Méid an Téacs

Gaelscoil na Mí

Lúnasa 31, 2011

Fáiltíonn an feachtas Aitheantas roimh oscailt Ghaelscoil na Mí i gCill Dhéagláin, Co. na Mí – an chéad Ghaelscoil oifigiúil le hoscailt le haitheantas ón Roinn Oideachais agus Scileanna le trí bliana anuas – ag 12.00 meánlae an Déardaoin bheag seo, 01 Meán Fómhair 2011.

Is bunscoil lánGhaeilge ilchreidmheach í Gaelscoil na Mí atá faoi phátrúnacht ag Foras Pátrúnachta na Scoileanna LánGhaeilge (An Foras Pátrúnachta) le haitheantas iomlán ón Roinn Oideachais agus Scileanna.

Tháinig na heagrais Ghaeilge Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge agus Glór na nGael le chéile faoi bhrat an chomhfheachtais Aitheantas anuraidh chun stocaireacht a dhéanamh ar son na Gaelscolaíochta, agus go háirithe chun tacú le tuismitheoirí Ghaelscoil Ráth Tó i gCo. na Mí nuair a diúltaíodh aitheantas don bhunscoil lánGhaeilge i 2010.

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Is mór an chúis cheiliúrtha é oscailt Ghaelscoil na Mí, ní hamháin do mhuintir Aitheantas agus do gach duine a thacaigh le tuismitheoirí Ghaelscoil Ráth Tó nuair a diúltaíodh aitheantas don scoil áitiúil anuraidh, ach do phobal na Gaeilge trí chéile.

“Tá an Ghaelscolaíocht ina crann taca do bhláth na teanga i measc an phobail le 20 bliain anuas, agus tá an Roinn Oideachais agus Scileanna le moladh as tábhacht na teanga sa cheantar seo i gCo. na Mí a aithint trí aitheantas iomlán a bhronnadh ar Ghaelscoil na Mí i mbliana.”

Go dtí go bhfuil suíomh buan aimsithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna don scoil, osclóidh Gaelscoil na Mí ar shuíomh sealadach in aice le clubtheach CLG Domhnach Mór i gCill Dhéagláin, Co. na Mí ar an chéad lá den téarma acadúil i mbliana, agus beidh an scoil nua ag freastal ar Chill Dheagláin, Ráth Tó agus na mórcheantair máguaird.

Dúirt Feargal Ó Cuilinn, Stiúrthóir Comhluadar: “Throid tuismitheoirí Ráth Tó go fíochmhar lena gceart le hoideachas lánGhaeilge a thabhairt dá bpáistí nuair a diúltaíodh aitheantas oifigiúil do Ghaelscoil Ráth Tó, agus tá toradh a gcuid oibre le feiceáil an tseachtain seo le hoscailt Ghaelscoil na Mí sa cheantar. Ba chóir don Roinn Oideachais agus Scileanna freastal mar is cóir a dhéanamh ar an éileamh náisiúnta don Ghaelscolaíocht, agus ceart gach tuismitheoir le hoideachas lánGhaeilge a chur ar a bpáiste a chinntiú, trí sholáthar an Ghaeloideachais a úsáid mar chritéir nuair atá áiteanna á roghnú do scoileanna amach anseo.”

TUILLEADH EOLAIS:

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
+353 (0)1 4757401 / +353 (0)86 8142757
julian@cnag.ie

Feargal Ó Cuilinn,
Stiúrthóir, Comhluadar.
+353 (0)1 4789191 / +353 (0)87 2908391
feargal@comhluadar.ie

Tumoideachas san Iar-Thuaisceart

Lúnasa 31, 2011

Tá tús curtha inniu ag trí bhunscoil Ghaeltachta san Iarthuaisceart leis an tumoideachas ins na naíonáin bheaga; Scoil Rann na Feirste, Scoil Dhoire Chonaire agus Scoil Chaiseal na gCorr.  Séard atá i gceist go bunúsach leis seo nó nach mbeidh na scoileanna seo ag tosnú ar theagasc an Bhéarla leis na daltaí go dtí na naíonáin mhóra ar a laghad.  Déanann muid comhghairdeas leis na tuismitheoirí, na Boird Bhainistíochta agus na múinteoirí ins na scoileanna seo a ghlac an cinneadh dearfach seo.

Is cinnte ón taighde idirnáisiúnta agus náisiúnta atá déanta ar an tumoideachas, ní amháin go bhfuil sé chun leas na mionteanga (an Ghaeilge) ach go mbíonn torthaí foghlama níos airde á mbaint amach ag na daltaí ins an dá theanga.  Mar sin de, is chun leas an pháiste atá an cleachtas seo.

