Méid an Téacs

Ciste do Learbharlanna ar fáil ó Fhoras na Gaeilge

Iúil 28, 2016

Tá ciste ar fáil ó Fhoras na Gaeilge arís i mbliana chun tacú le leabharlanna ócáidí liteartha Gaeilge a reáchtáil. Is deis iontach í seo do leabharlanna timpeall na tíre cur lena  gcuid clár reatha agus iad a leathnú.

Gach eolas anseo

Deireadh Seachtaine Bia agus Beocht

Iúil 28, 2016

Deireadh Seachtaine Bia agus Beocht

12 + 13 Samhain / November

Má tá suim agat scileanna cócaireachta a fhoghlaim as Gaeilge agus timpeallacht an Daingin a fheiscint sé seo do sheans deireadh seachtaine a chaitheamh anseo sa Daingean agus linn sa Scoil Chócaireachta!

Foghlaim scileanna nua sa chistin linn sa scoil chócaireachta agus bain taitneamh as áileacht agus saibhreas na leithinise le linn na siúlóidí agus turasanna eagraithe.

Is féidir ráta speisialta a fháil don deireadh seachtaine iontach seo i dtithe lóistín den scoth ar an mbaile.

Liosta lóistíní le ráta speisialta ná:
Óstán Benners

Greenmount House

Lighthouse B&B

Pax House

Bamburys Guesthouse

YNA Dingle Cottages

 

*luaigh an Scoil Chócaireachta seo agus tú ag cur do lóistín in áireamh chun an ráta speisialta a fháil*

Ag súil tú a fheiceáil sa Daingean!

Chun an deireadh seachtaine seo a chur in áireamh
Glaoigh ar  086 872 3521 nó
r-phost  info@dinglecookeryschool.com
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin deireadh seachtaine seo, nó faoi aon chúrsa eile, lean an nasc www.dinglecookeryschool.com

Mór-ócáid ‘carbhat dubh’ le ceiliúradh a dhéanamh ar Athbheochan na Gaeilge

Iúil 28, 2016

Beidh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ina aoi oinigh ag ‘Féasta 100’ a bheidh ar siúl san ardchathair.

Déanfar ceiliúradh ar ‘Athbheochan na Gaeilge’ ag ócáid ‘carbhat dubh’ i mBaile Átha Cliath faoi Nollaig na bliana seo.

Is ar an 3 Nollaig a bheidh ‘Féasta 100’ ar siúl in Óstán an Double Tree Hilton san ardchathair le “comóradh agus ceiliúradh foirmiúil”  a dhéanamh ar an nGaeilge.

Beidh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ina aoi oinigh ag ‘Féasta 100’ atá á eagrú ag na sé cheanneagraíocht Ghaeilge agus Foras na Gaeilge. Is é an t-aisteoir Diarmuid de Faoite a bheidh ina fhear a’ tí ag an ócáid agus beidh ceol ann ón ngrúpa Preabmeadar.

Beidh béile ceithre chúrsa ann agus gealltar clár siamsaíochta “atá nuálach, beomhar agus uathúil” le ceiliúradh a dhéanamh ar fhorbairt na Gaeilge le 100 bliain anuas. Gealltar go ndéanfar an ceiliúradh sin ar “bhealach úr comhaimseartha” a “fhanfaidh i gcuimhne na ndaoine a fhreastalóidh uirthi”.

Deirtear gur “imeacht náisiúnta” a bheidh ann a dhéanfaidh ceiliúradh ar an nGaeilge agus “gach a mbaineann léi sa Ghaeltacht agus lasmuigh di”.

Tá 700 ticéad don ócáid ar fáil ar Eventbrite anois agus costas €80 an duine orthu nó €800 do bhord do dheichniúr.

http://tuairisc.ie/mor-ocaid-carbhat-dubh-le-ceiliuradh-a-dheanamh-ar-athbheochan-na-gaeilge/

Imeachtaí Phuball na Gaeilge ag Electric Picnic fógartha

Iúil 27, 2016

Beidh ceol, filíocht agus draíocht ar an stáitse sa Phuball Gaeilge ag Electric Picnic na bliana seo, a bheidh ar siúl an 2 – 4 Meán Fómhair sa Sráidbhaile i gContae Laoise.

Fógraíodh an tseachtain seo cuid de na ceoltóirí agus grúpaí eile a bheidh ar an stáitse sa Mindfield ag an deireadh seachtaine. Maítear ar shuíomh oifigiúil na féile go mbeidh Puball Gaeilge na bliana “níos mó ná riamh” agus go gceiliúrfar “gach a bhfuil iontach faoin nGaeilge” ann.

Ar chlár na bliana seo beidh Tara Mooney, ceoltóir as Contae an Chláir; Tebi Rex, ceoltóirí pop agus rap as Maigh Nuad; Tura Arutura, an Siombábach Gaelach; agus Niamh de Barra, ceoltóir clasaiceach a úsáideann an cello agus an guth lúbtha le ceol nua a chruthú.

