Méid an Téacs

Daonáireamh 2016 agus an Ghaeilge

Aibreán 10, 2017

Dr Niall Comer – Uachtarán Chonradh na Gaeilge / Ollscoil Uladh

Tá go leor ráite sna meáin le roinnt laethanta anuas maidir le torthaí an daonáirimh a foilsíodh i rith na seachtaine seo caite.

Níl aon amhras gur cúis mhór imní atá sna figiúirí ina léirítear an chéad ladghú ar líon na gcainteoirí Gaeilge ó dheas ó bhí 1946 ann.

Tháinig laghdú de níos lú ná 1% ar líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu (ó 1,774,347 go 1,761,420), agus laghdú de 4% ar líon na ndaoine nach bhfuil sa chóras oideachais a bhíonn ag caint Gaeilge ar bhonn laethúil (ó 77,185 go 73,803), agus b’fhéidir gurb í seo an ghné is suntasaí de seo, gur tháinig titim de 11% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht (ó 23,175 go dtí 20,586).

Chuir Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, in iúl go mbaineann an titim seo go mór leis na “laghduithe suntasacha” i ndaonra na gceantar Gaeltachta agus “cúinsí eile” agus cé go bhfuil an ceart aige go bhfuil an scéal imithe in olcas de bharr na heisimirce éigeantaí, is léir don dall nach bhfuil ag éirí le cur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30.

Baineann an teip seo go príomha leis an easpa infheistíochta ó Rialtas na hÉireann sa Straitéis ó 2010, agus ní mór dul i ngleic leis seo láithreach, óir tá cruachás agus géarchéim sna Gaeltachtaí dá bharr.

Ní féidir leis an Rialtas an neamart atá déanta aige sa Straitéis seo a shéanadh.

Is iondúil nuair a thugann Rialtas faoi straitéis nua in aon earnáil eile, ar nós na straitéise um fhorbairt tuaithe, go ndéantar measúnú ar an mhaoiniú atá riachtanach chun forálacha na straitéise a chur i bhfeidhm agus cuirtear buiséad agus acmhainní breise ar fáil dá bharr.

Ní dhearnadh é seo i gcás Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30 agus ina theannta sin ghearr an Rialtas siar maoiniú ollmhór ón dá gníomhaire stáit ar a dtiteann an fhreagracht is mó leis an straitéis seo a chur i bhfeidhm (laghdaíodh buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta ó 18 milliún in 2010 go €7 milliúin in 2016 agus laghdaíodh buiséad Fhoras na Gaeilge ó €18.2 milliúin in 2010 go €14.5 milliún in 2016).

Ar ndóigh, d’fhógair an tAire Stáit i rith na seachtaine go mbeadh maoiniu breise de €735,000 ag Údarás na Gaeltachta agus €115,000 ag Foras na Gaeilge san iomlán “chun cur ar a gcumas an próiseas pleanála teanga a bhrú chun cinn” ach mhaithfí don té a déarfadh nach bhfuil oiread na fríde sa mhéid seo i gcomparáid leis an chineál infheistíochta atá riachtanach le dul i ngleic le meath na nGaeltachtaí.

Ní mór don Rialtas an dúshlan ollmhór atá léirithe i bhfigiúirí an daonáirimh a fhreagairt tríd an phlean infheistíochta atá aontaithe ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a mhaoiniú mar is ceart, ach ina theannta sin, beidh comhoibriú ag teastáil ón phobal, ón Stát go ginearálta agus ó na hearnálacha príobháideacha agus deonacha chun cor dearfach a chur i gcinniúint na nGaeltachtaí

Cé gur ábhar imní atá sna figiúirí sa daonáireamh ó thaobh na Gaeilge de, tá ábhar dóchais ann.

Tháinig méadú de 8% ar líon na ndaoine a bhíonn ag baint úsáide as an Ghaeilge lasmuigh den chóras oideachais ar bhonn seachtainiúil agus ní mór a thabhairt chun cuimhne an borradh ar chéatadán na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu ó níos lú ná 20% den daonra 100 bliain ó shin go beagnach níos lú 40% sa lá atá inniu ann, ardú a tháinig de bharr obair na hathbheochana agus in ainneoin neamart leanúnach rialtais na hÉireann.

Léiríonn na figiúirí seo thíos ó Chonradh na Gaeilge treochtaí áirithe sa daonáireamh, agus ardaítear go leor ceisteanna dá bharr.

