Méid an Téacs

Cúntóir riachtanas speisialta páirtaimseartha ag teastáil i Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua

Bealtaine 31, 2012

Tá cúntóir riachtanas speisialta páirtaimseartha ag teastáil i Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

Iarratais:

Seol CV agus litir mholta chuig:
An Chathaoirleach
Scoil Mhic Dara,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe

Spriocdháta: 6 Meitheamh 2012

Túsdáta: 3 Meán Fómhair 2012

Cuirfear painéal le chéile d’iarrastóirí chun aon fholúntas eile a líonadh i rith na bliana.

Scéalta ó Ghaelscoil Chaladh an Treoigh

Bealtaine 31, 2012

Bog Stop
Chuaigh rang V i nGaelscoil Chaladh an Treoigh ar thuras go dtí an Dubhlann i cathair na Gaillimhe ar an Luan 21/05/2012. Glac siad páirt sa sraith teilifíse Bog Stop agus d’éirigh go hiontach leo ann. Bhí 6 iomaitheoir ón rang ag freagairt ceisteanna ar an ‘Zón’ agus bhí na páistí eile sa lucht féachana. Bhaineamar an-taitneamh as an lá agus táimid ag tnúth go mór leis an sraith a fheiceáil ar an teilifís am éigin i 2013.

RITH 2012
Bhain Gaelscoil Chaladh an Treoigh páirt i rith 5km i bPáirc Mhóin a Lín an Aoine seo caite (11ú Bealtaine). Rinne gach páiste iarracht idir 1 – 5km a rith. Ghlac na múinteoirí agus cúpla tuismitheoir páirt freisin. Bhailigh na daltaí airgead i gcomhair an scoil nua. Bhí an t-ádh linn leis an aimsir. Ní raibh scamall san spéir fad is a bhí gach duine ag rith. Bhain gach duine an–taitneamh as an tráthnóna. Thug na tuismitheoirí deochanna do na reathaí agus iad ag dul timpeall. Bhí ceol ann agus bhí fonn rith ar gach duine. Tháinig cuairteoirí speisialta, Clár Ní Chonchubhair agus Séamus Hickey, chun an rith a fheiscint. Imríonn Clár Ní Chonchubhair le foireann camógaíochta Loch Gorman. Is imreoir den scoth í. Bhuaigh sí dhá bhonn ‘All Star’ – an chéad cheann i 2010 agus an dara cheann i 2011. D’oibrigh Clár mar mhúinteoir san scoil seo blianta ó shin.Imríonn Séamus Hickey ar foireann iománaíochta Luimní agus fuair sé duais speisialta ‘Vodafone Young Player of the Year’ i 2007. Is lúth-chleasaí an-cumasach é.Bhronn siad teastas ar na daltaí agus bhí áthas an domhain ar gach éinne a bhuail leo. Bhí go leor dalta ag iarradh síniú a fháil ó na imreoirí cáiliúla!

New Course for Maths Teachers

Bealtaine 31, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Harkin launches Scholastic Languages 2012

Bealtaine 31, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Gairmscoil Chú Uladh – Blitz Peil Ghaelach

Bealtaine 30, 2012

Ar an tríú lá de Bhealtaine, 2012 bhí comórtas peil ghaelach ar siúl i nGleann Fhinne.  Dhá chomórtas “naonúr-an–taobh” a bhí ann, ceann do na gasúir agus ceann do na girseacha sa chéad bhliain.  Ghlac ceithre scoil páirt ar an lá, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, PCC An Falcarrach, Finn Valley agus Gairmscoil Chú Uladh, Béal an Átha Móir.

D’imir na foirne roinnt peil iontach ar an lá agus bhí an aimsir go hálainn.  Rinne achán scoil iarracht mhór Gaeilge a labhairt lena chéile.  Chabhraigh beirt ón cheathrú bliain leis an
réiteoireacht agus rinne siad job maith.  Tar-éis na gcluichí bhí go leor bia agus deochanna ar fáil sa clubtheach.

Bhí an bua ag na gasraí as Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus an bua ag na girseacha as Gairm scoil Chú Uladh.  Bhí boinn ar fáil do na buaiteoirí agus fosta do na foirne a bhí sa dara háit.
Bhain gach duine sult as an lá.

An Máistir Ó Gallachóir,
Gairmscoil Chú Uladh.

Múinteoir Béarla ag teastáíl ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin

Bealtaine 30, 2012

Tá múinteoir Béarla ag teastáil ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe.

Fáilteofar roimh iarratais do phost ionadaíochta don scoilbhliain 2012/2013 (14 uair, saoire mháithreachais) le héifeacht ón 12ú Meán Fómhair 2012.

Cáilíochtaí: De réir mheamram na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Iarratais:

Glacfar le hiarratais ar na foirmeacha oifigiúla atá le fáil ó:
Seosamh Mac Donncha
Rúnaí an Bhoird Bhainistíochta
Oifigí an Choiste Gairmoideachais,
Coiléar bán, Baile Átha an Rí,
Co. na Gaillimhe

Is é an dáta deireanach d’iarratais a bheith faighte (sa phost nó trí sheachadadh láimhe amháin) ná roimh 4.00i.n. ar an 6ú Meitheamh 2012.
Tionólfar agallaimh don phost thuasluaite ar an 14ú Meitheamh, 2012.

