Méid an Téacs

Caith Vóta d’Aip Cúla 4 i nGradam Máithreachais & Naíonán Boots 2015

Meán Fómhair 30, 2015

Beidh vótáil ag teacht chun críche go luath don duais mhór ag Gradam máithreachais & naíonán Boots 2015 sa chatagóir an Aip is Fearr do Theaghlaigh/Leanaí.

Is féidir do vóta a chaitheamh d’Aip Cúla 4 ag an nasc thíos:

https://awards.maternityandinfant.ie/products/vote

Comórtas Gearrscéalaíochta do dhaoine óga faoi 25 bliain

Meán Fómhair 29, 2015

Eolas ar Chomórtas gearrscéalaíochta do dhaoine óga faoi 25 bliain d’aois atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge, Co. na Gaillimhe sa cheangaltán.

Duaiseanna: €1000, 400 agus 250 euro.

Spriocdháta 18 Nollaig

Comórtas Uí Chonaire

Folúntas: Scoil Oilibhéir, Baile Átha Cliath

Meán Fómhair 29, 2015

Tá Scoil Oilibhéir i mBaile Átha Cliath ag lorg ionadaí tacaíochta foghlama do shaoire mháithreachais. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/23594/

Folúntais: Bord Oideachais & Oiliúna Chill Dara & Chill Mhantáin

Meán Fómhair 28, 2015

Múinteoir Ealaíne (saoire máithreachais, 20 uair in aghaidh na seachtaine)

agus

Múinteoir Bitheolaiochta and Fisice (saoire máithreachais, 20 uair in aghaidh na seachtaine)

i nGaelcholáiste na Mara, An tInbhear Mór

Tuilleadh sonraí agus foirmeacha iarratais: www.etbvacancies.ie/kildarewicklow 

Nuachtlitir nua na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le forbairtí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán

Meán Fómhair 25, 2015

Tá an chéad eagrán de nuachtlitir na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le forbairtí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán foislithe.

Is é cuspóir na nuachtlitreach léargas a thabhairt ar chlár oibre leanúnach na Roinne maidir le tacú le forbairt phobal na Gaeltachta, cothú agus cur chun cinn na Gaeilge agus feabhsú an chaighdeáin mhaireachtála ar na hoileáin.

Tá cóip den nuachtlitir ar fail ag an nasc thíos:

Nuachtlitir Gaeilge Gaeltacht agus Oileáin MF 2015

Seisiún eolais faoi dámhachtainí le Gaeilge ó Fulbright

Meán Fómhair 25, 2015

Beidh an seisiúin eolais á réachtáil in Oifigí Fhoras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar an gCeadaoin 30 Meán Fómhair ag 4.30pm

Beidh cur i láthair trí Ghaeilge faoi na dámhachtainí agus an proiseas iarratais, beidh roinnt iarscoláirí Fulbright ag labhairt ar phainéal agus beidh an t-Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh TD ag labhairt faoin gclár agus faoin nGaeilge sna Stáit Aontaithe freisin.

Is deis iontach í seo do mhic léinn agus do scoláirí tuilleadh a fhoghlaim faoi na deiseanna atá ar fáil do dhaoine le Gaeilge leis na dámhachtainí Fulbright agus faoin nGaeilge sna Stáit Aontaithe inniu.

RSVP chuig lisa.nicanbhreithimh@fulbright.ie roimh 27 Meán Fómhair ar a dhéanaí.

http://www.fulbright.ie/irish-citizen-awards

Folúntas: Gaelscoil na Bóinne, Co na Mí

Meán Fómhair 25, 2015

Tá múinteoir sealadach de dhíth i nGaelscoil na Bóinne, Co na Mí. Tuilleadh sonraí ar fáil ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/23568/

Ealaín Sráide ag Paráid Fhéile Ealaíon Chathair na Mart

Meán Fómhair 25, 2015

Beidh failte roimh chách go Paráid Fhéile Ealaíon Chathair na Mart Dé Domhnaigh 4.10.15 le breathnú ar obair ealaíne sráide de chuid Stát Neamshpleách Sonais ag obair taobh le Buachail Mór Mhacnas is le páistí bhunscoileanna uile an cheantair.

Tuilleadh eolais maidir leis an imeacht ag an nasc thíos:

http://westportartsfestival.com/?portfolio=macnas-parade

Tá an Stát Neamshpleách Sonais ag obair chomh maith ar thionscadal ollmhór dátheangach Gàidhlig le píosaí ealaíne is dráma sráide a fhorbairt le thart 46 aisteoirí, damhsóirí is stiltealaíontóírí óga ó thrí chompántas ealaíne óige, le haghaidh Paráid Oíche Samhna a bheidh ar siúl ó 6pm, Dé hAoine,31ú Deireadh Fómhair i bPáislig, díreach 10 nóiméad sa charr ó Aerfort Ghlaschu na hAlban. Le cois iompróirí na lóchran atáthar ag cruthú freisin, beidh thart faoi 116 duine ag glacadh páirte sa pharáid seo agus ag obair go díreach lena n-ábhar, is 46 culaith éagsúla lámhdhéanta dá gcuid.

Stàit Neo-Eisimeileach Sonais & PACE Youth Theatre Halloween Stilters

Amhráin Van Morrison aistirhte go Gaeilge d’fhéile IMRAM

Meán Fómhair 24, 2015

Beidh Liam Ó Maonlaí ag casadh amhráin ar nós “Damhsa na Gealaí” a d’aistrigh na filí Cathal Poirteir agus Gabriel Rosenstock d’fhéile IMRAM na bliana seo. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag an nasc thíos:

www.belfasttelegraph.co.uk

Folúntas: Gaelscoil na Ríthe, Co na Mí.

Meán Fómhair 23, 2015

Tá múinteoir acmhainne páirtaimseartha de dhíth i nGaelscoil na Ríthe, Co na Mí. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/23534/

Next Page »