Méid an Téacs

Gaelscoileanna Teo. reidh le héisteacht leis an Aire & pleanáil don todhchaí

Samhain 12, 2008

GAELSCOILEANNA TEO. RÉIDH LE hÉISTEACHT LEIS AN AIRE AGUS PLEANÁIL DON TODHCHAÍ 

An tAire O’Keeffe le labhairt ag Comhdháil Bhliantúil GAELSCOILEANNA TEO. ar an Aoine 

 

Labhróidh Batt O’Keeffe, an tAire Oideachais agus Eolaíochta ag Comhdháil Oideachais agus CCB GAELSCOILEANNA TEO. i mBaile an Bhiataigh ar an Aoine seo, 14 Samhain 2008.   

 

Táthar ag súil leis go gcuimseoidh a chaint tionchar chiorraithe na cáinaisnéise ar na scoileanna, conspóid leanúnach faoin luath-thumoideachas mar mhúnla múinteoireachta agus na ceisteanna a tháinig aníos le déanaí faoi aitheantas do scoileanna nua.  

 

"Is cúis áthais dúinn gur ghlac an tAire lenár gcuireadh Comhdháil Bhliantúil 2008 a oscailt.  Tugann a thoilteanas dul i mbun idirphlé dearfach le hionadaithe na ndaoine is buailte ag cinntí a tógadh ina rannóg stáit le bliain anuas ardú croí don earnáil", a dúirt Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO., Mícheál Ó Broin.

 

"In ainneoin go bhfuil gluaiseacht na ngaelscoileanna imithe ó neart go neart le bliain anuas, bhí an bhliain dúshlánach ar bhealaí chomh maith.  Tá tuismitheoirí agus múinteoirí buartha faoi na ciorraithe i mbuiséad oideachais an rialtais, an easpa dul chun cinn ó thaobh taighde ar bhuntáistí an luath-thumoideachais iomlán agus na deacrachtaí a eascraíonn as an bhfógra anabaí faoi aitheantas na scoileanna nua."

 

"Níl dabht ar bith ach go gcuirfimid fáilte mór roimh an Aire, ach cinnteoimid go dtuigeann sé ár dtuairim gur gníomh domhínithe, gearr-radharcach a bhí sna ciorraithe oideachais a fógraíodh sa cháinaisnéis.  Iarrann GAELSCOILEANNA TEO.,  i gcomhpháirt leis na páirtnéirí oideachais eile, ar an rialtas athbhreithniú a dhéanamh air seo". 

 

"Leis na blianta fada, is le dua agus le hallas a throideamar chun líon na ndaltaí sna ranganna a ísliú.  Tá sé seo riachtanach chun oideachas d’ardchaighdeán a sholáthar agus léiríonn sé an bhéim a chuireann an tsochaí ar luach an oideachais don chéad ghlúin eile.  Tá na héachtaí a bhaineamar amach caillte anois.  Tá ceann de na cóimheasa daltaí le múinteoir is measa san Eoraip againn cheana féin.  Admhaíonn an rialtas go bhfuil sé seo do-ghlactha, ach ní ghníomhaíonn siad dá réir. 

 

"Táimid thar a bheith buartha faoi ráiteas an Aire faoi aitheantas do scoileanna nua agus na himpleachtaí ag seo ar na coistí bunaithe atá ag obair go dian i dtreo oscailte i Meán Fómhair 2009.   Is ceart bunúsach tuismitheora  é saor rogha oideachais do do pháiste agus ní trí thimpiste a tharla sé nár dhúnadh gaelscoil ar bith a d’oscail ó bunaíodh an stáit  agus go leanann an t-éileamh agus an ráchairt.  Caithfear tacú le scoileanna a eascraíonn as toil agus díograis an phobail agus a fheidhmíonn laistigh den churaclam náisiúnta.  Fáiltímid roimh an deis éisteacht leis an Aire agus a chuid  beartanna chun todhchaí na scoileanna nua seo a chinntiú á nochtadh aige a chloisint go díreach. "

 

Tá ‘Ag Cothú Pobail le Gaeilge’ roghnaithe mar théama na Comhdhála.  I measc na n-ábhar a bheidh faoi chaibidil i mbliana, tá:

 

  • Scoilphobal labhartha Gaeilge a chothú lasmuigh den seomra ranga.

 

  • An tábhacht a bhaineann le teagmháil le cultúir éagsúla agus an

        t-oideachas dátheangach mar thagarmharc idirchultúrachais.

 

  • An cur chuige i leith múineadh pháistí le riachtanais speisialta ag an mbun agus ag an Iar-bhunleibhéil.  

 

Is é Colin Baker, Ollamh Oideachais agus Pro Leas-seansailéir in Ollscoil Bangor, a thabharfaidh eochair chaint na Comhdhála ar ‘Buntáistí an dátheangachais agus na dea-chleachtais idirnáisiúnta’.

 

"Is duine de na príomh-údaráis ar oideachas dátheangach ar domhan é an tOllamh Baker", dar le Ó Broin.  "Léireoidh sé na múnlaí dátheangachais i bhfeidhm i dtíortha eile agus an bealach ina fheictear ar an gcóras luath-thumoideachais iomlán in Éirinn mar mhúnla dea-chleachtais.   Láidreoidh a chuid saineolais ár gcás ar son an luath-thumoideachais mar rogha sna scoileanna agus cur i gcoinne an rialtais ina chuid iarrachtaí deireadh a chur leis seo sna scoileanna lán-Ghaeilge."

 

Anuas air seo, foilseoidh GAELSCOILEANNA TEO. Plean Straitéiseach na heagraíochta don chéad trí bliana eile, cuid de chlár a bheartaíonn 26 bunscoil lán-Ghaeilge nua agus 10 scoil lán-Ghaeilge nua ag an iar-bhunleibhéal a bhunú thar an chéad cúig bliana eile. 

 

                                                                 

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge.  Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. 

 

Críoch

 

Do lucht na Meáin Chumarsáide ag súil le freastal ar an gComhdháil Bhliantúil san Óstán Bettystown Court, Baile an Bhiataigh, Co na Mí ar Aoine,  an 14 Samhain nó d’éinne eile ag lorg eolais, moltar teagmháil a dhéanamh le:

Mícheál Ó Broin, Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO., 087-9467700

Rob Hartnett

Stiúrthóir, Hartnett McClure PR ag 086 3851955