Pupils ‘ignored’ in new Irish syllabus
Márta 25, 2010
Neamhaird déanta ar dhaltaí le hard-chaighdeán sa siollabas nua Gaeilge
Márta 24, 2010
Is cúis mhór imní do GAELSCOILEANNA TEO. gur foilsíodh siollabas leasaithe Gaeilge don Ardteist an tseachtain seo caite a dhéanann neamh-aird ar dhaltaí ar ard-leibhéal Gaeilge. I ngeall ar laghdú suntasach a bheidh ag teacht ar an gcúrsa litríochta, agus méadú ar líon na marcanna a bhronnfar ar an mbéaltriail, beidh impleachtaí ollmhóra ann do chaighdeán Gaeilge na ndaltaí. Is é an toradh a bheidh ar na hathruithe seo ná nach mbeidh dúshlán feiliúnach ag daltaí sna Gaelcholáistí sa chúrsa Gaeilge ag leibhéal na hArdteiste ná ag daltaí sna scoileanna trí mheán an Bhéarla a bhfuil ardchumas sa Ghaeilge acu. Tá ardchaighdeán Gaeilge sna Gaelcholáistí riachtanach chun go mbeidh daltaí in ann dul i ngleic leis na hábhair eile atá á nglacadh acu trí mheán na Gaeilge ag leibhéal na hArdteiste. Gan an leibhéal Gaeilge cuí bheadh brú breise orthu tabhairt faoi na hábhair eile trí Bhéarla.
Tá GAELSCOILEANNA TEO. ag éileamh ar an Aire Coughlan a chinntiú go mbeidh ábhar iomlán breise ar fáil ag ardleibhéal na hArdteiste don Ghaeilge, ábhar a rachadh i ngleic leis na dúshláin sa scríbhneoireacht atá ann ag an leibhéal seo faoi láthair. Thabharfadh an t-ábhar seo deis do na daltaí a bhfuil leibhéal ard Gaeilge acu forbairt a dhéanamh ar a scileanna teanga agus tuiscint cheart a fháil ar oidhreacht liteartha na Gaeilge. Sa siollabas Béarla leagtar an-bhéim ar chúrsaí litríochta, rud a chuireann go mór le saibhreas cultúrtha agus forbairt scileanna an dalta. Leis an laghdú seo ar litríocht na Gaeilge, ardaítear an cheist faoi luach na teanga i gcomórtas leis an mór-theanga, Béarla.
Anuas ar an laghdú suntasach seo ar an gcúrsa litríochta tá slad iomlán déanta ar an gcúrsa ‘stair na Gaeilge’. Cé go mbeidh marcanna breise ag dul don bhéaltriail ní léir go fóill cé mhéid de dhúshlán breise a bheidh ann do dhaltaí a bhfuil leibhéal maith Gaeilge acu cheana féin. Ní léir ach an oiread cén chóras measúnachta a bheidh ann don bhéaltriail nua.
Ag labhairt faoin gcás dúirt Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO. “Is ábhar an-mhór mhíshástachta é eisiúint an chiorcláin seo a fhógraíonn athraithe an-mhór sa chúrsa ardteiste don Ghaeilge i ngeall ar an easpa comhairliúcháin a rinneadh le páirtnéirí agus le scoileanna agus an easpa fógra do scoileanna ina leith le cur ar a gcumas an t-ullmhúchán cuí a dhéanamh. Beidh impleachtaí an- mhór ann do scoileanna agus tá an baol ann nach n-éireoidh leis na daltaí caighdeán ard Gaeilge san Ardteist a bhaint amach mar atá á dhéanamh faoi láthair. An toradh a bheidh ar sin ná nach mbeidh dóthain daoine le Gaeilge mhaith ann le tabhairt faoin saol oibre ina mbeadh Gaeilge de dhíth orthu dó, mar shampla, don mhúinteoireacht. Mura dtugtar dúshláin a dhóthain sa teanga ní fhásfaidh sí amach anseo ó thaobh na litríochta, na hiriseoireachta agus eile. Tubaiste a bheadh ann do na coláistí oiliúna agus do thodhchaí na Gaeilge.”
Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 169 gaelscoil agus 38 gaelcholáiste lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.
