Méid an Téacs

Na Rúin ó CCB Gaelscoileanna Teo.

Samhain 29, 2010

Reáchtáladh Cruinniú Cinn Bhliana agus Comhdháil Oideachais 2010 GAELSCOILEANNA TEO. san Óstán Tullamore Court ar an 20 Samhain. Mar chuid den CCB, pléadh na rúin seo a leanas agus glacadh leo go léir d’aonghuth (seachas rún 9 ar thit mír C de).  

Rúin 2010
BUNÚ SCOILEANNA

1. Gaelscoil Ráth Tó

a) Cáineann an Chomhdháil seo cinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna gan aitheantas a thabhairt do Choiste Bunaithe Ghaelscoil Rath Tó oscailt i Meán Fómhair 2010, in ainneoin éileamh an-mhór cruthaithe don ghaelscoil.
b) Molann an Chomhdháil seo díograis agus dílseacht an Choiste Bunaithe oscailt gan aitheantas.
c) Dearbhaíonn an Chomhdháil seo tacaíocht iomlán na heagraíochta don scoil agus don choiste bunaithe.
d) Aithnímid an tacaíocht atá léirithe ag scoileanna, ag na heagrais Ghaeilge agus ag an ngrúpa Aitheantas don fheachtas, agus
e) Éilimid go dtabharfar aitheantas do Ghaelscoil Ráth Tó láithreach chun gur féidir léi freastal ar an éileamh ollmhór a bheidh ar áiteanna sa scoil sna blianta romhainn.
Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.

2. Cearta Tuismitheoirí i leith Gaeloideachais dá bPáistí

Dearbhaíonn an Chomhdháil seo cearta tuismitheoirí an gaeloideachas a bheith mar rogha
oideachais dá gcuid páistí agus troidfimid go tréan ar son éilimh ar an ngaeloideachas mar chritéar lárnach in aon phróiseas nua aitheantais scoile don bhunleibhéal agus don
iar-bhunleibhéal.
Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.

3. Próiseas Aitheantais Iar-bhunscoileanna

Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais & Scileanna éagsúlacht scoilcheantar agus
sainriachtanais na ngaelcholáistí a áireamh agus na critéir / treoirlínte nua maidir le bunú scoile á dhréachtú acu.
Gaelscoil Bhaile Brigín, Baile Átha Cliath.

BUANÚ SCOILEANNA

4. An Gaeloideachas i gcroílár na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge

Aithníonn an Chomhdháil seo go bhfuil forbairt an Ghaeloideachais i gcroílár na Straitéise 20
Bliain don Ghaeilge agus éilimid:
a) Go gcuirfí na gealltanais uile atá ann i bhfeidhm de réir sceideal agus próiseas comhaontaithe i gcomhar leis na páirtithe cuí.
b) Go gcuirfear struchtúr oifigiúil i bhfeidhm, a dhéanfaidh soláthar agus ordú ar sheirbhísí oideachasúla trí mheán na Gaeilge do na scoileanna lán-Ghaeilge.
c) Go n-aithneofar tábhacht an scoilphobail i bhforbairt na straitéise trí infrastruchtúr, acmhainní agus tacaíocht chuí a chur ar fáil.
Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.

5. Critéir Thosaíochta do Mhórthionscnaimh Tógála

Molann an Chomhdháil seo go ndéanfaí leasú ar na Critéir thosaíochta do Mhórthionscnaimh
Tógála ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, ionas go dtabharfaí aitheantas cuí do scoileanna atá i gcóiríocht shealadach go fadtéarmach.
Gaelscoil Philib Barún, Co Phort Láirge.

6. Soláthar Cóiríochta do Scoileanna le hAitheantas Buan

Cáineann an Chomhdháil seo an easpa dul chun cinn atá déanta ag an Roinn maidir le soláthar
cóiríochta do scoileanna le haitheantas buan atá ag fanacht le blianta fada.
Éilíonn an Chomhdháil
a) Go rachaidh an Roinn i ngleic leis an mbearna seo a dheisiú a luaithe agus is féidir chun go
dtabharfar cothrom na féinne do gach scoil.
Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.

7. Siollabas Gaeilge na hArdteistiméireachta Ardleibhéil

Cáineann an Chomhdháil seo na leasuithe a rinneadh ar Shiollabas Gaeilge na hArdteistiméireachta Ardleibhéil gan sainriachtanais na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge a chur san áireamh.

