Folúntais Samhraidh le Gaelcholáiste Cholumba
Bealtaine 31, 2017
Tá Gaelscholáiste Cholumba ag déanamh cúrsa Samhraidh coicíse a reachtáil i gColáiste na hOllscoile.
Dátaí: Dé Máirt 6ú Meitheamh-16ú Meitheamh
Ionad: U.C.D.
Amanta: 10.00am -1.30pm (Ranganna)
1.30pm – 4pm (gníomhaíochtaí roghnach)
Teagmhálaí: Anne Ruane, 087-2361869
Ranganna: Daltaí ag dul isteach sa tríú bliain i Mí Mean Fómhair
Daltaí ag dul isteach sa dara bliain i Mí Mean Fómhair
Daltaí ag dul isteach sa chéad bhliain i Mí Mean Fómhair
Grúpa bheag de dhaltaí ag dul isteach sa chúigiú/séú bliain i Mí Mean Fómhair
Má mian lear cur isteach ar na folúntais seo, mar Stiúrthóir ranga nó Stiúrthóir Ranga &Gníomhaíochtaí, is féidir teagmháil a dhéanamh le Anne ar 087-2361869 nó tríd ríomhphost a sheoladh chuig info@gaelcholaistecholumba.com.
Folúntas mar Rúnaí le Gaelscoil Phádraig Baile Breac
Bealtaine 29, 2017
Tá folúntas mar Rúnaí páirt aimseartha le líonadh
i nGaelscoil Phádraig, Ascaill Shíleann, Baile Breac,
Co. Atha Cliath.
Dhá lá sa tseachtain (Luan agus Déardaoin) 8.30-3.00
Is le haghaidh scoil-bhliain amháin an post ar dtús, ag tosú ar 28/8/17
Riachtanais
• Eolas maith ar an nGaeilge idir a labhairt agus a scríobh
• Scileanna ríomhaireachta
• Cumas riaracháin
• In ann obair as a stuaim féin
• Iontaofa
• Éifeachtach
Seol iarratais agus cv agus ainmneacha beirt mholtóir chuig
An Cathaoirleach, trí ríomhphost gaelscoilphadraig15@gmail.com ar nó roimh 14ú Meitheamh.
Seisiún Plé agus Forbairt Tuisceana ar an Tumoideachas
Bealtaine 26, 2017
Seisiún Plé agus Forbairt Tuisceana ar an Tumoideachas
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, an Cheathrú Rua,
Céadaoin 31ú Bealtaine 2017 19.00
Comhthéacs: An Polasaí don Oideachas Gaeltachta agus an Fhoirm Léirithe Spéise
Tá sé i gceist ag Gaeloideachas cruinniú breise sa tsraith chruinnithe ar an tumoideachas i gcomhthéacs an pholasaí nua don Oideachas Gaeltachta a reáchtáil ar 31ú Bealtaine ag 19.00 in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua, Gaillimh.
Cuirfear fóram plé ar fáil do phobail na scoileanna Gaeltachta le linn an chruinnithe mar ullmhúchán don spriocdháta atá rompu le hiarratas a chur isteach le bheith páirteach sa scéim aitheantais mar scoil Ghaeltachta. Tabharfaidh an cruinniú seo deis bhreise do scoileanna – idir baill foirne, tuismitheoirí agus pobail uile na scoileanna a gcuid tuairimí, ábhair imní agus ceisteanna a ardú agus comhairle a fháil óna chéile. Beidh saineolaithe ar an tumoideachas i láthair an chruinnithe, a thabharfaidh léargas ar choincheap agus cur chuige an tumoideachais agus a bheidh ar fáil le ceisteanna a fhreagairt ina leith. Fáilte roimh chách! Bígí Linn!
Folúntas i nGaelcholáiste Chéitinn
Bealtaine 25, 2017
Tá múinteoir Fraincis agus Gaeilge á earcú ag Gaelcholáiste Chéitinn, Cluain Meala. Is gá d’iarrthóirí iarratas a chur isteach faoi 12:00 i.n, 31ú Bealtaine. Post fadtéarmach atá i gceist. Is féidir leat cur isteach ar an bhfolúntas tríd foirm iarratais a íoslódáil ar tipperaryetb.ie.
