Méid an Téacs

Ceisteanna Coitianta

Fáiltítear roimh theagmháil ó thuismitheoirí i nGaeilge nó i mBéarla agus beidh foireann Gaelscoileanna Teo. lánsásta ceisteanna a fhreagairt agus comhairle a thabhairt maidir le hoideachas lán-Ghaeilge do do pháiste. Fáilteofar roimh ghlaoch ar 01-8535195 nó roimh ríomhphost chuig oifig@gaelscoileanna.ie.

Cén tionchar a bheidh ag an bhfoghlaim iomlán trí Ghaeilge ar fhorbairt Bhéarla mo pháiste?

Is féidir go mbíonn imní ar roinnt tuismitheoirí ag an tús go mbeidh drochthionchar ag an gcóras tumoideachais ar fhorbairt Bhéarla a bpáiste. Léiríonn torthaí taighde an Fhorais Taighde ar Oideachais, 2011, go bhfuil páistí/daltaí i bhfad thar an meán náisiúnta i léitheoireacht an Bhéarla sna bunscoileanna lán-Ghaeilge agus go bhfuil ag éirí leo thar an meán náisiúnta sa mhata freisin.

An bhfuil tumoideachas lán-Ghaeilge oiriúnach do pháistí/dhaltaí le riachtanais speisialta?

Déanann na naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge freastal ar pháistí/daltaí le riachtanais speisialta díreach mar a dhéanann naíonraí agus scoileanna a fheidhmíonn trí Bhéarla. De réir gach fianaise, éiríonn ar a laghad chomh maith céanna le páistí/daltaí le riachtanais speisialta sa chóras lán-Ghaeilge is a n-éiríonn leo sna córais meán-Bhéarla. Aithnítear an córas luath-thumoideachais iomlán mar an múnla is rathúla do pháistí/daltaí le riachtanais speisialta.

Alt maidir le fadhbanna urlabhra agus foghlaim an dara teanga: Can children with language impairments learn two languages?

An dtuigfidh mo pháistí an stiúrthóir/múinteoir?

Sna luathbhlianta tuigeann stiúrthóirí naíonra agus múinteoirí bunscoile sa chóras tumoideachais nach dtuigfidh gach páiste/dalta gach rud a deireann siad. Úsáideann siad comharthaíocht choirp, fhíseach, gotha gnúise áibhéalta, agus tuin chainte eispriseach chun brí a chur in iúl agus cumarsáid a dhéanamh. Ag leibhéal na réamhscolaíochta agus i rith luathbhlianta na bunscoile, tá sé nádúrtha do pháistí/daltaí meascán de Ghaeilge agus de Bhéarla a labhairt lena gcuid piaraí agus nuair a bhíonn siad ag freagairt an stiúrthóra/múinteora. Tá sé seo amhlaidh ach go háirithe dóibh siúd nach bhfuil ag teacht as cúlra baile Gaeilge. De réir mar a leanann siad ar aghaidh, tosaíonn na páistí/daltaí ag úsáid níos mó Gaeilge go nádúrtha. Úsáideann stiúrthóirí agus múinteoirí amhráin, frásaí úsáideacha, cantaireacht agus rímeanna agus bíonn meascán cúramach ann i rith an lae de ghnáthaimh chomónta, chun páistí sa naíonraí agus daltaí scoile a mhealladh i leith úsáid na Gaeilge.

An gá dom Gaeilge a bheith agam le mo pháiste a chlárú le naíonra nó scoil lán-Ghaeilge?

Ní gá. Cinnte, is buntáiste é don pháiste/dalta má tá Gaeilge á labhairt sa bhaile, fiú mura bhfuil i gceist ach í a labhairt ag am ar leith nó go bhfuil focail áirithe in úsáid, ach gur léir don pháiste/dalta nach teanga naíonra nó scoile amháin í an Ghaeilge agus go bhfuil an-spéis ag na tuismitheoirí sa teanga. Fáiltítear go mór roimh pháistí/daltaí ó gach cúlra teanga agus cultúir sna naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge.

An mbeidh mé in ann cabhair a thabhairt do mo pháiste leis an obair bhaile?

Aithníonn scoileanna lán-Ghaeilge an tábhacht le rannpháirtíocht na dtuismitheoirí i ngach gné d’oideachas a bpáistí, obair bhaile san áireamh. Aithníonn múinteoirí nach bhfuil Gaeilge líofa ag gach tuismitheoir agus tugtar obair bhaile d’fhonn treisiú a dhéanamh ar a bhfuil foghlamtha ag an dalta le linn am scoile. Fiosraigh leis an scoil a bhfuil suim agat inti maidir le tacaíochtaí d’obair bhaile do thuismitheoirí gur mian leo Gaeilge a fhoghlaim.

An bhfuil an cineál oideachais seo ar fáil in aon áit eile?

Meastar go bhfuil idir 60-75% de dhaonra an domhain dátheangach agus is cur chuige oideachais comónta é a mbaintear leas as ar fud an domhain i dtíortha amhail an Bhreatain Bhig, Ceanada, an Astráil, an Nua-Shéalainn, an Chatalóin, Tír na mBascach, an Fhionlainn, an Ungáir, an Afraic Theas agus Albain.

An bhfuil tacaíocht ar fáil do thuismitheoirí?

Cuireann Gaelscoileanna Teo. seirbhísí eolais agus tacaíochta ar fáil do thuismitheoirí, chomh maith le:

  • Foilseacháin, ceisteanna coitianta agus eolas cuimsitheach i nGaeilge agus i mBéarla maidir le hoideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil
  • Stocaireacht agus ionadaíocht thar ceann tuismitheoirí ar raon leathna saincheisteanna
  • Forbairt scoilphobail ina mbeadh ról lárnach ag tuismitheoirí
  • Mianta tuismitheoirí a chosaint i leith oideachais lán-Ghaeilge dá bpáistí
  • Spreagadh, comhairle agus tacaíocht phraiticiúil a chur ar fáil do thuismitheoirí maidir le bunú naíonraí agus scoileanna agus leanúnachas ón naíonra go bunscoil agus iarbhunscoil lán-Ghaeilge