’ll be alright on the night’ léirithe ag an Roinn faoin scéal ar fad agus ní léir go dtuigeann siad féin cad atá i gceist leis an siollabas nua, ná le conas a dhéanfar daltaí a mheasúnú.
“An t-aon rud atá feicthe againn go dtí seo ná ‘na torthaí foghlama’, sin na spriocanna foghlama atá ag an Roinn don chúrsa nua, agus tá na spriocanna sin chomh haislingeach sin go gcuirfidís i gcuimhne duit iomaitheoir ag an gcomórtas Miss Universe a bheadh ag éileamh ‘síocháin ar fud an domhain’,” a dúirt múinteoir amháin.
Dúirt múinteoir eile nach raibh “tuairim faoin spéir” ag aon duine faoin dara siollabas Gaeilge don Teastas Sóisearach agus go raibh dearmad déanta aige fiú “go raibh a leithéid ag teacht” go dtí le déanaí.
Eagraíodh laethanta inseirbhíse do mhúinteoirí Gaeilge le déanaí chun iad a chur ar an eolas maidir le pleananna na Roinne don siollabas agus dúirt duine amháin a d’fhreastail ar cheann de na hócáidí gur mó ceisteanna ná freagraí a fuarthas le linn na hócáide sin. Dúirt sé freisin go bhfuil mearbhall níos mó anois air ina diaidh.
Thug an Roinn Oideachais le fios do na múinteoirí go bhfoilseofaí ‘an tsonraíocht’ maidir leis an siollabas nua as seo go ceann cúpla seachtain, ach ba bheag dóchas a bhí ag na múinteoirí a labhair le Tuairisc.ie go dtabharfadh foilsiú na sonraíochta sin chun soiléire an scéal.
Tuigtear do Tuairisc.ie go n-éilítear sa litir atá seolta ag COGG chuig an Roinn Oideachais go leanfaí leis an bhforbairt ghairmiúil a theastaíonn chun an siollabas nua a thabhairt isteach ar feadh bliana eile agus go gcinnteofaí go bhfuil an siollabas féin réidh le cur i bhfeidhm.
Tá lucht páirte an Ghaeloideachais ag éileamh le fada an lá go dtabharfaí isteach siollabas Gaeilge nua don Teastas Sóisearach agus don Ardteist a dhéanfadh freastal mar ba chóir ar riachtanais an chainteora dúchais agus an chainteora líofa Gaeilge.
Dúirt duine amháin a bhí páirteach san fheachtas fada go mba thrua anois dá dtabharfaí isteach siollabas “a chodail amuigh ar mhaithe lena thaispeáint go bhfuil rud éigin ar siúl”.
“Is mithid é a dhéanamh, is fiú é a dhéanamh, agus ba chóir é a dhéanamh ceart. Sin é é. Ní éireoidh leis más in aghaidh a dtola a chuirfear faoi bhráid na múinteoirí é sula mbíonn na sonraí ar fad ar eolas agus sula mbíonn an cur chuige ag teacht le riachtanais an dalta seachas riachtanais na Roinne,” a dúirt duine acu siúd a bhí lárnach i bhfeachtas ar son an dara siollabas don chainteoir dúchais.
Líomhaintí faoi ‘éilíteachas’ Gaelscoileanna ‘bréagnaithe’ ag figiúirí
Feabhra 16, 2017
Tá 74 scoil lán-Ghaeilge agus Gaeltachta aitheanta anois mar scoileanna DEIS, cruthúnas, dar le Gaeloideachas, go gcuireann na scoileanna sin fáilte roimh chách
Dar leis an eagraíocht Gaeloideachas go gcuireann cinntí na Roinne Oideachais maidir le scoileanna faoi mhíbhuntáiste “deireadh leis an argóint gur scoileanna éilíteacha iad scoileanna lán Ghaeilge”.
Thug an eagraíocht le fios go bhfuil 74 scoil lán-Ghaeilge agus Gaeltachta aitheanta anois mar scoileanna DEIS, rud a fhágann go bhfuil tromlach na ndaltaí faoi míbhuntáiste oideachasúil i scoil amháin as gach cúig scoil lán-Ghaeilge.
Is minic é curtha i leith scoileanna lán-Ghaeilge ag colúnaithe nuachtán agus dreamanna eile nach mbaineann na scoileanna sin ach le daoine atá go maith as.
