Deireadh le heagrais Ghaeilge ach an Foras beo i gcónaí
Meitheamh 30, 2014
Is é inniu, 30 Meitheamh 2014, an lá a thiocfaidh deireadh oifigiúil le maoiniú na n-eagraíochtaí Gaeilge a fágadh ar an trá fholamh de bharr an ‘Samhla Nua Maoinithe’.
Tá 11 eagraíocht i gceist – Forbairt Feirste, Pobal, Iontaobhas Ultach, Altram, Comhaltas Uladh, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, an Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta, Forbairt Naíonraí Teoranta, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhluadar.
Thosaigh scéal truamhéalach na Samhla siar in 2008 nuair a mhaígh an tAire Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag an am, Éamon Ó Cuív, go raibh an iomarca eagraíochtaí Gaeilge ann.
Ghlac Foras na Gaeilge leis an tuairim seo agus chuir siad tús leis an bpróiseas leasaithe.
Thóg sé sé bliana chun an próiseas seo a chríochnú – is leor sin amháin leis an droch-chaoi a láimhseáladh an ‘leasú’ seo a léiriú.
B’fhéidir go raibh an ceart ag an Aire Ó Cuív go raibh an iomarca eagraíochtaí ann, ach níor leagadh amach an cruthúnas go raibh an maíomh seo cruinn riamh.
Chuir na heagraíochtaí in éadan an phróisis go mór, ach tugadh cluas bhodhar dá dtuairimí.
Tugadh an chluas bhodhar d’aighneachtaí an phobail chomh maith.
Rinneadh cásanna speisialta de Raidió na Life, Raidió Fáilte agus An tÁisaonad agus tháinig sé eagraíocht eile slán ó slad faoi na sé réimse a phioc an Foras; Gaelscoileanna (Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge), Conradh na Gaeilge (Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht), Gael Linn (Oideachas in earnáil an Bhéarla agus d’aosaigh, agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile), Oireachtas na Gaeilge (Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán), Glór na nGael (Forbairt Pobail agus Eacnamaíochta) agus Cumann na bhFiann (Forbairt Deiseanna Úsáidte Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine Óga).
Beidh orthu teacht i gcomharbacht ar an obair a bhí ar bun ag na heagraíochtaí a caitheadh i dtraipisí.
Mar shampla, beidh ar Ghaelscoileanna an obair a bhí ar bun ag Forbairt Naíonraí Teoranta agus Altram a dhéanamh amach anseo.
Ní bheidh cúraimí Chonradh na Gaeilge (Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht) ró-dhifriúil ón obair atá ar bun acu faoi láthair ach tá ról níos leithne ag Oireachtas na Gaeilge – ‘Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán’ agus ag Gael Linn – ‘Oideachas in earnáil an Bhéarla agus d’aosaigh, agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile’.
An mbeidh na sé eagraíocht in ann don dúshlán seo, agus an mbeidh siad ábalta leanúint leis an obair eile a bhí ar bun acu go dtí seo?
Tá deireadh tagtha le maoiniú na n-eagraíochtaí ar fad ó thuaidh, agus neart amhrais go mbeidh na heagraíochtaí atá fágtha ó dheas in ann seirbhís chuimsitheach a chur ar fáil ó thuaidh den teorainn.
Tá sé spéisiúil go bhfuil roinnt Gaeilgeoirí sna sé chontae, a bhformhór acu atá ina náisiúntóirí nó poblachtaigh, ag moladh eagraíochtaí a bhaineann leis na sé chontae amháin seachas cinn uile-Éireann – is é sin, cur chuige ‘críochdheighlteach’.
Dar ndóigh, má chreideann tú gurbh fhearr cur chuige do na sé chontae amháin in earnáil na Gaeilge – nach bhféadfaí an dearcadh sin a úsáid le hearnálacha eile?
Ó fógraíodh buaiteoirí na Samhla beagnach sé mhí ó shin níl mórán déanta chun imní an phobail faoin gcóras nua a mhaolú.
Níl sonraí tagtha amach faoi chur chuige na n-eagraíochtaí faoin struchtúr nua, ó na heagraíochtaí nó ón bhForas féin.
Tá éiginnteacht faoi chúraimí eile i gcónaí.
Is é aistriú teanga ó ghlúin go glúin ceann de na cúraimí is bunúsaí ó thaobh chaomhnú agus leathnú na Gaeilge de ach ní raibh sé mar cheann de na sé réimse a phioc an Foras.
Bhí an obair seo ar bun ag Comhluadar ach tá deireadh lena chuid maoinithe anois.
Leanfaidh Comhluadar ar aghaidh ar bhonn deonach ar feadh tamaill ar aon nós agus deirtear go bhfuil seans ann go mbeidh Glór na nGael ag cabhrú le teaghlaigh Ghaelacha amach anseo, ach níl sé seo dearbhaithe.
Is amhlaidh atá sé le seirbhís nuachta Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge – Gaelport.
Bhain an Foras maoiniú ón gComhdháil ach ansin dúirt siad gur tháinig sé ‘aniar aduaidh’ orthu go raibh deireadh le teacht le Gaelport.
