Méid an Téacs

Buntáistí

De réir taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta, áirítear i measc buntáistí an chórais:

  • Buntáistí cognaíochtúla agus gnóthachtáil mhéadaithe curaclaim: Bíonn cumas intinne níos fearr ag an bpáiste/dalta agus mar sin torthaí níos fearr
  • Níos éasca teangacha eile a fhoghlaim: Forbróidh daltaí an dá theanga agus ní bheidh aon drochthionchar d’fhorbairt ceachtar teanga ná d’aon ábhar eile sa churaclam, msh. Fraincis, Spáinnis, Stair, Ealaín, nó eile
  • Bíonn páistí/daltaí líofa agus liteartha i dhá theanga: Deir na saineolaithe idirnáisiúnta gur fearr na scileanna litearthachta a aistriú ó mhionteanga go mórtheanga seachas a mhalairt
  • Scileanna cumarsáide níos fearr, cruthaitheacht agus íogaireacht chumarsáide
  • Rachaidh páistí/daltaí i dtaithí agus i bhféinmhuinín ar a gcultúr féin, rud a chabhraíonn le muinín agus diongbháilteacht féiniúlachta
  • Buntáistí eacnamaíochta agus fostaíochta: Is scil ar leith obair a dhéanamh i dteangacha éagsúla
  • Beidh tuiscint agus ómós ag páistí/daltaí ar chultúir éagsúla: Spreagann an córas ilchultúrachas níos doimhne agus caoinfhulaingt cultúir eile níos fearr, níos lú ciníochas
  • D’fhéadfaí bónasmharcanna a thabhairt d’iarrthóirí a fhreagraíonn scrúdú scríofa Ardteiste trí Ghaeilge