Méid an Téacs

Aire Nua Oideachais Ceaptha

Bealtaine 8, 2008

Focal Comhghairdeas ó GAELSCOILEANNA TEO.

Déanann GAELSCOILEANNA TEO. comhghairdeas leis an an Teachta Dála, Batt O’Keeffe ar a cheapachán mar Aire Oideachais agus Eolaíochta. Is as Corcaigh don Aire nua Oideachais, an ceantar is láidre gaelscolaíochta sa tír. Cuirimid fáilte roimhe agus é ag tabhairt faoin bpost úr dúshlánach atá roimhe.

Leis an gceapachán seo, leathnaítear an deis amach romhainn súil úr a chaitheamh ar na saincheisteanna agus na hábhair is mó imní in earnáil an oideachais agus in earnáil na gaelscolaíochta. Áirítear i measc na saincheisteanna seo géarchéim an luath-thumoideachais, méid ranganna, deontais caipitíochta, uathachas, pleanáil straitéiseach sa soláthar oideachais, agus eile.

Deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach na hEagraíochta, “Tá deis iontach againn anois idirphlé straitéiseach a dhéanamh leis an Aire O’Keeffe faoi thábhacht cosaint an chórais luath-thumoideachais, faoi riachtanais cóiríochta na scoileanna lán-Ghaeilge agus faoi fhorbairt na tacaíochtaí uile riachtanacha in earnáil na gaelscolaíochta.  Le dea-thoil, feasacht dhoimhin ar shainriachtanais na hearnála agus cur chuige comhoibritheach, táimid an-dóchasach go rachfaidh earnáil na gaelscolaíochta ó neart go neart faoi chúram an Aire nua.”

Tagann an tAire O’ Keeffe i gcomharbhacht ar an Aire Hanafin a d’oibrigh go díograiseach le linn a tréimhse sa phunann oideachais. Guímid gach rath uirthi agus í ag tabhairt faoi dhúshláin nua sa Roinn Leasa Shóisialaigh.

Déanann GAELSCOILEANNA TEO. comhghairdeas ar leith leis an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD as an ath-cheapachán.  D’fháiltigh Mícheál Ó Broin, Uachtarán na hEagraíochta roimh an leanúnachais seo nuair a deir sé “fáiltím go mór roimh na deiseanna atá ann níos mó comhoibrithe tras-rannach a eascróidh as don earnáil. Ábhar dóchais agus spreagtha é ceapachán an Taoisigh nua, a léiríonn an-tuiscint agus meas ar shainriachtanais earnáil na gaelscolaíochta agus na Gaeilge i gcoitinne.”

Guíonn an eagraíocht gach rath ar an Taoiseach nua agus é ag stiúradh na comh-aireachta nua. I bhfocail uí Ghréacháin, “Táimid cinnte go dtabharfaidh an Rialtas nua faoi na dúshláin le díograis, lán-chumas agus i spiorad na compháirtíochta.”

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge.  Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.  Tá 169 bunscoil agus 43 iar-bhunscoil ag cur oideachais lánGhaeilge ar fáil faoi láthair.

Tuilleadh eolais:

Oifig GAELSCOILEANNA TEO.:-    01 4773155

Mícheál Ó Broin:-                                087-9467700

oifig@gaelscoileanna.ie        

CRÍOCH                   

Polasaithe Iontrála sna Gaelscoileanna

Bealtaine 7, 2008

 

POLASAITHE IONTRÁLA SNA GAELSCOILEANNA –

CÓRAS OSCAILTE DO CHÁCH

 

Fáiltíonn GAELLSCOILEANNA TEO. roimh an deis aitheantas a thabhairt do na Gaelscoileanna ar fud fad na tíre as polasaithe agus cleachtais uile-ghabhálacha a bheith i bhfeidhm do phaistí na tíre seo arb é mian a dtuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge a bheith ag a gcuid páistí. Aithnítear an ghaelscolaíocht mar rogha tarraingteach do gach páiste sa tír seo, ar a n-áirítear páistí as cúlraí éagsúla socheacnamaíochta, páistí nua sa tír as cúlraí eagsúla teangeolaíochta, páistí i gceantair faoi mhíbhuntáiste móide páistí le riachtanais speisialta. Léiríonn proífíl na bpáistí sna Gaelscoileanna gur córas é atá oscailte do chách.