Éilíonn an Chomhdháil
a) Go ndéanfaidh an tAire Oideachais agus Scileanna athmhacnamh ar an gcinneadh diúltú d’iarratas na Meithle ATAL ábhar nua ardteiste a thabhairt isteach i saíocht agus i litríocht na Gaeilge le freastal ar dhaltaí le hardchaighdeán Gaeilge.
Bord Stiúrtha GAELSCOILEANNA TEO.

8. Forbairt na nAonad lán-Ghaeilge

Éilíonn an Chomhdháil seo go dtabharfaidh GAELSCOILEANNA TEO. an plé a bhí acu leis an Roinn Oideachais agus Scileanna i dtaobh stádais, riachtanas agus acmhainní do na hAonaid lán-Ghaeilge chun chríche.
Coláiste na Sceilge, Ciarraí.

9. COGG

a) Molann an Chomhdháil seo cinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna agus na Roinne
Airgeadais aitheantas a thabhairt do thábhacht obair COGG trí bhuiséad  suntasach a cheadú d’fhorbairt acmhainní don earnáil.
b) Cáineann an Chomhdháil, áfach, an moratóir fostaíochta atá ar COGG atá ag cosc orthu an clár oibre a chur i gcrích ceal foirne.
c) Cáineann an Chomhdháil an mhoill a bhaineann le ceapachán na Comhairle agus an mhoill dá réir ar chur i gcrích an chláir oibre.
Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.

10. Seirbhísí agus Acmhainní Náisiúnta

Éilíonn an Chomhdháil seo go n-eagrófaí agus go scaipfí bunachar eolais maidir leis na seirbhísí
agus na hacmhainní náisiúnta atá ar fáil trí mheán na Gaeilge ar ghaelscoileanna na tíre.
Gaelscoil Bhaile Brigín, Baile Átha Cliath.

11. Na Saicrimintí as Gaeilge

Éilíonn an Chomhdháil seo go mbeidh an deis ag gach páiste atá ag freastal ar ghaelscoil na
saicrimintí a fháil i nGaeilge agus go mbeidh ceiliúradh na saicrimintí ar siúl san eaglais pharóiste is cóngaraí don scoil.
Gaelscoil Uí Earcáin, Baile Átha Cliath.

12. Painéal ath-imlonnaithe i bhfeidhm do mhúinteoirí

Éílionn an Chomhdháil seo go gcuirfear painéal ath-imlonnaithe i bhfeidhm do mhúinteoirí i
ngaelscoileanna láithreach.
Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.
12. Cuíchóiriú na hEarnála Deonaí

Tacaíonn an Chomhdháil seo le haon athstruchtúrú ar an earnáil dheonach a bheadh chun leasa
earnáil na Gaeilge trí chéile agus earnáil na gaelscolaíochta ach go háirithe.
Éilimid dá réir
a) Go léireofaí nasc láidir idir aon samhail nua mhaoinithe agus Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge, straitéis Fhoras na Gaeilge agus ról na n-eagraíochtaí iontu.
b) Go mbeidh todhchaí sheasmhach inmharthana ag an earnáil ghaeloideachais trí chóras ceart maoinithe bheith ar fáil.
c) Go mbeidh soláthar do chroí-mhaoiniú cuí móide maoiniú de réir tionscadail ar fáil don eagraíocht chun seirbhís a chur ar fáil a léireodh éifeacht agus éifeachtúlacht feabhsaithe, comhoibriú feabhsaithe agus comhroinnt acmhainní, saineolas agus saintaithí i mbealach comhordaithe, trédhearcach.

Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.

Comórtas aistriúcháin an AE

Samhain 29, 2010

An 23 Samhain, rinne nach mór 3,300 déagóir ó ar fud an Aontais Eorpaigh a scileanna teanga a thriail i gcomórtas le haghaidh scoileanna atá á reáchtáil ag an gCoimisiún Eorpach den cheathrú bliain i ndiaidh a chéile, is é sin Juvenes Translatores nó an Comórtas d’Aistritheoirí Óga. Reáchtáladh an comórtas ag an am céanna sna scoileanna ar fad, ó Kittilä i Laplainn na Fionlainne go Limassol na Cipire. Mhair an triail dhá uair an chloig, ón 10 a chlog ar maidin go dtí meán lae am na Bruiséile, agus ba iad na scoileanna féin a rinne maoirseacht uirthi.