Féile Móshíológ
Bealtaine 25, 2017
MEACHT: Féile Moshíológ
DÁTA: Dé Sathairn 27ú Bealtaine 2017 (27/05/2017)
AM: 18.30 – 20.30
IONAD: Gáirdín na Scoile
EOLAS:
Dé Sathairn 27ú Bealtaine 6.30-8.30i.n. Déanfar ceiliúradh ar cheol Gaelach, ar dhamhsa Gaelach agus ar amhránaíocht Gaelach i ngáirdín Ghaelscoil Moshíológ. Ní fheicfear a leithéid do léiriú poiblí in aon áit eile. Beidh taispeántas ó bhaill de Chomhaltas agus Scoil Rince Gaelach Laura Kitt. Beidh amhránaíocht ar an sean nós ón ealaíontóir Colm Ó Braonáin agus an ceoltóir clúiteach Colm Mac Con Iomaire atá mar bhall den bhanna ceoil ‘The Frames’, ag seinm freisin. Chomh maith leis sin beidh taispeántas ó Cheolfhoireann Moshíológ, grúpa a bhfuil go leor gradam buaite acu. Beidh Dave Redmond, fear áitiúl agus láithreoir an chláir bhricfeasta ar South East Radio, mar fhear an tí ar an oíche.
Beidh Féile Moshíológ ar siúl amuigh faoin aer i ngairdín na scoile nó i halla na scoile má bhíonn an aimsir inár gcoinne. Is imeacht don chlann ‘s don phobal é Féile Moshíólóg mar sin tá fáilte roimh chách. . Tóg picnic leat, buidéal, do pháistí, do mhamó is do chúpla focal. 5e don chlann ag an doras le haghaidh oíche den scoth. Chun tuilleadh eolais a fháil, lean muid ar FB ag www.facebook.com/gaelscoilmoshiolog
An Comhrá Mór – Ollchruinniú Gnímh
Bealtaine 25, 2017
De réir daonáireamh na bliana anuraidh ó dheas tá laghdú tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge don chéad uair ón bhliain 1946. Chomh maith leis sin ó dheas, léiríonn tuairisc an Choimisinéara Teanga go bhfuil ag teip ar chóras na scéimeanna teanga, córas a bhí le bheith mar chroílár Acht na dTeangacha Oifigiúla. Ó thuaidh, in ainneoin 12,000 a bheith ar shráideanna Bhéal Feirste an tseachtain seo caite (breis eolais thíos), agus go bhfuil deich mbliana caite ó gealladh Acht Gaeilge i gComhaontú Chill Rímhinn, Comhaontú a shínigh rialtas na hÉireann agus rialtas na Breataine, níl Acht Gaeilge againn fós chun seasamh le cearta phobal na Gaeilge.
Is léir go bhfuil gá do phobal na Gaeilge aird a dhíriú in athuair agus le práinn ar na mórfheachtais atá ag teastáil chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chosaint agus a fhorbairt fud fad na tíre.
Chuige sin, ba mhaith linn cuireadh a thabhairt duit arís freastail ar An Comhrá Mór – Ollchruinniú Gnímh. Tá sonraí na cruinnithe thíos:
• Dáta: Dé Sathairn, 10 Meitheamh 2017
• Am: 11.00 go 16.00
• Ionad: Óstán Wynns, 34-39 Sráid na Mainistreach Íochtar, BÁC 1
Fóram poiblí a bheidh ann le dul i mbun gnímh. Áireofar go háirithe gníomhartha maidir le reachtaíocht ó thuaidh, reachtaíocht níos láidre ó dheas, agus maoiniú don phlean infheistíochta arna aontú ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a bhaint amach i measc go leor eile. Tá fáilte roimh chách ann agus is féidir clárú anseo.
Ní neart go cur le chéile.
AN LÁ DEARG
Tá ardmholadh ag dul do gach duine páirteach san eagrúchán agus gach duine a bhí ag an Lá Dearg. Léiriú iontach láidir a bhí ann den líon agus den réimse daoine atá taobh thiar d’Acht Gaeilge ó thuaidh agus creideann muid go gcabhróidh sé go mór leis an Acht a bhaint amach
IMRAM, Féile Litríochta Gaeilge
Bealtaine 24, 2017
TIONSCADAL BRECHT: AMHRÁIN ÓN RÉ DHORCHA
Léiriú nua i nGaeilge arna sheiftiú agus arna léiriú agus arna léiriú ag Eric Fraad. Cuirfidh Caitríona O’Leary amhráin agus téacsanna de chuid Brecht inár láthair chun solas géar a chaitheamh ar an domhan polaitiúil agus sóisialta ina mairimid sa bhliain seo 2017.
Ar an gCéadaoin 24 Bealtaine 2017 cuirfidh Féile Litríochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath i gcomhar leis an bhFéile Litríochta Gaeilge IMRAM Tionscadal Brecht: Amhráin ón Ré Dhorcha /Songs from the Dark Times i láthair in Amharclann Smock Alley. Is é an stiúrthóir Meiriceánach amharclainne agus ceoldrámaíochta Eric Fraad a stiúrfaidh agus is í an t-amhránaí nótáilte Caitríona O’Leary atá mar stiúrthóir ceoil. Tarraingíonn an léiriú Gaeilge seo as monalóga, radhairc, amhráin, saothair éagsúla ceoil agus dánta a chum an file/drámadóir Bertolt Brecht agus na cumadóirí Kurt Weill agus Hanns Eisler d’fhonn comparáidí a dhéanamh idir na réimis fhaisisteacha a tháinig chun cinn sna 1930í agus sna 1940í agus an borradh atá faoi rialtais thiarnúla na heite deise lenár linn féin.
