Méid an Téacs

Polasaithe

Is gá do naíonraí na rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile), 2006 a leanúint, agus polasaithe a bheith acu a thagann leis na rialacháin sin. Tá gach eolas maidir leis na rialacháin le fáil ó Tusla, An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. Tá samplaí thíos de pholasaithe gur féidir a íoslódáil agus a chur in oiriúint dod’ naíonra féin. Níl iontu ach samplacha, áfach, agus is faoin naíonra a chinntiú go bhfuil siad cuí dá suíomh féin.

Seo thíos liosta na bpolasaithe riachtanacha do naíonraí:

  • Polasaí Bainistíochta Iompair
  • Polasaí Cosanta Leanaí
  • Polasaí i dtaobh Turas
  • Prótacal i dtaobh Cógas a riar
  • Polasaí i dtaobh Codlata agus Scíthe

Ba chóir an-bhéim a leagan ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm maidir le grinnfhiosrúchán agus seiceálacha cúlra mar chuid den Pholasaí Cosanta Leanaí. Mar chuid den Pholasaí i dtaobh Turas, ba chóir béim a leagan ar na measúnaithe riosca atá i bhfeidhm do thurais, an trealamh agus fearas ar chóir a thógáil agus an cóimheas daoine fásta is páistí.

Polasaithe Samplacha

Foirmeacha Samplacha

Polasaithe Eile

Seo a leanas liosta polasaithe eile a bhféadfaí a bheith ag teastáil ó naíonra. Moltar do naíonraí an liosta a chíoradh agus pé polasaithe cuí dá seirbhís féin a bheith acu mar dhea-chleachtas.

  • Polasaí Bainistíochta
  • Polasaí Comhdheiseanna
  • Polasaí Cosanta ar an nGrian
  • Polasaí Cosanta Sonraí
  • Polasaí Earcaíochta agus Roghnúcháin
  • Polasaí Frithbhulaíochta
  • Polasaí Glantacháin
  • Polasaí i dtaobh Bia Shláintiúil
  • Polasaí i dtaobh Clúidíní a athrú & an leithreas a úsáid
  • Polasaí i dtaobh Comhoibriú le Tuismitheoirí/Cúramóirí
  • Polasaí i dtaobh Gearán agus Tuairimí
  • Polasaí i dtaobh ionad oibre saor ó thobac
  • Polasaí i dtaobh Ionfhabhtaithe a rialadh
  • Polasaí i dtaobh Lámha a Ní
  • Polasaí i dtaobh Mac Léinn agus Oibrithe Deonacha
  • Polasaí i dtaobh na Meán Sóisialta
  • Polasaí i dtaobh na Rúndachta
  • Polasaí i dtaobh Neamhláithreacht Foirne
  • Polasaí i dtaobh Oiliúna/Traenála Foirne
  • Polasaí i dtaobh Páistí a bhailiú
  • Polasaí i dtaobh páistí le riachtanais speisialta
  • Polasaí i dtaobh peataí
  • Polasaí i dtaobh srianadh lotnaidí
  • Polasaí i dtaobh súgradh faoin aer
  • Polasaí Táillí
  • Polasaí i dtaobh Theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide
  • Polasaí Tinnis
  • Polasaí i dtaobh Trealamh Closamhairc a úsáid
  • Polasaí Iompair
  • Polasaí Iontrála
  • Polasaí maidir le páistí a chur ar a gcompord/socrú isteach
  • Polasaí Rannpháirteachta Tuismitheoirí/Cúramóirí
  • Polasaí Sábháilteachta Dóiteáin
  • Polasaí Slándála
  • Polasaí TCI (CCTV)
  • Polasaí Grianghraf/Físeán
  • Polasaí i dtaobh Teacht agus Imeacht
  • Polasaí i taobh Timpistí agus Tarlúintí