“Is cúis mhór áthais dom a mhéid scoileanna atá ag iarraidh a bheith páirteach sa chomórtas. Tá méadú 13% tagtha ar líon na rannpháirtithe i gcomparáid leis an mbliain seo caite agus beidh 60 scoil sa bhreis, nach mór, páirteach an babhta seo,” a dúirt Androulla Vassiliou an Coimisinéir um Oideachas, Cultúr, Ilteangachas agus Óige. “Is deis iontach é do dhaoine óga dul in iomaíocht leis na daltaí is fearr ó thíortha eile ó thaobh a scileanna teanga de. Léiríonn sé freisin a thiomanta atá údaráis oideachais agus múinteoirí d’fhoghlaim teangacha.”

Chuir breis is 1,600 scoil iarratas isteach ar an gcomórtas agus déanfaidh aistritheoirí gairmiúla ó Ard‑Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin na haistriúcháin a mheas agus a mharcáil. Roghnóidh giúiré an chomórtais an t-aistriúchán is fearr ó gach Ballstát agus fógrófar na buaiteoirí i mí Feabhra 2011.

Dála mar a rinneadh na blianta eile, tabharfar cuireadh do na buaiteoirí teacht chuig searmanas bronnta sa Bhruiséil chun a nduaiseanna a fháil ó Androulla Vassiliou, an Coimisinéir um Oideachas, Cultúr, Ilteangachas agus Óige, agus chun bualadh le haistritheoirí de chuid an AE.

Ionsaí ar Ghaelscoileanna

Samhain 29, 2010

Is ábhar ollmhór imní é do ghaelscoileanna na tíre seo fógra na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le deireadh a chur leis an socrú reatha cóimheas daltaí le múinteoir atá i bhfeidhm sna gaelscoileanna. Faoin gcóras reatha tá cur chuige i bhfeidhm a aithníonn na dúshláin bhreise atá ag na gaelscoileanna atá beag agus ag forbairt trí chóimheas daltaí-múinteora a cheadú atá beagán níos fábharaí ná an gnáthchóimheas.

D’aithin an córas reatha na dúshláin bhreise atá le sárú sna gaelscoileanna agus iad i mbun forbartha, ar a n-áirítear cur i bhfeidhm curaclam iomlán trí mheán na Gaeilge, agus éagothroime sna hacmhainní agus sna tacaíochtaí atá ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge. Ceadaíodh an cóimheas mar léiriú ar an riachtanas a bhaineann le caomhnú agus láidiriú an chórais tumoideachais agus sainmheon na Gaeilge sna scoileanna a chosaint.

Tá sé fógartha go mbeidh na gaelscoileanna ar aon leibhéal leis na scoileanna a dhéantar teagasc trí mheán an Bhéarla ó Mheán Fómhair 2011, athraithe a bheith an-tromchúiseach agus a fhágfaidh scoileanna le caillteanas foirne, ranganna móra agus laghdú iomlán ar eispéaras éifeachtach foghlama an pháiste. Beidh impleachtaí tromchúiseacha ann d’fhostaíocht múinteoirí, ach go háirithe dóibh siúd nach bhfuil cearta painéal acu agus i bhfianaise nach bhfuil painéal cuí ann do mhúinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge.

Dar le Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí, Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge Teo., “ón méid glaochanna atá faighte again inniu ónár scoileanna, is léir go mbraitheann siad go bhfuil neamhaird agus ionsaí á dhéanamh ag an Roinn orthu. Má leantar leis seo caillfidh múinteoirí postanna agus ní bheidh áit ar phainéal acu mar nach bhfuil painéal ceadaithe ag an Roinn do scoileanna an Fhorais. Má chuirtear é seo in éineacht leis an easpa cóiríochta atá ag tromlach dena scoileanna, an diúltú aitheantais do Ghaelscoil Ráth Tó, ardaítear ceisteanna maidir le dearca na Roinne i dtreo an Ghaeloideachais.”

Tá glaonna leanúnach ag teacht isteach ó scoileanna chuig GAELSCOILEANNA TEO. ag léiriú a gcuid imní faoi na himpleachtaí a bheidh ann d’fheidhmiú éifeachtach na scoileanna leis an mbrú breise a bheidh ar mhéid na ranganna agus ar ualach an mhúinteora.