I gcolún nuachtáin a foilsíodh an mhí seo caite, mar shampla, mhaígh an colúnaí de chuid an Sunday Independent, Sarah Carey, go raibh cur chuige ‘segregationist’ ag Gaelscoileanna.
Dúirt Carey freisin gur mheabhraigh dearcadh tuismitheoirí Gaelscoileanna síochánaithe nach raibh sásta troid in aghaidh na Naitsíoch.
Dar le Yvonne Ní Mhurchú, Uachtarán Gaeloideachas, go mbréagnaíonn an t-eolas faoi scoileanna DEIS na líomhaintí maidir le héilíteachas.
“Tá sé in am go n-aithneodh daoine go bhfuil réimse leathan scoileanna ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Tá scoileanna againn i gceantracha faoi mhíbhuntáiste i gcathracha, bailte móra agus faoin dtuath i ngach cuid den tír.”
Dúirt Uachtarán Gaeloideachas go raibh “an fhianaise soiléir” agus go gcaithfí anois “cothrom na féinne” a thabhairt do scoileanna lán-Ghaeilge sa phlé atá ar siúl faoi láthair maidir leis an reachtaíocht nua atá á beartú i dtaobh polasaí iontrála scoileanna.
Dúirt Yvonne Ní Mhurchú go bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta eile ann “atá an-mhí-shásta nach bhfuair siad aitheantas mar scoileanna DEIS, Scoil Rann na Feirste in Dún nan Gall ina measc.
Dúirt Pól Ó Ruiséal, Príomhoide Scoil Rann na Feirste, go raibh “iontas” agus “díomá” air nár tugadh stádas DEIS don scoil.
“Níl slat tomhais chothrom á húsáid ag an Roinn Oideachais agus iad ag roghnú scoltacha don Scéim. Táthar ag tabhairt droim lámha le scoltacha atá ag teagasc tré mheán na Gaeilge”.
Tá “imní” ar Ó Ruiséal, a dúirt sé, nach gcuirfidh tuismitheoirí a bpáistí chuig scoileanna nach bhfuil stádas DEIS acu.
D’fhéadfadh “impleachtaí tromchúiseacha” a bheith ag a leithéid don oideachas lán-Ghaeilge amach anseo, a dúirt Ó Ruiséal.
Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas, go gcuireann scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta “fáilte roimh pháistí agus daoine óga ó gach cineál cúlra teanga, cultúir agus socheacnamaíochta”. Bhí sé riachtanach, a dúirt sí, go mbeadh “buntáiste breise an oideachais lán-Ghaeilge” ar fáil do ghasúir atá faoi mhíbhuntáiste oideachasúil.
http://tuairisc.ie/liomhainti-faoi-eiliteachas-gaelscoileanna-breagnaithe-ag-figiuiri/
Bhí láncheart ag Gaelscoil diúltú do dhalta mar gheall ar easpa Gaeilge – cinneadh Ard-Chúirte
Lúnasa 2, 2016
De réir breithiúnais san Ard-Chúirt inniu bhí sé de cheart ag Scoil Lorcáin, Baile na Manach, diúltú do dhalta a mheas an scoil nár shásaigh a cumas sa Ghaeilge a polasaí iontrála
Bhí sé de cheart ag Scoil Lorcáin, Baile na Manach, diúltú do dhalta a mheas an scoil nár shásaigh a cumas sa Ghaeilge a polasaí iontrála, de réir breithiúnais a tugadh san Ard-Chúirt inniu.
Agus a bhreithiúnas sa chás á thabhairt inniu aige, chuir an Breitheamh Gerard Hogan ar “neamhní” cinneadh na Roinne Oideachais go gcaithfeadh an scoil glacadh le páiste a mheas siad nach raibh dóthain Gaeilge aici.
Thug Scoil Lorcáin, Baile na Manach, ceann de na Gaelscoileanna is aitheanta sa tír, dúshlán na Roinne Oideachais maidir le ceart na scoile diúltú do dhalta de réir a bpolasaí iontrála.
Nuair a bhíonn ró-éileamh ar áiteanna sa scoil, tugann an polasaí sin tús áite do dhaltaí as teaghlaigh gurb í an Ghaeilge an ghnáth-theanga iontu, nó do “páistí atáthar á dtógáil le Gaeilge”.
Bhí Scoil Lorcáin ag iarraidh go gcuirfí ar ceal cinneadh a rinne Coiste Achomharc na Roinne go raibh iallach ar an scoil áit a thabhairt do dhalta áirithe, a mheas an scoil nár shásaigh a cumas sa Ghaeilge a polasaí iontrála.
