Méid an Téacs

Fáiltíonn Gaelscoileanna Teo. roimh chuireadh an Aire ceist an luath-Thumoideachais iomlán a phlé

Samhain 17, 2008

 De hAoine, 14 Samhain, 2008 – 1300

 

FÁILTÍONN GAELSCOILEANNA TEORANTA ROIMH CHUIREADH AN AIRE CEIST AN LUATH-THUMOIDEACHAIS IOMLÁN A PHLÉ

 

Chuir GAELSCOILEANNA TEO. fáilte roimh ráiteas tacúil an Aire Oideachais agus Eolaíochta,  Batt O’Keeffe, T.D. ar cheist an luath-thumoideachais iomlán i gcomhthéacs mhúineadh na Gaeilge.

 

Ag labhairt ag Comhdháil Bhliantúil agus Comhdháil Oideachais GAELSCOILEANNA TEO. ar maidin i mBaile an Bhiataigh, Co na Mí, dúirt an tAire Ó Keeffe, "Aithním gur múnla thar a bheith éifeachtúil agus fiúntach é an tumoideachas i gcur chun cinn agus caomhnú na Gaeilge agus táim ag súil le bualadh le GAELSCOILEANNA TEO. chun dul i mbun plé cuimsitheacht faoi pholasaí na Roinne i leith an churaclaim."

 

"Léiríonn taighde ón dtír seo agus ó gach corn den domhan éifeacht an luath- thumoideachais iomlán mar mhúnla oideachais do pháistí le cúlraí teanga éagsúla, dar le hUachtarán GAELSCOILEANNA TEO., Mícheál Ó Broin.  "Tagann 95 faoin gcéad do pháistí na ngaelscoileanna ó chúlra Béarla nó teanga eile nach Gaeilge í.  Ní fheicimid ar theangacha mar bhac a bhfuil orainn a shárú, ach mar nasc idir pháisí a éascaíonn cumarsáid thar réimse leathan guthanna per cent of children entering Gaelscoileanna do so from an English or other language speaking background.  We do not impose language as a barrier to be overcome but as a bond between children who can better communicate across a range of voices and accents."

 

"The Minister’s willingness to listen and review the department policy on early total immersion is a welcome move.  We simply cannot afford to let go a model which is applauded throughout the world."

 

CRÍOCH

 

Le haghaidh eolais sa bhreis nó chun agallamh a eagrú le Mícheál Ó Broin, dean teagmháil le:

 

Rob Hartnett

Stiúrthóir, Hartnett McClure PR ar (086) 3851955  

 

 

 

 

 

 

 

An Plean Straitéiseach ag díriú ar bhunú scoileanna nua, tacú le scoileanna fad-bhunaithe & teagmháil a dhéanamh leis na pobail áitiúla

Samhain 17, 2008

 

De hAoine, 14 Samhain, 2008 – 1100

 

AN PLEAN STRAITÉISEACH AG DÍRIÚ AR BHUNÚ SCOILEANNA NUA, TACÚ LE SCOILEANNA FAD-BHUNAITHE AGUS TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LEIS NA POBAIL ÁITIÚLA

 

D’fhoilsigh GAELSCOILEANNA TEO. ‘Plean Straitéiseach 2008-2011′ inniu.  Is ag Comhdháil Bhliantúil agus Oideachais na heagraíochta i mBaile an Bhiataigh, Co na Mí a seoladh an plean le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.

 

Bealach chun cinn atá sa Phlean Straitéiseach i dtreo soláthair beartaithe do bhreis agus 20 bunscoil agus 10 n-iar-bhunscoil lán-Ghaeilge faoi 2013.  Anuas air seo, molann sé réimse beart chun cur le rath an 140 scoil lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus 39 ag an iar-bhunleibhéal sna 26 contae lasmuigh de na ceantair Gaeltachta ar bhonn gearrthréimhseach agus fadtréimhseach.  Cuimsíonn an tríú ghné den phlean moltaí inar féidir leis na scoileanna dul i bhfeidhm ar an bpobal áitiúil chun an cultúr agus teanga i measc an phobail a chothú.  

