Méid an Téacs

Gaelscoil Átha Í – Ceardlann Drámaíochta

Bealtaine 28, 2010

Ar an Déardaoin, 22 Aibreán, chuaigh Rang a Ceathair as Gaelscoil Átha Í go Ceatharlach chun bualadh le Ranganna a Ceathair i nGaelscoil Eoghain Uí Thuairisc. Socraíodh go mbeadh na ceardlanna drámaíochta ann i dtosach báire agus an dráma é féin mar an chuid deireanach den lá. Thógamar 18 linn agus bhí thart ar 60 páiste ann ó Cheatharlach. Roinneamar na gasúir i ngrúpaí 20 nó mar sin agus thosaigh siad ag cur aithne ar a chéile. Ba dheis iontach é seo dóibh aithne a chur ar ghasúir eile trí mheán na Gaeilge agus na spéiseanna agus dúil céanna acu. Cé go raibh cuid mhaith díbh cúthaileach ag an tús, níorbh fhada a mhair sé sin!

Nuair a tháinig muintir Bhranair, tosaíodh ar na ceardlanna éagsúla. Sna ceardlanna, labhraíodh ar chúpla ábhar:

  • Maistíneacht ar scoil, sa bhaile, srl.
  • Conas déileáil le maistín
  • Féin-mhuinín
  • Féiniúlacht
  • Gníomhaíochtaí comhoibritheacha

I ndiaidh am lóin, cuireadh an dráma i láthair agus b’iontach an léiriú é. Bhí an t-ábhar an-fheiliúnach do na gasúir agus so-thuigthe. Thaitin na carachtair leo agus thuig na gasúir cad as a bhí siad ag teacht. Úsáideadh an “stáitse” ar bhealach an-ealaíonta agus bhí go leor samhlaíochta ag teastáil le brí iomlán a bhaint as. Thaitin sé go mór leo uile agus ina dhiaidh, pléadh cuid de na heachtraí uaidh, rud a thug seans do na gasúir an bhrí a bhain siad féin as a chur in iúl.

Anuas ar ábhar an lae, ba sheans iontach é do na gasúir bualadh agus súgradh le gasúir ó Ghaelscoil eile agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh i ngnáthshuíomh sóisialta agus cairdeas a chothú idir an dá dhream. Lá fiúntach, tairbheach agus taitneamhach!

Coláiste Cois Life – Tráth na gCeist

Bealtaine 27, 2010

Bhí ard-lá ag scoláirí na hIdirbhliana ó Choláiste Cois Life agus Coláiste Chilliain nuair a eagraíodh tráth na gceist ar an 26ú Márta i gColáiste Cois Life. Bhí ceathrar ar gach foireann, beirt ón dá scoil agus meascán deas cailíní is buachaillí. Bhí iomaíocht ghéar idir na foirne – iad ar bís duaiseanna luachmhara a bhuachan. Bhí gá le comhoibriú eatarthu agus dar ndóigh bhí níos mó ná freagraí á phlé! Deis iontach a bhí ann dóibh aithne a chur ar a chéile. Tá fíor-thábhacht ag baint le meascadh le scoláirí i nGaelscoileanna eile. Táimid an-bhuíoch an deis sin bheith ann.

Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa – Tráth na gCeist

Bealtaine 26, 2010

Dé hAoine, an ceathrú lá déag de Bhealtaine, bhí tráth na gceist mór againn sa scoil. Tháinig Rang 5 ó Ghaelscoil Charraig Uí Laighin chun páirt a ghlacadh sa quiz. Bhí na ceisteanna deacair. Bhí deich mbabhta (trí bhabhta le pictúirí san áireamh) le sé cheist i ngach ceann. Le timpeall cúigear ar gach fhoireann, bhí daoine ón dá scoil ag obair le chéile. Bhí eolas ag daoine áirithe faoi rudaí difriúla.

Tar éis an quiz bord, bhí criospaí, deochanna agus barraí seacláide ag gach éinne. Bhí na múinteoirí go hiontach. Nuair a d’imigh an scoil eile, ghlanamar suas an halla agus bhí sé in am dul abhaile ansin.

