Méid an Téacs

Tumoideachas & Taighde

Leanann naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge modh foghlama an tumoideachais, córas a chuidíonn le páistí/daltaí an teanga a shealbhú go nádúrtha trí thaithí laethúil i dtimpeallacht Ghaelach. Is í an Ghaeilge an phríomhtheanga chumarsáide taobh istigh de naíonraí agus de scoileanna lán-Ghaeilge agus baineann na leanaí/daltaí ardlíofacht sa Bhéarla agus sa Ghaeilge amach tríd an gcóras tumoideachais. Soláthraíonn scoileanna lán-Ghaeilge an curaclam iomlán agus maoiníonn an Rialtas iad de réir na gcoinníollacha céanna le scoileanna a bhíonn ag teagasc trí mheán an Bhéarla. Tá an tumoideachas lán-Ghaeilge, ón réamhscolaíocht go dtí an tríú leibhéal, mar chéad rogha ag líon méadaithe tuismitheoirí in Éirinn le blianta beaga anuas.

Tá go leor taighde foilsithe a léiríonn éifeacht an mhúnla agus tá cartlann taighde ar fáil anseo.

Feachtas 2007

Sa bhliain 2006 d’fhógair an tAire Oideachais ag an am, Mary Hanafin, nach mbeadh cead ag gaelscoileanna an luath-thumoideachas a chur i bhfeidhm a thuilleadh ina gcuid scoileanna in ainneoin cleachtais sean-bhunaithe agus gach fianaise gurb é an múnla is éifeachtaí sealbhaithe teanga sa chóras tumoideachais atá ann. Thar ceann na scoileanna lán-Ghaeilge agus a gcuid pobail, thug Gaelscoileanna Teo. faoi fheachtas náisiúnta le cur i gcoinne an bheartais seo. Go comhthreomhar chuir dhá scoil faoin bhForas Pátrúnachta tús le cás dlí ina choinne. De bharr feachtas éifeachtach, tiomantas na scoileanna agus iad siúd a ghlac céim an dlí, d’éirigh linn an cinneadh a aisiompú. Éacht mhór a bhí ann a léirigh éifeacht na comhghníomhaíochta. Aithníonn an Roinn Oideachais & Scileanna an luath-thumoideachas dá thoradh mar chóras éifeachtach agus rathúil. Tá cead ag scoileanna anois teagasc an Bhéarla a chur siar go dtí deireadh téarma 1 sna naíonáin sinsir. Molann an taighde idirnáisiúnta agus náisiúnta tréimhse tumtha níos faide ná seo le buntáistí iomlán an chórais a shaothrú. Aithníonn Gaelscoileanna Teo. agus tacaíonn sí le scoileanna a chreideann i dtréimhse tumtha níos leithne. Aithníonn an eagraíocht an riachtanas a bhaineann anois le treoir phraiticiúil do scoileanna faoin leas is fearr  a bhaint as an gcóras luath-thumadh chun leas na bpáistí.