Rinne siad moladh amaideach go ritheadh Conradh na Gaeilge an tseirbhís, ach níl na hacmhainní chun cúram eile mar seo a reáchtáil sa ré nua seo curtha ar fáil ag an bhForas don Chonradh.
Tá deireadh le teacht le suíomh na Comhdhála inniu agus tá baol ann nach gcaomhnófaí cartlann Ghaelport fiú, áis thaighde iontach leis na mílte scéalta nuachta a bhaineann leis an teanga.
Arís tá obair dheonach ar bun chun an áis seo a tharrtháil ach ní fios an éireoidh leis.
Is léiriú eile é seo ar an bpraiseach atá déanta ag an bhForas den phróiseas – agus níl ceacht ar bith foghlamtha acu ón scéal seo áfach.
Chuir siad deireadh le maoiniú do nuachtán clóite Gaeilge anuraidh ag rá “nach é an fhormáid chlóite an bealach is oiriúnaí le seirbhís nuachta a sholáthar do phobal léitheoireachta na Gaeilge”.
Ansin bhain siad maoiniú ó Ghaelport, Beo.ie agus Saol.
Cé go bhfuil dhá chonaradh nua d’irisí le bronnadh, cuireadh na foilseacháin idirlín seo ar thine cnámha na hiriseoireachta Gaeilge in éineacht lena gcomhghleacaithe clóite; Lá, Gaelscéal, An tUltach, Feasta agus NÓS.
D’fhéadfadh tubaiste a bheith in ann d’earnáil eile gan mhoill – cur chun cinn na Gaeilge sa phobal.
Anuraidh d’iarr an Foras ar na grúpaí a fhaigheann maoiniú faoin Scéim Phobal Gaeilge iarratais a chur isteach ar scéim nua a mhairfeadh ó 2014-2017.
Tar éis dóibh na tairiscintí móra casta seo a ullmhú d’fhógair an Foras nach mbeadh an scéim nua ag dul ar aghaidh.
Ina ionad sin bronnadh maoiniú sealadach bliana ar an heagraíochtaí le haghaidh 2014.
Ní fios go fóill ceard atá beartaithe ag an bhForas, ach má tá slad le déanamh ar chur chun cinn na Gaeilge sa phobal, is é sin, croílár na hathbheochana, cén chúis atá ann leis an bhForas féin in aon chor?
Arís is arís eile an freagra atá ar an méid atá beartaithe ag an bhForas ná – ‘níl a fhios againn’, agus níl sé sin maith go leor.
Is iar-iriseoir le Lá agus Gaelscéal é Colm Ó Broin. Tá sé mar chathaoirleach deonach ar Choiste Gaeilge Mhuintir Chrónáin i gCluain Dolcáin, Baile Átha Cliath.
www.meoneile.ie
Gaeil ag éileamh seirbhís iompair scoile
Meitheamh 18, 2014
Tá daltaí ón aon mheánscoil Ghaeilge ó thuaidh go fóill ag lorg seirbhísí iompair trí bliana i ndiaidh do Bhreitheamh Ardchúirte athbhreithniú a ordú ar an cheist.
In ainneoin an ordaithe tá an Roinn Oideachais fós ag iarraidh ar dhaltaí ó Choláiste Feirste siúl ar scoil trí chroílár cheantar dílseach na Seanchille.
Chun aird a tharraingt ar an cheist, shiúil tuismitheoirí, daltaí agus múinteoirí an Choláiste na ceithre mhíle chun na scoile ó thuaisceart Bhéal Feirste inné. Deir siad go bhfuil leithcheal á dhéanamh ag an Roinn ar a gcearta taistil.
Cuireadh tús leis an siúl ar 9rn inné agus faoi 10rn dúirt an Roinn Oideachais gur ardaigh Tuistí an Tuaiscirt agus Comhaltaí den Tionól Reachtach an cheist leis an Aire Oideachais agus go raibh scagadh á dhéanamh uirthi.
Faoi 4in, dúirt Bord Leabharlainne agus Oideachais Bhéal Feirste (BELB) nár scrúdaigh siad ach cásanna daoine aonair agus nach raibh taifead acu ar cheantair naimhdeacha na cathrach.
Ina dhiaidh sin d’eisigh Sinn Féin ráiteas thar cheann an Aire Caral Ní Chuilín agus Gerry Kelly, CTR, ag fáiltiú roimh ghealltanas an Aire Oideachais, John O’Dowd, chun riachtanais iompair thuaisceart Bhéal Feirste a réiteach.
Ní inné a cuireadh síolta an scéil seo. In 2011 d’éirigh le Bord Gobharnóirí Choláiste Feirste a chruthú san Ardchúirt go raibh an Roinn Oideachais ag teip ina ndualgaisí reachtúla i dtaobh fhorbairt agus chothú an Ghaeloideachais.
Lorg na mbusanna
Cad a rinne an Roinn Oideachas i ndiaidh bhreithiúnas na hArdchúirte?
D’éirigh le Meon Eile cóip a fháil de Threoir na Roinne Oideachais chuig an Bhord Leabharlainne agus Oideachais tar éis rialúcháin na hArdchúirte.
D’fhan an Roinn Oideachais 18 mí i ndiaidh an bhreithiúnais sular chuir siad an Treoir ar fáil do na húdaráis réigiúnacha chuí.
