Méid an Téacs

Eolas do Thuismitheoirí

Seo thíos na ceisteanna is coitianta a chuireann tuismitheoirí ar Gaelscoileanna Teo. Mura bhfuil freagra do cheiste ann nó má tá breis eolais de dhíth, bí cinnte agus teagmháil a dhéanamh linn ar 01 8535195 nó  oifig@gaelscoileanna.ie.

Tá freagraí ar ceisteanna coitianta maidir leis an tumoideachas anseo.

Cad is naíonra ann?

Sainmhínítear ‘naíonra’ mar ghrúpa páistí a thagann le chéile go rialta ar a mhéid 3.5 uair a chloig sa lá (seirbhís seisiúnach atá i gceist) i dtimpeallacht taitneamhach faoi stiúir stiúrthóra. Cuireann an stiúrthóir naíonra gach deis ar fáil do pháistí forbairt iomlán, idir fhorbairt fhisiciúil, intleachtúil, chruthaitheach, aeistéitiúil, shóisialta, mhothúchánach agus teanga a bhaint amach. Trí Ghaeilge a dhéantar obair an naíonra. Modh an tsúgartha an cur chuige a úsáidtear de ghnáth mar gurb é is oiriúnaí mar mhodh foghlama do pháistí ag an tréimhse seo. Is idir 3 agus 5 bliain d’aois de ghnáth a bhíonn páistí sa naíonra.

Cad is scoil lán-Ghaeilge ann?

Go minic, tugtar ‘gaelscoil’ ar bhunscoil lán-Ghaeilge agus ‘gaelcholáiste’ ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge.

Is í an Ghaeilge an teanga teagaisc sa scoil, agus an teanga chumarsáide idir na múinteoirí, na daltaí agus an bhainistíocht. Is teanga bheo í an Ghaeilge sa scoil, laistigh agus lasmuigh de na ranganna. Bíonn ardchaighdeán oideachasúil i ngach ábhar á ghnóthú, an Béarla san áireamh, agus leantar an gnáthchuraclam atá leagtha síos ag an Roinn Oideachais & Scileanna. Cuirtear fáilte roimh gach dalta as gach cúlra teanga, socheacnamaíochta agus cumais.

Is faoi phátrúnachtaí éagsúla atá na scoileanna lán-Ghaeilge. D’fhéadfadh na scoileanna lán-Ghaeilge sainmheoin creidimh éagsúla a bheith acu, ag brath ar phátrún na scoile. Tá scoileanna sainchreidhmheacha, idirchreidmheacha, ilchreidmheacha agus scoileanna neamh-shainchreidmheacha ann.

Cén sainmheon creidimh atá ag scoil lán-Ghaeilge?

Is féidir le scoileanna lán-Ghaeilge sainmheoin creidimh éagsúla a bheith acu, ag brath ar phátrún na scoile. Tá scoileanna sainchreidhmheacha, idirchreidmheacha, ilchreidmheacha agus scoileanna neamh-shainchreidmheacha ann. Ar na liostaí scoileanna thíos, leagtar amach sainmheon agus pátrúin na scoileanna atá ann cheana:

An scoileanna comhoideachais iad scoileanna lán-Ghaeilge?

Is scoileanna comhoideachais iad na bunscoileanna lán-Ghaeilge ar fad. Tá roinnt iarbhunscoil nach scoileanna comhoideachais iad ach glacann formhór dóibh le cailíní agus buachaillí.

Conas a chláraím mo pháiste i naíonra/scoil lán-Ghaeilge?

Is gá teagmháil a dhéanamh leis an naíonra/scoil féin agus eolas a lorg maidir le polasaí iontrála agus clárúcháin an naíonra/na scoile. Bíonn polasaithe éagsúla ag na naíonraí/scoileanna ach ba cheart go mbeadh bainistíocht an naíonra/na scoile in ann gach eolas agus treoir a thabhairt duit.

An gá dom Gaeilge a bheith agam le mo pháiste a chlárú le naíonra nó scoil lán-Ghaeilge?

Ní gá. Cinnte, is buntáiste é don pháiste/dalta má tá Gaeilge á labhairt sa bhaile, fiú mura bhfuil i gceist ach í a labhairt ag am ar leith nó go bhfuil focail áirithe in úsáid, ach gur léir don pháiste/dalta nach teanga naíonra nó scoile amháin í an Ghaeilge agus go bhfuil an-spéis ag na tuismitheoirí sa teanga. Fáiltítear go mór roimh pháistí/daltaí ó gach cúlra teanga agus cultúir sna naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge.

Níl Gaeilge nó Béarla líofa ag mo pháiste, an mbeadh naíonra/scoil lán-Ghaeilge in ann freastal air/uirthi?

Cinnte, bheadh. Fáiltítear go mór roimh dhaltaí ó gach tír agus cúlra teanga agus cultúir sna naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge agus tabharfar tacaíocht dóibh agus dá dtuismitheoirí. Tá bileoga maidir leis an tumoideachas ar fáil sna teangacha thíos agus is féidir cóipeanna crua dóibh a fháil ach glaoch ar 01 8535195 nó ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gaelscoileanna.ie ag lua an t-ábhar atá uait agus do sheoladh poist.