Is suntasach gur tháinig an laghdú is mó ar líon na gcainteoirí Gaeilge san aoisghrúpa 25-34 (aois an bháid bháin) ach gur san aoisghrúpa 5-14 a tháinig an fás is mó (thuas), agus gur fás thar a bheith suntasach atá ann.

Tá an chuma air (thíos) gur sna ceantair Ghaeltachta nach bhfuil cathair iontu is mó a tháinig an laghdú i bpobal labhartha na teanga agus is féidir go dtacaíonn an léiriú seo leis an ghá atá leis an obair atá idir lámha sna limistéir phleanála teanga.

Cibé léamh a bhíonn ar an daonáireamh, áfach, is soiléir go bhfuil neamart á dhéanamh ar an Ghaeilge ar an leibhéal is airde agus is soiléire fós an gá le gníomhú air seo láithreach.

Foinse: Meon Eile

Todhchaí na Gaelscolaíochta idir chamáin i gCarn Tóchair

Márta 31, 2016

Ba i gCarn Tóchair, Contae Dhoire, a eagraíodh comhdháil bhliaintúil Chomhairle na Gaelscolaíochta ar na mallaibh, áit a ndearnadh plé, anailís agus scagadh ar thodhchaí na hearnála, cothú pobail Ghaeilge agus dúshláin an Ghaeloideachais.

Thug Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, Liam Ó Flannagáin, le fios go bhfuil 68 aonad, idir naíscoileanna, bhunscoileanna agus mhéanscoileanna sna Sé Chontae, rud a fhágann breis agus 5,000 páiste cláraithe san earnáil ó thuaidh.

Tugadh le fios fosta go bhfuil 33 páiste i ndiaidh iarratas a dhéanamh chuig Gaelcholáiste Dhoire don Fhómhar seo chugainn, rud a fhágfaidh 49 cláraithe sa scoil i dtréimhse bliana.

Seachtain na Gaeilge ina seachtain iontach don Ghaeloideachas – Conradh na Gaeilge

Fuair Bunscoil an tSléibhe Dhuibh i mBaile Uí Mhurchú, Co. Aontroma, tuairisc barr feabhais cigireachta ón Chigireacht Oideachais agus Oiliúna (COT). Is forbairt shuntasach eile don earnáil é an fógra go bhfuil figiúirí cláraithe tar éis dúbailt do Ghaelcholáiste Dhoire, an dara mheánscoil lánGhaeilge neamhspleách ó thuaidh.

Ar a bharr sin, cuireadh dhá bhunscoil lánGhaeilge – Gaelscoil Aodha Rua i nDún Geanainn, Co. Thír Eoghain, agus Gaelscoil Éanna ar an Ghleann Ghormlaith, Co. Aontroma – ar liosta caipitil na Roinne Oideachais de bharr fhás agus fhorbairt ghasta na scoileanna.

“Is ábhar ceiliúrtha iad an dá scéal iontacha seo i dtaca le hoscailt oifigiúil Ghaelcholáiste Dhoire agus dea-thuairisc chigireachta Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh,” arsa Ciarán Mac Giolla Bhéin, Conradh na Gaeilge.

Lean Mac Giolla Bhéin…“Bhí bearna soiléir sa réimse iar-bhunscolaíochta le fada an lá agus tá pobal Dheisceart Dhoire i ndiaidh bunchloch láidir a leagan síos do thodhchaí na Meánscolaíochta Gaeilge ó thuaidh. Léiríonn figiúir iontrála na scoile don bhliain seo chugainn go bhfuil an pobal i gcoitinne ag glacadh go fonnmhar leis an fhorbairt seo agus go bhfuil dúshraith láidir leagtha síos don athbheochan teanga sa cheantar.”

Físeán le feiceáil anseo

Mol an óige agus tiocfaidh sí – Taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta BT

Eanáir 18, 2016

Thug na mílte cuairt ar chomórtas Eolaí Óg na Bliana seo a bhí ar siúl san RDS i mBaile Átha Cliath.

Breis is 500 tionscnamh a bhí ar taispeáint i gcomórtas na bliana seo. Ó bhunaigh an Dr. Tony Scott agus am tAthair Tom Burke an taispeántas sna 1960í tá fás suntasach tagtha air.

