Méid an Téacs

Gaelscoil na nDéise – Turas Gaeltachta

Bealtaine 25, 2010

Chuaigh daltaí rang 6 ó Ghaelscoil na nDéise ar cuairt trí lá go Gaeltacht na Rinne. Bhí deis iontach againne ár gceantar Gaeltachta áitiúil a fheiceáil agus canúint na háite a chloisteáil agus a fhoghlaim. Ghlacamar páirt i gcluichí, caithimh aimsire, rincí gaelacha, turais agus go leor imeachtaí eile agus bhí deis iontach ag na páistí bualadh le daltaí ó ghaelscoil eile agus cumarsáid a dhéanamh leo trí mheán na Gaeilge ar mhodh taitneamhach.

Gaelscoil Eiscir Riada – Canadh, Scéalaíocht, Ealaín, Tráth na gCeist

Bealtaine 25, 2010

Bhí scéalaíocht, rannta agus amhránaíocht i gceist, le cóisir chomh maith le healaín, ceirdeanna agus tráth na gceist boird inar mheascamar na páistí de réir aoise agus scoileanna. Don chuid is mó, ní gaelscoileanna a bhí ar cuairt mar go bhfuil na scoileanna áitiúla eile ag iarraidh bheith gafa linn anois i rith Seachtaine na Gaeilge. Bíonn ionadh orthu nuair nach labhraímid aon Bhéarla leis na paistí agus bíonn an-ionadh orthu nuair a bhíonn na nua-Éireannaigh lán-sásta a bheith páirteach sna himeachtaí chomh maith, a lán acu gan mórán Béarla acu.

Gaelscoil Éadain Mhóir – Lá Spóirt

Bealtaine 25, 2010

Bhí sé ar dóigh seans a thabhairt dóibh a gcuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh den seomra ranga. Bhí meascán de rásaí againn ar an lá agus fuair gach duine bonn agus duais sular imigh siad abhaile.

Gaelscoil Chnoc Liamhna – Feachtas fógraíochta agus bliots peile

Bealtaine 25, 2010

Tháinig sé ghaelscoil le chéile chun bliots peile a imirt ag imeacht a eagraíodh mar ghníomh bolscaireachta don Ghaelcholáiste nua atáthar ag iarraidh a bhunú i nDún Droma, i ndeisceart Átha Cliath. Tháinig beirt déag dalta ós na gaelscoileanna Bhríde, Mológa, Naithí, Taobh na Coille, Chnoc Liamhna agus Lios na nÓg le chéile ar pháirceanna imeartha in aice láimhe le Scoil Naithí. D’eagraigh coiste an Ghaelcholáiste sólaistí do na daltaí go léir agus fuair gach dalta bonn aitheantais dá iarracht.

Gaelscoil Dara – Corn Aisling de Paor

Bealtaine 25, 2010

Thosaigh an ócáid seo anuraidh i gcuimhne ar ár gcomhoibrí Aisling a cailleadh tar éis tinnis. Bhí suim ar leith ag Aisling sa pheil. Tugaimid cuireadh do na gaelscoileanna agus do na scoileanna Gaeltachta inár gceantar le bheith páirteach i gcomórtas peile go bliantúil. Bhíomar an-sásta leis an ócáid ina hiomlán i mbliana. Bhí slua tacaíochta a tháinig le cuid de na scoileanna agus bhí formhór na bpáistí ón scoil is againne i láthair freisin. Bhí baill de chlann Aisling ann freisin. Thacaigh an aimsir mhaith leis an atmaisféir chomh maith. Creidimid go gcothaíonn sé dea-chaidreamh idir na scoileanna a bhíonn páirteach agus bíonn deis ag ár bpáistí bualadh le páistí eile a úsáideann an Ghaeilge mar theanga labhartha.