Luadh sa Treoir gur chóir go gcuirfí dhá bhus sainithe ar fáil ar thriail dhá bhliana ó Mheán Fómhair 2013 ar aghaidh – ceann amháin ó Bhaile Uí Chornáin trí Dhún Pádraig go Coláiste Feirste, agus ceann eile ó cheantar Chromghlinne.
Déanann an dá bus freastal ar 18 dalta – 3% de dhaltaí na scoile. Níl cead ag an dá bhus daltaí eile a bhailiú ar an bhealach chun na scoile.
Tá 112 dalta ó Choláiste Feirste ina gcónaí i dtuaisceart Bhéal Feirste nach bhfuil fáil acu ar chóras iompar sainithe.
Deir Tuistí an Tuaiscirt, grúpa feachtais na ndaltaí, go bhfuil cluas bhodhar na Roinne ag cruthú deacrachtaí dóibh.
“Is ábhar práinne é costais an iompair agus sábháilteacht na ndaltaí,” a deir Nicola McMaster, tuismitheoir ó Ard Eoin.
“Tá tuismitheoirí ag caitheamh £20 sa tseachtain ar bhusanna ionas go mbeidh oideachas meánscolaíochta ag páistí s’acu.
“Deir an Roinn Oideachais gur cheart dár bpáistí siúl ar scoil as siocair go bhfuil cónaí ar roinnt againn 2.9 míle ó Choláiste Feirste. Téann an tsiúlóid sin, atá 2.9 míle ar fhad, tríd an tSeanchill áfach agus thar Champa Twaddel.”
Slí na Seanchille a moladh ag BELB
Slí na Seanchille a moladh ag BELB
Chuir Meon Eile sraith cheisteanna chuig an Roinn Oideachais faoi na hábhair réamhluaite agus faoina bpolasaí i leith siúlóidí i gceantair naimhdeacha.
Dúirt an Roinn Oideachas go bhfuil an tAire ar an eolas faoin cheist: “The Department is giving further consideration to the matter – and will respond in full once all issues raised have been taken into consideration.”
Thug Comhairle na Gaelscolaíochta tacaíocht d’fheachtas agus d’éilimh na dtuismitheoirí agus dúirt go raibh dualgas reachtúil ar an Roinn an Gaeloideachas a éascú.
Ag fanacht ar an bhus…
Tá 562 dalta cláraithe i gColáiste Feirste, atá suite in iarthar na cathrach, agus é ar aon mheánscoil Ghaeilge neamhspleách ó thuaidh. Ba í an chéad mheánscoil Ghaeilge a bunaíodh sna sé chontae sa bhliain 1991.
Thug Bord Gobhairneoirí an Choláiste dúshlán na Roinne Oideachais san Ardchúirt in 2011 toisc gur dhiúltaigh Aire Oideachas na linne, Caitríona Ruane, scéim iompair a chur ar fáil do dhaltaí ó cheantar Dhún Phádraig.
Bhí daltaí ón bhaile i gContae an Dúin ag taisteal ceithre huaire in aghaidh an lae ar bhusanna poiblí chuig an aon mheánscoil a bhí ar fáil dóibh.
Lorg Coláiste Feirste go gcuirfí scéim iompair píolótach ar fáil ach dhiúltaigh an tAire toisc ‘caiteachas neamhréasúnach’ a bheith leis.
Rialaigh an Breitheamh ar son na scoile ag an am agus dúirt sé go raibh sé de cheart ag an Roinn forbairt na hearnála a chothú gan choinníoll: “[the Department] may facilitate and encourage the Irish-medium post primary sector in ways that it need not for other sectors by taking positive steps or removing obstacles which inhibit the statutory objective.”
Grúpa Cearta Daonna ag tacú le cás na ndaltaí
Tá easpa dul chun cinn na Roinne Oideachais i leith na ceiste doghlactha, a deir Dessie Donnelly, Stiúrthóir Participation and the Practice of Rights, eagras cearta daonna:
“Young people have a right, which has been ratified by both the Irish and UK governments, to access culturally appropriate education. It not only places undue financial pressures on some parents, but crucially the refusal to provide adequate transport arrangements effectively acts as a deterrent to parents who are considering keeping their children in Irish Medium education post-primary.”
Tá an t-eagras cearta daonna ag obair i ndlúthpháirt leis na tuismitheoirí lena scéal a chur i mbéal an phobail.
Cé atá i dteideal pas bus?
Tá polasaithe iompair na n-údarás éagsúil faoin scéim ‘Baile go Scoil’ bunaithe ar Chiorclán na Roinne 1996. Déantar measúnú ar chás gach dalta faoi dhá chritéar: fad agus scoil fhóirsteanach.
Tá daltaí a bhfuil cónaí orthu níos faide ná dhá mhíle ó bhunscoil nó trí mhíle ó mheánscoil i dteideal pas bus, mar aon le daltaí ar mian leo freastal ar an scoil fhóirsteanach is giorra dóibh.
Is ionann scoil fhóirsteanach agus scoileanna imeasctha, cothabháilte, rialaithe, lán-Ghaeilge, scoil ghramadaí shainchreidmheach nó scoil ghramadaí neamh-shainchreidmheach.