Dúirt Mícheál Ó Broin, Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO.  ina thaobh, “Tuigimid an ghéarchéim atá ann san earnáil agus is buile marfach i ndiaidh buile marfach atá ag teacht. Ní amháin go bhfuil na gaelscoileanna ag fulaingt go míchothrom de bharr cúinsí drochchóiríochta, agus éagothroime sa chóras ó thaobh tacaíochta de, ach anois tá an bonn á bhaint den chóras trí bhrú breise a chur ar acmhainní fíor-shrianta. Tá sé scannalach agus doghlactha go bhfuil na scoileanna lán-Ghaeilge thíos arís de bharr drochphleanáil agus easpa físe an Rialtais seo. Leanfaimid orainn ag lorg soiléirithe agus idirphlé leis an Roinn faoin gceist seo.”

Foilsithe ar Gaelport.com 26 Samhain 2010

That’s how you debate: Coláiste Rís into debating final

Samhain 29, 2010

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

An Gaeloideachas – croílár na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge

Samhain 29, 2010

Bhí Comhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna Teo ar siúl an deireadh seachtaine seo caite i hTulach Mhór agus ba é an tAire Pat Carey a d’oscail é.

Ina óráid, thug sé aitheantas oifigiúil don ról fíorthábhachtach a bheidh ag na scoileanna lán-Ghaeilge i bhforbairt na straitéise 20 bliain don Ghaeilge agus do na heagrais dheonacha Ghaeilge a bheidh lárnach do thodhchaí na Gaeilge mar theanga bheo. Rinneadh ceiliúradh ar dhíograis agus ar dhúthracht Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh ar son earnáil na Gaelscolaíochta i ndiaidh do Ó Muircheartaigh óráid bhreá a thabhairt ar thábhacht na Gaelscolaíochta sa tsochaí, sa stair agus sa todhchaí.

Labhair Príomhchigire Cúnta na Roinne Oideachais agus Scileanna, Éamonn Murtagh, ar thacaíocht iomlán na Roinne don Ghaeloideachas, agus d’aithin sé ról lárnach na Gaelscolaíochta agus obair luachmhar na múinteoirí i gcur chun cinn na straitéise. Leag sé béim ina chuid cainte ar luachanna agus ar bhuntáistí an chórais tumoideachais agus thagair sé don dul chun cinn atá déanta ar cheist an luath-thumoideachais de bharr comhráití leanúnacha le Gaelscoileanna Teo., eagrais eile agus scoileanna . Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach na heagraíochta, ina leith, “Fáiltímid go mór roimh aitheantas agus tacaíocht oifigiúil na Roinne don chóras oideachais is éifeachtaí sealbhaithe teanga in Éirinn. Beimid ag súil go mór le dul i gcomhairle leis an Roinn maidir leis an dréacht-Ionstraim Reachtúil a bheidh á eisiúint go luath chun a chinntiú go léireofar tríd an reachtaíocht nua buanna iomlána an chórais.”

Ghabh sí buíochas le rannpháirtithe uile na Comhdhála thar an dá lá a “chuir go gníomhach agus go paiseanta le rath na Comhdhála. Is iontach an rud é an fonn láidir ceiliúrtha a fheiceáil ar ardchaighdeán oideachais sna scoileanna lán-Ghaeilge agus táimid thar a bheith buíoch de na scoileanna lán-Ghaeilge a ghlac páirt ghníomhach sa phlé agus sna díospóireachtaí.” Ina aitheasc, d’éiligh Mícheál Ó Broin, Uachtaráin na heagraíochta, ar an Roinn Oideachais agus Scileanna, “beart a dhéanamh de réir briathair i gcomhthéacs forbairt na hearnála Gaelscolaíochta trí infheistíocht chuí a dhéanamh sa chóras, ach go háirithe sna saincheisteanna práinneacha a bhaineann le cóiríocht chuí do scoileanna agus bunú scoileanna nua chun freastal ar an éileamh ollmhór.”

D’fhreastail níos mó ná 250 duine ar an gComhdháil agus bhí ionadaíocht ann ó na bunscoileanna, na hiar-bhunscoileanna agus na heagrais Ghaeilge agus oideachais ar bhonn 32 contae. Beidh ábhar na gcur i láthair agus na gcainteanna ar fáil ar shuíomh gréasáin na heagraíochta go luath, www.gaelscoileanna.ie.