"Seasann fás an oideachais lán-Ghaeilge mar thiomna don éileamh agus don tacaíocht a léiríonn daoine sa phobal", a dúirt Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO., Mícheál Ó Broin.  "Léiríonn an plean a foilsíodh inniu na haidhmeanna atá le comhlíonadh ag an scoilphobal lán-Ghaeilge chun an díograis atá mar bhunchloch na scoileanna lán-Ghaeilge a chothú agus a fhorbairt."

 

"Tá dúshláin roimh an earnáil oideachais mar atá roimh na sochaí i gcoitinne. Seasaimid do thodhchaí na bpáistí nach bhfuil guth díreach acu féin.  Agus an sprioc seo á bhaint amach, caithfimid a bheith soiléir faoin a bhfuil le déanamh chun an t-oideachas is fearr a sholáthar do ghlúin an lae inniu agus do ghlúin an lae amárach."

 

"Is é an fís atá leagtha amach againn sa Phlean Straitéiseah ná gaelscolaíocht d’ardchaighdeán a bhunú agus a bhuanú ar fud na tíre maraon le pobal agus cultúr na Gaeilge a fhorbairt agus a neartú."

 

"Sonraíonn an Plean Straitéiseach seo na céimeanna atá le glacadh againn chun fócas a thabhairt d’fhíorú na físe seo."

 

Críoch

 

Le haghaidh eolais sa bhreis nó chun agallamh le Mícheál Ó Broin a shocrú

 

Rob Hartnett

Stiúrthóir, Hartnett McClure PR ar (086) 3851955  

 

 

Buntáiste eacnamaíochta an oideachais dátheangaí aitheanta ag Comhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna Teo.

Samhain 13, 2008

 

Déardaoin, 13 Samhain, 2008 – 1400

BUNTÁISTE EACNAMAÍOCHTA AN OIDEACHAIS DÁTHEANGAÍ AITHEANTA AG COMHDHÁIL BHLIANTÚIL GAELSCOILEANNA TEO.

Díríonn eochairchaint na Comhdhála ar thábhacht oideachais na dteangacha

 

Ní mór béim mhéadaithe a chur ar bhuntáistí a bhaineann le múnla láidir dátheangach laistigh de chóras oideachais na hÉireann.  Is é seo príomhthéama an eochairchaint ag Comhdháil Oideachais agus Bhliantúil GAELSCOILEANNA TEO. a reáchtálfar i mBaile an Bhiataigh, Co na Mí maidin amárach (Dé hAoine, 14 Samhain) a thabharfaidh Colin Baker, Ollamh Oideachais agus Leas-Seansailéir in Ollscoil Bangor.

 

"Tá fianaise bailithe ag an mBanc Domhanda go bhfuil buntáistí eacnamaíochta ag baint le hoideachas dátheangach i bhfianaise go spreagann sé daoine chuig ard-ghnóthachtáil, go gcothaíonn sé líon lucht oibre oilte agus go laghdaíonn sé dífhostaíocht", dar leis an Ollamh Baker.  "Tá tuiscint níos fearr ar chultúir éagsúla, cumas níos fearr i bhfoghlaim teangacha eile agus buntáiste an mhargaidh domhanda a chuireann luach sa bhreis ar ilteangachas ag páistí a théann tríd an gcóras dátheangach, a bhfuil an múnla tumoideachais in Éirinn mar dhea-shampla de."

 

"Tá saincheisteanna ann faoin tacaíocht pholaitiúil agus eacnamaíochta a éilíonn an t-oideachas dátheangach ach de réir mar a ardaítear leibhéil gnóthachtála na ndaltaí, bainfear amach cost-éifeachtacht go fadtréimhseach.  Tá suntas nach beag aige seo in Éirinn, le foilsiú na tuairisce OECD an tseachtain seo ach go háirithe inar  chríochnaigh Éire ag bun thábla teangeolaíochta an OECD a nochtaigh cumas comhrá sa dara teanga."