Tuigtear do Mheon Eile nach bhfuil rialú ceart á dhéanamh ar scéim iompair na Roinne Oideachais.
Ní dhéantar tástálacha ar acmhainn aon tuismitheoir agus ní chuirtear tacaíocht ar fáil do thuistí atá i dteideal tacaíocht leasa shóisialaigh.
Deir an Roinn Oideachais gurb ionann na critéir cháilitheachta i ngach ceann de na hearnálacha oideachais. Tuigtear dúinn áfach go bhfuil freastal níos cuimsithí á dhéanamh ar scoileanna atá in earnálacha áirithe thar chinn eile.
Thug BELB le fios le linn cás Ardchúirte in 2013 go bhfuil ‘slite sábháilte’ á gcur ar fáil do dhaltaí ó scoileanna Comhtháite agus Scoileanna Caitliceacha faoi Chothabháil timpeall thuaisceart Bhéal Feirste.
Tá ‘slí shábháilte’ ann chuig Scoil Naomh Pádraig ar Bhóthar Aontroma, chuig Scoil Muire gan Smál ar Bhóthar Bhaile na Saileán agus chuig Bunscoil na Croise Naofa in Ard Eoin.
Déanann na ‘slite sábháilte’ seo freastal ar dhaltaí gan phas bus agus nach gcomhlíonann critéir na scéim iompair ‘Baile go Scoil’.
Taispeánann lámhleabhair Translink, príomh-sholáthróirí na scéime ‘Baile go Scoil’, go bhfuil busanna tiomnaithe i mbun slite atá idir míle agus dhá mhíle ar fhad chuig scoileanna stáit.
Tosaíodh ar athbhreithniú neamhspleách ar ‘Baile go Scoil’ i Nollaig 2013. Luadh dualgas dlíthiúil na Roinne maidir leis an Ghaeloideachas i dtéarmaí tagartha an athbhreithnithe.
Cuirfear torthaí an athbreithnithe faoi bhráid an Aire Oideachais ag tús an Fhómhair.
Míshástacht faoi sheirbhísí Gaeilge don óige
Meitheamh 17, 2014
Deir os cionn 60% de dhaoine óga nach bhfuil fáil shásúil acu ar imeachtaí sóisialta Gaelacha ina gceantar.
Seo blúirín eolais ó shuirbhé atá foilsithe ag an eagraíocht POBAL faoi mhianta agus riachtanais teanga na hóige.
Beagnach 800 Gaeilgeoir idir 11 agus 19 bliain d’aois a ghlac páirt ann.
Tugadh le fios gur i dtimpeallacht na scoile a tharlaíonn 85% d’imeachtaí Gaeilge a eagraítear do dhaoine óga.
Dúirt 30% go mbíonn an teanga á labhairt acu sa bhaile.
Tá Príomhfheidhmeannach POBAL, Janet Muller, ag iarraidh go dtabharfar aird ar thorthaí an tsuirbhé agus straitéis na Gaeilge ó thuaidh á dréachtú.
92% a dúirt go raibh an Ghaeilge iontach tábhachtach nó tábhachtach dóibh.
B’iad imeachtaí spóirt, dráma, clubanna óige agus damhsa an ceithre shaghas imeachtaí a léirigh rannpháirtithe an tsuirbhé dúil iontu.
Dúirt beagnach 60% nár spéis leo cláracha teilifíse ná raidió i nGaeilge.
Léirigh 94% tacaíocht d’Acht Gaeilge.
Tá fáil ar thorthaí an tsuirbhé ina iomláine agus físeán le fáil ar www.meoneile.ie.
Feachtas Meánscolaíochta Dhoire chun tosaigh ag Mórshiúl Lá Bealtaine
Bealtaine 7, 2014
Beagnach míle duine idir cheardchumainn agus ghrúpaí feachtais a ghlac páirt i Mórshiúl Lá Bealtaine i gcathair Dhoire.
Bhí an feachtas ar son soláthar meánscolaíochta sa chathair mar chuid de mhórsiúl na bliana seo.
Tuigtear do Mheon Eile gur bhronn coiste comhairliúcháin na Roinne Oideachais tuarascáil faoi sholáthar féideartha na meánscolaíochta i gcathair Dhoire ar an Aire Oideachais an tseachtain seo caite.
Dúirt Ionadaí na Roinne le Meon Eile go bhfuil torthaí na tuarscála á scrúdú ag an Aire faoi láthair.
Féach an físeán ar www.meoneile.ie.
Lá Idirnáisiúnta Dathadóireachta
Bealtaine 6, 2014
Inniu Lá Idirnáisiúnta Dathadóireachta na bPáistí.
Tugann an lá seo deis do pháistí i ngach cearn den domhan rudaí a dhathú isteach leis an domhan a dhéanamh níos dathúla.
Thug Meon Eile cuirt ar Cuibhreannas Cúram Leanaí Ard Mhacha Theas le fáil amach faoi na himeachtaí atá ar bun acu faoi choinne an lae speisialta seo.
Féach an físeán ar www.meoneile.ie
Réiteach geallta ar cheist na méanscolaíochta i nDoire
Márta 25, 2014
“Tá mé dóchasach go mbeidh réiteach ar cheist na meánscolaíochta i gcathair Dhoire go luath.”