Gaelscéal – Meadhbh Ní Eadhra
26 Samhain 2010

Ionsaí mór fógartha do ghaelscoileanna le leasaithe molta sa chóimheas daltaí le múinteoir

Samhain 25, 2010


Is ábhar ollmhór imní é do ghaelscoileanna na tíre seo fógra na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le deireadh a chur leis an socrú reatha cóimheas daltaí le múinteoir atá i bhfeidhm sna gaelscoileanna. Faoin gcóras reatha tá cur chuige i bhfeidhm a aithníonn na dúshláin bhreise atá ag na gaelscoileanna atá beag agus ag forbairt trí chóimheas daltaí-múinteora a cheadú atá beagán níos fábharaí ná an gnáthchóimheas.

D’aithin an córas reatha na dúshláin bhreise atá le sárú sna gaelscoileanna agus iad i mbun forbartha, ar a n-áirítear cur i bhfeidhm curaclam iomlán trí mheán na Gaeilge, agus éagothroime sna hacmhainní agus sna tacaíochtaí atá ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge. Ceadaíodh an cóimheas mar léiriú ar an riachtanas a bhaineann le caomhnú agus láidiriú an chórais tumoideachais agus sainmheon na Gaeilge sna scoileanna a chosaint.

Tá sé fógartha go mbeidh na gaelscoileanna ar aon leibhéal leis na scoileanna a dhéantar teagasc trí mheán an Bhéarla ó Mheán Fómhair 2011, athraithe a bheith an-tromchúiseach agus a fhágfaidh scoileanna le caillteanas foirne, ranganna móra agus laghdú iomlán ar eispéaras éifeachtach foghlama an pháiste. Beidh impleachtaí tromchúiseacha ann d’fhostaíocht múinteoirí, ach go háirithe dóibh siúd nach bhfuil cearta painéal acu agus i bhfianaise nach bhfuil painéal cuí ann do mhúinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge.

Dar le Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí, Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge Teo., “ón méid glaochanna atá faighte again inniu ónár scoileanna, is léir go mbraitheann siad go bhfuil neamhaird agus ionsaí á dhéanamh ag an Roinn orthu. Má leantar leis seo caillfidh múinteoirí postanna agus ní bheidh áit ar phainéal acu mar nach bhfuil painéal ceadaithe ag an Roinn do scoileanna an Fhorais. Má chuirtear é seo in éineacht leis an easpa cóiríochta atá ag tromlach dena scoileanna, an diúltú aitheantais do Ghaelscoil Ráth Tó, ardaítear ceisteanna maidir le dearca na Roinne i dtreo an Ghaeloideachais.”

Tá glaonna leanúnach ag teacht isteach ó scoileanna chuig GAELSCOILEANNA TEO. ag léiriú a gcuid imní faoi na himpleachtaí a bheidh ann d’fheidhmiú éifeachtach na scoileanna leis an mbrú breise a bheidh ar mhéid na ranganna agus ar ualach an mhúinteora. Dúirt Mícheál Ó Broin, Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO.  ina thaobh

“tuigimid an ghéarchéim atá ann san earnáil agus is buile marfach i ndiaidh buile marfach atá ag teacht. Ní amháin go bhfuil na gaelscoileanna ag fulaingt go míchothrom de bharr cúinsí drochchóiríochta, agus éagothroime sa chóras ó thaobh tacaíochta de, ach anois tá an bonn á bhaint den chóras trí bhrú breise a chur ar acmhainní fíor-shrianta. Tá sé scannalach agus doghlactha go bhfuil na scoileanna lán-Ghaeilge thíos arís de bharr drochphleanáil agus easpa físe an Rialtais seo. Leanfaimid orainn ag lorg soiléirithe agus idirphlé leis an Roinn faoin gceist seo.”

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge.  Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.

Críoch.

GAELSCOILEANNA TEO: 01-8535195 / Mícheál Ó Broin ag 0879467700 /Bláthnaid ní Ghréacháin (Ardfheidhmeannach) ag 0868050335.
An Foras Patrúnachta na Scoileanna lán-Ghaeilge: Caoimhín Ó hEaghra ag 0861738044

Comhsheimineár Gaelscoileanna Teo. agus Forbairt Naíonraí Teo.