Rinne athair an pháiste iarratas go nglacfaí leis an bpáiste sa scoil ar an mbonn go raibh sí á tógáil le Gaeilge.
Agus a bhreithiúnas á fhógairt inniu aige, dúirt an Breitheamh Hogan nach raibh “dlínse” ag an gCoiste Achomhairc maidir leis an bpolasaí iontrála féin agus gur chóir dó glacadh leis an bpolasaí ‘mar a bhí sé’ agus gan iarracht indíreach a dhéanamh é a cháineadh.
Dúirt an Breitheamh go raibh an ceart ag an gCoiste nár cuireadh dóthain eolais ar fáil don tuismitheoir faoin measúnú teanga a bhí le déanamh ach níor ghlac sé leis nár tugadh dóthain deiseanna don athair cumas teanga an pháiste nó a chumas teanga féin a léiriú. Dúirt an Breitheamh nach raibh aon chiall lena mhalairt a mhaíomh agus go mba cheart cinneadh an Choiste a chur ar neamhní ar an mbonn sin amháin.
Níor aontaigh sé le maíomh an Choiste nach raibh aon chaighdeán leagtha síos sa mheasúnacht lena chruthú go raibh go leor Gaeilge ag an bpáiste le polasaí iontrála na scoile a shásamh.
Ba ghá, a dúirt sé, “bunús fíorasach réasúnta” a bheith le haon chinneadh agus níor “ceadmhach a bheith míréasúnach”.
Thug an Breitheamh le fios gur cheart go mbeadh tuilleadh sonraí curtha ar fáil ag an scoil faoin bpróiseas lena ndéantar cumas teanga páiste a mheas agus ghlac sé leis nach raibh aon chritéar leagtha síos maidir le líofacht an tuismitheora a mheas.
Dúirt sé nár ghá do thuismitheoir a bheith iomlán líofa sa Ghaeilge ach go mba cheart smacht a bheith ag an bpáiste ar an teanga. Níor ghá don pháiste a bheith “foirfe” ó thaobh líofachta de, a dúirt sé, ach bhí sé “réasúnach” go mbeadh an scoil ag súil go mbeadh dathanna, uimhreacha agus ainmneacha troscán tí ar eolas ag an bpáiste i nGaeilge.
Dúirt sé go ndearna Coiste na Roinne “earráid” maidir leis seo agus gur thug siad le tuiscint “go mícheart” nach raibh aon chaighdeáin inaitheanta sa pholasaí iontrála.
“Níl conclúid an Choiste inbhuanaithe ó thaobh fírice de agus, dá bharr sin, ba chóir é a chur i leataobh,” a dúirt an Breitheamh Hogan.
Ghlac an Breitheamh le háiteamh an Choiste nár tugadh deis don athair fianaise bhreise a chur ar fáil cé gur glacadh le fianaise bhreise i gcás eile, ach níor bhain an méid sin leis an bpolasaí iontrála. Dúirt sé nach bhféadfadh an Coiste aird a thabhairt ar nithe nár bhain leis an bpolasaí iontrála.
Cé gur cuireadh cinneadh an Choiste ar neamhní, iarradh ar an Roinn Oideachais agus Scileanna athbhreithniú as an nua a dhéanamh ar an gcás agus tugadh le fios don Roinn go raibh sé de chead acu cumas teanga an tuismitheora agus an pháiste a mheas iad féin.
Do scoileanna i nDún na nGall amháin a cheadaigh Roinn na Gaeltachta maoiniú ‘pobail agus teanga’ ó thús 2015
Eanáir 19, 2016
Baineadh leas trí huaire le breis agus bliain anuas as scéim áiseanna pobail de chuid Roinn na Gaeltachta chun deontas a íoc le bunscoileanna Gaeltachta – agus scoileanna i nDún na Gall atá sna trí scoil a bhí i gceist.
Is faoin Scéim Áiseanna Pobail agus Teanga de chuid na Roinne a cheadaigh Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh an maoiniú seo do na trí scoil: Scoil Mhuire, An Caiseal; Scoil Mhuire, na Doirí Beaga; agus Scoil Naomh Fionán, An Fál Carrach.