Ba mhaith liom Gaeilge a fhoghlaim! An bhfuil ranganna agus tacaíocht do thuismitheoirí ar fáil?

Go minic, cuireann scoileanna tacaíocht teanga ar fáil do thuismitheoirí a dteastaíonn uathu a scileanna Gaeilge a fheabhsú – is fiú go mór seo a fhiosrú leis an scoil ar a bhfuil do pháiste ag freastal nó ar a bhfuil sé ar intinn agat é/í a chur. Seo thíos liosta d’eagraíochtaí a chuireann ranganna Gaeilge do dhaoine fásta agus/nó seirbhísí tacaíochta ar fáil:

  • Conradh na Gaeilge
  • Gaelchultúr
  • Gael Linn
  • Glór na nGael
  • Institiúidí tríú leibhéil
  • Ionaid Oideachais áitiúla
  • Oideas Gael
  • Ranganna.com
  • Scoileanna áitiúla
  • Teastas Eorpach na Gaeilge

An gá go mbeadh mo pháiste ag freastal ar naíonra le háit a fháil i mbunscoil lán-Ghaeilge, nó ag freastal ar bhunscoil lán-Ghaeilge le háit a fháil in iarbhunscoil lán-Ghaeilge?

Ní gá, ach faoi láthair tugann scoileanna áirithe tosaíocht do dhaltaí atá ag freastal ar naíonra nó bunscoil lán-Ghaeilge, de réir na gcritéir iontrála atá leagtha síos ina polasaí iontrála. Is féidir go mbeidh athrú ar seo nuair a thagann rialacháin nua maidir le hiontráil scoileanna i bhfeidhm i 2015. Is gá teagmháil a dhéanamh leis an scoil féin agus eolas a lorg maidir le polasaí iontrála agus clárúcháin na scoile. Is buntáiste ollmhór é don pháiste tréimhse a chaitheamh sa naíonra roimh theacht ar scoil mar go dtugann sé bunús an-mhaith dó/di a bheith tumtha sa teanga i dtimpeallacht foghlama, spraíúil agus taitneamhach. Bíonn polasaithe éagsúla ag na scoileanna ach ba cheart go mbeadh bainistíocht na scoile in ann gach eolas agus treoir a thabhairt duit.

Diúltaíodh áit do mo pháiste sa scoil lán-Ghaeilge. An bhfuil cearta agam i leith áit a éileamh sa scoil do mo pháiste?

Má dhiúltaítear áit do do pháiste, tá sé de cheart agat achomharc a lorg ar an gcinneadh. Caithfear achomharc a lorg ar dtús le Bord Bainistíochta na scoile. Mura n-éiríonn le d’achomharc, is féidir é a chur ar aghaidh chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna agus achomharc a lorg faoi Alt 29 den Acht Oideachais. Tá tuilleadh eolais maidir leis an bpróiseas seo ar fáil ón Roinn Oideachais ach ríomhphost a sheoladh chuig section29@education.gov.ie. Is féidir go mbeidh athrú ar seo nuair a thagann rialacháin nua maidir le hiontráil scoileanna i bhfeidhm i 2015.

Cé chomh cáilithe is atá an fhoireann i naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge?

Ní mór na cáilíochtaí céanna a bheith ag stiúrthóirí naíonra, ag múinteoirí bunscoile agus ag múinteoirí iarbhunscoile i scoileanna lán-Ghaeilge agus atá ag a gcomhghleacaithe i seirbhísí luathbhlianta agus scoileanna eile.  Ní mór caighdeán ard Gaeilge, idir scríobh agus labhairt, a bheith ag an fhoireann teagaisc ag gach leibhéal.

Tá deacracht agam leis an naíonra/scoil ar a bhfuil mo pháiste ag freastal. An féidir le Gaelscoileanna Teo. comhairle a chur orm?

Tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh linn ar 01 8535195 nó ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gaelscoileanna.ie agus déanfaimid ár ndícheall treoir a thabhairt duit. Go hiondúil, molfaimid deacrachtaí leis an naíonra/scoil a phlé i dtosach báire le stiúrthóir an naíonra/príomhoide na scoile, agus ansin le cathaoirleach Bhord Bainistíochta an naíonra/na scoile nó le pátrún na scoile. Is féidir go mbeadh eagraíochtaí oideachais eile in ann cabhrú leat chomh maith agus tá liosta dóibh ar fáil anseo.

An bhfaigheann daltaí pointí Ardteiste sa bhreis as ucht an scrúdú a dhéanamh trí Ghaeilge?

Má fhreagraíonn iarrthóir trí mheán na Gaeilge i scrúdú scríofa ábhair Ardteiste ar leith d’fhéadfaí bónasmharcanna a thabhairt dó/di. Tá tuilleadh eolais maidir le seo ar fáil ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit.

An bhfuil eolas agat maidir le campaí samhraidh?

Tá liosta d’eagraíochtaí a chuireann campaí samhraidh ar fáil anseo.

Tá ceist eile agam…

Tá gach fáilte romhat teagmháil a dhéanamh linn ar 01 8535195 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gaelscoileanna.ie agus déanfaimid ar ndícheall do cheist a fhreagairt.