Ba é Brecht an file agus an drámadóir polaitiúil ba mhó a bhí againn san Iarthar sa chéad leath den fhichiú haois agus tá a shaothar chomh suntasach is a bhí riamh. Sna saothair réabhlóideacha aige ar nós Die Dreigroschenoper agus Aufstieg und Fall der Stadt Mahagonny chuir Brecht agus Weill cor nua sa cheoldráma, san oratóir agus seánraí gaolmhara ceoil, thug brí nua pholaitiúil agus shóisialta dóibh chomh maith le nuálaíocht foirme. Is féidir an rud céanna a rá faoina chuid dánta agus drámaí ar saothar suaithinseach iad. Déanann Amhráin ón Ré Dhorcha ceiliúradh ar an oeuvre liteartha agus ceoil sin i nGaeilge ár linne do phobal ár linne, i dteanga nach minic ar stáitsí na hardchathrach í.
Is í Féile Idirnáisiúnta Litríochta Bhaile Átha Cliath príomhfhéile litríochta na tíre a thugann cuid de na scríbhneoirí is fearr ar domhan le chéile ar mhaithe le díospóireacht, spreagadh, siamsaíocht agus draíocht.
Tugann IMRAM lucht féachana agus léitheoirí ar aistear draíochta chun nualitríocht na Gaeilge agus an domhain a chur ina láthair. Bíonn samhlaíocht agus éagsúlacht i gcónaí le sonrú ar chlár na féile, agus meascán neamhghnách de na seánraí éagsúla litríochta, filíocht, prós, drámaíocht agus ceol.
Cliar Ealaíne agus Léirithe
Stiúrthóir Stáitse: Eric Fraad
Stiúrthóir Ceoil: Caitríona O’Leary
Cóiréagrafaíocht:
Justine Doswell
Seit & Dearadh Soilsithe: Kevin McFadden
Dearadh Cultacha: Monica Ennis
Dearadh Teilgthe: Margaret Lonergan
Traschruthú agus Aistriúcháin Ghaeilge: Gabriel Rosenstock, Aindrias Ó Cathasaigh
Oirfidigh
Amhránaí: Caitríona O’Leary
Aisteoirí: Seán T Ó Meallaigh, Gearóid Ó Mordha
Damhsóirí: Justine Doswell, Clodagh Farrell, Sarah Carey, Roisin Kearney
Méarchláir: Josh Johnston
Sacsafóin, Cnaguirlisí: Nick Roth
Cláirnéid: Deirdre O’Leary
Clár
Dáta: Dé Céadaoin 24 Bealtaine 2017
Am: 8:00 pm
Ionad: Amharclann Smock Alley
Praghas: €10 / €8
Amharclann Smock Alley
6-7 Sráid an Mhalartáin Íochtarach
Barra an Teampaill
TUILLEADH EOLAIS: Liam Carson 087-2912797; liamog62@mac.com
Siamsaíocht @6! Le Gael Linn
Bealtaine 24, 2017
AMHARCLANN CHÚIRT AN PHAORAIGH
(Teach Cathrach Chúirt an Phaoraigh, cúpla nóiméad ó Shráid Grafton…Bealaí isteach ó Shráid Clarendon, Sráid Liam Theas agus Rae Coppinger…ardaitheoir go hurlár 2) 6p.m. – 8p.m. (Doirse ar oscailt ó 5.40 p.m.).
DÉARDAOIN, 25 BEALTAINE 2017 Cuirfidh Josie Nugent( Fidil ) ó oirthear an Chláir, i dteannta a fir chéile Brian Stafford (Píb Uileann ), a deirfiúr Máire Núinseann ( Fliúit ) & Seán O’Donnell ( giotár ) clabhsúr breá le séasúr eile siamsaíochta l le ceol óna halbam ‘Modal Citizen’ agus tuilleadh!
(www.josiebrianmusic.info<http://www.josiebrianmusic.info> ) Tá costas €12 ar thicéad. Is féidir fíon, beor, deochanna boga, tae & caifé a cheannach. Tá spásanna teorannta agus mar sin tá sé riachtanach áirithint a dhéanamh.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Niamh ar 087-2547574 nó ag niamh@gael-linn.ie<mailto:niamh@gael-linn.ie>
Más fearr leat gan aon eolas a fháil faoi imeachtaí Gael Linn, cuir sin in iúl dúinn, led’ thoil.