Tá buíochas ag gabháil d’Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus COGG a d’eagraigh seimineár do lucht teagaisc na scoileanna Gaeltachta san Earrach ar an ábhar seo.  Chomh maith le sin, d’eagraigh siad seisiúin eolais do na Boird Bainistíochta agus cúrsa traenála do mhuinteoirí ar fhoghraíocht na Gaeilge.  Tá seacht mbunscoil eile i gCatagóir A san Iarthuaisceart agus tuigeann muid go bhfuil cinneadh le déanamh go fóill ag roinnt acu seo agus tá súil againn go nglacfaidh siad uilig an cinneadh céanna.

Tá sé fíorthábhachtach dúinn mar phobal Gaeltachta na céimeanna dearfacha seo a ghlacadh le léiriú go bhfuil muid dáiríre faoi thodhchaí na teanga a chinntiú.  Tá géarchéim ann ó thaobh úsáid na Gaeilge i measc aos óg na Gaeltachta; ní réiteach na faidhbe ann féin atá sa tumoideachas ach is cinnte gur cuid den réiteach é.

Ní neart go cur le chéile

Éamonn Mac Niallais
Urlabhraí
Guth na Gaeltachta

Bunaíodh Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair i mí Lúnasa 2009. Tá sé ag reáchtáil cruinnithe poiblí ó shin.  Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Gaelscoil Aodha Rua

Lúnasa 30, 2011

Gaelscoil moves from prefabs to dreamland

Lúnasa 30, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Lascaine speisialta do scoileanna ag Cló Iar-Chonnacht don scoilbhliain nua!

Lúnasa 26, 2011

Tá Cló Iar-Chonnacht ag tairiscint lascaine 25% ar áiseanna teagaisc, leabhair do dhaltaí bunscoile agus leabhair do dhaltaí meánscoile ar orduithe a dhéantar roimh 1 Deireadh Fómhair, 2011. Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.cic.ie nó sna PDF thíos.

Áiseanna Teagaisc 2011

Bileog Scoile 2011

Seimineáir Ghairmeacha in Iarthuaisceart na Tíre

Lúnasa 24, 2011

Agus rang na hardteiste 2011 ag machnamh ar na tairiscintí do na cúrsaí ollscoile, tá sé tráthúil do bhfuil dátaí an tseimineáir gairmeacha agus cúrsaí ollscoile, ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’ fógartha.

Tabharfar deis do dhaltaí scoile ó na ranganna sinsearacha sa mheánscoil san iar-thuaisceart páirt a ghlacadh san imeacht oideachasúil.

Reáchtálfar seimineáir i gCora Droma Rúisc, Co. Liatroma  ar 11 Deireadh Fómhair agus Carraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin ar 12 Deireadh Fómhair 2011.

Go dtí seo, tá seimineáir reáchtáilte ag An Chomhdháil, i gCill Airne, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCorcaigh, i gCaisleán an Bharraigh, i mBéal Feirste, i Leitir Ceanainn agus ar An Tulach Mór.

Tá na seimineáir seo dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha i scoileanna ar fud na tíre.  Le linn na seimineár pléitear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha.  Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus téann taithí na gcainteoirí  i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo.

Mar chuid den seimineár cuirtear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí,  rud a spreagann díospóireacht spleodrach ar leithéidí todhchaí na teanga, stádas Gaeltachta, an Ghaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteistiméireacht, an Ghaeilge ag an tríú leibhéal, nó tacaíocht an Rialtais don teanga.

Bíonn ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal i láthair freisin le seastáin eolais, chun eolas a roinnt ar na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.

Beidh fáilte roimh daltaí agus scoileanna ó na ceantair mháguaird freastal ar an dá seimineáir.

Tuilleadh eolais: http://www.gaelport.com/bbnag

©Foilsithe ar Gaelport.com 23 Lúnasa 2011

Eileamh leanúnach ar chúrsaí Gaeilge sna hOllscoileanna

Lúnasa 24, 2011

Is cosúil go bhfuil éileamh leanúnach ar na cúrsaí ollscoile a reáchtáiltear trí mheán na Gaeilge in ollscoileanna na tíre de réir staitisticí bunaithe ar na tairiscintí  a d’eisigh an Lár-Oifig iontrála inné.

Bhí an treocht sin le feiceáil ach go háirithe i gcúrsaí iriseoireachta agus craoltóireachta. Tháinig méadú ar líon na bpointí a bhí ag teastáil do roinnt de na cúrsaí iriseoireachta a reáchtáiltear trí mheán na Gaeilge nó a bhfuil an Ghaeilge mar chomh-ábhar iontu.

