Méid an Téacs

CRÍOCH ‘SPLEODRACH’ LE SIANSA GAEL LINN 2018!

Aibreán 25, 2018

Críoch 'Spleodrach' le Siansa Gael Linn 2018

Cháiligh ocht ngrúpa ceoil thraidisiúnta den scoth as ceithre hairde na tíre do Chraobh Siansa Gael Linn 2018 ach is go Cúige Uladh a chuaigh an chéad duais i mbliana! Ag ceolchoirm na craoibhe sa Cheoláras Náisiúnta ar an Domhnach, 22 Aibreán, roghnaíodh an grúpa ‘Spleodar (le baill ó chontaetha Aontroma, Thír Eoghain agus Mhuineacháin, ina measc, beirt scoláire de chuid Choláiste Oiriall) mar bhuaiteoirí tar éis oíche cheoil den scoth.  Ba é an tuairim ghinearálta i measc an tslua mhóir ar an oíche ná go raibh sé tuillte go maith acu!  Is faoi stiúir a múinteora, Maggie Maguire, a bhíodar. Thug siad trófaí Gael Linn abhaile leo chomh maith le seic ar €4,500. Sa dara háit bhí an grúpa ‘Caise’ ó chontae an Chláir, a bhuaigh €1,250 agus sa tríú háit bhí ‘Lonrach’ ó chontae Laoise a bhuaigh €750.

Tá Siansa á reáchtáil ag Gael Linn ó 2002 i leith, le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine, agus é ar cheann de phríomhchomórtais cheoil agus amhránaíochta na tíre. Is comórtas é a chothaíonn dlúthcheangal idir an Ghaeilge, an ceol agus an óige. Ag moltóireacht ar oíche na craoibhe bhí na ceoltóirí cáiliúla Declan Masterson, Muireann Nic Amhlaoibh agus Oisín Mac Diarmada.

Bíodh is nár thug siad duais abhaile leo, chuir an cúig ghrúpa eile go mór leis an ócáid agus bhain siad uilig an-spraoi as a bheith ag seinm sa Cheoláras os comhair slua de bheagnach míle duine. B’iad na grúpaí sin ná Uisneach, Coláiste na Coiribe, Gaillimh, Fonnmhar, An Brú, Co. Luimnigh, Léargas, Bré, Co. Chill Mhantáín, Sin A Bhfuil, Contaetha Laoise agus Uíbh Fhailí, agus I gCónaí Réidh, Caisleán An Danair, Co. Loch Garman.

Craoladh an craobhchomórtas beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus duine de fhoireann an stáisiúin sin, Áine Hensey, a bhí mar bhean an tí sa Cheoláras.

Ghlac Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, buíochas le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le Irish Music Magazine as a dtacaíocht leanúnach don chomórtas agus dúirt: ‘Agus Gael Linn ag ceiliúradh 65 bliain ar an bhfód i mbliana tá sé tráthúil féachaint siar ar an stair fhada atá ag an eagraíocht ag cur an cheoil agus na hamhránaíochta traidisiúnta chun cinn ar bhealaí éagsúla, ó eisiúint ceirníní agus dlúthdhioscaí de oirfidigh mhóra an cheoil agus an tsean-nóis ó na 50í ar aghaidh go dtí an áit ina bhfuilimid anocht, sa Cheoláras Náisiúnta ag éisteacht le scoth na gceoltóirí agus na n-amhránaithe óga a mbeidh clú agus cáil orthu amach anseo! I dteannta le scoth an cheoil, cinntíonn Siansa freisin  go mbíonn an Ghaeilge i lár an aonaigh, ceann de phríomhchuspóirí Gael Linn ón tús’.

Beidh na grúpaí le feiceáil ar You Tube agus ar na meáin shóisialta go luath…agus cá bhfios ach go mbeidh roinnt de na ceoltóirí le cloisteáil ar lipéad Gael Linn sna blianta amach romhainn

Spásanna ar fáil ar an tSraith Ghaeilge sa Dioplóma Gairmiúil i gCeannaireacht Scoile

Aibreán 25, 2018

Tá spásanna ar fáil go fóill ar an tSraith Ghaeilge sa Dioplóma Gairmiúil i gCeannaireacht Scoile