POWERSCOURT THEATRE, Teach Cathrach Chúirt an Phaoraigh/Powerscourt Townhouse Centre ( Bealaí isteach/Entrances – Clarendon St, Sth William St, Coppinger Row – ardaitheoir go hurlár 2/lift to 2nd floor ) 6p.m. – 8p.m. (Doirse ar oscailt ó /Doors open 5.45p.m.)
Tickets are €12 and wine beer, soft drinks, tea & coffee are available for purchase.
Booking is essential as seats are limited. Contact Niamh on 087-2547574 ]
Coláiste Dhún Másc – Coláiste Pobail Nua
Bealtaine 24, 2017
Iarbhunscoil nua é Coláiste Dhún Másc a bheidh ag oscailt i bPort Laoise i Meán Fómhair 2017. Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Laoise agus Uíbh Fáilí mar phatrún na scoile agus an Fóras Patrúnachta mar Pháirtí Iontaofa. Iarbhunscoil ilchreidmheach, comhoideachasúil trí mheán an Béarla é Coláiste Dhún Másc, ina bhfuil Aonad Lán Ghaeilge, áit a mbeidh oideachais ar fáil go hiomlán trí mheán na Gaeilge
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu do phoist mhuinteeoireachta lánaimseartha/pro rata a d’fhéadfadh a bheith ann don scoilbhliain 2017-2018 mar a leanas: |
1. Gaeilge 2. Béarla 3. Mata 4. Eolaíocht 5. Eacnamaíocht Bhaile 6. Teicneolaíocht 7. Graific Theicniúil 8. Ealaín 9. Ceol 10. Staidéir Ghnó 11. Fraincis 12. Spáinnis 13. Stair 14. Tíreolas 15. Reiligiún 16. Corpoideachais 17. OSSP 18. OSPS 19. Litearthacht sna meáin dhigiteacha 20. Fealsúnacht 21. Códú 22. Taibhiú Ealaíonta 23. Tacaíocht Foghlama |
Toisc go mbeidh na hábhair á dteagasc trí Ghaeilge tá árdchaighdeán Gaeilge riachtanach do na poist seo agus is buntáiste é bheith in ann níos mó ná ábhar amháin a mhúineadh.
Is buntáiste é eolas nó taithí a bheith agat leis na réimsí seo:
- Tacaíocht foghlama/Treoir
- Úsáid nuálach de theicneolaíocht san oideachais
- Gearrchúrsaí a fhorbairt agus iad a mhúineadh
- Measúnú chun foghlama
- Pleanáil scoile
Léirigh na hábhair a bhfuil tú cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta chun iad a mhúineadh ar an bhfoirm iarratais
Gach eolas agus foirm iarratas le fail ar shuíomh LOETB.ie
An Polasaí don Oideachas Gaeltachta – Sraith Chruinnithe á heagrú ag Gaeloideachas
Bealtaine 17, 2017
I gcomhthéacs an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus na hImlitreach a chuaigh amach ón Aonad Gaeltachta go dtí na scoileanna Gaeltachta ar an 28 Aibreán 2017 a shonraigh gurb é an 15 Meitheamh 2017 an spriocdháta don Léiriú Spéise, tá sé beartaithe ag Gaeloideachas sraith de sheisiúin plé agus forbairt tuisceana ar an tumoideachas a chur ar bun sna Gaeltachtaí, mar atá leagtha amach sa tábla thíos. Beidh fáilte roimh na pobail scoileanna ag na seisiúin plé seo. Beidh saineolaí ar an tumoideachas agus príomhoidí atá ag cur an tumoideachais i bhfeidhm ar na painéil chainteoirí.
Dé Luain 22 Bealtaine
7i.n. |
Óstán Loch Altan,
Gort a’ Choirce, Co Dhún na nGall |
Ag freastal ar Ghaeltacht
Dhún na nGall |
Dé Máirt 23 Bealtaine
7i.n. |
Óstán an Clayton,
Bóthar Muine Mheá, Baile an Bhriotaigh, Gaillimh. |
Ag freastal ar Ghaeltachtaí
na Gaillimhe agus na Mí. |
De Céadaoin 24 Bealtaine
7i.n.
|
Óstán Malton,
Cill Áirne, Co Chiarraí |
Ag freastal ar Ghaeltachtaí Chiarraí, Chorcaí agus Phort Láirge. |
Dé Máirt 30 Bealtaine
7i.n. |
Óstán an Broadhaven,
Béal a Mhuirthid, Co Mhaigh Eo. |
Ag freastal ar Ghaeltachtaí
Mhaigh Eo. |