Méid an Téacs

Scléip agus Siansa … ardán don óige le Gael Linn!

Meán Fómhair 27, 2018

Tá deis iontach á thabhairt do dhéagóirí a gcuid dtalainne a léiriú ar ardán trí chomórtais Gael Linn, Scléip (comórtais ceoil agus rince comhaimseartha)  agus Siansa (comórtas do ghrúpaí ceoil traidisiúnta).

Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Cuireann sé béim ar na healaíona comhaimseartha agus ar chruthaitheacht agus ar chumadóireacht na rannpháirtithe. Tugann sé deis do dhaltaí iar-bhunscoile ceol, amhráin agus rince a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre.  Tá Scléip á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge.

Dé Máirt, 20 Samhain 2018: An Taibhdhearc, Gaillimh

Dé Céadaoin, 21 Samhain 2018: Amharclann an Ionaid Óige, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí

Dé Máirt, 27 Samhain 2018: Amharclann an Alley, An Srath Bán, Co. Thír Eoghain

Déardaoin, 29 Samhain 2018: Amharclann Clasach, Cluain Tarbh, BÁC

Craobh na hÉireann 

Dé Céadaoin 30 Eanáir 2019, Amharclann Clasach, Cluain Tarbh, BÁC

Na Comórtais

1. Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha, le féintionlacan (Sóisear agus Sinsear)

2. Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha, le tionlacan ó Fhuaimrian Taca  (Sóisear agus Sinsear) NUA !

3. Grúpa Amhránaíochta Comhaimseartha, le féintionlacan (Sóisear agus Sinsear)

4. Ceol Aonair Comhaimseartha (Sóisear agus Sinsear)

5. Slua-amhránaíocht (Comórtas amháin)

6. Rince Cruthaitheach – Grúpaí (Sóisear agus Sinsear)

Chun iomaitheoirí a iontráil i Scléip 2019 téigh chuig www.gael-linn.ie/scleip   (Spriocdáta iontrála – 24 Deireadh Fómhair 2018).

 Is comórtas do ghrúpaí traidisiúnta é Siansa atá á reáchtáil ag Gael Linn, le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine, chun spreagadh agus ardán a thabhairt don chuid is fearr de ógthallann cheoil agus amhránaíochta traidisiúnta na tíre, trí mheán na Gaeilge.

• Bíonn fáilte roimh iontrálacha ó scoileanna, ó eagrais/clubanna ceoil, nó fiú is féidir le cairde teachtle chéile mar ghrúpa. Níl aon teorann leis an líon grúpaí a cheadófar do scoil/chlub nó eile a iontráil.

• Daoine óga atá os cionn 12 agus faoi bhun 19 mbliana d’aois ar 1 Eanáir 2019 atá i dteideal cur isteach ar an gcomórtas
• Caithfidh idir 6 agus 8 ball a bheith i ngach grúpa.

• Beidh táille iontrála €20/£20 le híoc ag gach grúpa.

• Iarrtar ar ghrúpaí clár nó teaglaim leanúnach de cheol traidisiúnta idir 10 agus 12 nóiméad ar fhad, le hamhrán amháin i nGaeilge mar chuid de, a chóiriú go samhailteach agus a thaifead. Is gá na taifeadtaí a bheith ag Gael Linn roimh 4 Nollaig 2018.

• Éisteoidh léirmheastóir le gach taifead agus roghnófar grúpaí de réir a gcaighdeáin chun páirt a ghlacadh i gceardlanna aon lae. Ceoltóirí /amhránaithe aitheanta a bheidh i mbun na gceardlann agus cuirfidh siad comhairle ar na grúpaí faoi ghnéithe éagsúla dá léirithe. Reáchtálfar na ceardlanna idir Dé hAoine, 8 agus Dé Luain 11 Feabhra 2019 i gceithre ionad éagsúla ar fud na tíre.

• As na ceardlanna seo, roghnófar 8 ngrúpa chun páirt a ghlacadh sa Chraobh ar anDomhnach, 7 Aibreán 2019 sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath.

• Bronnfar príomhdhuais €2,500 agus Trófaí Gael Linn ar na buaiteoirí. Bronnfar €1,250 orthu siúd a thagann sa dara háit agus €750 don triú háit.