Beidh filí ‘Reic’ i láthair freisin agus an ócáid sin á cur i láthair ag Ciara Ní Éanacháin agus an ‘Cabaret Craiceáilte’ á cur i láthair ag an gcraoltóir mór le rá Rónán Mac Aodha Bhuí.

Beidh an draíodóir Paul Gleeson ann lena sheó draíochta ‘Rua’ agus seisiún ‘Google Gaeilge Karaoke’ nuair a bheidh deis ag an lucht freastail iarracht a thabhairt faoi amhráin pop ó na 1980í a cuireadh trí Google Translate a chanadh os comhair an tslua.

Reáchtálfaidh lucht eagraithe na féile Imbolc, a bhíonn ar siúl i mí Feabhra i Múscraí, imeacht sa Phuball Gaeilge freisin – leagan dá bhféile féin ina dtugtar cainteanna gairide faoi ábhair éagsúla.

Tá ticéid don Electric Picnic díolta amach le tamall anuas.

100 grúpa á lorg ag an gConradh don churiarracht dhomhanda Comhrá ’16

Iúil 27, 2016

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar ghrúpaí ar fud an domhain clárú anois le haghaidh Comhrá ’16 a bheidh ag tarlú i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo.

Is iarracht a bheidh i Comhrá ’16 an “comhrá Gaeilge is faide riamh” a reáchtáil i rith na seachtaine idir 11 agus 18 Deireadh Fómhair.

Tá an Conradh ag súil le “comhrá 170 uair an chloig gan stad” a chur ar bun agus súil acu go mbeidh os cionn 100 grúpa páirteach sa churiarracht dhomhanda ar fud na cruinne.

Tá iarrtha ag an gConradh ar scoileanna, clubanna óige, cumainn tríú leibhéal, teaghlaigh, caiféanna, grúpaí, eagraíochtaí agus gnólachtaí eile dul chomh fada lena suíomh idirlín agus seal uair an chloig a chur in áirithe.

Leag an Conradh an dúshlán céanna rompu féin le Comhrá ’15 an bhliain seo caite ina ndearnadh iarracht comhrá 170 uair an chloig a chur ar bun. Níor éirigh le Comhrá ’15 an sprioc a bhaint amach, áfach, agus seasann an churiarracht dhomhanda a baineadh amach le linn Comhrá ’14 dhá bhliain ó shin.

Is féidir clárú le Comhrá ’16 ar líne.

Folúntais ar phoist i scoileanna lán-Ghaeilge

Iúil 27, 2016

• Gaelscoil Chaladh an Treoigh ag lorg múinteoir ranga buan.
http://www.educationposts.ie/post/view/73638

• Gaelscoil chaladh an Treoigh ag lorg múinteoir ranga ar théarma seasta.
http://www.educationposts.ie/post/view/73641

• Gaelscoil Chaladh an Treoigh ag lorg ionadaí ranga do shaoire mháithreachias.
http://www.educationposts.ie/post/view/73645

• Gaelscoil Moshíológ ag lorg múinteoir ranga buan.
http://www.educationposts.ie/post/view/73615

• Meánscoil Gharman ag lorg múinteoir rialta páirt-aimseartha.
 http://www.educationposts.ie/post/view/73655

• Gaelcholáiste Reachrann ag lorg múinteoir rialta páirt-aimseartha.
http://www.educationposts.ie/post/view/73681

Folúntais i bPoist

Iúil 26, 2016

• Gaelscoil na gCloch Liath ag lorg múinteoir acmhainní páirt-aimseartha.
http://www.educationposts.ie/post/view/73591

• Gaelscoil Chaladh an Treoigh ag lorg cúntóir riachtanais speisialta.
http://www.educationposts.ie/post/view/73605

Folúntas: Stiúrthóir Naíonra á earcú i gCill Chainnigh

Iúil 26, 2016

Fostóir: TÚS MAITH NAÍONRA, Chill Channaigh

Láthair: An Choill Bhán , Bóthar Tobair Eoin

Dáta deireanach a nglacfar le hiarratais: 19/08/16

 Cáilíochtaí Riachtanacha:

  • Ardchumas Gaeilge (idir labhairt agus scríobh na teanga)
  • Fetac Leibhéal 7/8
  • Cur amach ar Aistear, Síolta agus Rialacháin Seirbhísí Luathbhlianta
  • Cáilíocht Gharchabhrach
  • Caithfidh an t-iarratasóir bheith toilteanach go ndéanfar grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána air/uirthi