Sraith Ghaeilge an Chúrsa

Beidh sraith ar leith sa chlár, do cheannairí uaillmhianacha i scoileanna lán-Ghaeilge an Dioplóma Gairmiúil i gCeannaireacht Scoile (DGCS). I ndearadh agus i dteagasc na sraithe seo beidh sé tábhachtach go mbeidh tuiscint dhomhain ag mic léinn go mbeidh tuiscint dhomhain ag mic léinn ar na heochairchoincheapa agus saincheisteanna i litríocht na ceannaireachta agus go mbeidh ar a gcumas iad a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an oideachais trí Ghaeilge. Ceann de príomhaidhmeanna na sraithe Gaeilge ná éascú agus saibhriú a dhéanamh ar phlé na ceannaireachta ionas go ndéanfaidh rannpháirtithe an plé agus cumarsáid trí Ghaeilge sna ranganna teagaisc le feidhm a bhaint as a gcuid taithí sa chómhthéacs lán-Ghaeilge.

Cliceáil anseo chun na sonraí ar fad trí Ghaeilge a íoslódail

Gach eolas ag an nasc: http://www.ul.ie/pdsl/

Dáta dúnta 25-05-2018

Folúntas: Post lánaimseartha mar Fheighlí Scoile – Gaelscoil Naomh Pádraig

Aibreán 19, 2018

Feighlí Scoile (lánaimseartha):

Cuireann Bord Bainistíochta Gaelscoil Naomh Pádraig fáilte roimh iarratais do phost mar Fheighlí Scoile (lánaimseartha).

Is féidir foirm iarratais a fháil ó: An Rúnaí, Gaelscoil Naomh Pádraig, Bóthar an Chaisleáin, Leamhcán, Contae Átha Cliath nó is féidir foirm a lorg tríd e-phost ag iarratas.gsnp@gmail.com

Ní ghlacfar le hiarratais níos déanaí ná 17:00 ar an 02/05/18

Glacfar le hiarratais a líontar amach ar foirm iarratais na scoile amháin.

Níl aon gá CV nó litir iarratais a sheoladh. D’fhéadfadh gearrliostú a bheith i gceist.

Beidh ar an té a cheapfar tabhart faoi ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána.

Is fostóir comhionannais deiseanna í Gaelscoil Naomh Pádraig

Ceardlann Oiliúna do Mhúinteoirí Gairmthreorach – 27 Aibreán

Aibreán 18, 2018

A Mhúinteoir, a chara,

Tugaimid cuireadh duit chuig an gcéad cheardlann oiliúna eile do mhúinteoirí Gairmthreorach iar-bhunscoile a mhúineann trí mheán na Gaeilge. Beidh an cheardlann seo in Óstán an Gresham, Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath ar an Aoine, an 27 Aibreán ón 11 r.n. – 2 i.n.

Beimid buíoch díot más féidir leat a rá linn go luath an mbeidh tú ag freastal ar an gceardlann ar an 27 Aibreán trí ríomhphost a sheoladh chuig padraig@cogg.ie roimh an 25 Aibreán ar a dhéanaí. Is gá dúinn na socruithe cuí a dhéanamh maidir le sólaistí a eagrú agus ábhar priontáilte don cheardlann a ullmhú. Beidh srian áirithe ar líon na n-áiteanna ar an gcúrsa agus bheadh sé inmholta spás a chur in áirithe a luaithe agus is féidir.

Seolfar tuilleadh sonraí ar aghaidh maidir le clár an lae nuair a bheidh rannpháirtithe na ceardlainne deimhnithe. Tá ríméad orainn a fhógairt go mbeidh Claire O’Halloran (Síceolaí Oideachais) ón tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) i láthair ar an lá chun caint a thabhairt ar thopaicí atá tráthúil i gcomhthéacs an déagóra iar-bhunscoile comhaimseartha.

Bhí cruinniú an-rathúil againn an bhliain seo caite. Cuireadh liosta le chéile d’fhorbairtí a bheadh cuiditheach do mhúinteoirí Gairmthreorach agus iad i mbun a gcuid teagaisc trí mheán na Gaeilge. Seo roinnt de na forbairtí a rinneamar:

  1. Athdhearadh arwww.saoloibre.ie

Beidh eispéireas níos fearr ag na húsáideoirí agus beidh sé níos fusa teacht ar na huirlísi is úsáidí ar an suíomh. San athdhearadh ar an leathanach baile, is féidir féachaint ar an Nuacht is Déanaí agus ar Ghairm na Míosa.