Thug Caoimhín Ó Peatáin, Cathaoirleach Chomhairle na Gaelscolaíochta, an méid seo le fios ag é ag caint le linn Chomhdháil na Comhairle i gColáiste Feirste.
Dúirt Míchéal Ó Duibh, Príomhfheidhmeannach CnaG, le Meon Eile go bhfoilseofar tuarascáil faoin soláthar méanscolaíochta ó thuaidh faoi cheann coicíse.
Ba é ‘Gaeloideachas ag gach páiste’ a bhí mar théama ag comhdháil na bliana seo.
D’fhiosraigh Meon Eile pleananna forbartha na héarnála don tréimhse amach anseo. Féach an físeán ar www.meoneile.ie.
Líofa 2015 ag druidim Sheachtain na Gaeilge
Márta 24, 2014
Tháinig deireadh le Seachtain na Gaeilge i bhfoirm cheolmhar i Stormont le hoíche cheoil agus siamsaíochta, eagraithe ag Líofa 2015.
Chuir an tAire Carál Ní Chuilín fáilte roimh an tslua, agus i measc na gceoltóirí bhí Nodlaig Brolly agus Scoil Ruaidhrí Dall, Brian Mullen agus JJ Ó Dochartaigh le hamhrán a scríobh sé go speisialta do Líofa.
D’fhreastail Meon Eile ar an ócáid chun cuid den atmasféar a bhlaiseadh…
Tá Líofa ag dul ó neart go neart ó bunaíodh í 2011 í. Baineadh an chéad sprioc de 1,000 duine a chlárú amach, agus ardaíodh go 2,015 duine é.
Táthar anois ag meas go bhfuil beagnach 6,000 duine cláraithe le Líofa, agus tá an sprioc anois ardaithe acu go 10,000.
Is féidir cur leis seo go fóíll agus clárú ar shuíomh Líofa chun “gealltanas pearsanta a thabhairt go gcuirfidh tú snas ar do chuid Gaeilge agus go mbainfidh tú úsáid aisti le dul i dtreo na líofachta faoin bhliain 2015.”
Féach an físeán ar www.meoneile.ie
An Gaelachas: An féidir é a shábháil?
Márta 12, 2014
Eoin Ó Murchú
Tráth dá raibh, bhí Éire ar fad ina Gaeltacht, agus bhí brí shimplí bhunúsach ag an bhfocal ‘Gaelachas’: bhain sé leis an gcultúr, an tsaíocht agus an tsibhialtacht choiteann a bhí ag na tuatha éagsúla a roinn an tír seo eatarthu féin.
Tharla ionraí éagsúla – Lochlannaigh, Normannaigh is eile – ach glacadh isteach sa nGaelachas iad gur thosaigh ríocht Shasana ag iarraidh an tír a chur faoi chois is lucht coilínigh a thabhairt isteach – as Sasana agus as Albain.
I ndiaidh a chéile rugadh comhphobal nua, Éireannach ag a raibh trí fhoinse, i bhfocail Wolfe Tone: Catholic, Protestant and Dissenter, nó bundúchasach Gaelach, Sasanach agus Albanach.
B’iad na bundúchasaigh an tréith ba líonmhaire den chomhphobal nua, agus is iad i gcónaí.
Is léir go bhfuil an Gaelachas – an teanga, an ceol, an fhealsúnacht thraidisiúnta – mar ghné aitheanta den fhoinse seo. Ach ba bhotún é a cheapadh nach mbaineann an Gaelachas leis an gcuid eile.
Ar an gcéad dul síos, ar ndóigh, ní hamháin gur thug na hAlbanaigh a leagan den teanga Bhéarla isteach leo – a bhfuil a rian le fáil san Ultais a bhfuil iarsmaí de ar fáil anseo is ansiúd, ach thug cuid mhaith acu Gaeilge leo freisin.
Mar shampla, agus tá sé seo léirithe ag Breandán Ó Buachalla nach maireann (I mBéal Feirste Cois Cuain), agus ag Pádraig Ó Snodaigh (The Hidden Ulster), bhí Gaeilge dhá labhairt go fairsing i nGallobha nó Gall-Ghaidheal, an ceantar cóngarach d’Éirinn arbh as dó roinnt mhaith de na coilínigh a tháinig go hÉirinn, suas go lár an 17ú céad.
Cinnte, tá’s againn go raibh cumas sa nGaeilge riachtanach san eaglais Phreispitéireach (an eaglais Albanach) fiú i gcontae an Dúin sa 16ú is 17ú céad. Is in 1808 a d’fhoilsigh an ministir Preispitéireach William Neilson a bhunleabhar Gaeilge le cabhrú le ministrí a raibh Gaeilge riachtanach dóibh.
(Is fiú a thabhairt faoi ndeara go bhfuil Gaeilge an leabhair seo níos cóngaraí do Ghaeilge eile na hÉireann ná mar atá do Ghàidhlig Inse Gall).
Níl an ceangal leis an nGaeilge chomh láidir dóibh siúd as traidisiún Anglacánach, ach tá focail agus nós cainte na nGael fite fuaite i gcaint na ndaoine, sa gceol agus sa stíl amhránaíochta.