Tabhair faoi deara nach nglacfar le hiarratais ar bith i ndiaidh an spriocdháta, go bhféadfadh gearrliostú a bheith i gceist agus go ndícháileofar éinne a dhéanann canbhasáil.

Tuilleadh eolais: 091-874535 nó mnimhainnin@cogalvec.ie.

Scoil Ghaeltachta í Scoil Chuimsitheach Chiaráin ina ndéantar an teagasc iomlán tré Ghaeilge.

Is fostóir comhionannais Scoil Chuimsitheach Chiaráin.

Foilsithe ar Gaelport.com

Coláiste Pobail Osraí – Turas go Bhéal Feirste

Bealtaine 30, 2012

Rinne 47 daltaí ó Choláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh cuairt a thabhairt ar Meánscoil Feirste ar an 10ú Meitheamh.  Baill de Choiste Gaeilge na scoile a bhí i mic léinn Chill Chainnigh agus eagraíodh an turas chun go gcuirfeadh siad aithne ar Ghael óga eile.  Roimh dúinn an cuairt a thabhairt ar na mic léinn Feirsteacha, d’fhreastail ár ndaltaí ar “Black Cab Tour” chun tuiscint níos doimhne a fháil ar an gcomhthéacs ina mhaireann na Gael óga thuas ansin.  Ina dhiaidh sin, ag meán lae rinne muid lón a glacadh i gcomhluadar na mic léinn Feirsteacha agus ina dhiaidh bhí lá scléip eagraithe dúinn.  Bhí cluichí cispheile agus ‘dodgeball’ ann idir na daltaí agus cluiche ‘dodgeball’ idir na múinteoirí féin fiú amháin.  Ní nach ionadh b’fhéidir gur tugadh léasadh cheart dos na Deisceartaigh.  Bhíomar ana shásta ar fad leis an chaoi a raibh na daltaí ag meascadh agus ag baothchaint.  Ar an mbus abhaile bhí mórlucht na ndaltaí ag triail canúint Feirsteach a chur ar a gcuid caint.  Tá sé eagraithe againn go dtabharfaidh na hUltaigh cuairt orainn an bhliain seo chugainn.

Aitheantas buan do Ghaelcholáiste Chill Dara

Bealtaine 30, 2012

Tá aitheantas buan bronnta ag an Roinn Oideachais ar Ghaelcholáiste Chill Dara.

D’oscail an mheánscoil sa Nás i 2003 le naonúr daltaí agus fuair siad aitheantas sealadach i 2004.  Beidh suas le 200 dalta ag freastal ar an scoil i mí Mheán Fómhair 2012.

“Is cinneadh fíorthabhachtach é seo a thugann aitheantas don éileamh ollmhór atá ar fud fad na tíre d’oideachas lánGhaeilge.” arsa Ard-Rúnaí an Fhorais Phátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra.  “Tá an t-éileamh seo ag méadú gach uile bhliain agus go háirithe ag an dara leibhéal mar nach bhfuil a dhóthain soláthair ann.”

“Ba mhaith linn comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le gach duine atá bainteach leis an scoil a chinntigh ó bunaíodh é gur scoil den chéad scoth a bheadh ann.

Beidh scoileanna lánGhaeilge dara leibhéal faoin bhForas ag súil go mbeidh an cinneadh céanna a dhéanamh ag an Roinn Oideachais gan mhoill ar stádas a n-aitheantas féin, arsa Ó hEaghra.

“Tá buíochas ag dul don Roinn Oideachais as ucht a aithint go bhfuil an t-éileamh seo ann d’oideachas lánGhaeilge.  Tá an dá scoil dara leibhéal de chuid an Forais Phátrúnachta, Meánscoil Gharman agus Gaelcholaiste Phort Láirge, fós ag feitheamh ar an dea-scéal céanna.”

Tá iarratais déanta ag an bhForas ar phátrúnacht le haghaidh ceithre scoil lánGhaeilge a bheidh lonnaithe i mBaile Brigín agus i nDún Droma i mBaile Átha Cliath, i gCarraig Uí Leighin i gCorcaigh agus iarratas faoi leith curtha isteach ar ghaelcholáiste do Mhaigh Nuad i gCill Dara.

D’éirigh leis an gcéad trí iarratas ach dhiúltaigh an Roinn Oideachais d’iarratas Mhaigh Nuad in ainneoin go raibh liosta éilimh a raibh níos mó ná 580 ainm bailithe leis ag iarraidh Gaelcholáiste sa cheantar.

www.gaelsceal.ie

Spriocdháta d’iarratais do Chlár an Bhrait Buí ar an 31 Bealtaine!

Bealtaine 30, 2012

Cláraigh anois do Chlár an Bhrait Buí a bheidh ar siúl ó Meán Fómhair 2012 go Meitheamh 2013.