Thug urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie go bhfuil an Scéim Áiseanna Pobail agus Teanga “teoranta do choistí/eagrais phobalbhunaithe a fheidhmíonn trí Ghaeilge sa Ghaeltacht”, ach nach aon eisceacht atá ann tacú le bunscoileanna Gaeltachta faoin scéim.
De réir eolais a chuir an Roinn ar fáil do Tuairisc.ie, níor bhain aon bhunscoil Ghaeltachta in aon chontae Gaeltachta seachas Dún na nGall buntáiste as an scéim áirithe seo ó thús mhí Eanáir 2015.
Dúirt urlabhraí na Roinne nach raibh aon rud eisceachtúil ag baint leis an scéal gur i nDún na nGall atá na trí scoil ar ceadaíodh deontas dóibh.
Tugann an roinn tacaíocht faoin scéim áirithe seo do choistí agus eagrais sa Ghaeltacht le háiseanna pobail a athchóiriú nó a fhorbairt agus glactar le hiarratais faoin scéim chomh maith ar chúnamh i leith trealamh agus troscán a cheannach.
€40,450 a cheadaigh Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh do na trí scoil Ghaeltachta a bhain leas as an scéim le breis agus bliain anuas. €28,000 a ceadaíodh do Scoil Mhuire, Na Doirí Beaga, chun halla ilghníomh a thógáil; €10,250 a ceadaíodh do Scoil Naomh Fionán, An Fál Carrach, chun trealamh a cheannach do pháirc spraoi; agus €2,400 a ceadaíodh do Scoil Mhuire, Caiseal, chun trealamh spóirt a cheannach.
Maidir leis an tsuim €28,000 a ceadaíodh do Scoil Mhuire, Na Doirí Beaga, dúirt urlabhraí na Roinne go mbeadh an halla a thógfaí “in úsáid ag an scoil agus an pobal araon i leith gníomhaíochtaí a bheadh dírithe ar an nGaeilge”.
Dúirt urlabhraí na Roinne le Tuairisc.ie nach eisceachtaí a bhí i gcásanna na scoileanna i nDún na nGall.
“Glactar le hiarratais ar chúnamh i leith trealaimh/troscáin faoin Scéim Áiseanna Pobail agus Teanga sa Ghaeltacht ó ghrúpaí éagsúla. Is ó choistí/eagrais phobalbhunaithe a fheidhmíonn trí Ghaeilge sa Ghaeltacht is mó a thagann iarratais ach tá iarratais faighte agus ceadaithe ag an Roinn ó scoileanna freisin – boird bhainistíochta agus coistí tuismitheoirí.
“Ní eisceacht na cásanna atá luaite agat. Cuirtear na critéir uile a bhaineann leis an scéim san áireamh nuair atá anailís á déanamh ar na hiarratais sin agus, ar ndóigh, baineann roinnt eagraíochtaí pobail úsáid as scoileanna sa Ghaeltacht,” a dúirt urlabhraí na Roinne.
Dúirt urlabhraí na Roinne go raibh iarratais eile faoin Scéim Áiseanna Pobail agus Teanga ó scoileanna Gaeltachta eile idir lámha faoi láthair acu.
Coláiste Eoin i mBÁC ar an scoil is mó a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal de réir liosta nua
Nollaig 3, 2015
Cuid mhaith scoileanna lán-Ghaeilge ar an liosta nua de na scoileanna is mó a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal. Colásite Croí Mhuire gan Smál ar an Spidéal an scoil Gaeltachta is airde ar an liosta.
Tá Coláiste Eoin, scoil lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath, ar an scoil is mó sa stát a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal, de réir tábla atá foilsithe ar maidin san Irish Times.
I measc na scoileanna Gaeilge eile atá ar an liosta nua de na scoileanna is mó a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal, tá Coláiste Íosagáin i mBaile Átha Cliath; Gaelscoil Luimnigh agus Laurel Hill Coláiste FCJ i gcathair Luimnigh; Coláiste na Coiribe sa Ghaillimh; agus Coláiste Oriall i Muineachán.
Is í an scoil Ghaeltachta is airde ar an liosta ná Coláiste Croí Mhuire gan Smál ar an Spidéal i gConamara.
Tuairiscíonn an Irish Times go bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge go mór sa treis ar an liosta agus máitear go bhfuil an scéal amhlaidh mar go mbíonn togha agus rogha na ndaltaí ag scoileanna áirithe.
“Some over-subscribed fee-paying schools and gaelscoileanna are also in a position to cherry-pick students, unlike those in less well-off areas which therefore tend to have a higher proportion of students with additional needs,” a deir an Irish Times.
