Méid an Téacs

Cigireacht Oideachas-dhírithe

Cuireadh tús i Fómhair 2015 le scéim cigireachta nua de chuid na Roinne Oideachais & Scileanna. Tá cigirí luath-óige ag tabhairt cuairt ar sheirbhísí a ghlacann páirt sa scéim ECCE, le measúnú a dhéanamh ar chaighdeán an tsoláthair oideachais.

Impleachtaí don Naíonra

Forbairt Teanga

Is í forbairt teanga ceann de na príomhaidhmeanna atá ag baint le foghlaim i naíonraí atá rannpháirteach sa scéim ECCE. I gcreatlach cáilíochta na Roinne, baineann na tagairtí do ‘teanga’ le Gaeilge, i gcás soláthar trí mheán na Gaeilge.

Measúnú

  • Ní thabharfaidh an Roinn fógra roimh ré faoin gcigireacht
  • Mairfidh sí ar feadh lá amháin
  • Ní dhéanfar cumas Gaeilge na stiúrthóirí naíonra á mheas go díreach
  • Déanfar measúnú ar chumas na stiúrthóirí tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt scileanna teanga na leanaí
  • Díreofar aird faoi leith ar conas a léiríonn na stiúrthóirí an teanga chuí do na leanaí
  • Féachfar ar conas a chothaítear teanga éiritheach na leanaí

Creatlach Cáilíochta

Tá creatlach cáilíochta foilsithe ag an Roinn maidir leis an scéim nua, ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Tá Gaeloideachas ag plé leis an Roinn maidir le himpleachtaí na scéime do na naíonraí, agus freastal na scéime ar sheirbhísí luath-óige lán-Ghaeilge. Íoslódáil an bhileog treorach thíos:

Treoir

Tá treoir atá foilsithe ag an Roinn a leagann amach na cleachtais agus nósanna imeachta a bhaineann leis an bpróiseas cigireachta. Tá sé éifeachtach ó 11 Aibreán 2016. Íoslódáil an leabhrán treorach thíos:

Aiseolas agus Comhairle

Tabharfaidh na cigirí aiseolas agus comhairle phraiticiúil do chleachtóirí, chomh maith le moltaí maidir leis an mbealach ar féidir feabhas a chur ar an soláthar. Tabharfar deis do dhaoine atá ag obair in earnáil na luath-óige a dtuairimí a nochtadh ar an mbealach a chuirfear an chigireacht seo i gcrích.

Tuilleadh Eolais

Tá tuilleadh eolais maidir leis an scéim ar fáil ach teagmháil a dhéanamh leis an Roinn: eyei@education.gov.ie nó 01 8896516.