Ann féin, ar ndóigh ní bhaineann an teanga nó an Gaelachas le scarúnachas ná neamhspleáchas. Sin seasamh polaitiúil bunaithe ar thuiscint na ndaoine faoin gcaoi is fearr lena gcúrsaí féin a riaradh.
Agus tá sé le feiceáil go bhfuil an Bhreatnais níos láidre sa Ríocht Aontaithe – in ainneoin cur faoi chois stairiúil – ná mar atá an Ghaeilge sa stát neamhspleách mar dhea ó dheas.
Is mó stádas na Breatnaise agus meas oifigiúil ar an teanga ansin ná mar atá ar an nGaeilge ó dheas, gan a bheith ag caint faoin naimhdeas a léirítear don teanga go polaitiúil ó thuaidh – in ainneoin Chomhaontú Chill Rímhinn.
Mar sin féin, nuair a labhrann muid inniu faoi ‘Ghaelachas’, is í an teanga agus an ceol a théanns leis is mó a thaganns chun aigne dúinn.
Mhínigh an réabhlóidí clúiteach Máirtín Ó Cadhain siar sna 60í nach raibh suim a thuilleadh ag stát na 26 Contae sa nGaeilge má bhí an Stát ó thuaidh naimhdeach di ar fad. Ach, dúirt sé, ag deireadh thiar is marfaí neamhshuim ná naimhdeas ar bith!
Feicfimid inniu an chaoi a bhfuil an stát sásta labhairt faoi thábhacht na Gaeilge, ach nach bhfuil siad sásta aon rud a dhéanamh ar son na teanga, is go bhfuil siad sásta fiú a gcuid dlíthe is bunreacht a chur ar leataobh le cearta a dhiúltú do lucht na Gaeilge. Ar ndóigh is ar an ábhar sin a d’éirigh Seán Ó Cuirreáin as mar Choimisinéir Teanga.
Ní nach ionadh mar sin nach bhfuil an rialtas reatha ó dheas sásta rud ar bith a dhéanamh le brú a chur ar na páirtithe aontachtacha nó ar rialtas na Breataine fírinne a dhéanamh de na geallúintí faoi Acht Teanga don Tuaisceart a aontaíodh i gCill Rímhinn.
Tá sé ráite chomh minic sin go bhfuil an Ghaeilge ar tí bás d’fháil nach bhfuil éifeacht anois leis an ráiteas. Ach tá an teanga ag meath sa nGaeltacht fiú má tá fás uirthi taobh amuigh.
Má chailltear Gaeilge na Gaeltachta caillfear fíor-shaibhreas na teanga, caillfear an ceangal leis an gcéad a bhí romhainn, agus caillfear fíor-dhóchas na teanga.
Cén fáth an meath?
Tá an eisimirce ag imirt a róil i gcónaí, is tá cainteoirí dúchasacha Gaeilge chomh fairsing i mBostún, i bhPhiladelphia, i Nua-Eabhrac is i Hudersfield agus atá in Éirinn féin. Ach tá difear mór ann: ní thugtar an teanga don dara glúin go hiondúil.
Feiceann aos óg na Gaeltachta na fíricí seo, agus feiceann siad nach bhfuil meas ag an stát oifigiúil orthu nó ar a dteanga.
Le blianta bhí gluaiseacht na Gaeilge – má ba ghluaiseacht í – ag brath ar an measúlacht, ag brath a bheith mar chuid den aos rialaithe. Ach ba chur i gcéill an dearcadh sin.
Má fhaigheann an Ghaeilge bás sin deireadh leis an náisiún stairiúil Éireannach a raibh an Ghaeilge mar chuid lárnach di riamh. Sin a dúirt an Piarsach.
Ach cá bhfuil tionchar na Gaeilge sa saol polaitiúil? An gcaithfidh polaiteoirí dearcadh lucht na Gaeilge a chur san áireamh nuair a thógann siad cinntí faoi infheistíocht, faoi chultúr, faoi oideachas nó faoi chearta?
Nó an pobal ciúin measúil béasach muid a ghlacfadh le grabhróga ar bith ó bhord na n-uasal, uasail ar ndóigh a dhíríonn a n-aird ar an Eoraip níos mó ná ar Éirinn féin.
Céard is Gaelachas ann mar sin?
Nós seanchaite nach bhfuil todhchaí aige, nó spreagadh reatha seanbhunaithe a thabharfas dúshlán na polaitíochta ó deas is ó thuaidh?
Ní mise a fhreagrós an cheist sin ach sibhse.
Feachtas ar son meánscoile i gcathair Dhoire
Feabhra 24, 2014
Leathchéad duine a d’fhreastail ar chruinniú i gcathair Dhoire le feachtas a thosnú ar son meánscoil Ghaeilge a bhunú sa chathair.
Níl soláthar meánscolaíochta sa chathair ó cuireadh críoch le Coláiste Cholmcille in 2008. Trí ghaelscoil atá i nDoire féin agus tá dhá cheann eile sa cheantar máguaird
Léirigh tuismitheoirí a míshástacht le linn an chruinnithe faoin easpa dul chun cinn atá déanta ag an Roinn Oideachais agus Comhairle na Gaelscolaíochta faoin cheist.
Bunaíodh coiste le hagóidí agus picéid a reáchtáil sa tréimhse amach anseo le haird a tharraingt ar an ábhar.
