Méid an Téacs

Foirgneamh nua Ghaelscoil Shliabh Rua ar an mbealach!

Feabhra 24, 2015

Breathnaigh ar an dul chun cinn anseo: www.facebook.com

Turas Gaeltachta Ghaelscoil Uí Éigeartaigh

Meitheamh 25, 2014

Chuaigh Rang 6 ó Ghaelscoil Uí Éigeartaigh, An Cóbh go Gaeltacht Chorca Dhuibhne arís i mbliana ar feadh 3 lá. Bhí an-turas go deo againn!

Chuamar ag surfáíl ar Thráigh na hInse, ag dreapadóireacht in Ionad Dreapadóireachta sa Daingin, ag breathnú ar dhúile beo na mara &rl i nDomhan Fothoinn an Daingin.

Chomh maith le sin thugamar cuairt ar RnaG agus thugamar ábhar (idir chaint & ceol) dóibh a d’úsáideadar ar an gclár ‘An Saol Ó Dheas’.

Chomh maith le sin thugamar cuairt ar roinnt de na scoileanna áitiúla mar a raibh na daltaí ag amhránaíocht, ag seinm ceoil, ag insint scéalta agus ag imirt peile dá chéile. Thugamar cuireadh do na daltaí ó na scoileanna sin teacht chuig céilí a d’eagraíomar ceann de na hoícheanta i halla Bhaile an Fheirtéaraigh. Bhí trí scoil páirteach, Gaelscoil Uí Éigeartaigh, Scoil Dhún Chaoin agus Scoil Naomh Eirc.

Art Ó Súilleabháin i nGaelscoil na Mí

Meitheamh 24, 2014

Tháinig an scríbhneoir Art Ó Súilleabháin ar cuairt chuig na páistí i nGaelscoil na Mí i gCill Dhéagláin agus Gaelscoil an Bhradáin Feasa i nDroichead Átha i rith Sheachtain na Gaeilge. Is scríbhneoir é Art Ó Súilleabháin as Corr na Móna i nGaillimh a bhfuil roinnt scéalta agus dánta Gaeilge do pháistí scríofa aige. Bhí na páistí ar bís chun bualadh le húdar Gaeilge. Léigh sé roinnt scéalta agus dánta do na páistí agus labhair sé leo faoi chúlra na ndánta. Chomh maith leis sin, d’éist sé leis na páistí ag cur a dhánta i láthair dó. Dúirt sé go raibh ard-chaighdeán Gaeilge acu agus bhí na páistí an-sásta é sin a chloisteáil! Chabhraigh an chuairt seo go mór le cur chun cinn na teanga i measc phobal na scoile leis an gcumarsáid Ghaeilge idir na páistí agus an scríbhneoir, an deis chun éisteacht le scéalta agus dánta Gaeilge á léamh ag an údar agus an spreagadh a thug sé do na páistí chun tabhairt faoi scríbhneoireacht chruthaitheach i nGaeilge. Bhain na páistí go léir an-taitneamh as an gcuairt agus tá siad ag obair ar a ndánta féin a scríobh faoi láthair.

An grianghraf: Na páistí as Rang 1/2 i nGaelscoil na Mí agus a múinteoir Clár Ní Mhaoláin leis an scríbhneoir Art Ó Súilleabháin.

Gaelscoil na Mí

 

Bliots iománaíochta iontach eagraithe (agus buaite!) ag Gaelscoil Ghleann Darach

Meitheamh 5, 2014

Ar an 16ú de mhí Aibreáin, bhí bliots iománaíochta againn ar Pháirc Aldergrove i gCromlinn i gContae Aontroma. Bhí 4 Ghaelscoil páirteach sa bhliots. Bliots 12-an-taobh a bhí ann do dhaltaí, idir chailíní agus buachaillí i ranganna 4-7. D’imir gach scoil a chéile ar a laghad uair amháin. Bhain na páistí an-sult as an lá agus bhí scoth na gaeilge le chluinstin ar fud na páirce ó Ghaeil óga chontae Aontroma. Bhain Gaelscoil Ghleann Darach an bhliots. Tháinig Niall McKenna, imreoir ar fhoireann iománaíochta chontae Aontroma suas chun na duaiseanna a bhronnadh. Chuaigh gach páiste abhaile le boinn agus mála milseáin. Chuir an bliots seo go mór le híomhá spóirt na scoile agus íomhá na scoile agus an teanga sa phobail. Ba mhaith le Gaelscoil Ghleann Darach buíochas ó chroí a ghábháil le Gaelscoileanna as an t-airgid a chur ar fáil leis an bhliots a reachtáil.

