Méid an Téacs

Oifigeach Eagrúcháin á earcú ag Gael-Linn

Lúnasa 1, 2017

GaelLinnHeader

Fáiltíonn Gael Linn roimh iarratais do phost mar Oifigeach Eagrúcháin i Rannóg na Scéimeanna.

Próifíl an Phoist:
• Cabhrú le stocaireacht agus eagrúchán i leith scéimeanna Gael Linn don aos óg agus sa réimse oideachais, ar a n-áirítear: Comórtais Díospóireachta, Coirm, Gaelbhratach, Scléip, Féilte Peile.
• Freastal ar imeachtaí éagsúla timpeall na tíre
• Tacú le beartais oideachais agus siamsaíochta eile de chuid Gael Linn
• Riaradh ar shuíomh idirlín Gael Linn agus ar na meáin shóisialta.

Riachtanais don phost:
• Líofacht agus cruinneas sa Ghaeilge agus sa Bhéarla, idir labhairt agus scríobh
• Scileanna agus taithí ríomhaireachta agus cumarsáide
• Tuiscint mhaith ar earnáil na Gaeilge agus ar na meáin shóisialta
• Láncheadúnas tiomána agus teacht ar charr
• Bheith ábalta feidhmiú go haonarach nó mar chuid de fhoireann

Beidh an post lonnaithe i gCeannáras Gael Linn i mBaile Átha Cliath ach beidh méid áirithe taistil i gceist. Spriocdáta le haghaidh iarratais: 18 Lúnasa. Tá an post seo á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge.
Foirm iarratais agus tuilleadh eolais ar fáil ó: Máire Harris, Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. Teil 01-6751200 maireh@gael-linn.ie

Folúntas le Glór na nGael

Bealtaine 12, 2017

 

Glór na nGael

 

Is gluaiseacht náisiúnta í Glór na nGael, a bhfuil forbairt na Gaeilge sna réimsí oibre seo a leanas “Forbairt phobail, eacnamaíochta agus béim ar leith ar thógáil páistí le Gaeilge” mar spriocanna lárnacha oibre aige.

Tá Riarthóir Oifige (lánaimseartha) á lorg don ról seo a leanas;

Riarthóir Oifige

Príomhdhualgais an phoist

  • Córais riarachán na hoifige a fhorbairt agus a bhainistiú
  • Córas comhdaithe a fheidhmiú agus a bhainistiú
  • Plé le fiosruithe ón bpobal (fón, r-phost agus postas)
  • Plé le horduithe díolacháin, idir seachadta agus ceannachán stoic.
  • Córas rialú stoic a fhorbairt agus a bhainistiú
  • Tacaíocht a thabhairt do Bhainisteoir na gComórtas

Inniúlachtaí Riachtanacha

  • Taithí ar obair riaracháin oifige
  • Ardchaighdeán Gaeilge scríofa
  • Ardchaighdeán Gaeilge labhartha

Inniúlachtaí Inmhianaithe

  • Taithí ar úsáid na nuatheicneolaíochta
  • Taithí ar phróiseáil orduithe
  • Taithí ar bhainistiú stoic

Scála Tuarastail:

De réir Scála tuarastail Oifigeach Chléireachais (Scála Caighdeánach) Ciorclán- 17/2015 2A

€21,879-€37,341 

Suíomh Oibre:

Beidh an Riarthóir Oifige nuacheaptha lonnaithe in Oifig Ghlór na nGael, Ráth Chairn, Co. na Mí agus ag feidhmiú faoi stiúir Bainisteoir na gComórtas.

Seol d’iarratas i nGaeilge mar aon le CV i nGaeilge roimh 5.00 i.n., 31 Bealtaine 2017, chuig post@glornangael.ie (D’fhéadfaí painéal iarrthóirí a chur le chéile, bunaithe ar na hiarratais a chuirfear isteach ar an bpost reatha seo, a bhféadfaí tarraingt air sa chás go mbeadh folúntas eile le líonadh roimh dheireadh 2017).

Tá tuilleadh eolais faoi Ghlór na nGael le fáil ar www.glornangael.ie agus cuir síos ar na háiseanna atá á fhorbairt ar www.udar.ie

Tá Glór na nGael maoinithe ag Foras na Gaeilge.

.Fóras na Gaeilge

Saoire Teaghlaigh sa Ghaeltacht ar fáil le Raidió na Gaeltachta!