Agus scoláirí ar rannóg na n-earnálacha gairme, feicfidh siad na deiseanna fostaíochta le Gaeilge sna hearnálacha sin. Tá nasc soiléir ann freisin ón leathanach baile chuig deiseanna fostaíochta san Eoraip.

Ar an leathanach baile feicfidh scoláirí gach cúrsa 3ú leibhéal a bhfuil gá le honóracha sa Ghaeilge dóibh nó a bhfuil ábhar suntasach trí Ghaeilge iontu.

Is féidir le scoláirí leas a bhaint as Próifíleoir Spéise trí Ghaeilge. Priontálfaidh sé tuairisc chuimsitheach. Molfaidh sé gairmeacha éagsúla agus cúrsaí oideachais bunaithe ar na réimsí spéise a léireoidh na scoláirí.

2.Scileanna Gairme – Comórtas Náisiúnta 2018

Seo comórtas speisialta do scoláirí in iar-bhunscoileanna ina mbíonn an teagasc trí mheán na Gaeilge. Tá sé feiliúnach do scoláirí ón Idirbhliain ar aghaidh.

Inseoidh scoláirí dúinn faoina n-eispéireas agus faoi na scileanna gairme atá feicthe agus forbartha acu agus iad ar thaithí oibre. Tabharfaidh siad faoi imscrúdú gairme agus déanfaidh siad machnamh ar an tionchar a bheidh ag an tréimhse taithí oibre ar a gcuid rogha gairme amach anseo.

 Tá duaiseanna iontacha ann, m.sh. MacBook Air don chéad áit agus €1,000 do chlár gaolmhar na scoile (Gairmtheoir, GCAT, ATF, Idirbhliain).

Tá físeán gairid againn le húsáid sa seomra ranga. Míníonn sé do scoláirí faoin gcomórtas. Féach ar leathanach baile nó i rannóg Scileanna Gairme an tsuímh sin. 

  1. Físeáin agus Podchraoltaí– féach ar an rannóg nua ar SaolOibre.ie

 Spreagfaidh siad daltaí le leanúint leis an nGaeilge ina ngairmeacha. Tá sraith agallamh ann freisin. Beidh siad seo úsáideach agus scoláirí ag ullmhú don scrúdú cainte.  

  1. Suíomh Gréasáin Gairmthreorach

Tá an suíomh seo anois ar fáil i nGaeilge. I measc na ngnéithe nua, tá:

  • Nuacht laethúil le hailt a bhaineann le cúrsaí oideachais
  • Imeachtaí agus fógraí ó Institiúidí Ardoideachais agus Coláistí Breisoideachais ar fud na tíre
  • Is féidir ailt a íoslódáil
  • Naisc chuig raidhse acmhainní gairmthreorach
  • Is féidir íoslódálacha a chur ar fáil do scoláirí i.e. bileoga oibre, cuir i láthair PowerPoint, foirmeacha iarratais srl.
  • Is féidir é a nascadh le príomhshuíomh gréasáin na scoile.

Chun samplaí de dhearadh nua an tsuímh scoile a fháil, téigh chuig Coláiste Cois Life nó Gaelcholáiste Luimnigh chun breathnú ar an suíomh Gairmthreorach scoile atá acu. Míle buíochas leis na múinteoirí Niamh Ní Fhionnghasa (Coláiste Cois Life) agus Áine Máire Ní Uaithne (Gaelcholáiste Luimnigh) as a gcuid oibre a roinnt linn.

Is féidir le scoláirí atá ag staidéar trí mheán na Gaeilge painéal nua a fheiceáil anois ag barr a gComhad Gairme Reach+ le naisc díreach chuig cuid de na huirlisí is mó éilimh ar www.saoloibre.ie

Ceadaíonn na naisc gur féidir le scoláirí dul go díreach chuig:

  • Próifíleoir Spéise
  • Earnálacha Fostaíochta
  • Gairmeacha
  • Físeáin agus Podchraoltaí

Is ionann an Próifíleoir Spéise i nGaeilge agus i mBéarla. Níl feidhmeanna éagsúla acu. Is féidir le scoláirí an próifíleoir a úsáid i nGaeilge nó i mBéarla, agus breathnú ar na torthaí, nó tuairiscí a phriontáil i nGaeilge nó i mBéarla. 