Caitlín McHugh
(Comhordaitheoir spóirt)
Gaelscoil Ghleann Darach

www.ghleanndarach.com

GGD

Gaelscoil Bhaile Munna sa Ghaeltacht!

Meitheamh 3, 2014

Gaelscoil Bhaile Munna

Blitz Tras-Tíre na nGaelscoileanna 2014

Márta 10, 2014

Agus an ghrian ag lonradh Déardaoin seo chaite – Feabhra 27ú 2014, bhailigh na foirne le chéile i nDroichead na hInse ar son Gaelscoil Inse Chór, Gaelscoil Cholmchille, Scoil Mológa, Gaelscoil Lios na n-Óg, Gaelscoil Naomh Pádraig agus Gaelscoil na Camóige.

Bhí ceithre rás againn le cailíní shóisireacha (400m), cailíní shinsireacha (600m), buachaillí Shóisireacha (500m) agus buachaillí shinsireacha (800m) ag rith diaidh ar ndiaidh. Le brieis is 120 lúthchleasaí ag glacadh páirt agus lucht tacaíochta sách-mhór ó na scoileanna uile bhí atmaisféar den scoth sa pháirc. Bhí boinn, teastais agus soláistí sa halla ina dhiaidh againn.

Is ceiliúradh iontach a bhí againn don lúthchleasaíocht agus don Ghaeilge le teastas tuillte ag gach duine a rith.

Rith

Beofast i mBéal Feirste

Feabhra 4, 2014

Dé hAoine seo caite, 17 Eanáir 2014, tháinig 7 scoil le chéile i mBéal Feirste ag an ‘Oh Yeah’ centre fá choinne ‘Beo-Fast’. As an seachtar scoil sin, bhí cúigear acu as Dún na nGall agus bhí dhá scoil eile as Béal Feirste. Séard a bhí I ‘Beo-Fast’ go bunúsach nó ceolchoirm de chuid Beo. Déanann Beo iarracht bannaí rac Éireannach agus ceol nua a chuir chun cinn. Bhí ‘Beo-Fast’ ar cheann amháin de na ceolchoirmeacha de chuid Beo a bhí ar súil ar fud na tíre ar an Aoine sin. Bhí cúig cheolchoirm eile de chuid Beo ar siúl i scoileanna difriúla ó cheann ceann na tíre. Bhí na cheolchoirm eile i Dungloe, Castlebar,Youghal, Dingle agus Stranorlar. Fósta, bhí an ceolchoirm i mBéal Feirste ar an chéad cheolchoirm de chuid Beo a bhí ar siúl i dTuaisceart Éireann.

Roimh an cheolchoirm, bhí bean darbh aimn Linda Ervine ag labhairt faoin teanga ghaeilge. Bíonn Linda Ervine ag munú agus ag spréadh an teanga fríd an phobail Protastúnach i mBéal Feirste. Bhí sí ag labhairt os coinne na scoileanna uilig a bhí ag freastáil ar an ghig níos moille an oíche sin. Labhair Linda faoi an bealach a bhíonn sí ag munú gaeilge do Phrotastúnaigh i oirthear Beál Feirste. Cainteoir iontach suimiúl ab í Linda Ervine. I ndiaidh urlabhra Linda, bhí seans ag na scoilairí uilig píosa siopadóireacht a dhéanamh i lár mBeál Feirste agus d’fhill said ar ais or an Oh Yeah Centre in am don cheolchoirm.

Thosaigh an gig ag a seacht a chlog agus bá é Callum Stewart an chéad duine leis an stáitse a ghlacadh. Sheinn sé an giotár agus chan sé cúpla amhrán. Chruthaigh sé atmaisféar deas sa seomra. Díreach i ndiaidh Callum Stewart tháinig Apollo Six ar an stáitse. Banna óg as Leitirceanainn atá iontú le baill den ghrúpa as Clochar Loreto agus Coláiste Naomh Adhamhnáin atá sa bhaile. Sheinn siad amhráin raic agus thug siad ar dhaoine toiseacht ag léim agus ag damhsa.