Chun grúpa a iontráil i Siansa 2019 téigh chuig www.gael-linn.ie/siansa  (Spriocdáta iontrála – 26 Deireadh Fómhair 2018)

Siansa2019 Scléip2019

Breacadh – acmhainn iontach don seomra ranga

Meán Fómhair 21, 2018

Deirtear uaireanta go bhfuil sé deacair daoine óga a spreagadh chun na léitheoireachta, trí mheán na Gaeilge go háirithe. Ceannaigh an iris seo agus feicfidh tú nach bhfuil aon fhírinne sa ráiteas sin. Taitneoidh an iris Breacadh le daoine óga (idir bhuachaillí agus chailíní) mar tá sé barclíonta ó chlúdach go clúdach leis na scéalta is deireanaí.

  • Scéalta faoi na daoine mór le rá (idir réaltaí spóirt, scannáin agus ceoil)
  • Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta
  • Scéalta ó na ceantair Ghaeltachta
  • Crosfhocail
  • Na Réalta

Cé go bhfuil an iris seo dírithe go príomha ar fhoghlaimeoirí fásta litearthachta sa Ghaeltacht, díoltar líon mór cóipeanna le scoileanna – ag an mbunleibhéal agus an dara leibhéal – ar fud na tíre. Bí leo!

Is gá cóipeanna den trí eagrán a ordú le chéile. Tá Dúrud Teo ag glacadh le horduithe as seo amach ag breacadh@durud.ie nó 01-487 7605. Is gá íoc as an iris roimh ré. Tá foirm ordaithe 2018/19 le híoslódáil ar www.cogg.ie

Teanga Níos bRíomhaire (Ócáid don Bhunleibhéal eagraithe ag Wriggle Learning)

Meán Fómhair 19, 2018

Breathnóidh an ócáid eisiach saor in aisce seo, a bheidh ar siúl in ionad One Microsoft Place ar na dúshláin agus na réitigh chun oideachas éifeachtach trí mheán na Gaeilge a sholáthair i mBunscoileanna lán-Ghaeilge san aois dhigiteach seo. Taispeánfaidh múinteoirí atá ag obair i mBunscoileanna lán-Ghaeilge an bealach is fearr leis an dea-chleachtais a chur i ngníomh agus a bhainistiú go héifeachtach sna scoileanna chun barr feabhas a chur i bhfeidhm ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim.

Tionólfar an cheardlann i ‘DreamSpace – Microsoft Ireland’. Is taithí thumthach sa teagasc agus san fhoghlaim í seo, a spreagfaidh scoláirí agus múinteoirí chun breathnú ar na bealaí suimiúla gur féidir leis an teicneolaíocht cur leis an oideachas ar bhealaí spreagúla, ag cabhrú leis na scoláirí barr a gcumais a bhaint amach.

1 DEIREADH FÓMHAIR 2018

09:30 – 12:00

One Microsoft Place
D18 P521

Breis eolais anseo 

Cumas litearthachta a thuar i bpáistí i nGaelscoileanna agus i scoileanna Gaeltachta

Meán Fómhair 18, 2018

Ar mhaith le do scoil bheith rabbpháirteach i staidéar maidir le cumas litearthachta a thuar i bpáistí óga?

Cad í aidhm an staidéir seo?
Is í aidhm an staidéir seo ná an nasc idir scileanna áirithe – an fheasacht fóineolaíochta, an chuimhne fheidhmiúil agus luas próiseála – agus an litearthacht a fhiosrú sa Ghaeilge.
What is the aim of the study?
The aim of this study is to investigate how certain skills – phonological awareness, speed of processing and working memory –  contribute to literacy ability in Irish and English.

Céard atá i gceist leis an staidéar?
Iarrfar ar scoláirí sna Naíonáin Bheaga, sna Naíonáin Mhóra agus i Rang a hAon a bheith páirteach sa staidéar.

​Iarrfar ar na rannpháirtithe tascanna simplí a dhéanamh sa Ghaeilge agus sa Bhéarla.