Bealtaine 9, 2017

R na G

 

 

 

 

 

Ar mhaith leat saoire teaghlaigh sa Ghaeltachta a bhaint? Mar sin, tabhair cluas don Chóisir Cheoil an tseachtain seo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Luan go hAoine 3 pm – 5 pm, mar beidh 15 scoláireacht do chúrsa teaghlaigh i nGaoth Dobhair le tabhairt uaidh ag Dónall Mac Ruairí, a bhuíochas le Foras na Gaeilge. Beidh deich scoláireacht, luach €900 an ceann, agus cúig scoláireacht, luach €200 an ceann, le baint ar an gclár an tseachtain seo, trí scoláireacht in aghaidh an lae!

Reáchtálfaidh Cumann an Phiarsaigh an cúrsa teaghlaigh seo i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall ó 15-22 Iúil. Caithfidh na teaghlaigh seachtain i nGaoth Dobhair ag freastal ar ranganna agus ar imeachtaí trí Ghaeilge a bheidh ar siúl i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Is ar theaghlaigh atá san earnáil Gaelscolaíochta faoi láthair atá na scoláireachtaí seo dírithe. Tá a thuilleadh eolais faoin chúrsa féin ar an suíomh idirlín www.piarsaigh.ie

Would you like to win a family holiday to the Donegal Gaeltacht? If so, tune this week to An Chóisir Cheoil on RTÉ Raidió na Gaeltachta, Monday to Friday 3 pm – 5 pm, for a great selection of music and a chance to win one of 15 scholarships to the courses run by Cumann an Phiarsaigh in Gaoth Dobhair, with thanks to Foras na Gaeilge. Presenter Dónall Mac Ruairí will have 15 scholarships to give away, worth €10,000 in total.

Foilsithe ar shuíomh ghréasáin Raidió na Gaeltachta

Cúrsa Teaghlaigh sa Ghaeltacht Iúil 2017-scoláireachtaí ar fáil!

Aibreán 24, 2017

fnag

 

 

 

 

 

 

Tá Foras na Gaeilge ag cur 15 scoláireachtaí ar fáil do Chúrsa Teaghlaigh sa Ghaeilge atá a reáchtáil ag Cumann an Phiarsaigh i nGaoth Dobhair le linn na seachtaine 15-22 Iúil 2017. Bronnfar 10 scoláireachtaí de luach €900 an ceann agus 5 scoláireachtaí de luach €200 an ceann ar theaghlaigh a bhfuil suim acu freastal ar an chúrsa Gaeilge seo i nGaoth Dobhair.

Caitheann na teaghlaigh seachtain i nGaoth Dobhair ag freastal ar ranganna agus imeachtaí tré Ghaeilge a bheidh ar siúl i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Tá a thuilleadh eolais faoin chúrsa féin ar an suíomh idirlíon www.piarsaigh.ie.

Is ar theaghlaigh atá san earnáil Gaelscolaíochta faoi láthair atá na scoláireachtaí dírithe; sé sin le rá do theaghlaigh a bhfuil páiste ag freastal ar ghaelscoil, ar ghaelcholáiste nó scoil ina bhfuil oideachas tré Ghaeilge a chur ar fáil.

Beidh trí scoláireacht le bronnadh ar an chlár Cóisir Cheoil (15.00-17.00) ar RTE RAIDIO NA GAELTACHTA gach lá ón Luan 08 Bealtaine go Aoine 12 Bealtaine. Éist leis an chlár le linn na seachtaine agus beidh an deis agat TÉACS a chur isteach le linn an chláir le bheith sa chrannchur do na scoláireachtaí.

Tá Cumann an Phiarsaigh go mór faoi chomaoin ag Foras na Gaeilge as an tacaíocht seo a thabhairt don chúrsa.

Is féidir eolas breise a fháil ó Joe Ó Gallchóir, stiúrthóir an chúrsa, ag 086 3048242 nó galljoe@eircom.net

Foras na Gaeilge is providing scholarships to families wishing to attend an Irish Language Family Course in Gaoth Dobhair, Co Donegal during the week 15-22 July 2017.

Family Course sa Ghaeltacht July 2017

There are 10 scholarships worth €900 each and 5 scholarships worth €200 each available to facilitate interested families attend the course. The scholarships are for families who have children in the All-Irish education sector.

All information on the course itself is available on www.piarsaigh.ie.