  1. Póstaeir

Beidh na póstaeir Ghaeilge nua ag tromlach na scoileanna faoin am seo. Féach ar na híomhánna thíosceangailte. Más tá tuilleadh póstaer uait, beidh siad againn ar an 27 Aibreán. Beidh neart forbairtí eile le roinnt againn leat ar an lá chomh maith.

Táimid fíorbhuíoch de COGG, NCGE agus An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta as a gcuid cabhrach agus tacaíochta maidir leis na hacmhainní nua seo a fhorbairt.

Beimid ag tnúth libh a fheiceáil ag tús mhí an Mhárta.

Le gach dea-ghuí,

Eimear Sinnott – esinnott@careersportal.ie

Príomhfheidmeannach SaolOibre.ie/CareersPortal.ie

Pádraig Ó Beaglaoich padraig@cogg.ie

Oifigeach Oideachais Iar-bhunscoile COGG

 

Ceoltóirí Choláiste na Coiribe i gCraobhchomórtas Siansa Gael Linn 2018 !

Aibreán 16, 2018

Beidh féasta ceoil sa Cheoláras Náisiúnta ar an Domhnach, 22 Aibreán ag Craobhchomórtas Siansa Gael Linn 2018 ! Ocht ngrúpa, ina bhfuil  plúr na gceoltóirí agus na n-amhránaithe óga traidisiúnta, a bheidh páirteach i mbuaicphointe seo an chomórtais.  Ina measc, beidh an grúpa ‘Uisneach’ ó Choláiste na Coiribe, Gaillimh, faoi stiúr a múinteora, Holly Geraghty.

Tá Siansa á reáchtáil ag Gael Linn, le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine. Ar an bhfód anois le seacht mbliana déag, cothaíonn an comórtas dlúthcheangal idir an Ghaeilge, an ceol agus an óige.

Is iad na grúpaí eile  a tháinig trí chóras réamhbhabhtaí le bheith ar ardán ag an mórócáid seo ná ‘Lonrach’ ó Chontae Laois, ‘Fonnmhar’, An Brú, Co. Luimnigh, ‘Sin a’Bhfuil’ ó Chontaetha Laoise agus Uíbh Fháilí, ‘Spleodar’, Inis Ceithleann, Co. Fhear Manach, ‘Caise’, Inis, Contae an Chláir, ‘I gCónaí Réidh’, Caisleán an Danair, Co. Loch Garman agus ‘Léargas’, Bré, Co. Chill Mhantáin. Seinnfidh gach grúpa a rogha féin de cheol traidisiúnta, a mhairfidh idir 10 agus 12 nóiméad,  agus atá cóirithe go speisialta ag na baill, agus beidh amhráin Ghaeilge le cloisteáil uathu chomh maith.

Ag cur comhairle ar na grúpaí ábharacha ar a mbealach chun na craoibhe i mbliana, bhí na ceoltóirí aitheanta Declan Masterson agus Muireann Nic Amhlaoibh. Beidh Oisín Mac Diarmada ón ngrúpa ‘Téada’ ag moltóireacht in éineacht leo sa Cheoláras, agus roghnóidh an triúr iomráiteach seo na duaiseoirí. Le duaischiste de €4,500, is féidir a bheith ag súil le géariomaíocht agus ardchaighdeán ceoil ar an oíche. Bronnfar príomhdhuais €2,500 agus trófaí Gael Linn ar na buaiteoirí, €1,250 don dara háit agus €750 don tríú háit. Anuas air sin, bronnfar duais chuimhneacháin ar na ceoltóirí uile a bheidh páirteach sa Chraobh.

Beidh an ceolchoirm á chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 7.30p.m. ar an oíche , agus is í Áine Hensey a bheidh mar láithreoir. Chun ticéad a chur in áirithe don ócáid, ní gá ach dul i dteagmháil leis an gCeoláras Náisiúnta ag 01:417 00 00 nó www.nch.ie.