Samhain 25, 2010

Tá comhsheimineár á reáchtáil ag Gaelscoileanna Teo. le Forbairt Naíonraí Teoranta a phléfidh leis an ngaol atá idir an Curaclam Bunscoile agus Aistear (Creatchuraclam na Luathóige) agus Síolta (An Chreatlach Náisiúnta Cáilíochta d’Oideachas na Luath-Óige) . Beidh nua-shonrú á dhéanamh chomh maith ar fhorbairt moltaí maidir leis an aistriú ón naíonra chuig an mbunscoil lán-Ghaeilge. Reáchtáilfear an seimineár in Óstán Ashling, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8 (in aice le Stáisiún Heuston)  maidin Sathairn, 4 Nollaig  2010.

Tá cuireadh chuig an seimineár ag dul chuig príomhoidí na mbunscoileanna, múinteoirí na naíonáin agus stiúrthóirí naíonraí le féachaint ar na struchtúir seo don luath-oideachas. Beidh rannpháirtíocht ón dá leibhéal an-tábhachtach chuige seo agus ba bhreá linn múinteoirí na naíonáin a spreagadh le freastal air. Tugann a leithéid de seimineár deiseanna do stiúrthóirí naíonraí, príomhoidí agus múinteoir naíonáin teacht le chéile agus plé a dhéanamh agus foghlaim faoi obair a chéile.

Ní bheidh ach €30 an rannpháirtithe ar an seimineár agus cuirfear lón ar fáil díreach i ndiaidh an tseimineár. Tá bileog eolais le clár agus foirm clárúcháin le híoslódáil anseo:  Bileog Eolais

Má tá aon cheist agat maidir leis an seimineár tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh liom ag nora@gaelscoileanna.ie  nó ag 01-8535191.

An Gaeloideachas – croílár na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge

Samhain 25, 2010

D’oscail An tAire Pat Carey Comhdháil Bhliantúil agus Oideachais GAELSCOILEANNA TEO. a reáchtáladh ar an Tulach Mhór ar an 19 agus 20 Samhain le h-óráid tráthúil a thug ardú meanman don slua mór príomhoidí, múinteoirí, aíonna, eagrais Gaeilge agus gaeloideachais a bhí i láthair.

Thug sé aitheantas oifigiúil don ról fíor-thábhachtach a bheidh ag na scoileanna lán-Ghaeilge i bhforbairt na straitéise 20 bliain don Ghaeilge agus do na heagrais dheonacha Gaeilge a bheidh lárnach do thodhchaí na Gaeilge mar theanga bheo.

Rinneadh ceiliúradh ar dhíograis agus ar dhúthracht Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh ar son earnáil na gaelscolaíochta i ndiaidh d’Ó Muircheartaigh óráid bhreá a tabhairt ar thábhacht na gaelscolaíochta sa tsochaí, sa stair agus sa todhchaí.

Labhair Príomhchigire Cúnta na Roinne Oideachais agus Scileanna, Éamonn Murtagh ar thacaíocht iomlán na Roinne don ghaeloideachas, agus d’aithin sé ról lárnach na gaelscolaíochta agus obair luachmhar na múinteoirí i gcur chun cinn na straitéise. Leag sé béim ina chuid cainte ar luachanna agus ar bhuntáistí an chórais tumoideachais agus  thagair sé don dul chun cinn atá déanta ar cheist an luath-thumoideachais de bharr comhráití leanúnacha le GAELSCOILEANNA TEO., eagrais eile agus scoileanna . Dúirt Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach na heagraíochta ina leith, “fáiltímid go mór roimh aitheantas agus tacaíocht oifigiúil na Roinne don chóras oideachais is éifeachtaí sealbhaithe teanga in Éirinn. Beimid ag súil go mór le dul i gcomhairle leis an Roinn maidir leis an dréacht Ionstraim reachtúil a bheidh á eisiúint go luath chun a chinntiú go léireofar tríd an reachtaíocht nua buanna iomlán an chórais”. Ghabh sí buíochas le rannpháirtithe uile na Comhdhála thar an dá lá a “chuir go gníomhach agus go paiseanta le rath na Comhdhála. Is iontach an rud é an fonn láidir ceiliúrtha a fheiceáil ar ardchaighdeáin oideachais sna scoileanna lán-Ghaeilge agus táimid thar a bheith buíoch do na scoileanna lán-Ghaeilge a ghlac páirt ghníomhach sa phlé agus sna díospóireachtaí”.

