Méid an Téacs

Nuachtlitir: Deis Fhógraíochta Iontach

Iúil 17, 2008

Tá nuachtlitir leictreonach á forbairt ag an eagraíocht don chéad uair riamh. Beidh an chéad leagan den nuachtlitir eisithe i Mí Mheán Fómhair mar chuid de scéim phíolótach agus eiseofar gach rátha é ina dhiaidh. Beimid á scaipeadh ar gach Gaelscoil agus Gaelcholáiste san 32 contae (tá 232 acu ann), ar mhúinteoirí ar ár mbunachar, ar eagrais oideachais ar fud na tíre, oideachasóirí, polaiteoirí, ar ghnólachtaí agus eagrais Ghaeilge ar fud na tíre agus beidh sé le fáil ar-líne chomh maith. Áis tharraingteach agus úsáideach a bhéas sa nuachtlitir chun nuacht ón eagras, scéalta scoile, mór-scéalta na hearnála oideachais, eolas/léirmheasanna faoi imeachtaí, agus eolas faoin earnáil Ghaeloideachais i gcoitinne a scaipeadh go forleathan.

Tá deiseanna fógraíochta iontacha le fáil sa nuachtlitir ag rátaí an-réasúnta. Más spéis leat fógra a ghlacadh sa nuachtlitir déan teagmháil le Seán ag sean@gaelscoileanna.ie le haghaidh tuilleadh eolais agus rátaí. Tapaigí an deis!

Cúrsa Bainistíochta Inmheánach Scoile

Iúil 7, 2008

Eagraithe ag: GAELSCOILEANNA TEO. i gcomhpháirtíocht le hIonad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar.

Dátaí: 18ú – 22ú Lúnasa 2008

 

Am: 09.30 – 14.00

 

Ionad: Óstán Plaza, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24

 

Costas: €50 (seic iniata le hIonad Oideachais, Baile Átha Cliath Thiar

 

OIriúnach do: Príomhoidí nua, Leas-phríomhoidí agus múinteoirí le dualgais bhainistíochta orthu

 

Cainteoirí: Anita Nic Amhlaoibh, Máirín Ní Chéilleachair, Sinéad Ní Nualáin, Mícheál Ó Broin, Dónal Ó Conaill, agus Foireann GAELSCOILEANNA TEO.

 

Faoi chaibidil:

  • Ceisteanna T1 agus an Tumoideachas
  • Míniú ar an sainmheon lán-ghaelach agus conas “pobal lán-ghaelach” a bhunú i measc an scoilphobail
  • Poiblíocht agus ocáidí scoile a eagrú
  • Ról an Bhoird Bainistíochta agus ról an phátrúin mínithe don mhúinteoir
  • Conas Féilire riaracháin na bliana a chur le chéile. Spriocdhátaí tábhachta a aimsiú
  • Cóiríocht Scoile: cóiríocht bhuan. Léiriú ar chonas suíomh a aimsiú agus iarratas a dhéanamh ar scoil bhuan
  • An córas pleanála agus tógála a mhíniú
  • Ag cothú gaoil dearfacha sa scoil; scileanna bainistíochta coimhlinte éagsúla a chur in oiriúint do shuíomhanna agus d’ocáidí chuí
  • Conas aire a thabhairt duit féin, strus agus brú oibre a sheachaint
  • Ag plé le tuismitheoirí, conas córas cumarsáide éifeachteach a fhorbairt sa scoil
  • Gaelscoileanna mar eagras, conas gur féidir leis tacú le scoileanna
  • Earcaíocht: conas tabhairt faoin bpróiseas ó thús go deireadh

 

Áirithintí chuig:
Clare Walsh
Leas-Ardfheidhmeannach Gníomhach
GAELSCOILEANNA TEO.
Teach Regus, Bóthar Fhearchair
BÁC 2
Teil.  00353 1 4773158
clare@gaelscoileanna.ie
www.gaelscoileanna.ie

Cill Chainnigh Ainmnithe mar Óstbhaile do Chomhdháil Bhliantúil agus Comhdháil Oideachais 2009

Iúil 1, 2008

I bhfianaise go bhfuil fás as cuimse san éileamh ar an ngaeloideachas i mbaile Chill Chainnigh le blianta beaga anuas, is cúis áthais do GAELSCOILEANNA TEO. a fhógairt gur roghnaíodh baile Chill Chainnigh mar óstbhaile do Chomhdháil Bhliantúil agus Comhdháil Oideachais 2009. Socraíodh go reáchtálfar an Chomhdháil thuasluaite san óstán Ormonde, Cill Chainnigh ar an 20ú agus an 21ú Samhain 2009.

Tá na pleananna ag dul ar aghaidh leis an dara bhunscoil lán-Ghaeilge a bhunú i mBaile Chill Chainnigh agus d’fháiltigh coiste bunaithe nua-cheapaithe na scoile seo go mór leis an nuacht. Dar le Rúnaí an choiste, Eimear Ní Laoí, ‘Agus muid ag obair i dtreo Mheán Fómhair 2009 mar dháta oscailte don bhunscoil lán-Ghaeilge nua, fáiltíonn an coiste bunaithe go mór roimh rogha GAELSCOILEANNA TEO. an Chomhdháil Bhliantúil a thabhairt go Cill Chainnigh i 2009. Tuigimid gur ócáid thábhachtach do bhaile Chill Chainnigh í seo a thógfaidh tuismitheoirí, múinteoirí agus príomhoidí ó ghaelscoileanna na tíre le chéile’.

Bhuail baill ón gcoiste bunaithe le baill ó Bhord Stiúrtha GAELSCOILEANNA TEO. san Óstán Ormonde, Cill Chainnigh ar an 28ú Meitheamh chun an ghné phraiticiúil de bhunú scoile a phlé.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 169 bunscoil agus 43 iar-bhunscoil lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.

CRÍOCH.

Tuilleadh eolais: Clare Walsh clare@gaelscoileanna.ie, +35314773158 / +353 86-373 1908.