Deiseanna do na scoileanna lán Ghaeilge i bhfógra an Aire Oideachais

Aibreán 13, 2018

Cuireann Gaeloideachas fáilte mhór roimh fhógra an Aire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton, inniu, go bhfuil 42 scoil úra le hoscailt le linn na tréimhse 2019-2022. “Is fógra an-dearfach é seo a chabhróidh linn a chinntiú go mbeidh oideachas lán-Ghaeilge ar fáil mar rogha do bhreis páistí a bhfuil suim ag a dtuismitheoirí sa chóras tumoideachais agus cabhróidh siad go mór i dtaobh freastal ar an éileamh ollmhór atá ann ar oideachas ilchreidmheach trí mheán na Gaeilge freisin”, a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas.

Deiseanna le scoileanna nua a bhunú

Pléifidh Gaeloideachas le pátrúin ionchasacha gur mian leo oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil sna ceantair atá aitheanta ag an Roinn, agus fáiltíonn muid roimh fiosrúcháin agus teagmháil ón bpobal maidir leis na féidearthachtaí a shamhlaíonn siad dá gceantair féin.

Tá ceantair áirithe ar an liosta inar ritheadh feachtais le scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú cheana, ina measc: Marino, Droim Conrach agus BÁC1, 2, 4 agus 6, Dún Laoghaire agus Cill Chainnigh. Beimid ag súil le tógáil ar an mhór-obair a rinne na pobail sin agus toradh dearfach a bhaint amach dóibh anois agus an deis ann. Feictear dúinn go mbeidh éileamh ar scoileanna lán-Ghaeilge i go leor de na ceantair eile leis, agus tuigeann muid ó na staitisticí a chuireann scoileanna ar fáil don eagraíocht chuile bhliain go bhfuil ró éileamh ar formhór na scoileanna lán-Ghaeilge reatha sna ceantair atá ar liosta na Roinne.

Gá le cur chuige iomlánaíoch le cúram a thabhairt do na scoileanna reatha

Táimid feasach chomh maith ar na deiseanna agus dúshláin a chruthaíonn fógra mar seo don phobal scoile reatha, go bhfuil scoileanna ann gur mian leo fás ach nár tugadh an cead dóibh, agus scoileanna atá ag fulaingt le blianta fada de dheasca cóiríocht míchuí a bheith acu. Leanfaimid orainn ag troid cás na scoileanna seo agus ag éileamh go dtabharfaí a gcuid mianta agus riachtanais san áireamh i gcónaí sa phróiseas pleanála. Is cinnte go bhfuil scoileanna ann a bheadh toilteanach agus in ann roinnt den bhrú atá ar an gcóras a mhaolú trí glacadh le daltaí breise ach foirgnimh chuí a bheith acu, agus iarraimid go mbeadh cur chuige iomlánaíoch ag an Roinn agus iad ag pleanáil chun cinn. Seasann seo ach go háirithe ag an iar-bhunleibhéal, áit a mbeadh féidearthachtaí ann an soláthar reatha a fhorbairt agus stádas scoil neamhspleách a bhunú ar aonaid atá ag feidhmiú i roinnt de na ceantair aitheanta. Faoi láthair, tá aonaid iar-bhunleibhéil ag feidhmiú ar fud na tíre gan tacaíocht nó cosaint cuí ón Stáit lena rathúlacht agus inmharthanacht a chinntiú. Thabharfadh an próiseas seo deis don Roinn obair i gcomhairle lena bpátrún agus soláthar lán-Ghaeilge buan a chinntiú do na réigiúin sin.

Cothrom na féinne don oideachas lán-Ghaeilge?

Ní léir go fóill cén próiseas a bheidh ann le pátrúin agus sainmheoin na scoileanna nua atá le bunú a roghnú. Tá sé tugtha le fios ag an Roinn go mbeidh athruithe air, ach go mbeidh an béim ar rogha na dtuistí go fóill. Beidh tionchar mhór ag an bpróiseas roghnúcháin ar an líon scoileanna nua lán-Ghaeilge a bhunófar agus tá Gaeloideachas ag stocaireacht ó 2015 chun go leasófar é ar mhaithe le cothrom na féinne a bheith ann d’iarratais ar scoileanna lán-Ghaeilge. Chuir an próiseas, i bhfeidhm ó 2011, tuismitheoirí gur mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí faoi mhíbhuntáiste ollmhór toisc nach raibh sé d’acmhainn ag a bhfeachtais dul san iomaíocht leis an mórphobal Béarla. Foilseofar eolas maidir leis an bpróiseas athbhreithnithe sna seachtainí amach romhainn, agus beimid ag súil leis go mbeidh sé ag tacú le forbairt na hearnála, de réir gealltanais an Stáit sa Straitéis 20-Bhliain don Ghaeilge.