The scholarships will be presented each day during the week 08-12 May 2017 on Cóisir Cheoil (15.00-17.00) on RTE RADIO NA GAELTACHTA. They will be awarded by means of a TEXT-IN on that programme during the week in question.

Further information is available from Joe Ó Gallchóir at 086 3048242 or galljoe@eircom.net.

Fóras na Gaeilge Information Nights

Feabhra 8, 2017

Camchuairt 2017

Foras na Gaeilge is pleased to announce a series of information nights to promote the funded schemes on offer from the north/south Irish language body. The first of these will be held in Hannon’s Hotel, Roscommon Town, on Tuesday 7 February at 7.30 p.m.

On the night representatives from Foras na Gaeilge will share information about the organisation’s work, their funded schemes and supports available. The public will have an opportunity to provide feedback regarding the promotion of the Irish language in the area and ask questions.

Speaking today, Foras na Gaeilge CEO, Seán Ó Coinn said, “We have identified certain areas North and South from which the number of applications for our various funding schemes has been relatively low over the last number of years. We hope to reach out to local communities through these sessions and to raise awareness about the funding opportunities available to them. We provide a broad range of schemes which may be of interest locally on a number of levels and would strongly encourage people with an interest in the Irish language to attend.”

Among the 2017 schemes recently launched are the Festivals Scheme, Youth Events Scheme and Summer Camp Scheme. Foras na Gaeilge also provides funding in the area of business, the arts, media and publication. Visit Foras na Gaeilge’s corporate website at http://www.forasnagaeilge.ie for a full list of funding schemes available.

Foras na Gaeilge will deliver the following sessions during the coming weeks:

Date Town Venue Time

Tuesday 7 February Roscommon Hannon’s Hotel 19:30

Wednesday 8 February Mullingar Áras an Mhuilinn 20:00

Thursday 9 February Cavan Cavan Crystal Hotel 19:30

Tuesday 14 February Tullamore The Bridge House Hotel 19:30

Wednesday 15 February Longford Longford Arms Hotel 19:30

Thursday 16 February Limerick Maldron Hotel 19:30

Tuesday 21 February Kilkenny Springhill Court Hotel 19:30

Wednesday 22 February Bray Royal Hotel 19:30

Thursday 23 February Dundalk Oriel Centre – Dundalk Gaol 19:30

Wednesday 1 March Port Laoise Maldron Hotel 19:30

Thursday 2 March Enniskillen Enniskillen Hotel 19:30

Oícheannta Eolais Fóras na Gaeilge

Feabhra 8, 2017

 Foras_na_Gaeilge_Logo_2_5_Mor_Bosca_Ban_th

Beidh oícheannta eolais á eagrú ag Fóras na Gaeilge leis na scéimeanna maoinithe atá ar fáil ón gcomhlacht don Ghaeilge a chur chun cinn. Ar an oíche roinnfidh ionadaithe ó Fhoras na Gaeilge eolas faoi obair na heagraíochta, a scéimeanna maoinithe agus na tacaíochtaí atá ar fáil. Beidh deis ag an bpobal aiseolas a thabhairt maidir le cur chun cinn na Gaeilge sa cheantar, mar aon le deis ceisteanna a chur. 

 Ag labhairt dó inniu dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá ceantair áirithe Thuaidh agus Theas aitheanta againn óna raibh líon na n-iarratas ar ár scéimeanna maoinithe éagsúla measartha íseal le blianta beaga anuas. Tá súil againn teagmháil a dhéanamh le pobail áitiúla sna seisiúin seo agus feasacht a ardú faoi na deiseanna maoinithe atá ar fáil dóibh. Cuirimid ar fáil raon leathan scéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ina ndíol spéise go háitiúil ar leibhéil éagsúla agus mholaimis go láidir do dhaoine ar spéis leo an Ghaeilge a bheith i láthair.”

I measc scéimeanna 2017 a lainseáladh le deireanas tá Scéim na nImeachtaí Óige agus Scéim na gCampaí Samhraidh. Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil freisin i réimsí an ghnó, na n-ealaíon, na meán agus na foilsitheoireachta. Téigh go suíomh corparáideach Fhoras na Gaeilge ag http://www.forasnagaeilge.ie le haghaidh liosta iomlán de na scéimeanna atá ar fáil.