Bhí craic iontach againn an lá sin.

Gaelcholáiste Chill Dara – Turas

Bealtaine 25, 2010

Maidin Luain, 10ú Bealtaine, thug scór dalta sa dara bliain i nGael-Choláiste Chill Dara cuairt ar Cho. na Gaillimhe agus lá gnóthach rompu.  Ar shroichint Bhaile Átha an Rí dóibh, bhuaileamar isteach ar Chaisleán an bhaile.  Tógtha sa Mheánaois, tá an-stair ag an gcaisleán agus ag an mbaile seo i gcoitinne.  Chaith na daltaí éadaí ón tréimhse, chonaic siad na huirlisí pionóis ón am, ghlac siad páirt i ndráma beag agus ar deireadh bhí comórtas boghdóirechta!

As sin go Coláiste an Achréidh leo, áit a chaitheadar an tráthnóna le daltaí na scoile sin, i mbun spóirt, agus ag cothú caidris le Gaeil óga na Gaillimhe.  Ábhar iontais do na daltaí ón dá scoil an oiread cosúlachtaí atá ag an dá choláiste.

Ina dhiaidh sin, thug daltaí GCCD cuairt ar fheirm ar an taobh thiar de Bhéal Átha na Slua, áit ar bhailigh siad uibheacha lachan agus sicíní, ar bhleán siad bó, a chonaic siad gamhna á mbeathú ag bó, a bheathaigh siad caoraigh, capaill agus asal.  Ar deireadh chuidigh na daltaí lena ósta na mataí olla a bhaint de chaora!!

Lá thar a bheith taitneamhach a bhí ag Gaeil Chill Dara, le meascán de stair, de thír eolas, de thalmhaíocht, de chothú cairdis agus de spraoi eatarthu féin. Ba mhór an cuidiú dóibh urraíocht Ghaelscoileanna ar an turas.

Scoil Naithí – Cuairt Scoile

Bealtaine 25, 2010

Tháinig rang a ceathair ó Ghaelscoil Chnoc Liamhna ar cuairt ag rang a ceathair i Scoil Naithí le déanaí le haghaidh Tráth na gCeist.  Bhí an-lá go deo ag na páistí agus iad ag caint is ag comhrá lena chéile mar aon le bheith ag freagairt neart ceisteanna!  Bhí ceithre fhoireann déag páirteach sa chomórtas agus na foirne meascaithe le beirt ghasúr ón dá scoil ar gach foireann.  Ní raibh stró ar bith ar na páistí ag freagairt na gceisteanna agus níor scanradh ‘haka’ páistí Scoil Naithí muintir Ghaelscoil Chnoc Liamhna beag ná mór!  Is cinnte go raibh an-spraoi go deo ag na páistí agus iad ag súil go mór le bualadh lena chéile arís.

Gaelscoil de hÍde – Tráth na gCeist

Bealtaine 25, 2010

Bhí spórt is scléip ag páistí Rang 5 ó Ghaelscoil de hÍde, ó Scoil na Mainistreach agus ó Scoil Mhuire, Roscomáin ar an 9ú lá de Mhí na Márta le linn Seachtain na Gaeilge 2010. D’eagraigh Múinteoir Laoise Nic an Rí, ó Ghaelscoil de hÍde, Tráth na gCeist as Gaeilge le haghaidh suas le céad páistí ‘sna trí bhunscoileanna sa bhaile mór. Is i Scoil na Mainistreach a cuireadh an imeacht ar siúl agus bhain gach éinne a bhí páirteach árd-taitneamh as. Bhí ceisteanna faoi Spórt, Cúrsaí Reatha, Ceol, Stair, Tíreolas agus ábhar eile nach iad. Chuir sé gliondar chroí ar na múinteoirí uile a bhí i láthair a ndaltaí a fheiceáil ag cumarsáid i nGaeilge go nádúrtha, spraoíuíl. Bhí na foirne meascaithe le páistí ó na trí scoileanna agus b’álainn an rud é na páistí a fheiceáil ag obair i dteannta a chéile.