Dúirt Ionadaí na Roinne Oideachais le Meon Eile “…má léirítear éileamh soiléir d’iar-bhunscolaíocht trí Ghaeilge i nDoire go mbunófar Oideachas trí Ghaeilge faoi réir an airgid ar fáil agus an fhormheasa chuí.”
Chuir an tAire Oideachais John O’Dowd grúpa comhairliúcháin ar bun le féidearthachtaí meánscolaíochta inbhuanaithe a fhiosrú ó thuaidh i Lúnasa 2013.
Tá an grúpa le tuairisc agus moltaí a chur faoi bhráid an Aire Oideachais ag deireadh na míosa seo.
Ceithre bhall atá sa ghrúpa comhairliúcháin; An Saineolaí Oideachais Helen Ó Murchú, Pól McAlister ó Chigireacht Oideachais agus Oiliúna, Mícheál Ó Duibh ó Chomhairle na Gaelscolaíochta agus Paul O’Doherty ó Chomhairle na Scoileanna Caitliceacha faoi Chothabháil.
Féach an físeán ar www.meoneile.ie
Tóin ag titim amach as an Ghaeilge mar ábhar GCSE
Lúnasa 27, 2013
Ciarán Dunbar
310 dalta a rinne staidéar ar an Ghaeilge don A-Leibhéal i mbliana, thuas ó 304 dhalta anuraidh. 1,936 a rinne staidéar uirthi don GCSE, arís méadaithe ón bhliain seo caite.
Más scéal maith é sin ar an chéad amharc, is ábhar mór buartha do phobal na Gaeilge sna Sé Chontae é an meath leanúnach atá ar an Ghaeilge mar ábhar GCSE.
Is ionann an GSCE a bheag nó a mhór agus an Teastas Sóisearach sa Phoblacht. Ní féidir comparáid fhurasta a dhéanamh idir an scrúdú ‘A-Leibhéal’ agus an Ardteist áfach ar an ábhar nach dtugtar ach faoi thrí ábhar agus go ndéantar iad sa seachtú bliain ar an mheánscoil de ghnáth, nuair a bhíonn an dalta 18 bliana d’aois.
Rinne 310 duine ‘GSE Irish’ (A-Leibhéal) i mbliana, 249 acu sin i scoileanna.
Arís, má tá cuma scanrúil ar an líon sin ar an chéad amharc ach níl sé chomh dona sin nuair a chuirtear i gcomparáid é leis an líon a rinne an Fhraincis, 482; an Ghearmáinis, 77; ná an Spáinnis, 436. Ar ndóigh, ní dhéantar an Ghaeilge i scoileanna stáit sa Tuaiscirt – mar sin níl aon fháil ar an Ghaeilge ag idir 40% agus 50% den phobal.
304 a rinne an Ghaeilge don Ard-Leibhéal i 2012, 328 i 2011, 352 i 2010, 339 i 2009, 249 i 2008. Maidir leis an leibhéal ‘AS’ (scrúdú a dhéantar san idirbhliain idir GCSE agus Ard-leibhéal de ghnáth agus a ndéantar cur síos air go minic mar ‘leath’ Ard-Leibhéal) rinne 374 dhalta an Ghaeilge i mbliana, titim ó 431 anuraidh. Rinne 385 an scrúdú AS i 2011, 406 i 2010, 163 i 2009 agus 381 i 2008.
Ar an iomlán tá na huimhreacha seo seasmhach go leor.
Chan ionann an scéal maidir leis an scrúdú GSCE áfach.
1,936 san iomlán a rinne ‘Irish’ (Is ábhar eile í ‘An Ghaeilge’ sa Tuaisceart, féach thíos) i mbliana, 1,829 acu sin i scoileanna. Is méadú é sin ón 1,737 a rinne ‘Irish’ i 2012, dul chun cinn go cinnte.
Ach léiríonn na staitisticí ó na blianta roimhe scéal eile.
Rinne 2,052 ‘Irish’ i 2011, 2,068 i 2009, 2,305 i 2008 agus 2,665 i 2007.
Sin titim thubaisteach agus leanúnach agus tá imní léirithe ag gníomhairí Gaeilge agus ag múinteoirí Gaeilge le ‘Meon Eile’ agus sna meáin shóisialta.
Rinne 144 ‘An Ghaeilge’ i mbliana, is scrúdú é seo atá dírithe orthu siúd atá ag freastal ar Ghaelscoil nó a bhfuil an Ghaeilge ó dhúchas acu.
Rinne 143 ‘an Ghaeilge’ i 2012, 121 i 2011, 133 i 2010, 110 i 2009, 128 i 2008, 100 i 2007.
Mar sin de, tá líon na ndaltaí ag déanamh an scrúdú ‘Gaeilge’ ag feabhsú go mall ach go leanúnach, méadú é sin a bhfuil dlúthbhaint aige le fás na Gaelscolaíochta.
Tuairim mhúinteora
Maidir leis an GSCE ‘Irish’, níl an Ghaeilge ina haonar, tá meath ar theangacha mar ábhar scoile i gcoitinne ag an leibhéal seo, a mhínigh Daithí Ó Muirí, múinteoir Gaeilge in Ardscoil Naomh Pól, ar an tSruthán in Ard Mhacha Theas..
