Méid an Téacs

Cinneadh Éigríonna An Aire Oideachais Agus Eolaíochta Maider Le Córas Tumoideachais Na nGaelscoileanna

Iúil 31, 2007

Ábhar iontais agus díomá é do GAELSCOILEANNA TEO. agus do ghaelscoileanna na tíre seo an fógra a rinne an tAire Oideachais agus Eolaíochta ar an 26ú Iúil 2007 i dtaobh cleachtais an tumoideachais i ngaelscoileanna na tíre seo in ainneoin comhairle saineolach, forleathan agus comhaontaithe. Is é an cinneadh tromchúiseach atá á ghlacadh ag an Aire ná go gcuirfear iallach ar na gaelscoileanna teagasc an Bhéarla a thosú go foirmeálta ar a dhéanaí ag tús an dara théarma sna naíonáin shóisearacha. Tagann an cinneadh seo i bhfolús aon pholasaí comhaontaithe Stáit ar an tumoideachas.

Déanann an cinneadh seo neamhaird ar dhea-thorthaí, luachanna agus ar ardchaighdeán leanúnach an chórais tumoideachais in Éirinn. Is cinneadh é seo ba chóir a bheith bunaithe ar thorthaí taighde chuimsitheach, dúchasach, eolaíoch agus acadúil seachas ar thuairimíocht agus tástáil claonta agus neamhiomlán i gcás scoil amháin nó fiú líon beag scoileanna.

Léiríonn cinneadh an Aire go bhfuil doiléireacht ann faoi bhunús, cur chuige agus riachtanais an chórais tumoideachais. Ní hí an cheist atá ann an bhfaigheann nó nach bhfaigheann páistí na scoileanna lán-Ghaeilge buntáiste iomlán an churaclaim Béarla, rud atá amhlaidh, ach cén uair is fearr ó thaobh feidhmiú éifeacht an chórais tumoideachais go dtosaítear go foirmeálta ar theagasc litearthacht an Bhéarla. Níl ciall ná réasún leis an gcomparáid atá á dhéanamh idir theagasc éigeantach na Gaeilge i scoileanna lán-Bhéarla agus idir theagasc an Bhéarla sna gaelscoileanna. Ní mór a mheabhrú gur córas roghnach atá i gcóras na gaelscolaíochta, córas atá bunaithe ar chomhaontú polasaithe agus ar chomhchaidreamh le tuismitheoirí. Ní mór leibhéal na feasachta faoin gcóras a ardú chun go dtuigtear go mbaintear na cuspóirí ar fad atá luaite leis an gcuraclam Béarla, móide cuspóirí sa bhreis orthu siúd, go h-iomlán amach le linn an tréimshe bunscolaíochta. Lárphrionsabal an tumoideachais ná go mbíonn luath-thréimhse na bunscolaíochta tiomnaithe do bhuanú agus do shealbhú riachtanach na Gaeilge.

Chuir na páirtithe leasmhara, GAELSCOILEANNA TEO. ina measc móide comhairleoirí an Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) argóintí agus riachtanais an chórais faoi bhráid an Aire. Cuireadh béim ar an mbunriachtanas a bhaineann le feidhmiú mholtaí an CNCM, chomh maith le sainchomhairle na saineolaithe teanga agus oideachais eile. Cuireadh faoi bhráid an Aire an géarghá a bhaineann le h-iniúchadh forleathan agus cruinn ar chur chuige na ngaelscoileanna agus ar na torthaí Béarla a eascraíonn ón gcóras de réir tástálacha oiriúnaithe don ghaelscolaíocht. I bhfocail an Ardfheidhmeannaigh, Bláthnaid ní Ghréacháin, "Dealraítear go bhfuil neamhaird a dhéanamh ar na h-éilimh atá ag an earnáil faoi conas í a láidriú, mar shampla trí thástálacha agus acmhainní chuí, agus ina áit go bhfuil an bonn á bhaint den chóras trí bhac a chur ar an luath-thréimhse tumtha sa Ghaeilge. Ní leor téarma amháin sna naíonáin bheaga chun go mbeidh éifeacht leis an tumadh riachtanach seo."

Deir Uachtarán na hEagraíochta, Mícheál Ó Broin "gur cuireadh i leith na hearnála go bhfuil cur chuige ‘à la carte’ á ghlacadh i dtaobh na gcleachtais atá ann, cáineadh nach mbeadh aon bhunús leis dá dtabharfaí feidhm do mholtaí an CNCM lena bhfuil ceithre mhúnla molta mar thúsphointe taighde."

Ábhar alltachta d’earnáil na Gaeilge ina iomláine an cinneadh seo sa mhéid is go dtagann an cinneadh seo salach ar pholasaí an Stáit i dtaobh caomhnú na teanga mar go gcuireann sé bac ar an modh is rathúla chur chun cinn na teanga sa tír seo, sé sin cleachtas an chórais tumoideachais iomlán. Aithnítear sa taighde agus sa chleachtas gurb é an córas tumoideachais iomlán an córas is éifeachtúla do shealbhú an dara theanga.

Is í fírinne an scéil ná nach bhfuil aon fhianaise ann nach bhfuil ag éirí leis an gcóras tumoideachais ná go bhfuil páistí na ngaelscoileanna chun deiridh ó thaobh inniúlacht sa Bhéarla. A mhalairt d’fhianaise atá ann, agus faraor cuireann an cinneadh seo bac ar chlár taighde eolaíoch chun go léireofaí dea-thorthaí agus ardchaighdeán an chórais.

Éilímid ar an Aire thar ceann na h-earnála torthaí taighde dúchasach agus cuimsitheach a bheith mar bhunús aon chinneadh ar thodhchaí an chórais tumoideachais agus go gcuirfí moltaí an CNCM i bhfeidhm dá réir láithreach chun go leanfaí leis an obair fhiúntach i bhforbairt treoirlínte ar dhea-chleachtas an tumoideachais.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lánGhaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 163 bunscoil agus 38 iar-bhunscoil ag cur oideachais lánGhaeilge ar fáil faoi láthair. Tá ceithre bhunscoil lán-Ghaeilge ag oscailt Meán Fómhair 2007 móide ceithre iarbhunscoil nua.

Tuilleadh eolais:

Bláthnaid Ní Ghréacháin 01 4773155

Mícheál Ó Broin 087-9467700

eolas@gaelscoileanna.ie

CRÍOCH