 

"Is duine de phríomh-údaráis domhanda ar oideachas dátheangach é an tOllamh Baker", dar le hUachtarán GAELSCOILEANNA TEO., Mícheál Ó Broin.  "Míneoidh sé cur chuige thíortha eile ar cheisteanna oideachais dátheangach i 2008 agus an comhaontú uilíoch ar luach an luath-thumoideachais mar mhúnla rathúil oideachais.  Láidreoidh a chuid saineolais ár gcás ar son an luath-thumoideachais mar rogha sna scoileanna agus cur i gcoinne an rialtais ina chuid iarrachtaí deireadh a chur leis seo sna scoileanna lán-Ghaeilge".

 

Tá ‘Ag Cothú Pobail le Gaeilge’ roghnaithe mar théama na Comhdhála.  I measc na n-ábhar a bheidh faoi chaibidil i mbliana, tá:

 

  • Scoilphobal labhartha Gaeilge a chothú lasmuigh den seomra ranga.

 

  • An tábhacht a bhaineann le teagmháil le cultúir éagsúla agus an

        t-oideachas dátheangach mar thagarmharc idirchultúrachais.

 

  • An cur chuige i leith múineadh pháistí le riachtanais speisialta ag an mbun agus ag an Iar-bhunleibhéil.  

 

Anuas air seo, foilseoidh GAELSCOILEANNA TEO. Plean Straitéiseach na heagraíochta don chéad trí bliana eile, cuid de chlár a bheartaíonn níos mó ná 20 bunscoil lán-Ghaeilge nua agus 10 scoil lán-Ghaeilge nua ag an iar-bhunleibhéal a bhunú thar an chéad cúig bliana eile. 

 

Is é an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Batt O’ Keeffe a osclóidh an Chomhdháil go hoifigiúil.

 

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge.  Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin

 

Críoch

 

Le haghaidh eolais sa bhreis nó chun agallamh leis an Ollamh Colin Baker nó le Mícheál Ó Broin a shocrú, déan teagmháil le:

 

Rob Hartnett

Stiúrthóir, Hartnett McClure PR ag (086) 3851955, rob@hmpr.ie

  

 

 

 

Gaelscoileanna Teo. reidh le héisteacht leis an Aire & pleanáil don todhchaí

Samhain 12, 2008

GAELSCOILEANNA TEO. RÉIDH LE hÉISTEACHT LEIS AN AIRE AGUS PLEANÁIL DON TODHCHAÍ 

An tAire O’Keeffe le labhairt ag Comhdháil Bhliantúil GAELSCOILEANNA TEO. ar an Aoine 

 

Labhróidh Batt O’Keeffe, an tAire Oideachais agus Eolaíochta ag Comhdháil Oideachais agus CCB GAELSCOILEANNA TEO. i mBaile an Bhiataigh ar an Aoine seo, 14 Samhain 2008.   

 

Táthar ag súil leis go gcuimseoidh a chaint tionchar chiorraithe na cáinaisnéise ar na scoileanna, conspóid leanúnach faoin luath-thumoideachas mar mhúnla múinteoireachta agus na ceisteanna a tháinig aníos le déanaí faoi aitheantas do scoileanna nua.  

 

"Is cúis áthais dúinn gur ghlac an tAire lenár gcuireadh Comhdháil Bhliantúil 2008 a oscailt.  Tugann a thoilteanas dul i mbun idirphlé dearfach le hionadaithe na ndaoine is buailte ag cinntí a tógadh ina rannóg stáit le bliain anuas ardú croí don earnáil", a dúirt Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO., Mícheál Ó Broin.

 

"In ainneoin go bhfuil gluaiseacht na ngaelscoileanna imithe ó neart go neart le bliain anuas, bhí an bhliain dúshlánach ar bhealaí chomh maith.  Tá tuismitheoirí agus múinteoirí buartha faoi na ciorraithe i mbuiséad oideachais an rialtais, an easpa dul chun cinn ó thaobh taighde ar bhuntáistí an luath-thumoideachais iomlán agus na deacrachtaí a eascraíonn as an bhfógra anabaí faoi aitheantas na scoileanna nua."

 

"Níl dabht ar bith ach go gcuirfimid fáilte mór roimh an Aire, ach cinnteoimid go dtuigeann sé ár dtuairim gur gníomh domhínithe, gearr-radharcach a bhí sna ciorraithe oideachais a fógraíodh sa cháinaisnéis.  Iarrann GAELSCOILEANNA TEO.,  i gcomhpháirt leis na páirtnéirí oideachais eile, ar an rialtas athbhreithniú a dhéanamh air seo". 

