Méid an Téacs

Na Naíonraí Gaelacha

Na Naíonraí GaelachaIs eagras deonach neamhspleách é Na Naíonraí Gaelacha (NNG) a bunaíodh i 1974 do Stiúrthóirí Naíonra. Eagraíonn Na Naíonraí Gaelacha ‘Lá Náisiúnta na Naíonraí’ i rith mhí na Bealtaine gach bliain.

Comhdháil Bhliantúil

Reáchtáiltear Comhdháil Bhliantúil Na Naíonraí Gaelacha gach bliain. Beidh Comhdháil agus Cruinniú Cinn Bhliana 2017 ar siúl ar an 7 Deireadh Fómhair san Óstán Maldron, Bealach Bhaile an Fhaoitigh, Tamhlacht BÁC 24.

Ballraíocht

Ofrálann Na Naíonraí Gaelacha ballraíocht do naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. Seoltar foirmeacha ballraíochta amach chuig na naíonraí le linn an tsamhraidh gach bliain. Má tá suim agat bheith ag obair leis Na Naíonraí Gaelacha go deonach nó má tá eolas sa bhreis uait maidir le ballraíocht, déan teagmháil leo ar nanaionraigaelacha@gmail.com.

Acmhainní

Is féidir na hacmhainní Maidin sa Naíonra, Amhráin do Pháistí agus BunGhaeilge do Thuismitheoirí, foilsithe ag Na Naíonraí Gaelacha, a cheannach ach teagmháil a dhéanamh le hÁis (ais@forasnagaeilge.ie) nó le Glór na nGael.

Coiste

Cathaoirleach: Gráinne Uí Mhaolagáin

Rúnaí: Maeve Uí Fhaoláin

Cisteoir: Eilís Mhic an Iascaire

Baill an Choiste:

  • Cherrie Uí Bhroin
  • Máire Ní Choileáin
  • Deirdre Ní Chuilinn
  • Ciara Ní Mhaolagáin