Coláiste Ailigh celebrates a decade on
Márta 23, 2010
BUAITEOIRÍ SCLÉIP! 2010: COMÓRTAS TALLAINNE NA nIAR-BHUNSCOILEANNA LÁN-GHAEILGE
Márta 22, 2010
Is cúis áthais do GAELSCOILEANNA TEO. buaiteoirí Scléip! 2010 a fhógairt. Is éard a bhí i Scléip 2010 ná comórtas tallainne náisiúnta atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán Ghaeilge agus Gaeltachta. Bhí an comórtas roinnte in ocht rannóg éagsúla, le duais i ngach rannóg, trí dhuais nualaíochta agus Grand Prix don duine nó grúpa is fearr san iomlán. Seo thíos liosta na mbuaiteoirí:
Buaiteoirí na Rannóga:
- Ceol Aonair: Shane Ó hAonghusa, Gaelcholáiste Cheatharlach
- Rince Cruthaitheach (Aonair): Breandán Ó hIarnáin, Scoil Phobail Mhic Dara
- Rince Cruthaitheach (Grúpaí): Domhan Tarraingt, Gaelcholáiste Cheatharlach
- Amhránaíocht Aonair: Ami Ní Huigéad, Coláiste Chilliain
- Pop/Rac Cheol: Peadar Ó Goill, Gairmscoil Éinne
- Grúpaí Ceoil: Reach Linn, Gaelcholáiste Reachrann
- Drámaíocht/Mím: Teach na mBocht, Pobalscoil Ghaoth Dobhair
- Comórtas Ilchineálach: Rosie Ní Gairbheith, Pobalscoil Ghaoth Dobhair
Duaiseanna Nualaíochta:
- Ceol Aonair: Clár Ní Mhaoltuile, Coláiste Laurel Hill FCJ
- Grúpaí Ceoil: Trí Lasadh, Scoil Phobail Mhic Dara
- Drámaíocht/Mím: An Maidrín Rua, Coláiste Cholmcille
Grand Prix:
- Drámaíocht/Mím: Teach na mBocht, Pobalscoil Ghaoth Dobhair
Thosaigh Scléip sa bhliain 2005 agus tá sé ag fás agus ag forbairt ó shin i leith. Is é príomhaidhm an chomórtais ná daltaí na niar-bhunscoileanna a spreagadh le Gaeilge a úsáid i réimsí éagsúla de na healaíona trí dheis a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh i gcomórtas spreagúil agus spéisiúil, agus tá súil againn gur thug comórtas na bliana seo borradh agus misneach dóibh. Tá Seachtain na Gaeilge ag tairiscint seisiún taifeadta sa stiúideo le teicneoir fuaime proifisiúnta do bhuaiteoir an rannóg Pop/Rac-cheol, Peadar Ó Goill, agus bhí Peadar agus an ghrúpa Trí Lasadh (buaiteoirí ceann de na duaiseanna nuálaíochta) ar stáitse le déanaí mar chuid de Ghaelspraoí le linn na Féile Pádraig. Guíonn GAELSCOILEANNA TEO. gach rath orthu agus ar iomaitheoirí uile Scléip, is cinnte go bhfuil tallann den scoth acu agus tá súil againn go mbeidh clú agus cáil i ndán dóibh.
Gaelgeoirs are the elite – but thousands are saying ‘Ní hea’
Márta 17, 2010
Comhdháil Bhliantúil Chomhairle na Gaelscolaíochta
Márta 9, 2010
D’oscail an tAire Oideachais, Caitríona Ruane, Comhdháil Bhliantúil Chomhairle na Gaelscolaíochta a bhí ar siúl i gColáiste Feirste, Béal Feirste Dé hAoine seo caite go hoifigiúil agus chuir sí in iúl don slua a bhí i láthair go raibh i gceist aici athbhreithniú ar an nGaelscolaíocht a chur ar bun go luath ina mbeadh an bhéim ar an gcomhionannas.
Ag labhairt di faoin athbhreithniú dúirt sí: “Soláthraíonn sé bealach chun tosaigh atá cuimsitheach, cruthaitheach agus straitéiseach agus cinntíonn sé go bhfuil an earnáil mar chuid den chóras, seachas taobh amuigh de.”
Labhair sí faoin bhfís atá aici d’fhorbairt na hearnála amach anseo agus go raibh i gceist aici an comhionannas a chur chun tosaigh sa chóras scoile ina mbeadh “ an deis chéanna ag gach páiste bheith rathúil, beag beann ar a gcúlra socheacnamaíoch, ar a n-inscne, ná ar a gcine” Reáchtáil Comhairle na Gaelscolaíochta an chomhdháil i gcomhpháirt le Comhairle na Gaelscolaíochta agus na Boird Oideachais agus Leabharlann sa cheantar.
Pléadh ag an gcomhdháil modhanna measúnaithe éifeachtúla, foghraíocht agus modhanna éagsúla chun an Ghaeilge a chur chun cinn i scoileanna.
Anuas air sin, pléadh na fadhbanna is mó a bhíonn ag cur as do scoileanna ar bhonn laethúil. D’fhógair sí go raibh i gceist aici scéim phíolótach a chur ar bun chun dul i ngleic le fadhbanna bainteach leis an gcóras taistil. “Toisc go bhfuil sé níos fusa do pháistí teacht ar an Ghaelscolaíocht beidh mo Roinn ag tástáil scéim phíolótach do bhusanna scoile ainmnithe ar roinnt bealaí.”
Thagair sí freisin don bhuairt atá léirithe ag scoileanna cóiríocht chuí chompordach a chur ar fáil chomh maith: “Tá a fhios agam go bhfuil saincheisteanna áirithe a bhaineann le hearnáil na Gaelscolaíochta, lena n-áirítear an gá atá le cóiríocht níos fearr agus socruithe iompair atá níos fearr. Chuir mé £2m ar fáil d’Iontaobhas na Gaelscolaíochta lena chinntiú gur féidir tabhairt faoi fhadhb na droch-chóiríochta atá ag roinnt scoileanna a luaithe agus is féidir.”
©www.gaelport.com 09 Márta 2010