 

"Leis na blianta fada, is le dua agus le hallas a throideamar chun líon na ndaltaí sna ranganna a ísliú.  Tá sé seo riachtanach chun oideachas d’ardchaighdeán a sholáthar agus léiríonn sé an bhéim a chuireann an tsochaí ar luach an oideachais don chéad ghlúin eile.  Tá na héachtaí a bhaineamar amach caillte anois.  Tá ceann de na cóimheasa daltaí le múinteoir is measa san Eoraip againn cheana féin.  Admhaíonn an rialtas go bhfuil sé seo do-ghlactha, ach ní ghníomhaíonn siad dá réir. 

 

"Táimid thar a bheith buartha faoi ráiteas an Aire faoi aitheantas do scoileanna nua agus na himpleachtaí ag seo ar na coistí bunaithe atá ag obair go dian i dtreo oscailte i Meán Fómhair 2009.   Is ceart bunúsach tuismitheora  é saor rogha oideachais do do pháiste agus ní trí thimpiste a tharla sé nár dhúnadh gaelscoil ar bith a d’oscail ó bunaíodh an stáit  agus go leanann an t-éileamh agus an ráchairt.  Caithfear tacú le scoileanna a eascraíonn as toil agus díograis an phobail agus a fheidhmíonn laistigh den churaclam náisiúnta.  Fáiltímid roimh an deis éisteacht leis an Aire agus a chuid  beartanna chun todhchaí na scoileanna nua seo a chinntiú á nochtadh aige a chloisint go díreach. "

 

Tá ‘Ag Cothú Pobail le Gaeilge’ roghnaithe mar théama na Comhdhála.  I measc na n-ábhar a bheidh faoi chaibidil i mbliana, tá:

 

  • Scoilphobal labhartha Gaeilge a chothú lasmuigh den seomra ranga.

 

  • An tábhacht a bhaineann le teagmháil le cultúir éagsúla agus an

        t-oideachas dátheangach mar thagarmharc idirchultúrachais.

 

  • An cur chuige i leith múineadh pháistí le riachtanais speisialta ag an mbun agus ag an Iar-bhunleibhéil.  

 

Is é Colin Baker, Ollamh Oideachais agus Pro Leas-seansailéir in Ollscoil Bangor, a thabharfaidh eochair chaint na Comhdhála ar ‘Buntáistí an dátheangachais agus na dea-chleachtais idirnáisiúnta’.

 

"Is duine de na príomh-údaráis ar oideachas dátheangach ar domhan é an tOllamh Baker", dar le Ó Broin.  "Léireoidh sé na múnlaí dátheangachais i bhfeidhm i dtíortha eile agus an bealach ina fheictear ar an gcóras luath-thumoideachais iomlán in Éirinn mar mhúnla dea-chleachtais.   Láidreoidh a chuid saineolais ár gcás ar son an luath-thumoideachais mar rogha sna scoileanna agus cur i gcoinne an rialtais ina chuid iarrachtaí deireadh a chur leis seo sna scoileanna lán-Ghaeilge."

 

Anuas air seo, foilseoidh GAELSCOILEANNA TEO. Plean Straitéiseach na heagraíochta don chéad trí bliana eile, cuid de chlár a bheartaíonn 26 bunscoil lán-Ghaeilge nua agus 10 scoil lán-Ghaeilge nua ag an iar-bhunleibhéal a bhunú thar an chéad cúig bliana eile. 

 

                                                                 

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge.  Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. 

 

Críoch

 

Do lucht na Meáin Chumarsáide ag súil le freastal ar an gComhdháil Bhliantúil san Óstán Bettystown Court, Baile an Bhiataigh, Co na Mí ar Aoine,  an 14 Samhain nó d’éinne eile ag lorg eolais, moltar teagmháil a dhéanamh le:

Mícheál Ó Broin, Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO., 087-9467700

Rob Hartnett

Stiúrthóir, Hartnett McClure PR ag 086 3851955