Méid an Téacs

Scaipeachán Eolais

Déantar eolas Gaelscoileanna Teo. a roinnt ar scoileanna trí corrphoist agus trí ríomhphoist go príomha, agus trí eolas a chrochadh ar shuíomh gréasáin na heagraíochta. D’fhéadfaí go ndéanfaí forbairt ar scaipeachán eolais trí théacsanna agus eile, agus baineann an treoir thíos sa chás sin freisin.

  1. I gcás iarratais ó dhaoine agus eagraíochtaí seachtracha, scoileanna agus eile, is faoi dhiscréid na heagraíochta glacadh nó gan glacadh le hiarratais.  Glacfar cinneadh faoi ábhar a chur ar fáil ón eagraíocht bunaithe ar nádúr an iarratais, cineál an ábhair, oiriúnacht agus tionchair.
  2. Ní mór don eagraíocht a bheith neamhchlaonta agus neamhpholaitiúil le gach ábhar a sheoltar amach óna cuntas.
  3. Ní scaipfear eolas ó pháirtithe polaitiúla ná ó eagraíochtaí, scoileanna, daoine a d’fhéadfadh claonadh polaitiúil a bheith ann, idir áitiúil agus náisiúnta, gan réamhscagadh a dhéanamh air.
  4. Ní scaipfear eolas ó pháirtithe polaitiúla ná ó eagraíochtaí, scoileanna, daoine a bhfuil mar aidhm aige airgead a thiomsú chun leasa páirtí ar bith.
  5. Cinnteofar, i ngach cás go bhfuil gach comhfhreagras gairmiúil, agus neamhchlaonta, agus gur féidir leis an eagraíocht seasamh leis.