Tá cáil ar an taispeántas anois mar cheann de na hardáin is fearr le daoine óga cumasacha a spreagadh agus dúil acu san Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic, ábhair “atá an-tábhachtach, a chothú,” arsa bainisteoir cleachtais BT, Dave Bergin.

“Tá sé tábachtach go mbíonn a leithéid de chomórtas ann leis an aos óg a spreagadh sa dóigh is go mbeidh siad ag smaoineadh tabhairt faoi na hábhair seo ag an tríú leibhéal.”

Bhí Aoibhinn Ní Shúilleabháin i measc na moltóirí agus bhí sí an-tógtha le cumas na scoláirí agus an caighdéan matamaitice a bhí le feiceáil.

Thug beirt, Maria Louise Fufezan agus Diana Bura as meánscoil Loreto i mBaile Brigín, príomhdhuais an chomórtais leo. D’amharc an tionscnaimh ar threimhse saoil bhia ainmhí agus an tionchar atá ag einsímí i mbreiseáin bhia.

Físeán a thugann blaiseadh den taispeántas agus na tionscnaimh le feiceáil anseo http://www.meoneile.ie/ailt/mol-an-%C3%B3ige-agus-tiocfaidh-s%C3%AD-taispe%C3%A1ntas-eola%C3%AD-%C3%B3g-agus-teicneola%C3%ADochta-bt#.VpzERPmLQdV 

Gaelcholáiste Dhoire oscailte

Meán Fómhair 2, 2015

Lá stairiúil a bhí ann ag Caisleán Dhún Geimhin inné le hoscailt Gaelcholáiste Dhoire. Tá an mheánscoil úrnua seo ar an dara ceann saor scartha sna sé chontae i ndiaidh Choláiste Feirste.

Ceathrar déag dalta ó chontaetha Dhoire agus Aontroma a shiúil thar thairseach na scoile. Tá súil ag Bord Gobharnóirí na scoile go mbeidh suas le dhá scór cláraithe faoin bhliain seo chugainn. Cúig bhunscoil atá lonnaithe sa cheantar maguaird.

Cheadaigh an Roinn Oideachais moladh forbartha na scoile um Nollaig seo caite, rud a d’fhág naoi mí ag an choiste bainistíochta dlús a chur faoi bhunú an Ghaelcholáiste.

Ghabh Príomhoide na scoile, Diarmaid Ua Bruadair, buíochas leis an phobal as a dtacaíocht ina chuid cainte inné agus thug sé le fios go mbeidh gach ábhar atá ar an churaclam á chur ar fáil do na daltaí nua.

“Tá muid ag leagan síos na bunchlocha do scoil i bhfad níos mó agus tá muid ag cur struchtúir in áit a bheas ábalta freastal ar an éileamh sna blianta amach romhainn,” arsa Ua Bruadair ar Bharrscéalta RTÉ RnaG.

Bhí Meon Eile i measc na cuideachta inné nuair a fosclaíodh an scoil. Labhair muid le bunaitheoirí, múinteoirí agus dáltaí faoin aistear a bhí rompu agus a gcuid mianta don todhchaí.

Físeán le feiceáil anseo: http://www.meoneile.ie/ailt/gaelchol%C3%A1iste-dhoire-oscailte?category_id=c%C3%BArsa%C3%AD-reatha#.Vebj2_lVikp

Áine Andrews ag éirí as

Meitheamh 24, 2015

Tá duine de na príomhóidí is faide san earnáil Ghaeloideachais ó thuaidh, Áine Andrews, le héirí as a post i gceann seachtaine. Beagnach dhá scór bliain atá caite ag Áine mar mhúinteoir, 24 bliain acu sin mar phríomhoide ar Ghaelscoil na bhFál.

Eagraíodh tionól speisiálta i mBéal Feirste le buíochas a ghabháil d’Áine as an méid a d’éirigh léi a chur i gcrích san earnáil. Labhair muid léi faoi fhorbairtí, deacrachtaí, dúshláin, agus a buaicphointí san earnáil ó thosaigh sí ag obair le Naíscoil Bhóthar Seoighe in 1978…

Labhair Meon Eile le hÁine le deireanaí. Féach ar an bhfíseán anseo http://www.meoneile.ie/ailt/%C3%A1ine-andrews-ag-%C3%A9ir%C3%AD-as#.VYqPVflViko 

Bailiúchán na Scol

Feabhra 4, 2015

Físeán le fáil ag an nasc seo: http://www.meoneile.ie/ailt/baili%C3%BAch%C3%A1n-na-scol#.VNHrNWisVZg

Is tionscadal digitithe Chnuasach Bhéaloideas Éireann é duchas.ie.