Gaelscoil Phádraig – Turas Gaeltachta

Bealtaine 25, 2010

Chuaigh páistí ó Rang 5 agus a 6 chuig Chorca Dhuibhne chun eispéiris Gaeltachta a fháil. Turas den scoth a bhí ann agus bhain na páistí an-taitneamh as. D’fhan muid i mBrú na Gráige ar feadh trí oíche. Chuamar ar go leor turais timpeall an cheantair. Thugamar cuairt ar Ghallarus, ar na tránna éagsúla, ar Cheardlann photaireachta Uí Fhaoileáin agus ar Fungi an deilf. Ar an Máirt, chuamar an chuairt chuig Scoil Dhún Chaoin agus chas na páistí amhráin dá gcéile agus d’inis siad scéalta dá gcéile. Deis iontach a bhí ann do pháistí Gaelscoil Phádraig scoil bheag sa Ghaeltacht a fheiceáil agus bualadh le páistí na Gaeltachta. Ar an gCéadaoin, chuamar chuig Scoil an Fheirtéaraigh agus d’eagraigh muid léig peile agus léig cispheile le foirne mheasctha ón dá scoil. Bhí céilí againn i mBrú na Gráige oíche Chéadaoin agus tháinig páistí ón dá scoil áitiúil chuig an gcéilí. Bhí go leor rince, cluichí agus craic ann.

Gaelscoil Ros Eo – Feirm bheo Agri Aware

Bealtaine 25, 2010

Tháinig an fheirm bheo ó Agri Aware chuig an scoil. Bhí uain, caora, asail, muc, bó, agus gabhar ann. Thug an feirmeoir eolas dóibh mar gheall ar chuma, aois agus aiste bia na n-ainmhithe. Bhí siad tar éis pacáiste eolais a chur chuig an scoil an tseachtain roimhe sin agus bhí na ceachtanna déanta againn. Tar éis na feirme, bhí cluiche agus picnic againn sa chlós.

Gaelscoil Éadan Doire – Turas go Gaelscoil Choillín

Bealtaine 25, 2010

Chuaigh páistí Ghaelscoil Éadan Doire ar thuras go Gaelscoil Choillín mar chuid de na himeachtaí ‘Seachtain na Gaeilge’. Rinne siad seisiún cócaireachta, seisiún spóirt, seisiún de chluichí beaga agus seisiún taobh amuigh san áit súgartha atá acu. Casadh neart amhráin ar an la chomh maith!

Gaelscoil Thulach na nÓg – Lá Spraoi Trí Ghaeilge

Bealtaine 25, 2010

Bhí tráth na gceist trí Ghaeilge againn. Bhí an dá scoil measctha le cheile agus bhain na páistí an-sult as an gcomhluadar difriúil. Tar éis lóin, reáchtáladh cluiche peile idir an dá scoil sna páirceanna peile in aice leis an scoil. Cé go raibh Gaelscoil na Cille ró-láidir le haghaidh Gaelscoil Thulach na nÓg, bhain gach páiste fíor-thaitneamh as an gcluiche. Bhí an lá an-ghrianmhar agus chabhraigh sé sin go mór le gach rud! Fuair gach páiste a ghlac páirt sna himeachtaí mála le deoch agus le milseáin móide bonn óir. Ní haon ionadh gur imigh siad go léir abhaile sona sásta leo féin!

Scoil Phobail Mhic Dara – Corn Uí Neachtain

Bealtaine 25, 2010

Seo comórtas bliantúil peile a reáchtálann Coláiste Chroí Mhuire, an Spidéal in onóir do Phádraic Ó Neachtain, iar-mhúinteoir na scoile sin, nach maireann. I mbliana, beidh siad ag comóradh fiche bliain an chomórtais. Bhí Pádraic Ó Neachtain i gcroílár chúrsaí spóirt ach go háirithe an Pheil Ghaelach i gColáiste Chroí Mhuire, an Spidéal. Is iad foirne meánscoile ó Ghaeltacht Chonamara formhór na n-iarrthóirí agus is faoi sé bliana déag a imríonn siad. Bíonn a lán tacaíochta le fáil ón gclub áitiúil, Cumann Luthchleas Ghael an Spidéal agus ó na réiteoirí áitiúla. Cruthaíonn an comórtas seo dea-chaidreamh i measc scoláirí Gaeltachta Chonamara. Tá sé fíor le rá gur iomaí cairdeas buan a bhí mar thoradh ar an gcomórtas seo.

« Previous PageNext Page »