Roinnfear gach eolas maidir leis na feachtais le scoileanna nua a bhunú agus le cóiríocht chuí a éileamh do na scoileanna reatha ar www.gaeloideachas.ie agus ar na meáin shóisialta. Deir Anna Ní Chartúir, Uachtarán na heagraíochta, “beimid ag súil leis go gcuirfí le líonmhaireacht agus láidreacht na scoileanna lán-Ghaeilge sna blianta beaga amach romhainn”.

42 scoil nua le hoscailt sna blianta amach romhainn

Aibreán 13, 2018

Fáiltíonn Gaeloideachas roimh fhógra na Roinne Oideachais agus Scileanna go mbeidh scoileanna nua le bunú sna blianta amach romhainn, agus táimid an-dóchasach go mbeidh scoileanna lán-Ghaeilge ina measc. Roinnfear gach eolas anseo sna seachtainí romhainn maidir leis an bpróiseas a bheidh ann le pátrúin agus sainmheoin na scoileanna nua seo a aithint. Tá foireann na heagraíochta ar fáil i gcónaí le fiosrúcháin ónar mbaill, pobal na scoileanna i gcoitinne agus ó thuismitheoirí a fhreagairt, ní gá ach teagmháil a dhéanamh linn.

Suirbhé do Mhúinteoirí Bunleibhéil maidir leis an gCóras Lán-Ghaeilge

Aibreán 10, 2018

Tá Dr Maria Coady, Ollscoil Florida, i mbun taighde faoi láthair ar dhearcthaí múinteoirí bunleibhéil maidir le múineadh i scoil lán-Ghaeilge/Ghaeltachta. Tá suirbhé gearr le líonadh anseo & tá deis iPad a bhuachan.

Athbhreithniú agus Athfhorbairt ar Churaclam na Bunscoile

Aibreán 10, 2018

Tá an CNCM ag obair ar na chéad chéimeanna tábhachtacha eile in athfhorbairt Churaclam na Bunscoile faoi láthair. Mar chuid de seo, tabharfaidh an CNCM cuireadh do scoileanna Fóram Scoileanna a bhunú. Cuirfidh Fóram na Scoileanna smaointe agus moltaí ar fáil maidir leis an gcuma a d’fhéadfadh a bheith ar an gcuraclam agus maidir leis na nithe a d’fhéadfadh a bheith ann i dtaca le teagasc agus foghlaim sna blianta atá amach romhainn. Bheadh an-áthas ar an CNCM cloisteáil uait má tá suim ag do scoil páirt a ghlacadh i bhFóram na Scoileanna. Cuirfear réimse tacaíochtaí ar fáil don scoil mar chuid den obair. Má tá suim agat ann agus má tá tuilleadh eolais uait, seol na sonraí seo a leanas chuig primarydevelopments@ncca.ie:

  • Ainm na scoile
  • Ainm phríomhoide na scoile
  • Seoladh ríomhphoist agus uimhir ghutháin

Déanfaidh an CNCM teagmháil leat ansin agus beidh tuilleadh sonraí aici faoina mbeidh i gceist leis an bhfóram.

Breis eolais anseo

Comórtas suimiúil á reáchtáil ag Fiontar/Logainm.ie d’iar-bhunscoileanna

Aibreán 9, 2018

Comórtas suimiúil á reáchtáil ag Fiontar/Logainm.ie d’iar-bhunscoileanna

Tá foireann Mheitheal Logainm.ie ag tabhairt cuireadh do dhaltaí iar-bhunscoileanna sonraí maidir le mionainmneacha i gceantar na scoile (nó in aice le háit chónaithe na ndaltaí) a ionchur ar Mheitheal Logainm.ie. Cuirfear na bailiúcháin is fearr ar phríomhleathanach an tsuímh agus déanfar iad a phoibliú ar na meáin shóisialta. Cuirfear duaiseanna de luach €300 agus €150 ar fáil don dá bhailiúchán is fearr.Spriocdháta: an 20 Aibreán 2018.

Tá gach eolas maidir leis an gcomórtas ar fáil anseo

Next Page »