 Inmhianaithe

  • Ábalta bheith ag obair as do stuaim féin
  • Cumas maith ealaíne/ceardaíochta
  • Scileanna iontacha idirphearsanta agus cumarsáide
  • Scileanna maithe eagrúcháin
  • Scileanna Teicneolaíochta Faisnéise
  • Taithí bheith ag obair ar fhoireann
  • Taithí bheith ag obair le páistí ar aoiseanna éagsúla i seirbhísí éagsúla
  • Taithí bliana bheith ag obair i naíonra

Príomhfhreagrachtaí an róil seo:

Cabhrú le reáchtáil an naíonra ó lá go lá agus cinntiú go bhfuil ardchaighdeán cúraim, oideachais, sábháilteachta agus folláine do na páistí a fhreastalaíonn ar an tseirbhís. Beidh dúil faoi leith ag an iarratasóir in oideachas luathbhlianta agus sa Ghaeilge, araon, agus beidh sé/sí díograiseach agus cairdiúil.

I measc na ndualgas a bheidh le comhlíonadh ag an iarratasóir, beidh:

  • An páipéarachas cuí a chomhlíonadh: taifid ranga, taifid páistí aonair, taifid do Tusla.
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar pholasaithe agus nósanna imeachta de réir mar is cuí
  • Cinntiú go bhfuil seomra an naíonra ullmhaithe go cuí roimh na seisiúin
  • Cloí le polasaí cosanta leanaí an naíonra
  • Cloí le polasaithe agus nósanna imeachta uile an naíonra
  • Curaclam a fhorbairt a thagann le Aistear agus Síolta
  • Curaclam a fhorbairt agus a phleanáil i gcomhpháirt le baill foirne eile
  • Cúram agus oiliúint d’ardchaighdeán a sholáthar
  • Dul i mbun plé le tuismitheoirí/cúramóirí ar bhonn laethúil
  • Freagracht as folláine na bpáistí
  • Freastal ar agus páirt a ghlacadh i gcruinnithe foirne
  • Pleananna ceachta aonair agus grúpa le forbairt
  • Pleananna gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a dhoiciméadú
  • Reáchtáil agus bainistiú an tseomra Naíonra ó lá go lá
  • Rúndacht a choimeád i dtaobh eolas pearsanta a bhaineann leis na páistí, a dteaghlaigh nó le baill eile foirne
  • Tabhairt faoi oiliúint agus fhorbairt ghairmiúil de réir mar is cuí
  • Taifid don FSS a choimeád
  • Táillí míosúla a bhailiú agus taifead a dhéanamh orthu
  • Tabhairt faoi dhualgais eile de réir mar is cuí

Folúntas: Stíurthóir Naíonra á earcú i mBaile Átha Cliath

Iúil 26, 2016

Tá Stiúrthóir ag teastáil ó Naíonra an Chuilinn i mBaile an Tirialaigh, Baile Átha Cliath 15.

Cineál Poist: Páirt-aimsreach 21-24 uair (le socrú) in aghaidh na seachtaine ar chonradh 38 seachtaine i gcómhair an scéim ECCE

Riachtannais:
• Gaeilge líofa
• CDBO Leibhéal 6 nó níos airde i gCúram Leanaí
• Cáilíocht Gharchabhrach
• Cúrsa um Chosaint Leanaí
• Taithí
• Scileanna cumarsáide maithe le daoine fásta agus le páistí

Dáta deireanach a nglacfar le hiarratais: 10/08/2016

Dáta tosnú: 1/09/2016 (cúpla lá roimhré le hullmhú / traenáil)

CV agus litir iarratais chuig Joanne ag naionraanchuilinn@gmail.com

Folúntas: Stiúrthóir á earcú i gCorcaigh

Iúil 25, 2016

Deis iontach do Stiúrthóir Naíonra

Tá Stiúrthóir ag teastáil ó Naíonra úrnua a osclóidh i Meán Fómhair 2016 i Mainistir na Corann, Co. Chorcaí. Is réamhscoil lasmuigh é agus ní mór don iarrthóir grá a bheith acu don nádúr agus bheith taobh amuigh.  Tá cábán adhmaid álainn ar an suíomh atá cóirithe le háiseanna iomlána do laethanta áirithe nuair nach n-oireann sé bheith taobh amuigh.

Uaireanta Oibre: Luan go hAoine, 08.45r.n.- 12.15i.n. do chonradh 38 seachtaine i gcomháir an scéim ECCE.

Riachtanach:

Tá cumas maith Gaeilge (labhartha agus scríofa) riachtanach don phost.

Ba chóir go mbeadh na cáilíochtaí seo a leanas ag iarrthóirí chomh maith, nó iad a bheith sásta tabhairt faoi:

  • CDBO Leibhéal 7 nó níos airde agus ar a laghad dhá bhliain de thaithí mar bhainisteoir naíonra.

Déan teagmháil le outdooractivekids@gmail.com roimh 28/07/2016 má tá spéis agat cur isteach ar an bpost

Next Page »