Iriseoireacht
Tháinig méadú de 15 phointe ar líon na bpointí a bhí ag teastáil don chúrsa sa Ghaeilge agus san Iriseoireacht a bhíonn ar siúl in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (465 pointe).

Bhí an scéal amhlaidh i Ollscoil na hÉireann Gaillimh áit a raibh éileamh níos mó ar an gcúrsa cumarsáide i mbliana (330 pointe).  Chomh maith leis sin, bhí méadú de 30 pointe i gceist leis an mbunchéim sa Ghaeilge agus na Meáin a bhíonn á reáchtáil in Ollscoil Luimnigh (400 pointe).

Oideachas
Bhí laghdú de chúig phointe nó mar sin le feiceáil  i measc na gcúrsaí bunmhúinteoireachta sna coláistí oideachais ach amháin i gColáiste Phádraig, áit a raibh méadú de chúig phointe ar líon na bpointí a bhí ag teastáil ó iarrthóirí ón nGaeltacht (440 Pointe).

Na Dána
Bhí laghdú beag ar líon na bpointí a bhí ag teastáil do chéimeanna sna Dána i mórán de na hollscoileanna. I gColáiste na hOllscoile Corcaigh bhí laghdú de cúig phointe ann  i mbliana (345 pointe)agus thit líon na bpointí don chúrsa sna Dána i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath go 440 pointe.

Tháinig  méadú  áfach ar  líon na bpointí a bhí ag teastáil don bhunchéim sna Dána (Léann an Aistriúcháin)in Ollscoil na hÉireann Gaillimh (405 pointe).

Tráchtáil agus Gnó
Bhí laghdú beag le feiceáil  sa réimse seo chomh maith. Thit líon na bpointí a bhí ag teastáil don bhunchéim Tráchtáil le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh ó 450 pointe go 440 pointe i mbliana. Bhí laghdú le feiceáil i mBaile Átha Cliath chomh maith. Bhí 330 pointe ag teastáil ó iarrthóirí ar an gcúrsa Gnó agus Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, laghdú de 10 bpointe ón bhliain seo caite. Bhí 410 pointe ag teastáil ó iarrthóirí a bhí ag iarraidh an chéim sa Ghaeilge agus sa Ghnó a dhéanamh in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge.

Bhí laghdú beag le feiceáil sna cúrsaí dlí chomh maith agus thit líon na bpointí don bhunchéim sa Dlí agus sa Ghaeilge a bhíonn á tairiscint ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh go 500 pointe.

Cúrsaí eile
Tá Institiúid Teicneolaíochta Átha Cliath fós ag glacadh le hiarratais don bhunchéim BA (Onóracha) sa Ghaeilge don Saol Proifisiúnta.  Ní raibh an cúrsa seo san áireamh i lámhleabhar na Lár-Oifige iontrála i mbliana agus más maith le hiarrthóirí iarratais a dhéanamh don chúrsa seo is fearr teagmháil a dhéanamh le Scoil na dTeangacha ann www.dit.ie/schooloflanguages.

©Foilsithe ar Gaelport.com 23 Lúnasa 2011

BunGhaeilge do Thuismitheoirí

Lúnasa 19, 2011

Sheol Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) leagan nua den leabhrán BunGhaeilge do Thuismitheoirí agus Feighlithe Leanaí, Dé Máirt, 16 Lúnasa 2011. Bhí Mia Cooper, ceannaire Ceolfhoireann Cheolchoirme RTÉ, agus Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Ghaelscoileanna Teo., i láthair ag an ócáid in Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9.

Is athchló agus uasdátú ar an leabhar frásaí BunGhaeilge do Thuismitheoirí atá san fhoilseachán seo. Tá an leabhrán roinnte i gcaibidlí le téamaí éagsúla, mar shampla ‘Ar maidin’, ‘An Naíonra’, ‘Sa siopa’, ‘Sa ghairdín’. Mar is léir ón teideal, bun-Ghaeilge atá sa leabhrán agus é dírithe ar theaghlaigh gur mian leo cúpla focal a úsáid agus gnásanna agus gníomhaíochtaí an lae ar siúl acu.

Tá CD leis an leabhrán, mar chabhair le foghraíocht, agus cloistear gach frása atá sa leabhrán ar an CD. Tá ceithre leagan den CD ar fáil, ceann do gach canúint (Connacht, Mumhan, Uladh agus canúint chaighdeánach). Beidh BunGhaeilge do Thuismitheoirí agus Feighlithe Leanaí ar díol ar €10 ó FNT agus ó shiopaí leabhar ar fud na tíre.

