Méid an Téacs

Múinteoir Tacaíochta á earcú ag Gaelscoil Eois

Lúnasa 21, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá múinteoir tacaíochta á earcú ag Gaelscoil Eois. Conradh páirtaimseartha atá i gceist.

Caithfear foirm iarratais a sheoladh ar ríomhphost chuig michelenicb@gmail.com roimh an gcéad lá de mhí Mheán Fómhair.

Tosóidh an scoilbhliain ar an gceathrú lá den mhí céanna.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/91782.

Múinteoir ranga á earcú ag Gaelscoil an Mhuilinn

Lúnasa 21, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá múinteoir ranga á earcú ag Gaelscoil an Mhuilinn. Conradh sealadach atá i gceist.

Caithfear litir iarratais a sheoladh sa phost nó ar ríomhphost, maraon le foirm iarratais do mhúinteoirí, cv, reifrenn (ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite), cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir, gráid ón gcleachtadh teagaisc agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta  chuig muinteoircaroline1994@gmail.com nó chuig

Gaelscoil an Mhuilinn
Bóthar an Ághasaigh
An Muileann Cearr
Co.na hIarmhí.

Caithfear iarratais a sheoladh faoin gcéad lá de Mhean Fómhair agus tosóidh an scoilbhliain ar an gceathrú lá den mhí céanna.

Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má bhíonn aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir an phost sin a líonadh ón bpainéal sin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/91832.

 

Múinteoirí Ranga á earcú ag Scoil an Duinnínigh

Lúnasa 21, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá folúntais do mhúinteoirí ranga ar fáil le Scoil an Duinnínigh. Tá dhá conradh buan ar fáil agus conradh sealadach amháin.

Caithfear litir iarratais a sheoladh ar ríomhphost, maraon le foirm iarratais, cv, reifrenn (ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite), cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir, gráid ón gcleachtadh teagaisc agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Caithfear iarratais a sheoladh chuig foluntas@gmail.com roimh an 28ú lá de mhí Lúnasa. Tosóidh an scoilbhliain ar an gcéad lá de mhí Mheán Fómhair.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/91301.

Cúntóir Riachtanais Speisialta á earcú ag Gaelscoil Uí Earcáin

Lúnasa 21, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá Cúntóir Riachtanais Speisialta de dhíth ar Ghaelscoil Uí Earcáin i bhFionnghlas,
Baile Átha Cliath. Conradh buan atá i gceist. Is gá d’iarrthóirí iarratas a chur isteach faoin gceathrú lá fichead de Lúnasa agus tosóidh an scoilbhliain ar an 30ú lá den mhí.

Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má bhíonn aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir an phost sin a líonadh ón bpainéal sin.

Caithfear litir iarratais a sheoladh ar ríomhphost, mar aon le cv agus foirm iarratas do Chúntóirí Riachtanais Speisialta chuig priomhoideleah@gmail.com.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/90951.

Múinteoir Ranga á earcú ag Gaelscoil na Camóige

Lúnasa 21, 2017

 

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá folúntas do mhúinteoir ranga ar fáil le Gaelscoil na Camóige. Post buan atá i gceist, ag tosú ar an dara lá deag de mhí Mheán Fómhair.

Caithfear litir iarratais a sheoladh ar ríomhphost, maraon le foirm iarratais, cv, reifrenn (ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite), cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir, gráid ón gcleachtadh teagaisc agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Caithfear iarratais a sheoladh chuig gncamoige@gmail.com roimh an gceathrú lá de Mheán Fómhair.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh: https://www.educationposts.ie/post/view/91864.

Múinteoir Ranga á earcú ag Gaelscoil an Eiscir Riada

Lúnasa 10, 2017

gaelscoil_eiscir_riada200x200-1

 

 

 

 

 

 

Tá folúntas do mhúinteoir ranga ar fáil le Gaelscoil an Eiscir Riada. Post buan atá i gceist, ag tosú ar an 30ú lá de mhí Lúnasa.