 

In ainneoin an éilimh ollmhór, tá an-chuid dúshláin le sárú ag na Gaelscoileanna.  Áirítear i measc na ndúshláin seo géarchéim na cóiríochta sna bunscoileanna, cosaint córais an luath-thumoideachais, freastal ar éileamh agus leanúnachas gaeloideachais ó leibhéal go leibheál. Tá dúshláin ar leith ag baint le tacaíochtaí cuí a chur ar fáil do shainriachtanais na gaelscolaíochta, mar a bhaineann le páistí le riachtanais speisialta. Táimid ag súil le deiseanna leanúnacha comhoibrithe leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta leis na dúshláin seo a shárú.

 

Deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach na hEagraíochta, ina leith "Baineann rath agus sár-éifeacht an chórais gaelscolaíochta le h-ardchaighdeán oideachais, mar a bhaintear amach i gcóras an tumoideachais. Is córas oscailte uileghabhálach é atá i bhfeidhm ina ndéantar ceiliúradh ar shaibhreas na héagsúlachta agus is saibhrede ár scoileanna de réir mar a chuirtear le líon na bpáistí le próifíl agus cúlraí éagsúla. Léiríonn na liostaí feithimh sna Gaelscoileanna agus an ró-shuibscríobh gur mó an t-éileamh ná an soláthar. Ach ní mór aghaidh práinneach a thabhairt ar shárú na ndeacrachtaí infrastruchtúir agus eile chun go leanfar leis an éileamh."

 

D’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta tuarascáil le déanaí a léiríonn na príomhthorthaí ar iniúchadh ar chleachtais iontrála 1,572 bhunscoil agus 426 iarbhunscoil, le céatadán an-íseal Gaelscoileanna san áireamh. Cuireann an tuarascáil seo tús oifigiúil le próiseas comhairliúcháin ar pholasaithe iontrála scoileanna na tíre seo, chun a chinntiú go mbíonn polasaithe agus cleachtais uile-ghabhálacha ag gach scoil. Beidh GAELSCOILEANNA TEO. ag súil go mór leis an deis páirt a ghlacadh sa phróiseas chomhairliúcháin poiblí seo. Tugann an tAire rabhadh áfach faoi údarás aon eolas staitisticiúil, mar atá léirithe, chun léirmhíniú cruinn a thabhairt ar chúinsí, ach go háirithe ar chúinsí áitiúla scoileanna. Sa chomhthéacs seo, maíonn an tAire nach dtugann an t-eolas aon ábhar imní faoin gcóras ar an iomlán.

 

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lánGhaeilge.  Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.  Tá 169 bunscoil agus 43 iar-bhunscoil ag cur oideachais lánGhaeilge ar fáil faoi láthair. Tá aitheantas sealadach ag ceithre bhunscoil lán-Ghaeilge agus tá siad beartaithe le hoscailt i Meán Fómhair 2008.

 

Tuilleadh eolais:

Bláthnaid ní Ghréacháin                 01 4773155

Mícheál Ó Broin                                087-9467700

oifig@gaelscoileanna.ie    

CRÍOCH                   

Gabhann GAELSCOILEANNA TEO. Comhghairdeas le Buaiteoirí an Chomórtais Scoláireachtaí Gaeltachta Teaghlaigh

Bealtaine 6, 2008

Is mian le GAELSCOILEANNA TEO. comhghairdeas a ghabháil le buaiteoirí Comórtas na Scoláireachtaí Gaeltachta do theaghlaigh gaelscoile.

Ba mhór ag GAELSCOILEANNA TEO. ár mbuíochas a ghabháil le Joe Ó Gallchóir, a d’eagraigh an chomórtas agus le Cumann an Phiarsaigh a chur na 14 Scoláireachtaí teaghlaigh ar fáil le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge.

 

Seo a leanas buaiteoirí 2008:

1. Liam de Faoite, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo. 

2. Lasairíona Power, Sandyford, B.Á.C. 16.

3. Lisa de Nais, Lusca, Co. Átha Cliath.

4. Catherine Cullen, Áth Í, Co. Chill Dara.

5. Cornelia McGarry, Craigavon, Co. Ard Mhacha.

6. Emer Swords, Fearna, Co. Loch Garman.

7. Áine Ní Allmhuráin, Cnoc Liamhna, B.Á.C. 16.

8. Bríd Mhic an Fhailí, An Omaigh, Co. Thír Eoghain.

9. Caroline/Kevin Doherty, Carndonagh, Co. Dhún na nGall.

10. Johnny Cotter, Bantry, Corcaigh.

11. Daithí/Paula Giobúin, Summerhill, Co. na Mí.

12. Denise Quaide, Ballyneety, Limerick.

13. Susanna Hennessy Silke, Tuam, Co. na Gaillimhe.

14. Edel Cousins, Gorey, Co. Loch Garman.