Ina aitheasc, d’éiligh Mícheál Ó Broin, Uachtaráin na h-eagraíochta ar an Roinn Oideachais agus Scileanna, “beart a dhéanamh de réir briathair i gcomhthéacs forbairt na hearnála gaelscolaíochta trí  infheistíocht chuí a dhéanamh sa chóras, ach go háirithe sna saincheisteanna práinneacha a bhaineann le cóiríocht chuí do scoileanna agus bunú scoileanna nua chun freastal ar an éileamh ollmhór.”

D’fhreastail níos mó ná 250 duine ar an gComhdháil agus bhí ionadaíocht ann ó na bunscoileanna, na hiar-bhunscoileanna agus na heagrais Ghaeilge agus oideachais ar bhonn 32 contae. Beidh ábhar na gcur i láthair agus na gcainteanna ar fáil go luath ar shuíomh gréasáin na heagraíochta, www.gaelscoileanna.ie.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge.  Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.

COIRM GAEL LINN

Samhain 23, 2010

Tá an dáta deiridh iontrála do COIRM GAEL LINN ag druidim linn. Ní mór foirmeacha iontrála líonta a bheith ag Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath roimh an Luan 6 Nollaig 2010. Tá na dátaí sealadacha do fhéilte COIRM socruithe timpeall na tíre ach tá seans go bhféadfadh na hionaid seo athrú ag brath ar líon na n-iarratas agus na ceantair as a dtagann siad. Déanfar cinneadh faoi na hionaid chomh luath is a bheidh na hiarratais uilig istigh. Is féidir tuilleadh eolais agus an fhoirm iontrála a íoslódáil ar www.gael-linn.ie nó is féidir glaoch ar Sheán Ó Ceallaigh ag 01.6753299 ( seanc@gael-linn.ie)

FÉILTE COIRM GAEL LINN 2011 – Dátaí Sealadacha

  • Dé Céadaoin, 2 Feabhra 2011 & Déardaoin, 3 Feabhra 2011: Amharclann na Cathrach, Gaillimh
  • Dé Céadaoin, 9 Feabhra 2011: Amharclann an Ionaid Óige, Mainistir Fhear Muí
  • Déardaoin, 10 Feabhra 2011 : Amharclann N. Mícheál, Ros Mhic Thriúin
  • Dé Máirt 1 Márta: Amharclann an Mhargaidh, Ard Mhacha
  • Dé Céadaoin, 2 Márta 2011: Amharclann Hawkswell, Sligeach
  • Déardaoin 3 Márta 2011: An tÁras Ealaíne, An Muileann gCearr
  • Dé Máirt 8 Márta 2011: Siamsa Tíre, Trá Lí
  • Déardaoin 10 Márta 2011: Clasach, Fionnradharc, BÁC
  • Dé Máirt 15 Márta: An Grianán, Leitir Ceanainn

Bíonn Gael Linn ag reáchtáil imeachtaí idirscoile ag an dá leibhéal:

Camchuairt Bhuntáiste Breise na Gaeilge 2010

Samhain 22, 2010

Chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge tús le himeachtaí Bhuntáiste Breise na Gaeilge sa bhliain 2008, agus i mbliana, d’fhreastal an ócáid seo ar os cionn 2000 dalta scoile fud fad na tíre, le hócáidí á reáchtáil i gCill Airne, i nGaillimh, i gCaisleán an Bharraigh, i Leitir Ceanainn, i gCorcaigh, i mBéal Feirste, agus ar an Tulach Mhór.

I measc siúd  a labhair ag an seimineár ar an Tulach Mhór, bhí an t-iriseoir spóirt, Evanne Ní Chuilinn, Ateangaire de chuid an Aontais Eorpaigh, agus léachtóir de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Susan Folan, an t-iománaí agus an múinteoir bunscoile, Daragh Egan, oifigeach forbartha de chuid Chomharchumann Ráth Chairn, Bríd Ní Chofaigh, agus an t-iriseoir le TG4 agus RTÉ Irene Ní Nualláin

Thug na cainteoirí ar fad léargas an-spéisiúil faoina rólanna féin, agus conas ar bhain siad amach na gairmeacha atá acu i láthair na huaire.  Chuir na daltaí an-spéis sa seimineár, rud a bhí ríshoiléir, ó na ceisteanna breátha a chur siad ar an bpainéal tar éis na cainte.

Bhí ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal i láthair freisin le seastán eolais, chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.
Tá súil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge tógáil ar dea-obair na bliana 2010, trí sraith eile de Bhuntáiste Breise na Gaeilge a eagrú mórthimpeall na tíre arís san athbhliain.

Next Page »