Tá an cnuasach seo ar na bailiúcháin bhéaloidis is mó ar domhan agus anois tá cuid den ábhar á cur ar fáil ar líne.

Cuireadh tús leis an tionscadal in 2012 agus é mar aidhm acu ábhar as Bailiúchán na Scol a chur ar fáil ar líne.

Is bailiúchán é seo a chnuasaigh páistí scoile in Éirinn le linn na 1930idí agus is é an chéad cheann atá á sholáthar ar duchas.ie.

Thug Meon Eile cuairt ar John Mhicí Ó Baoill de bhunadh Mhín Doire na Slua ach a bhfuil cónaí air anois in Anagaire lena bhean chéile Mary.

D’fhreastail John ar scoil náisiúnta Loch an Iúir agus é ina ghasúr óg agus bhí sé ar dhuine de na páistí scoile a bhailigh scéalta béaloidis óna mhuintir mar chuid de thionscadal Chnuasach Bhéaloideas Èireann sna 1930í.

Tá John ceithre scór and naoi mbliana d’aois anois ach tá cuimhne ghéar aige go fóill ar an tréimhse sin agus ar na scéaltaí.

Dúirt sé “gurb é an scéalaíocht an caitheamh aimsire ba mhó a bhí acu agus i ndairíre an t-aon chaitheamh aimsire a bhí ann”.

Is scéalaí mór le rá a bhí ina sheanathair fán bhaile agus sna oícheanta thiocfadh na comharsana go dtí an teach le haghaidh oíche airneáil.

Tá John iontach go deo sásta go bhfuil a scéaltaí agus scéaltai daoine eile le fáil ar líne anois ionas go mbeidh teacht orthu ag aon duine agus é sona sásta leis an smaoineamh go mbeidh na scéalta a scríobh sé agus é deich mbliana d’aois beo go deo de bharr na hoibre atá ar siúl ag duchas.ie.

http://www.meoneile.ie/ailt/baili%C3%BAch%C3%A1n-na-scol#.VNHrNWisVZg

Scoláirí ag seasamh in éadan cibearbhulaíochta

Eanáir 13, 2015

Tá dhá fhíseán le hagallaimh iontu mar chuid den scéal seo le fáil ar http://www.meoneile.ie/ailt/scol%C3%A1ir%C3%AD-ag-seasamh-in-%C3%A9adan-cibearbhula%C3%ADochta#.VLTf6SusVZg

De réir staitisticí de chuid an ISPCC agus an NSPCC, déantar cibearbhulaíocht ar 20% de dhaltaí scoile. Bliain i ndiaidh bliana tá ardú ag teacht ar líon na bpáistí agus déagóirí a ndéantar tromaíocht orthu, rud nach mbaineann le hÉirinn amháin ach gur fadhb dhomhanda í.

Tá sé foilsithe ag an NSPCC gur chuir níos mó ná 45,000 páiste scairt ar ‘Childline’ anuraidh de bharr tromaíochta a bhí á déanamh orthu agus go mbíonn 16,000 duine as láthair ón scoil gach bliain.

Cad chuige a bhfuil meadú ag teacht ar na figiúirí seo?

Tá cuid mhór eagraíochtaí agus carthanachtaí a bhíonn ag plé leis an aos óg ag cur cuid den locht ar dhaoine ag baint mí-úsáide as suíomhanna meáin shóisialta, nó cibearbhulaíocht.

Sa tuairisc atá eisithe ag an NSPCC, tá sé ráite gur tháinig meadú suas le 87% ar chibearbhulaíocht le dhá bhliain anuas.

Ní féidir na staitisticí a shéanadh agus taobh thiar d’achan staitistic tá fíordhuine agus a scéal pearsanta féin.

Bhí deis ag Meon Eile labhairt le scoláire de chuid Ardscoil Naomh Pól i gCo. Ard Mhacha, atá i mbun feachtas frith-bhulaíochta.

Tá dúshlán mór roimh scoileanna agus tuismitheoirí dul i ngleic leis an fhadhb seo.

Thug Meon Eile cuairt ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair le níos mó a fhoghlaim faoin fhadhb.