​Is staidéar fadtéarmach é seo. Iarrfar ar rannpháirtithe na tascanna a dhéanamh

  • uair amháin idir Mí Eanair agus Mí an Mheithimh 2019;
  • uair amhain idir Mí Éanáir agus Mí an Mheithimh 2020.
 What does the study involve?
Pupils in Junior Infants, Senior Infants and First Class will be invited to participate.

​Each participant will complete simple tasks in Irish and in English.

​​This is a longitudinal study, and children will be asked to complete the tasks

  • on one occasion between January and June 2019.
  • on one occasion between January and June 2020.

Más príomhoide nó múinteoir tú, agus más mian leat go mbeidh do scoil páirteach sa staidéar:

 

Seastáin agus Fógraí ag Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG

Meán Fómhair 17, 2018

Gach eolas agus foirm iarratais anseo!

Sábhail an dáta

Peirspictíochtaí Idirnáisiúnta ar an Tumoideachas

Meán Fómhair 14, 2018

Tugtar cuireadh duit chuig an seimineár thíos Peirspictíochtaí Idirnáisiúnta ar an Tumoideachas / International Perspectives on Immersion Education. Dé Máirt 25 Meán Fómhair
Immersion Edu Irish Invite V3.jpg
Anseo thíos ta teideal na gcainteanna a spreagfaidh an plé.
Language (Re)vitalisation: The role of Immersion Education

–          An tOllamh Pádraig Ó Duibhir, SEALBHÚ, DCU

Swedish Immersion in Finland

–          Sanna Pakarinen, University of Jyväskylä, Finland

Dual Language Immersion in Estonia

–          Anna Golubeva, Estonian Educational Foundation Innove, Estonia

Implementing Early Total Immersion Education

–          Dónal Ó hAiniféin, Príomhoide Ghaelscoil Mhíchíl Cíosóg
Is féidir clárú ag an nasc seo a leanas:

Teanga Níos bRíomhaire

Meán Fómhair 12, 2018

Breathnóidh an ócáid eisiach saor in aisce seo, a bheidh ar siúl in ionad One Microsoft Place ar na dúshláin agus na réitigh chun oideachas éifeachtach trí mheán na Gaeilge a sholáthair in Iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge san aois dhigiteach seo. Taispeánfaidh múinteoirí atá ag obair in Iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge an bealach is fearr leis an dea-chleachtais a chur i ngníomh agus a bhainistiú go héifeachtach sna scoileanna chun barr feabhas a chur i bhfeidhm ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim.

Tionólfar an cheardlann i ‘DreamSpace – Microsoft Ireland’. Is taithí thumthach sa teagasc agus san fhoghlaim í seo, a spreagfaidh scoláirí agus múinteoirí chun breathnú ar na bealaí suimiúla gur féidir leis an teicneolaíocht cur leis an oideachas ar bhealaí spreagúla, ag cabhrú leis na scoláirí barr a gcumais a bhaint amach.’

Gach eolas agus clárúchán anseo 

Agenda

Folúntas: Múinteoirí Luathbhlianta á n-earcú i Naíonra Mológa, BÁC

Meán Fómhair 6, 2018

2 Mhúinteoirí Luathblianta ag teastáil, 5 lá sa tseachtain i Naíonraí Mológa  Teo. Crois  Araild, B.Á.C. 6w, Fetac leibhéil 5/6 agus cumas maith Gaeilge riachtanach.  Tuilleadh eolais: rphoist chuig:dnichuilinn@gmail.com

Cúrsaí Teicneolaíochta do Mhúinteoirí

Meán Fómhair 5, 2018

Tá cúrsaí an-suimiúil á reáchtáil ag TechSpace trí Ghaeilge do mhúinteoirí agus d’oibrithe deonacha.

Seo na chéad chúrsaí eile a bheas ar siúl:

Lá Traenála Déanatúsaíochta (STEAM): 19ú Meán Fómhair : Cathair Chorcaí 
Lá Traenála Déanatúsaíochta (STEAM): 20ú Meán Fómhair : Trá Lí, Ciarraí
Lá Traenála sna Meáin Chruthaitheacha: 1ú Deireadh Fómhair, Baile Átha Luain