Is minic éilíteachas curtha i leith scoileanna Gaeilge agus is minic líomhaintí dá leitheid séanta go láidir ag na scoileanna féin agus ag eagraíochtaí gaeloideachais.
Bíonn conspóid ag baint chomh maith leis na táblaí scoileanna a fhoilsítear gach bliain san Irish Times.
Sna liostaí ‘feeder schools’ seo, déantar iarbhunscoileanna a mheas bunaithe ar líon na ndaltaí a théann ar aghaidh uathu go dtí an tríú léibhéal tar éis na hArdteistiméireachta, slat tomhais róchúng ar chaighdeán agus fairsinge an oideachais, dar le mórán.
Dúirt Finín Máirtín, príomhoide Choláiste Eoin i Stigh Lurgan, an scoil a bhain barr liosta an Irish Times amach i mbliana, gurb fhíor go bhfuil an scoil lan-Ghaeilge lonnaithe i gceantar atá go maith as ach nach raibh sa mhéid sin ach cuid den scéal.
Bhí baint chomh maith ag múinteoirí agus tuismitheoirí ‘díograiseacha’ na scoile leis an rath a bhí uirthi, a dúirt Mairtín.
“If a parent decides to send their child to an all-Irish school, they perhaps know they will have to be more involved in their child’s education. It’s nice to top lists but it’s not something we set out to do,” a dúirt Máirtín agus é faoi agallamh i mBéarla san Irish Times.
Ardú tagtha ar líon na ndaltaí ar scoileanna lán-Ghaeilge Thuaisceart Éireann
Samhain 23, 2015
Tá ardú tagtha ar líon na ndaoine atá cláraithe le scoileanna lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann, dar le figiúirí nua ón Roinn Oideachais.
Tá 5,000 duine ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge – idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna – ar fud Thuaisceart Éireann. Tá 830 díobh sin ag freastal ar mheánscoileanna. Bhí leath an mhéid sin ann deich mbliana ó shin.
Tá 72% de na scoileanna lán-Ghaeilge ó thuaidh neamhspleách agus freastalaíonn daltaí ó chúlraí Caitliceacha, Protastúnacha agus cúlraí eile nach iad orthu.
Tá a chúig oiread daltaí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge in Ulaidh Láir is a bhí trí bliana ó shin – an ráta is mó fás i dTuaisceart Éireann. Tá 467 dalta ar fad ag freastal ar scoileanna Uladh Láir, 256 acu sin in Oileán an Ghuail agus Dún Geanainn, 67 sa Chorr Chríochach agus 144 i Machaire Fíolta.
Ní raibh ach 13 ag freastal ar Ghaelscoil Eoghain sa bhliain 2013 ach tá 67 anois ann. Tháinig méadú ar líon na ndaltaí i nGaelscoil Aodha Rua freisin, ó 12 sa bhliain 2011 go 88 i mbliana.
Tá sraith Ghaeilge sa scoil Bhéarla St Joseph’s Grammar i nDomhnach Mór ó bhí an bhliain 2010 ann agus tá ag éirí go maith leis de réir thuairisc sa Tyrone Times faoi fhás an Ghaeloideachais ó thuaidh.
Mar sin féin, níl ach scoil amháin sa cheantar sin a bhfuil líon na ndaltaí atá cláraithe leis os cionn an líon is lú daltaí a theastaíonn de ghnáth de réir chritéir na Roinne Oideachais.
http://tuairisc.ie/ardu-tagtha-ar-lion-na-ndaltai-ar-scoileanna-lan-ghaeilge-thuaisceart-eireann/
Cead tugtha ag an Roinn Oideachais an luath-thumoideachas Gaeilge a chur i bhfeidhm
Samhain 13, 2015
Fógraíodh inniu dhá leagan de Churaclam Teanga na Bunscoile, leagan amháin do scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus leagan eile do scoileanna a bhfuil an Béarla mar theanga theagaisc iontu.
Ní dhéanfar aon idirdhealú idir an chaoi a múintear an Béarla agus an chaoi a múintear an Ghaeilge i mbunscoileanna an stáit feasta.
Fógraíodh inniu dhá leagan de Churaclam Teanga na Bunscoile, leagan amháin do scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus leagan eile do scoileanna a bhfuil an Béarla mar theanga theagaisc iontu.
