Gaelscoil Mhic Amhlaigh is to move to the next stage of planning
Eanáir 28, 2010
Bua mór do Ghaelscoileanna
Eanáir 28, 2010
Is ábhar cheiliúradh agus faoiseamh é do Ghaelscoileanna na tíre, agus pobal na Gaeilge trí chéile, cinneadh an Aire Oideachais ciorclán a chuireadh bac ar chumas na scoileanna an luath-thumoideachais a chleachtadh a tharraing siar.
Ghlac an Roinn an cinneadh seo i ndiaidh tréimhse dianstocaireachta ó ghluaiseacht na Gaeilge, agus ach go háirithe i gcomhthéacs cás a bhí le teacht ós comhar na hArd-Chúirte an tseachtain seo. Is iad Gaelscoileanna Mhic Easmuin, Trá Lí, Ghaelscoil Nás na Rí, Co. Chill Dara agus an Foras Pátrúnachta a thóg an cás in aghaidh na Roinne agus san idirbheartaíocht a bhain leis an gcás thoiligh an Roinn costais cúirte na grúpaí seo a ghlanadh.
Tá súil ag Gaelscoileanna na tíre anois go dtabharfaidh an Roinn aghaidh ar na fadhbanna atá ag na scoileanna agus tacaíocht a thabhairt dóibh cur leis an gcóras luath-thumoideachais, córas atá aitheanta go hidirnáisiúnta mar dhea-chleachtas i leith múineadh teangacha agus go deimhin maidir le cúrsaí oideachais trí chéile.
Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha
28 Eanáir 2010
Buntáiste airgeadais, oideachasúla is sóisialta ag Cainteoirí Gaeilge – tuairisc
Eanáir 9, 2010
Tuilleann cainteoirí Gaeilge pá níos airde ná an chuid eile den phobail i gcoitinne, de réir tuairisc úr.
D’fhoilsigh beirt taighdeoirí as Ollscoileanna Uladh agus Luimnigh an tuairisc thuasluaite a fhógraíonn go bhfuil oideachas níos fearr ag cainteoirí Gaeilge i gcoitinne agus go bhfuil níos lú seans go mbeidh siad dí-fhostaithe ná siúd gan Gaeilge.
Is iad príomh-thorthaí na tuairisce a foilsíodh sa ‘Léirmheas Eacnamaíochta agus Sóisialta’ ná:
– Tá níos lú seans ag lucht labhartha na Gaeilge fostaíocht a fháil ná neamh-chainteoirí Gaeilge.
– Oibríonn 42% de chainteoirí Gaeilge i ngairmeacha sinsearacha, bainistíochta nó poist theicniúla i gcomparáid le 27% de neamh-chainteoirí.
– Níl ach 12% de cainteoirí Gaeilge i ngairmeacha leath-oilte nó neamh-oilte i gcomparáid le 20% de neamh-chainteoirí.
– Feictear go bhfuil líonra sóisialta teagmhálach ag cainteoirí Gaeilge agus go mbaintear tairbhe as na buntáistí go léir a théann le líonra den tsaghais sin.
Dar leis an tOllamh Vani K Borooah as Ollscoil Uladh: “Is é an rud ait faoi cainteoirí Gaeilge in Éireann ná go bhfuil cuid mhaith díobh nach labhraíonn an Ghaeilge ach go hannamh in ainneoin go bhfuil sí ar a dtoil acu, ach chruthaigh muid, ar chaoi éigin, go bhfuil buntáiste suntasach acu i margadh an lucht saothair “.
Bhain an fhoireann thaighde úsáid as sonraí ó Dhaonáireamh 2006 chun iniúchadh a dhéanamh bhuntáistí labhairt na Gaeilge do chainteoirí Gaeilge.
B’ábhair iontais dóibh go bhfuil méid suntasach buntáistí, cé gur teanga í nach labhraítear ró-mhinic lasmuigh den Ghaeltacht.
Dar leis an tuairisc, tá níos mó cosúlachtaí ann go bhfaighidh lucht labhartha Gaeilge poist le híocaíocht ard ná cainteoirí Béarla aonteangach.
I dtéarmaí cáilíochtaí, tá céim nó cáilíocht níos airde ag 25% de chainteoirí i gcomparáid le 14% de neamh-chainteoirí.
Níl ach 9% de chainteoirí le bun-cháilíocht nó gan aon cháilíocht i gcomparáid le 22% de neamh-chainteoirí.
Deir an tuairisc go bhfuil ról lárnach le himirt ag na scoileanna lan-Ghaeilge ag an dá leibhéil. Is iadsan go príomha a thugann deis d’fhoghlaimeoirí Gaeilge oideachas d’ard chaighdeán a bhaint amach.
Luann an tuairisc a fhoilsíonn an Irish Times go bliantúil faoi líon na ndaltaí ó gach scoil a théann ar aghaidh chuig oideachas tríú leibhéal. I 2009, d’fhreastail líon iomlán na ndaltaí i 22% de na scoileanna lán-Ghaeilge ag an iar-bhunleibhéal (Gaelcholáistí) ar chúrsaí 3ú leibhéal, i gcomparáid le 7% san earnáil Bhéarla.
Dúirt an tOllamh Borooah go mbaineann cainteoirí sa Phoblacht tairbhe suntasach as buntáistí sóisialta.
Thaispeáin an taighde gurb ionann na buntáistí fostaíochta do chainteoirí ar an dá thaobh den teorainn.
I dTuaisceart na hÉireann, dúirt siad gur Caitlicigh ar bharr an scála eacnamaíochta a bhaineann tairbhe as deis an Ghaeilge a fhoghlaim i gcoitinne.
Dúirt siad gurb é an chéad iniúchadh córasach a rinneadh faoi cheist bhuntáiste na Gaeilge do cainteoirí Gaeilge ar oileán na hÉireann.
Léigh an tuairisc ina iomláine anseo.
Gráinne Faller & Seán Flynn, An Irish Times 9ú Eanáir 2010