Tá  Gluaiseacht Taistealaithe na hÉireann ag iarraidh scoileanna nua a earcú a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh i gClár an Bhrait Buí sa tréimhse Meán Fómhair 2012 go Meitheamh 2013. Cuireann an clár comhionannas agus éagsúlacht chun cinn sna scoileanna. Tá tuilleadh eolais ar Chlár an Bhrait Buí ar fáil ar an láithreán gréasáin www.yellowflag.ie.

Bhí 3 ghaelscoil páirteach sa scéim anuraidh; Gaelscoil Riabhach, Co. na Gaillimhe, Gaelscoil an Bhradáin Feasa, Co. na Mí agus Gaelscoil Mhichíl Cíosóg, Co. an Chláir. Ba mhór le Gluaiseacht Taistealaithe na hÉireann níos mó scoileanna lán-Ghaeilge a mhealladh le páirt a ghlacadh ann. Tá lámhleabhar na scéime ar fáil i nGaeilge buíochas le tacaíocht ó COGG agus is féidir é a íoslódáil anseo: http://www.yellowflag.ie/images/misc/Irish_Travellers_v7_Irish.pdf.

Tá oiliúnóirí le Gaeilge ar fáil leis na ceardlanna a dhéanamh le scoileanna agus le tuismitheoirí chomh maith.

Tá foirmeacha iarratais ar fáil le híoslódáil ó láithreán gréasáin nua www.yellowflag.ie. Is é an dáta deiridh d’iarratais 31 Bealtaine, 2012, ach más mian leat fiú do spéis a léiriú ann thar ceann na scoile tá gach fáilte romhat teagmháil a dhéanamh le Paula Madden ar ríomhphost yellowflagprogramme@gmail.com nó ar 01 6796577.

Irish Traveller Movement
4-5 Eustace Street, D2
Tel: 01 6796577 or 0872410258

Campaí Samhraidh ar fud na tíre

Bealtaine 29, 2012

Is gearr go mbeidh scoileanna ar fud na tíre ag dúnadh don samhradh ach beidh deiseanna ag daltaí óga feabhas a chur ar a gcuid scileanna Gaeilge ag campaí samhraidh ar fud na tíre.

Feachtas
Lártíre-beidh Feachtas ag eagrú campa samhraidh do dhaltaí idir 10 agus 15 bliana d’aois i  gcoláiste Naomh Fhinín sa Mhuileann gCearr i mí Iúil.

Beidh an campa samhraidh ar siúl ón 9 -13 Iúil agus beidh réimse leathan imeachtaí ann i rith na seachtaine mar shampla drámaíocht, ealaín, amhránaíocht agus spóirt éagsúla.

Tá tríocha spás ar an gCampa Samhraidh agus tá costas €70 an duine air. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Fheachtas ar 01 672 25940

Ógras
Ar fud na tíre-Tabharfar an deis do pháistí níos óige freastal ar champaí samhraidh a bheidh ar siúl ag an óg-eagraíocht Ógras i rith an tsamhraidh.

Bíonn roinnt mhaith de na campaí seo ar siúl i gCúige Laighean agus bíonn campaí eile ar siúl i Maigh Eo, i nGaillimh, i dTír Chonaill, i gCiarraí agus i nDoire.

Beidh go leor imeachtaí éagsúla ar siúl le linn na gcampaí samhraidh – ina measc beidh cluichí Gaelacha, cispheil, peil, drámaíocht, ceol, céilí, comhrá, ealaín agus cluichí boird.

Óige na Gaeltachta
Dún na nGall: Beidh campa samhraidh á reáchtáil i nGleann Cholm Cille in Ionad CLG naomh Columba. Beidh an Campa ar siúl ón 10.00am-3.00pm Breis eolais le fáil ó Sheán ag 0872441842 nó Síle 0749532956

Connacht/Laighean: Beidh campaí samhraidh ar siúl ar 16 Iúil – 20 Iúil i dTuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo. Beidh an Campa ar siúl ón 10.00am-3.00pm Breis eolas uaidh: Joanne ag 087-9092543 nó 091-506014

Na Déise: Reáchtálfar campa eile sa Rinn ón 16 Iúil – 20 Iúil

Corcaigh: Beidh Campaí Samhradh na Mumhan ar siúl i mí Iúil agus i mí Lúnasa. Cuirfear tús leo i mBéal Átha an Ghaorthaigh an tseachtain dar tús 9 Iúil agus beidh campa samhraidh eile ar siúl ón 23 Iúil – 27 Iúil ar Oileán Chléire. Ina dhiaidh sin beidh dhá champa samhraidh i  gCúil Aodha  ón 30 Iúil go dtí 10 Lúnasa.

Ciarraí: beidh campa samhraidh i gCorca Dhuibhne ón 13 Lúnasa – 17 Lúnasa Beidh an Campa ar siúl ón 10.00am-3.00pm gach lá. Breis eolais ó Debra ag 026-65883

Foilsithe ar Gaelport.com

Next Page »