Leagtar síos i gciorclán nua atá eisithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna inniu go cuirfidh an curaclam nua an struchtúr céanna i bhfeidhm ar an nGaeilge agus ar an mBéarla i mbunscoileanna.
Ciallaíonn fógra an lae inniu go mbeidh cead anois ag scoileanna lánGhaeilge agus scoileanna Gaeltachta an luaththumoideachas a chur i bhfeidhm go deireadh rang na naíonán sinsearach.
Is do pháistí óga óna naíonáin bheaga go rang a dó atá an curaclam nua deartha agus díreofar ar scileanna i bhforbairt na teanga labhartha, na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta.
‘’Leasú suntasach a mbeidh fáilte roimhe é seo ar conas a fhoghlaimíonn na daltaí is óige a gcuid scileanna teanga. Den chéad uair, ní bheidh idirdhealú ann sa chur chuige idir teagaisc na Gaeilge agus an Bhéarla.
“Tá torthaí foghlama soiléire agus clocha míle forbartha leagtha síos sa dá theanga dár bpáistí óga,” a dúirt an tAire Oideachais Jan O’ Sullivan.
Cuirfear an curaclam nua i bhfeidhm de réir a chéile ó mhí Mheán Fómhair na bliana seo chugainn agus beidh gach snáithe den churaclam nua á múineadh do pháistí faoin mbliain 2018.
Le linn na scoilbhliana 2016/17 cuirfear béim ar an teanga labhartha, tosófar ar an léitheoireacht agus scríbhneoireacht sa scoilbhliain 2017/2018 agus ó mhí Mheán Fómhair na bliana 2018 ar aghaidh cuirfear na snáitheanna go léir den churaclam nua i bhfeidhm do ranganna na naíonán go rang a dó.
Táthar ag súil le tús a chur le curaclam nua do ranganna ó rang a trí go rang a sé sa bhliain 2019.
Bhain conspóid mhór le cinneadh an iarAire Oideachais Mary Hanafin sa bhliain 2007 ciorclán a eisiúint a chuir cosc ar an luath-thumoideachas Gaeilge i scoileanna. Dúirt Hanafin ag an am go mbeadh an dalta a gcuirfí luath-thumoideachas air faoi mhíbhuntáiste ina dhiaidh sin dá gceadófaí a leithéid. Dúirt sí go dtógfadh sé ocht mbliana an taighde a dhéanamh faoi impleachtaí an luath-thumoideachais.
Cháin eagraíochtaí Gaeilge go láidir an tAire Hanafin ag an am agus cuireadh ina leith go raibh neamhaird déanta aici ar thaighde náisiúnta agus idirnáisiúnta a thaispeáin nach míbhuntáiste ach a mhalairt a bheadh ag an bpáiste a gcuirfí luath-thumoideachais air.
Sraith Pictiúr 06 – Drochaimsir an Gheimhridh – Athrú Aeráide
Deireadh Fómhair 27, 2015
Sraith pictiúr na hArdteiste (SP 04) agus pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith le fáil ar Tuairisc.ie inniu. Bheadh na ceachtanna seo an-chabhrach d’éinne atá i mbun ullmhúcháin don Ardteist i mbliana.
http://tuairisc.ie/sraith-pictiur-06-drochaimsir-an-gheimhrid-athru-aeraide/
Riachtanais an Ghaeloideachais le plé inniu i dTithe an Oireachtais
Deireadh Fómhair 7, 2015
Ainmneofar Cathaoirleach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) os comhair Chomhchoiste Oideachais an Oireachtais an tráthnóna chun ceisteanna a bhaineann leis an ngaeloideachas a phlé.
Cuirfidh Dónal Ó hAiniféin, Cathaoirelach ainmnithe COGG, tús leis an bplé nuair a leagfaidh sé amach na riachtanais atá roimh scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta. Díreoidh sé chomh maith ar a bhfuil ar siúl chun dul i ngleic leis na riachtanais sin.
Dúirt Joanna Tuffy TD, Cathaoirleach an Chomhchoiste, go dtabharfadh an cruinniú le Cathaoirleach COGG deis do bhaill an choiste léargas a fháil ar na dúshláin éagsúla atá roimh scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna “ag am go bhfuil “athrú ag teacht i gcónaí” ar chúrsaí “deimeagrafacha agus teangeolaíochta”.
http://tuairisc.ie/riachtanais-an-ghaeloideachais-le-ple-inniu-i-dtithe-an-oireachtais-ar/