Bronnadh duaiseanna ar na buaiteoirí ag an deireadh a bhí urraithe ag ”Gaelscoileanna”. D’aontaíomar go léir idir mhúinteoirí agus páistí gurbh iontach an ócáid a bhí ann agus táimíd ag tnúth le Seachtain na Gaeilge 2011 chun imeacht eile a eagrú idir na scoileanna chun cairdeas agus dul chun cinn na teanga a chothú i measc aos óg Roscomáin.

Gaelscoil Inis Córthaidh – Siamsa an Earraigh

Bealtaine 25, 2010

Reáchtáiltear Siamsa an Earraigh mar gheall ar Sheachtain na Gaeilge ionas gur féidir linn cumarsáid a dhéanamh le páistí agus múinteoirí eile a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Bhí an-chraic go deo againn uilig ar an lá agus bhí atmaisféar iontach le mothú san áit. D’imigh na hardranganna abhaile le liostaí móra fada d’uimhreacha gutháin phóca. Bhí crónán breá Gaeilge le cloisteáil agus paistí an dá scoil sceitimíneach agus gealgháireach agus iad ag caint is ag comhrá lena chéile. Na himeachtaí a bhí ar siúl sna ranganna ná:

  • Rince Ghaelach
  • Cluichí foghraíochta
  • Rannta
  • Ealaín
  • Scéalaíocht
  • Ceol na nDealbh
  • Spórt agus scipeáil
  • Amhránaíocht
  • Agallamh beirte
  • Drámaíocht
  • Céilí
  • Tráth na gCeist
  • Rince Hip-Hop
  • Sceitse

Gaelscoil Chaladh an Treoigh – Ceardlann Drámaíochta

Bealtaine 25, 2010

D’fhreastal daltaí Ghaelscoil Chaladh an Treoigh, Ghaelscoil Dhonncha Rua agus Ghaelscoil Mhíchíl Chíosóg ar seó agus ceardlanna drámaíochta ar an 3 Márta 2010 le Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Ba mhór an tairbhe agus sult a bhaineadar as an ócáid.

Gaelscoil Eiscir Riada & Gaelscoil Bhaile Bhrigín – Seachtain na Gaeilge

Bealtaine 25, 2010

Bhí Seachtain na Gaeilge den chéad scoth againn i nGaelscoil Eiscir Riada i mbliana. bhí neart imeachtaí ar siúl againn agus tháinig 6 scoil éagsúla chugainn, Gaelscoil Bhaile Bhrigín agus 2 naíonra ina measc. Chuireamar an t-uafás imeachtaí ar fáil dóibh:

  • Slua le Bua (seó tallainne)
  • Amhránaíocht
  • Rince
  • Ceardlann Ealaíne
  • Lá Spóirt
  • Cluichí Craiceáilte
  • Tráth na gCeist
  • Ceardlann Cheoil
  • Lá Cairdeas
  • Lá na Seantuistí
  • Drámaíocht

Gaelcholáiste na Mara – Lá Spóirt Idirscoile

Bealtaine 25, 2010

Thosaigh na comórtais go luath ar maidin agus bhí atmaisféir iontach ann. Eagraíodh rásaí de gach sort: 100m, 500m, ubh agus spúnóg, rás trí chos chomh maith le tarraingt téide, puc fada 7rl. Ghlac scoláirí ó na trí scoil páirt i ngach comórtas agus bhí buaiteoirí ó na trí scoil ann.Chuir scoláirí Ghaelcholáiste na Mara lón ar fáil dá gcuairteoirí. Ag an ócáid sin, bhí seans ag na daltaí agus na múinteoirí uile aithne a chur ar a chéile agus caint is caidreamh a bheith eatarthu. San iarnóin, bronnadh na duaiseanna ar na buaiteoirí sular imigh na cuairteoirí abhaile.

Next Page »