Roimh an dara leath den ceolchoirm, bhí sos beag ann nuair a bhí “More Than Conquerors” ag ullmhú an stáitse. Bhí gach duine ag súil go mór leo agus níor lig MTC síos an lucht féachana. Rinne said trup ar dóigh agus bhí atmaisféar bríomhar acu. Bhí páirt den lucht féachana ag “mosháil” agus ag léimtí thart leis an gceol. Bhí gach duine ar bís agus bhí craic ar dóigh ann!

Chríochnaigh an gig ag a naoi a chlog. Bhain gach duine sult as an oíche agus bhí turas fada bus ar ais go Dún na nGall os ár gcomhair amach, ach níor chuir sé sin isteach nó amach ar dhuine ar bith indiaidh an lá iontach a bhí acu I mBéal Feirste. Oíche ar dóigh a bhí ann. Beo go deo!

Féach tuilleadh sonraí agus grianghraif le Carrie Davenport ar http://beoireland.com/

Corn an Earagail

Samhain 5, 2013

Ar an 11 Deireadh Fómhair d’eagraigh Scoil Fhionáin, An Fál Carrach lá mór spóirt do na scoileanna sa cheantar. Bhí ceithre scoil i láthair: Scoil Fhionáin An Fálcarrach, Scoil Dhoire Beaga, Scoil An Luinnigh agus Scoil an Chlochan Liath – bhí seacht fhoireann san iomlán trí fhoireann cailíní agus ceithre fhoireann buachaillí. Bhí sé ar siúl ibpáirc GAA Chloich Cheann Fhaola ar feadh an lae – bhí an ghrian ag soilsiú anuas orainn agus bhí lá iontach ag gach duine. Is é an moladh a bhí ann go mbeadh sé again gach bliain má fhaigheann muid an deontas d’imeachtaí idirscoile. Cheannaíomar dhá chorn  agus thugamas’Corn an Earagail’ orthu agus boinn fosta. Seo thíos grianghraif ón lá!

football 011 (Copy)

football 008 (Copy)

football 010 (Copy)

Gairmscoil Chú Uladh – Bliots Cispheile idirscoile

Samhain 5, 2013

Ag tús mí Dheireadh Fomhair socraíodh bliots Cispheile idirscoile don chéad bhliain (Girseachaí + Gasúraí) a eagrú. Ghlac trí Scoil ghaelach ar fad páirt sa chomórtas cispheile seo, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Colaiste Chineal Eoghain agus muid féin, Gairmscoil Chú Uladh.

B’ iad na príomh spriocanna den chomótas seo ná deis a thabhairt do na daltaí feabhas a chur ar a gcuid scileanna cispheile ina dteannta lena gcuid Gaeilge. Cuireadh béim faoi leith ar an Ghaeilge a úsáid mar mheán cumarsáide le linn an lae. Bhain na daltaí uilig an-tairbhe as an imeacht ó thaobh na Gaeilge de.

Cé go raibh an – choimhlint idir na foirne uilig go léir sa deireadh bronnadh coirn agus boinn ar ghasuraí Colaiste Chineal Eoghain agus girseachaí Colaiste Chineal Eoghain. B’ é an t- atmaisféir gaelach, spreagúil agus dearfach a bhí le feiceáil le linn na cluichí iomaíoch agus siamsúil an rud is tabhachtaí a thainig amach as an lá!

Corn an Earagail

Deireadh Fómhair 18, 2013

Shocraimid an comórtas peile ar an Aoine seo caite 11ú D. Fómhair. Bhí ceithre scoil i láthair : Scoil Fhionáin An Fálcarrach, Acoil Dhoire Beaga, Scoil An Luinnigh agus Scoil an Chlochan Liath – bhí seacht fhoireann san iomlán trí fhoireann cailíní agus ceithre fhoireann buachaillí. Bhí sé ar siúl i bpáirc GAA Chloich Cheann Fhaola ar feadh an lae – bhí an ghrian ag soilsiú anuas orainn agus bhí lá iontach ag gach duine – thugamar buíochas do GAELSCOILEANNA Teo. as an seans a thabhairt dúinn seo a bheith again agus is é an moladh a bhí ann go mbeadh sé again gach bliain má fhaigheann muid an deontas. Cheannaíomar dhá chorn  agus thugamas ‘Corn an Earagail’ orthu agus boinn fosta.

Scoil Fhionáin4

Scoil Fhionáin1

Scoil Fhionáin3

Scoil Fhionáin2

Next Page »