“Is ábhar mór buairimh dúinn go léir líon na scoláirí atá ag roghnú Gaeilge faoi láthair. Tá titim thubaisteach i líon na scoláirí atá ag roghnú teangacha ar scoil ó rinneadh iad a dhífheidhmiú ón churaclam i 2006, agus ó íslíodh an stádas s’acu in eochairchéim a trí,” a dúirt sé.
“D’fhéadfadh seo a bheith conspóideach ach ní léir dom go bhfuil an cath caillte ar fad. Tá gá le hathnuachan sa chur chuige a bhíonn in úsáid sa seomra ranga s’againne sa lá atá inniu ann. Ní mór dúinn an Ghaeilge a lonnú sa saol ina bhfuil ár gcuid scoláirí ina gcónaí ann agus a dhéanamh cinnte nach n-amharctar uirthi mar iarsma nó mar rud nach mbaineann leis an nua-aois.
“Is múinteoirí iontach cruthaitheach agus samhlaíoch iad na múinteoirí Gaeilge ó Thuaidh, go háirithe nuair a bhíodh orainn feidhmiú gan na háiseanna cearta bheith againn agus gan an tacaíocht chuí ón rialtas.
“Má táimid ag gabháil a tharrtháil an Ghaeilge sa chóras oideachais s’againne gan a thuilleadh mhoille – ní mór dúinn amharc ar an dóigh a gcuirtear an teanga i láthair an fhoghlaimeora agus na modhanna múinte a bhíonn in úsáid againn,” ar seisean.
‘Gaelfheachtas’ de dhíth
“Is ábhar buairimh é cinnte dúinn mar Ghaeil nach bhfuil an oiread sin scoláirí ag roghnú Gaeilge ar scoil. Fiú sa scoil ina bhfuil mé féin ag teagasc tá titim bheag feicthe againn le 3-4 bliana anuas sna daltaí a roghnaíonn Gaeilge don GCSE ach buíochas le Dia níl mórán d’athrú ar na huimhreacha a phiocann Gaeilge don AS nó A2,” a deir Dessie Tennyson, Ceann Roinne na Gaeilge, Scoil na Mainistreach, an tIúr.
“Is ábhar imní é seo dúinn uilig. In ainneoin gur tugadh aitheantas oifigiúil don Ghaeilge mar theanga oifigiúil na hEorpa ní fheiceann roinnt scoláirí ná a dtuismitheoirí tábhacht leis an Ghaeilge.
“Is dóigh liom go bhfuil ‘Gaelfheachtas’ de dhíth do scoláirí agus a dtuismitheoirí le bród sa Ghaeilge a chothú,” ar seisean.
Torthaí Maithe Choláiste Feirste
Maidir leis na torthaí GCSE i gcoitinne, d’éirigh le formhór de dhaltaí Choláiste Feirste, Tuath na bhFál, Béal Feirste, an t-aon mheánscoil lánGhaeilge neamhspleách sna Sé Chontae, d’éirigh leo ar a laghad an tagarmharc de 5 GCSE A*- C a bhaint amach.
Tá Coláiste Feirste i measc na scoileanna ilchumasacha is fearr sna Sé Chontae, iad sa 7ú áit dar le tuairisc san ‘Irish News’ le déanaí. Ní raibh ach meánscoil amháin (nach scoil ghramadaí í) chun tosaigh ar Choláiste Feirste i mBéal Feirste, sin St. Louise’s.
“Is léir go ndeachaigh an obair iontach a bhí á déanamh ag na daltaí agus foireann na scoile, gan trácht ar thacaíocht na dtuismitheoirí, go mór i bhfeidhm ar bhaint amach na gcailíochtaí; gráid mhaithe a baineadh amach thar réimse leathan ábhar.
Tá muid ag dúil le fáilte mhór ar ais a chur roimh na daltaí agus iad ag leanstan ar aghaidh le hoideachas trí mheán na Gaeilge,” a dúirt Mícheál Mac Giolla Ghunna, príomhoide na scoile i ráiteas an tseachtain seo caite.
Dea-Scéal sna Glinntí
Agus fá dheireadh, tá éacht déanta ag cailín óg i nGlinntí Aontroma óir tá A* bainte amach san A-Leibhéal ag Luíseach Mathers, nach bhfuil ach 14 bliain aici.
Iardhalta de chuid Bhunscoil an Chaistil í Luíseach Ruadh agus is iníon le Réamaí agus Sinéad Mathers í.
“Tá sinn an-bhródúil aisti mar chailín óg 14 bliain d’aois atá in ann A* an bhaint amach,” a dúirt a hathair, Réamaí Mathers le ‘Meon Eile’.
“Ach níos tábhachtaí ná sin go bhfuil sí bródúil féin as a dúchas, as a dúiche agus as a teanga a labhairt mar chuid lárnach dá saol.”
As an 11 páiste i rang a seacht i nGaelscoil an Chaistil, Baile an Chaistil, bhain ceathrar acu A* agus bhain an seachtar eile A amach, éacht eile gan amhras.
[Scrúduithe sa samhradh amháin atá i gceist leis an alt seo]
www.meoneile.ie