Caithfear litir iarratais a sheoladh sa phost, maraon le cv, reifrenn (ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite), cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir, gráid ón gcleachtadh teagaisc agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Caithfear iarratais a sheoladh roimh an 23ú lá de mhí Lúnasa chuig;

Gaelscoil an Eiscir Riada,
Cluain Calga,
An Tulach Mhór,
Co. Úibh Fháilí

Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má bhíonn aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir an phost sin a líonadh ón bpainéal sin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh; https://www.educationposts.ie/post/view/90888 

Múinteoir Ranga a earcú ag Gaelscoil Lios na nÓg

Lúnasa 8, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá múinteoir ranga á earcú ag Gaelscoil Lios na nÓg don bhliain seo chugainn. Conradh bliana atá le líonadh. Scoil meascaithe, lán-Ghaeilge atá i Gaelscoil Lios na nÓg.

Caithfear litir iarratais mar aon le cv, reifreann( ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite), cóip de cháilíochtaí agus gráid an t-iarrthóir agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta a sheoladh ar ríomhphost chuig aine@gsliosnanog.ie. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an t-ochtú lá deag de mhí Lúnasa.

Bunscoil Chaitliceach faoi Fhoras Phátrúntachta na scoileanna lán Ghaeilge í Gaelscoil Lios na nÓg. Is í an Ghaeilge gnáth-theanga cumarsáide na scoile. Ní foláir d’iarrthóirí ardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa a bheith acu. Ní ghlacfar ach le hiarratais trí mhean na Gaeilge amháin. Is féidir liosta de iarrathóirí oiriúnacha a chur le chéile as a ndéanfaí folúntais sa todhchaí a líonadh laistigh de thréimhse ceithre mhí ó dháta an fógra seo.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh: https://www.educationposts.ie/post/view/90152.

Folúntas mar Múinteoir Ranga

Iúil 19, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá múinteoir ranga á earcú ag Gaelscoil Liatroma don bhliain seo chugainn. Conradh bliana atá i gceist. Scoil meascaithe, lán-Ghaeilge atá i nGaelscoil Liatroma.

Caithfear litir iarratais mar aon le cv, a sheoladh ar ríomhphost chuig gaelscoilliatroma@gmail.com. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an 28ú lá de mhí Iúil.

Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má bhíonn aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir an phost sin a líonadh ón bpainéal sin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh: https://www.educationposts.ie/post/view/88883.

Múinteoir ranga á earcú ag Gaelscoil Bhrian Bóroimhe

Iúil 18, 2017

GS Bhrian Boróimhe

 

 

 

 

 

 

 

 

Tá múinteoir ranga á earcú ag Gaelscoil Bhrian Bóroimhe don bhliain seo chugainn. Post buan atá le líonadh. Scoil meascaithe, lán-Ghaeilge atá i Gaelscoil Bhrian Bóroimhe.

Caithfear litir iarratais mar aon le cv, reifreann( ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite), cóip de cháilíochtaí agus gráid an t-iarrthóir agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta cóip a sheoladh ar ríomhphost chuig foluntais2017gsbb@gmail.com,. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an 4ú lá de mhí Lúnasa.

Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má bhíonn aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir an phost sin a líonadh ón bpainéal sin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh: https://www.educationposts.ie/post/view/88901.

Múinteoir ranga á earcú ag Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh

Iúil 18, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá múinteoir ranga á earcú ag Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh ar bhonn sealadach don bhliain seo chugainn. Scoil meascaithe, lán-Ghaeilge atá i Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh.

Caithfear litir agus foirm iarratais a sheoladh chuig iarratassud@gmail.com, mar aon le cóip de chlárúchán an t-arrthóir leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an 1d lá de mhí Lúnasa.

Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má bhíonn aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir an phost sin a líonadh ón bpainéal sin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh: https://www.educationposts.ie/post/view/88941.

Next Page »