Fúinn
Sa rannóg seo:
-
Ballraíocht le GAELSCOILEANNA TEO.
-
Staitisticí maidir le hearnáil na gaelscolaíochta
-
Struchtúr GAELSCOILEANNA TEO.
-
Teagmháil agus foireann na hOifige
-
Polasaí Scaipeachán Eolais
-
Coiste Seasta Thuaidh Theas ar Ghaeloideachas
Eolas Ginearálta
Is é an ghaeloideachas ceann de na réimsí oideachais is mó fás agus forbairt in Éirinn le 30 bliain anuas agus tá GAELSCOILEANNA TEO. chun tosaigh san fhás agus san fhorbairt sin. Tá tuairim is 40,000 daltaí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge. Tá an eagraíocht á maoiniú ag Foras na Gaeilge.
Séard atá i scoil lán-Ghaeilge ná scoil a mhúineann na hábhair trí mheán na Gaeilge ag an mbunleibhéal (gaelscoil) agus ag an iar-bhunleibhéal (gaelcholáiste).
Déantar forbairt iomlán ar an dalta trí churaclam leathan cuimsitheach a chur ar fáil agus leantar an gnáthchuraclam de réir mar atá leagtha amach ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Is í an Ghaeilge teanga teagaisc na scoileanna agus an teanga chumarsáide idir na múinteoirí, na daltaí, na tuismitheoirí agus na boird bainistíochta. Is í príomhaidhm na scoileanna lán-Ghaeilge ná ardchaighdeán oideachais a chur ar fáil agus cabhraíonn sainmheon na scoileanna lán-Ghaeilge leis an nGaeilge a choinneáil beo mar theanga labhartha sa phobal. Léiríonn taighde naisiúnta agus idirnáisiúnta go bhfuil iliomad buntáistí ag baint leis an dátheangachas agus leis an gcóras tumoideachais don dalta idir teangeolaíochta, oideachasúla agus sóisialta.
Taithí Oibre
Cuireann GAELSCOILEANNA TEO. deiseanna taithí oibre ar fáil in oifigí na heagraíochta do mhic léinn gur mian leo obair dheonach a dhéanamh linn. Is beirt ar a mhéid ag an t-aon am amháin a bheadh i gceist. Tá fáilte roimh iarratais ar thaithí oibre linn ar ríomhphost: oifig@gaelscoileanna.ie.
Aidhmeanna na hEagraíochta
Is í príomhaidhm GAELSCOILEANNA TEO. ná an ghaelscolaíocht a chur chun cinn, a éascú agus a spreagadh ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal fud fad na hÉireann. Baintear na spriocanna seo amach trí:
- spreagadh, comhairle agus tacaíocht phraiticiúil a thabhairt don phobal, don tuismitheoir nó don duine sa phobal, a chinneann scoil a bhunú.
- freagairt do agus ag feidhmiú ar mhianta tuismitheoirí agus an phobail agus ag feidhmiú mar chomhairleoir neamhspleách don phobal i mbunú scoileanna tríd an bpróiseas.
- tacaíocht a thabhairt do phobal na scoile san earnáil ghaelscolaíochta i ngach gné d’fhorbairt na scoile idir mhúinteoirí, phríomhoidí, bhoird bainistíochta agus tuismitheoirí.
- oiliúint inseirbhíse ar shainriachtanais na hearnála a chur ar fáil do mhúinteoirí agus do phríomhoidí.
- cúrsaí oiliúna do bhoird bhainistíochta na scoileanna lán-Ghaeilge a reáchtáil ar ghnéithe éagsúla den ghaelscolaíocht, ar a n-áirítear an bhainistíocht, cúrsaí riaracháin srl.
- idirghabháil idir an Roinn Oideachais & Eolaíochta agus na scoileanna lán-Ghaeilge ar cheisteanna ilghnéitheacha, ar a n-áirítear ceisteanna curaclaim, cóiríochta, ceapacháin mhúinteoirí srl.
- tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do scoileanna lán-Ghaeilge scoilphobal a bhunú agus imeachtaí idirscoile a reáchtáil.
- tionóltar Comhdháil Bhliantúil Oideachais chun díriú ar shaincheisteanna ar leith agus chun deis mhalartaithe saineolais a chur ar fáil do na scoileanna.
- nuachtlitir leictreonach, pacáistí eolais móide ábhair bolscaireachta eile a ullmhú agus a chur ar fáil d’ár scoileanna agus don phobal i gcoitinne.
Plean Straitéiseach 2008 – 2011
Tá ‘Plean Straitéiseach 2008-2011′ foilsithe ag GAELSCOILEANNA TEO. Is ag Comhdháil Bhliantúil agus Oideachais na heagraíochta i 2008 a seoladh an plean le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.
Bealach chun cinn atá sa Phlean Straitéiseach i dtreo soláthair beartaithe do bhreis agus 20 bunscoil agus 10 niar-bhunscoil lán-Ghaeilge faoi 2013. Anuas air seo, molann sé réimse beart chun cur le rath an 139 scoil lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus 38 ag an iar-bhunleibhéal sna 26 contae lasmuigh de na ceantair Gaeltachta ar bhonn gearrthréimhseach agus fadtréimhseach. Cuimsíonn an tríú ghné den phlean moltaí inar féidir leis na scoileanna dul i bhfeidhm ar an bpobal áitiúil chun an cultúr agus an teanga a chothú.
Chun teacht ar Phlean Straitéiseach GAELSCOILEANNA TEO. 2008 – 2011, cliceáil ar an nasc thíos:




