Méid an Téacs

CRÍOCH ‘SPLEODRACH’ LE SIANSA GAEL LINN 2018!

Aibreán 25, 2018

Críoch 'Spleodrach' le Siansa Gael Linn 2018

Cháiligh ocht ngrúpa ceoil thraidisiúnta den scoth as ceithre hairde na tíre do Chraobh Siansa Gael Linn 2018 ach is go Cúige Uladh a chuaigh an chéad duais i mbliana! Ag ceolchoirm na craoibhe sa Cheoláras Náisiúnta ar an Domhnach, 22 Aibreán, roghnaíodh an grúpa ‘Spleodar (le baill ó chontaetha Aontroma, Thír Eoghain agus Mhuineacháin, ina measc, beirt scoláire de chuid Choláiste Oiriall) mar bhuaiteoirí tar éis oíche cheoil den scoth.  Ba é an tuairim ghinearálta i measc an tslua mhóir ar an oíche ná go raibh sé tuillte go maith acu!  Is faoi stiúir a múinteora, Maggie Maguire, a bhíodar. Thug siad trófaí Gael Linn abhaile leo chomh maith le seic ar €4,500. Sa dara háit bhí an grúpa ‘Caise’ ó chontae an Chláir, a bhuaigh €1,250 agus sa tríú háit bhí ‘Lonrach’ ó chontae Laoise a bhuaigh €750.

Tá Siansa á reáchtáil ag Gael Linn ó 2002 i leith, le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine, agus é ar cheann de phríomhchomórtais cheoil agus amhránaíochta na tíre. Is comórtas é a chothaíonn dlúthcheangal idir an Ghaeilge, an ceol agus an óige. Ag moltóireacht ar oíche na craoibhe bhí na ceoltóirí cáiliúla Declan Masterson, Muireann Nic Amhlaoibh agus Oisín Mac Diarmada.

Bíodh is nár thug siad duais abhaile leo, chuir an cúig ghrúpa eile go mór leis an ócáid agus bhain siad uilig an-spraoi as a bheith ag seinm sa Cheoláras os comhair slua de bheagnach míle duine. B’iad na grúpaí sin ná Uisneach, Coláiste na Coiribe, Gaillimh, Fonnmhar, An Brú, Co. Luimnigh, Léargas, Bré, Co. Chill Mhantáín, Sin A Bhfuil, Contaetha Laoise agus Uíbh Fhailí, agus I gCónaí Réidh, Caisleán An Danair, Co. Loch Garman.

Craoladh an craobhchomórtas beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus duine de fhoireann an stáisiúin sin, Áine Hensey, a bhí mar bhean an tí sa Cheoláras.

Ghlac Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, buíochas le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le Irish Music Magazine as a dtacaíocht leanúnach don chomórtas agus dúirt: ‘Agus Gael Linn ag ceiliúradh 65 bliain ar an bhfód i mbliana tá sé tráthúil féachaint siar ar an stair fhada atá ag an eagraíocht ag cur an cheoil agus na hamhránaíochta traidisiúnta chun cinn ar bhealaí éagsúla, ó eisiúint ceirníní agus dlúthdhioscaí de oirfidigh mhóra an cheoil agus an tsean-nóis ó na 50í ar aghaidh go dtí an áit ina bhfuilimid anocht, sa Cheoláras Náisiúnta ag éisteacht le scoth na gceoltóirí agus na n-amhránaithe óga a mbeidh clú agus cáil orthu amach anseo! I dteannta le scoth an cheoil, cinntíonn Siansa freisin  go mbíonn an Ghaeilge i lár an aonaigh, ceann de phríomhchuspóirí Gael Linn ón tús’.

Beidh na grúpaí le feiceáil ar You Tube agus ar na meáin shóisialta go luath…agus cá bhfios ach go mbeidh roinnt de na ceoltóirí le cloisteáil ar lipéad Gael Linn sna blianta amach romhainn