Labhair muid le Príomhoide na scoile, Noel Ó Gallachóir, faoin chinéal bulaíochta a thig a dhéanamh ar dhuine agus faoi na comharthaí ar chóir amharc amach fana gchoinne má tá duine ag fulaingt de bharr bulaíochta.

Labhair muid fosta le daltaí a rinne tionscnamh faoi bulaíocht cibir agus faoin dóigh a gcuireann sé isteach ar dhuine.
www.meoneile.ie

Oideachas na hArdteiste – ceart agus cothrom?

Lúnasa 18, 2014

An bhfuil oideachas ceart á fháil ag na mic léinn a dhéanann scrúduithe na hArdteistiméireachta?

Seo ceist a phléitear gach Lúnasa, nuair a chuirtear amach torthaí na hArdteiste, agus nuair a thugtar tairiscintí choláistí tríú leibhéil amach trí chóras an CAO.

An bhfuil athchóiriú ag teastáil? Má tá, an dtabharfar faoin athchóiriú sin go luath?

An tseachtain seo caite cuireadh amach torthaí Ardteiste na bliana timpeall ar Phoblacht na hÉireann agus arís, bhí idir dhíospóireacht is phlé ar siúl fúthu is faoin gcóras oideachais mar atá sé faoi láthair.

Luaitear cé chomh comórtasach is atá sé. Deirtear go múintear conas scrúdú a dhéanamh seachas cumas ceart san ábhar.

Dúirt an tAire Oideachais Jan O’Sullivan gur córas cothrom é agus go bhfuil tuairim ann go forleathan go bhfaigheann mic léinn na gráid atá tuillte acu san Ardteist.

Déanann an chuid is mó de mhic léinn na tíre seacht n-ábhar don Ardteist i réimse ábhar ón eolaíocht go teangacha.

Rud eile a chuirtear in aghaidh na hArdteiste ná go bhfuil an oiread seo ábhar le déanamh acu agus gur beag mac léinn a n-éiríonn go maith leis in achan cheann.

Cuirimis é seo i gcomparáid le scrúduithe leibhéal A agus O de chuid Thuaisceart na hÉireann, ina ndéanann mic léinn staidéar níos déine ar líon níos lú ábhar – ábhair a bhfuil sé ar intinn acu úsáid i ndiaidh na scoile agus bíonn cumas níos fearr acu iontu siúd ag an deireadh, seachas cumas níos lú i réimse leathan ábhar.

Déantar céiliúradh chuile bhliain ar phríomhleathanaigh na nuachtán ar na mic léinn úd a fuair seacht, ocht nó naoi gcinn de A1- an grád is airde ina gcuid scrúduithe Ardteiste.

Rinne 54,025 mac léinn an Ardteist i mbliana agus mar chuid den ghrúpa sin, fuair níos lú ná 5,000 níos mó ná A1 amháin.

Sa chéiliúradh seo gach bliain, breathnaímid ar thuairim is 8% de mhic léinn na tíre – mionlach.

Labhraítear faoi na mic léinn ‘is fearr’ sa chóras seo.

Níl aon amhras go bhfuil ardmholadh tuillte ag an mionlach as a gcuid oibre, ach cén sórt oideachais atá faighte acu?

Is iomaí mac léinn a bhain A1 amach sa Ghaeilge agus nach bhfuil ábalta nó compórdach comhrá a dhéanamh trí Ghaeilge.

Cloistear faoi dhaoine ag foghlaim aistí de ghlanmheabhair agus ag baint ardghráid amach as an gcuimhne seo – an bhfuil oideachas ceart le fáil san fhoghlaim de ghlanmheabhair?

Is minic a dhéantar glan dearmad ar ábhar na hArdteiste i ndiaidh na scrúduithe freisin – cad is fiú an t-oideachais gearrthéarmach sin?

Freastalaíonn go leor mac léinn ar chúrsaí i scoileanna dianteagaisc don chúpla lá d’oideachas príobháideach agus chun beart mór nótaí scrúdaithe a fháil.

Tá tuairimíocht ann más maith le mac léinn marcanna arda a bhaint amach, gur gá dóibh a leithéid a dhéanamh.

An oideachas ceart é seo? An ceart go mbeadh an deis bhreise seo ag mic léinn a bhfuil an t-airgead ag a gclanna íoc as seo?