Cuirfidh Foras na Gaeilge na seisiúin seo a leanas i láthair le linn na seachtainí seo romhainn:

Dáta Baile Ionad Am

Dé Máirt, 7 Feabhra Ros Comáin Hannon’s Hotel 19:30

Dé Céadaoin, 8 Feabhra An Muileann gCearr Áras an Mhuilinn 20:00

Déardaoin, 9 Feabhra An Cabhán Cavan Crystal Hotel 19:30

Dé Máirt, 14 Feabhra Tulach Mhór The Bridge House Hotel 19:30

Dé Céadaoin, 15 Feabhra Longfort Longford Arms Hotel 19:30

Déardaoin, 16 Feabhra Luimneach Maldron Hotel 19:30

Dé Máirt, 21 Feabhra Cill Chainnigh Springhill Court Hotel 19:30

Dé Céadaoin, 22 Feabhra Bré Royal Hotel 19:30

Déardaoin, 23 Feabhra Dún Dealgan Oriel Centre – Dundalk Gaol 19:30

Dé Céadaoin, 1 Márta Port Laoise Maldron Hotel 19:30

Déardaoin, 2 Márta Inis Ceithleann Enniskillen Hotel 19:30

 

Le Chéile Trí Ghaeilge!

Eanáir 24, 2017

Scéim: Le Chéile Trí Ghaeilge 2017 Tapaigh an deis! Deontais ar fáil 

gaelscoileanna

Tá Gaeloideachas ag cur deontais ar fáil do naíonraí agus do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta tríd an scéim ‘Le Chéile Trí Ghaeilge’. Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil buiséad ceadaithe don scéim don tréimhse Feabhra – Nollaig 2017 agus go bhfuil muid ag glacadh le hiarratais d’imeachtaí atá beartaithe laistigh den tréimhse seo. Bíonn an-tóir ar an deontas seo, agus molaimid do naíonraí agus do scoileanna an deis a thapú agus iarratas a dhéanamh go luath! Ceadaítear na deontais ar bhonn tús freastail. Ní gá go mbeidh sonraí an imeachta deimhnithe agat leis an iarratas a dhéanamh, is leor cur síos ar a bhfuil beartaithe. Déantar na h-íocaíochtaí de réir admhála i ndiaidh an imeachta. Cuirtear fáilte roimh réimse leathan imeachtaí agus roimh iarratais ó:

•    Naíonraí / naíscoileanna
•    Bunscoileanna
•    Iarbhunscoileanna

Is deis mhaith í seo comhcheangal idir scoileanna Gaeltachta agus Galltachta a chruthú agus imeachtaí a reachtáil i gcomhpháirt lena chéile.

Tríd an scéim seo, bíonn deis ag naíonraí agus scoileanna imeacht dá rogha féin a reáchtáil le naíonraí agus scoileanna eile. Cuireann Gaeloideachas an tacaíocht thíos ar fáil:

€250/£225 an t-uasmhéid atá ar fáil d’aon imeacht le 2 pháirtí éagsúla* rannpháirteach ann.

€500/£450 an t-uasmhéid atá ar fáil d’aon imeacht le 3 pháirtí éagsúla* rannpháirteach ann.

€750/£675 an t-uasmhéid atá ar fáil d’aon imeacht le 4 pháirtí éagsúla* nó níos mó rannpháirteach ann.

Tugann na himeachtaí seo deis tábhachtach do naíonraí agus do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta nasc a chruthú le chéile. Ó thráth na gceist go cluichí peile, spreagann na himeachtaí ilghnéitheacha seo cumarsáid agus spraoi trí mheán na Gaeilge, rud a théann chun leasa an naíonra agus na scoile, chun leasa na bpáistí agus na ndaltaí agus chun leasa an phobail.

Is féidir teagmháil a dhéanamh liom má tá ceist ar bith agat ina leith. Tá liosta ar ár suíomh d’eagraíochtaí a chuireann seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil agus seans go mbeidh spreagadh ann daoibh agus sibh ag pleanáil i dtreo imeacht a reáchtáil – féach http://www.gaelscoileanna.ie/imeachtai-turais/

Léigí go cúramach na coinníollacha thíos. Má tá ceist ar bith, seol ríomhphost chuig [sandra@gaelscoileanna.ie%20]sandra@gaelscoileanna.ie nó glaoigh ar an oifig ag 01-8535194

Tá an scéim deontais seo á maoiniú ag Foras na Gaeilge.

 

Is féidir an fhoirm iarratais a chomhlánú anseo. Ní ghlacfar ach amháin le hiarratais ar línehttp://www.gaelscoileanna.ie/sceimeanna/eolas/