Dar le Clíona Frost, Príomhoifigeach FNT ‘Is í aidhm an leabhair seo ná Gaeilge nádúrtha a úsáidtear le linn gnáth-ghnásanna laethúla sa bhaile, a sholáthar. Tosaigh le gníomhaíochtaí nó gnásanna ar leith a roghnú, agus bain úsáid as focail agus frásaí Gaeilge mar chuid de na gníomhaíochtaí seo.’

Creideann Máire Uí Bhriain, Cathaoirleach FNT ‘Is aoibhinn le páistí a bheith ag spraoi le smaointe agus focail nua. Cuirfidh úsáid an leabhair seo leis an spraoi agus an taitneamh a bhaineann páistí as teanga nua a shealbhú.’
Tá raon leathan áiseanna Gaeilge eile ar fáil ó Fhorbairt Naíonraí Teoranta. Tuilleadh eolais ar na háiseanna seo ar

www.naionrai.ie.

Nóta don Eagarthóir:
Is cuideachta dheonach uile-Éireann í Forbairt Naíonraí Teoranta, a thacaíonn le seirbhísí, cúram agus oideachas trí Ghaeilge a chur chun cinn do pháistí ó aois an chliabháin ar aghaidh. Cuireann Forbairt Naíonraí Teoranta tacaíocht ar fáil chun na seirbhísí trí Ghaeilge seo thíos a bhunú, a bhuanú agus a riaradh: naíolanna, naíonraí, seirbhísí aois scoile, campaí samhraidh, agus grúpaí tuismitheoirí/caomhnóirí agus leanaí. Tuilleadh eolais ar fáil ó www.naionrai.ie.
Faigheann Forbairt Naíonraí Teoranta maoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.

Lámh cúnta do thuismitheoirí- leabhrán úr seolta

Lúnasa 18, 2011

Seoladh áis luachmhar an tseachtain seo a bheidh ina chabhair do thuismitheoirí gur mian leo cúpla focal a úsáid lena bpáistí óga gach lá.

BunGhaeilge do Thuismitheoirí agus Feighlithe leanaí is teideal don leabhrán atá curtha le chéile ag an cuideachta deonach Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT).

Dar le Clíona Frost, Príomhoifigeach FNT ‘Is í aidhm an leabhair seo ná Gaeilge nádúrtha a úsáidtear le linn gnáth-ghnásanna laethúla sa bhaile, a sholáthar. Tosaigh le gníomhaíochtaí nó gnásanna ar leith a roghnú, agus bain úsáid as focail agus frásaí Gaeilge mar chuid de na gníomhaíochtaí seo.’

Tá Gaeilge shimplí sothuigthe sa leabhrán úr agus tá CD ag gabháil leis an leabhrán mar chabhair le fógraíocht.

Chomh maith leis sin tá ceithre leagan den CD ar fáil atá oiriúnach do chanúintí éagsúla: Connacht, Mumhan, Uladh agus canúint chaighdeánach.

Tá an leabhrán ar fáil le ceannach ar €10 ó FNT www.naionrai.ie agus i siopaí leabhar.

©Foilsithe ar Gaelport.com 18 Lúnasa 2011

Comhghairdeas le Rang na hArdteiste 2011

Lúnasa 17, 2011

Beidh lucht na hArdteiste fud fad na tíre ag bailiú a gcuid torthaí ar maidin, ina measc siúd an deichniúr a fuair torthaí den scoth agus ocht A1 ina ghlac acu go léir.

Ó thaobh na Gaeilge de léiríonn na staitisticí a eisíodh inniu go ndearna 14,359 dalta scoile an ábhar ag an Ardleibhéal agus astu siúd, theip ar 144 duine.

Fuair 790 duine (5.5%) A1 sa Ghaeilge ag an Ardleibhéal.

Rinne 25,200 duine scrúdú sa Ghaeilge ag an ngnáthleibhéal agus theip ar 1,311 duine sa scrúdú sin.

Tuairiscítear ar shuíomh Gréasáin The Irish Times ar maidin gur thit líon na ndaltaí a ndearna an Ghaeilge sna scrúduithe san iomlán arís mar gheall nár thug ach 44,300 faoin ábhar sna scrúduithe i mbliana. Laghdú de 1,200  ó 2009 a bhí ann de réir na tuairisce.

Ag labhairt dó  sa Chlochán i gContae na Gaillimhe inniu thréaslaigh an tAire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn TD na scoláirí agus dúirt sé gurbh cheart dóibh a bheith bródúil as gaisce a dhéanamh sna scrúduithe.

©Foilsithe ar Gaelport.com 17 Lúnasa 2011

Next Page »