Is éard atá i gceist ná tumoideachas costasach ar feadh cúpla lá agus nótaí a thugtar abhaile a úsáidfaidh an mac léinn níos mó ná a chuid nótaí féin nó nótaí a mhúinteora ón scoil.

Seo hiad ag brath ar fhoirmle scrúdaithe seachas ar a gcuid intleachta féin.

Ar ábhar eile, caithfear cuimhneamh ar mhic léinn faoi mhíchumas freisin.

Dar le tuarascáil a chuir Barnardos amach le déanaí faoin teideal ‘Written Out Written Off’ faoi mhíchothromaíocht shóisialta in oideachas na hÉireann, fágann 33% de mhic léinn le tuismitheoirí neamhoilte i mbun obair láimhe an scoil sula ndéanann siad an Ardteist i gcomparáid le 10% de mhic léinn le tuismitheoirí le poist ghairmiúla.

Fágtar iad le rogha i bhfad níos lú oibre ina dhiaidh sin dá bharr. An córas cothrom é seo?

Céard faoin iníon léinn a bhfuil ardtallann ealaíne aici nó an mac léinn a oibríonn go dian i gclub scoile?

Níl mórán pointí le fáil ar thallann neamhacadúil nó ar dhianobair ar ghníomhaíochtaí seach-churaclaim.

Is cosúil nach bhfuil i gceist leis an Ardteist mar atá sí ach measúnú acadúil agus cuimhne, nach bhfágann mórán spreagtha do mhic léinn a bhfuil láidreachtaí éagsúla acu.

An oideachas uileghabhálach é seo?

Faoin am a fhoilsítear an t-alt seo beidh na tairiscintí CAO tugtha amach do mhic léinn – céim eile sa phróiséas a chuireann an-chuid brú ar mhic léinn agus a chuireann iad in iomaíocht mhór lena chéile.

Athraítear na pointí do na cúrsaí tríú leibhéal achan bhliain agus is in airde atá na pointí ag dul den chuid is mó, ag cur níos mó brú ar mhic léinn bliain i ndiaidh bliana dá bharr.

An bhfuil oideachas ceart agus cothrom á fháil ag mic léinn na hArdteistiméireachta?

Le múinteoirí, mic léinn is saineolaithe oideachais de shíor ag moladh athruithe ar an gcóras, tá an cheist fós ann agus beidh sí á plé ar feadh tamaill mhaith eile.

www.meoneile.ie

Rothaíocht go Ráth Cairn ar son bhus meánscoile

Lúnasa 11, 2014

Tá baill Chumann Rothaíochta Loch Lao chun rothaíocht ón Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste go Ráth Cairn na Mí le hairgead a thiomsú ar son bhus meánscoile Choláiste Feirste.

Cuirfear an t-airgead a bhailítear ón rothaíocht i gciste ‘Tuistí an Tuaiscirt’, tuismitheoirí ó cheantar Ard Eoin ar a bhfuil a gcuid páistí ag freastal ar Choláiste Feirste.

Tá 112 dalta ó cheantar Ard Eoin ag freastal ar Choláiste Feirste gan soláthar iompair tiomnaithe ar fáil dóibh.

Gheall an tAire Oideachais, John O’Dowd, go réiteofaí cás na ndaltaí trí mhí ó shoin ach is beag dul chun cinn atá déanta, dar leis na tuismitheoirí.

Seo chugaibh léargas ar fheachtas rothaithe Loch Lao – féach an físeán ar www.meoneile.ie.

Agóid faoin Aire Stáit Gaeltachta gan líofacht sa Ghaeilge

Iúil 21, 2014

100 duine a bhailigh ag oifig na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i nGaoth Dobhair Dé hAoine seo caite lena gcuid míshástachta a léiriú faoi cheapachán Aire Stáit Gaeltachta nach bhfuil iomlán líofa sa Ghaeilge.

Dúirt an lucht eagraithe nárbh agóid phearsanta i gcoinne an Aire Stáit nuacheaptha, Joe McHugh, a bhí ann ach léirsiú i gcoinne neamhaird agus dímheas an Taoisigh ar an Ghaeilge agus ar phobal a labhartha.

Tá an tAire Gaeltachta nuacheaptha le tosú ar chúrsa foghlama in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille inniu.

Bhí Meon Eile i láthair ag agóide na hAoine seo caite – féach an físeán ar www.meoneile.ie.

Next Page »