Méid an Téacs

Múinteoir Béarla á earcú ag Coláiste Cois Life

Lúnasa 8, 2017

 

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá múinteoir Béarla á earcú ag Coláiste Cois Life. Téarma saoire máithreachais atá i gceist, dhá uair fichead in aghaidh na seachtaine. Is gá d’iarrthóirí iarratas a chur isteach faoin  gcúigiú lá fichead de mhí Lúnasa agus tosnóidh an scoilbhliain ar an t-ochtú lá fichead. Is féidir cur isteach ar an bhfolúntas tríd cv a sheoladh chuig eolas@colaistecoislife.ie. Tá tuilleadh eolas ar fáil uaidh: https://www.educationposts.ie/post/view/90785.

Múinteoir Mata á earcú ag Gaelcholáiste Chéitinn

Iúil 25, 2017

aerobics class in a gym

Tá múinteoir Mata trí Ghaeilge á earcú ag Gaelcholáiste Chéitinn, Cluain Meala. Is gá d’iarrthóirí iarratas a chur isteach faoi 12:00 i.n, 28 ú Iúil 2017. Is féidir leat cur isteach ar an bhfolúntas tríd foirm iarratais a íoslódáil ar tipperaryetb.ie. Caithfear ceithre cóip den fhoirm a chomhlíonadh is a sheoladh chuig;

Oifig Riaracháin Bord Oideachais agus Oiliúna Thiobraid Árann
Roinn Achmhainní Daonna
Bóthar an Teampaill

An tAonach
Co. Thiobraid Árann

Múinteoirí á earcú ag Gaelcholáiste Cheatharlach

Iúil 18, 2017

Gaelcholáiste Cheatharlach

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Tá múinteoirí á earcú ag Gaelcholáiste Cheatharlach don bhliain seo chugainn. Scoil meascaithe, lán-Ghaeilge atá i nGaelcholáiste Cheatharlach. San áireamh, beidh Múinteoir Gaeilge & Eacnamaíocht Bhaile, Múinteoir Gaeilge & Oideachas Reiligiún, Múinteoir Corpoideachas agus Múinteoir Matamataic& Eolaíochta.

Is féidir foirmeacha iarratais a aimsiú ar an suíomh www.kcetb.ie. Caithfear dhá cóip a chomhlíonadh is a sheoladh in éineacht le  litir clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta agusgrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh meánlae ar an 21ú lá de mhí Iúil.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh; https://www.educationposts.ie/post/view/88534https://www.educationposts.ie/post/view/88331, https://www.educationposts.ie/post/view/88337 agus https://www.educationposts.ie/post/view/88335.

Múinteoirí á earcú ag Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin

Iúil 12, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Beidh postanna páirt-aimseartha le líonadh i nGaelcholáiste Charraig Uí Leighin an bhliain seo chugainn. Scoil meascaithe, lán-Ghaeilge atá i nGaelcholáiste Charraig Uí Leighin. Múinteoir Ealaíne agus Múinteoir Ceoil atá le bheith earcaithe.

Caithfear foirm iarratais íoslódáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/88546 nó https://www.educationposts.ie/post/view/88547 is a sheoladh ar líne. Caithfear na hiarratais a sheoladh faoin 25ú lá de mhí Iúil.

Múinteoirí á earcú ag Meánscoil Gharman

Iúil 12, 2017

meanscoil-gharman-logo-banner

 

 

 

 

 

 

 

Beidh réimse postanna lánaimseartha le líonadh i Meánscoil Gharman, Loch Garman an bhliain seo chugainn. Scoil meascaithe, lán-Ghaeilge atá i Meánscoil Gharman. San áireamh, beidh Múinteoir Gaeilge & Tíreolaíocht, Múinteoir Fraincíse & Gaeilge, Múinteoir Gnó & Cúntasaíocht.

Caithfear litir iarratais a sheoladh ar ríomhphost, maraon le cv, reifreann( ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite),  cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Caithfear iarratais a sheoladh chuig priomhoide@meanscoilgharman.com roimh an 28ú lá de mhí Iúil.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/87540/ https://www.educationposts.ie/post/view/87541 agus https://www.educationposts.ie/post/view/87538 .